Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cath Mhuighe Mochruimhe. V.
Title
Cath Mhuighe Mochruimhe. V.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Dúnlainge, Micheál
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cath Mhuighe Mochruimhe. — V. Is annsin do theilgeadar na catha ceachtardha a n-airm dhiubhraighthe fór a chéile agus ro chromsad na cath-shlóigh fór a gclaidhmhibh cómh-móra creat-loma, agus foraid lámh ar láimh agus aghaidh fór aghaidh seachnóin Mhuighe móire Mochruimhe, ionnus gur shuaitheadar agus gur lán-bhriseadar a n-airm aith-ghéara úr- nochta i gcorpaibh i n-uchtaibh agus i n-úrbhroinntibh a chéile, gur ba slighthe tana tulcha na tréan-chatha an tan sin. Táinig Eoghan Mór i n-úr-thosach na sluagh agus gabhas ag imirt a árd-chleas ortha tré sna trom-bhuidhnibh. Mar do chonnairc Beine Briot an feól-chumhadh do rad Eoghan ar na cathaibh, táinig i n-a aghaidh agus sireas cómhrac aoinfhir air. Níor mhiadh agus níor mhaise le hEoghan aoinneach ar tuinn talmhan d'éaradh ná d'obadh um chómhrac aonfhir, agus d'ionnsuigh- eadar an dias deagh-laoch sin a chéile, agus fearaid gleó gáibhtheach gráineamhail dána dásachtach naimhdighe neartchalma re aroile. Is annsin táinig an treas mhach le hOilioll Oluim ar anacal a dhearbhráthar, agus tuairgneas a sgiath for Bheine Briot go ro-thréan, agus do rad Beine comaoin a ghona dó-san, gur thuit Moghachorb mac Oiliolla Oluim ar an láthair sin. Is annsin tángadar dias bhráthar do Bheine eatortha agus tuairngnid a sgiath ar Eoghan, agus tuairgneas Eoghan iad-san mar an gcéadna. Ciodh trácht, do thuitsiad cúigear mac le h-Oilioll Olum le Beine Briot, agus an feadh do bhí Beine d'á n-éirleach sin do thuiteadar ceithre fir dhéag d'uaislibh Breatan le h-Eoghan i n-a aonar. Sguchas Eoghan agus Beine iar sin i gcómhdháil a chéile go dian dána dó-eadrána, mar dhá leomhan ar loinne, nó mar dhá nathair ar nimh. Is annsin ro thógaibh Beine Briot an tsleagh cinn-reamhar chatha, agus ro bhog agus ro bheartaigh í, ro chroith agus ro chrithnigh í, agus ro léig i n-a laom chasda chomh- dhíreach d'ionnsaighe Eoghain í, go dtárlaidh tar bile na sgéithe agus tar brollach na lúirighe, go ceart chomh-dhíreach i gcompar a chléibh, agus i gceart-mheadhon a chroidhe ann í, gur ba h-othras cómh-osgailte craobh-dhearg a mhór-chroidhe ó ruathar an reamhar- ghai sin, agus tug Beine an dara béim dó, gur sgar a cheann re a chaomh-cholainn.
"Ní tráth damh-sa mhiongabháil ar Mhuimhneachaibh feasda," ar Beine, agus ráinig roimhe fá shluagh Mumhan, agus tug a thrí laoch-bhéimeanna i n-a measg. Mar do chonnairc Lughaidh Lágha sin, agus é i bhfarradh Mhic Con, ro gabh taombáidh agus bráithreachas é, agus adubhairt: "Is baoth na béimeanna so bhuaileas Beine Briot ar mhaithibh Mhumhan;" agus adubhairt an rosg: "Is baoth béimeanna an bhorb-churadh Tug brón báis dom bhraithribh-se, Is saoth mo chroidhe ó'n churadh-bhéim; Gé bhias Sadhbh i sámh-chodladh, Biaidh Oilioll go h-aimh-neartmhar, Is budh faoileach fann-bhraineóin, Budh brónach braoin Teamhair, Ó bheimeannaibh bhaoith Bheine." "Leig as a leath," ar Mac Con, "óir ní fáth éagcaoine againn- ne a ndearnadh ann." "Ní mar sin damh-sa," ar Lughaidh, "óir do chlaonadh mo chiall agus do meadhradh mo mheanma, agus is mé dhigheólas na móir- éachta úd." Is annsin do chuaidh Lughaidh Lágha fá fhluagh Breataine, agus gabhas ag a n-oirleach go tréan-árachta, agus mar do chonnairc Beine sin, táinig i gcoinne Lughaidh Lágha agus adubhairt: "Maith a anaim, a Lughaidh," ar sé, "an é do chonn céille do meadhradh, nó an é buaidhreadh an mhór-chatha so fil ort, mar nach aithneann tú do mhuinntear féin seach cách?" "I n-a riocht féin atáim dóibh," ar Lughaidh, "dóigh ámh, ní suairc an choinghleic d'imir tusa ar an gcuaine suairc so-bheach- taigh mo dhearbhrathar-sa agus Saidhbhe inghine Chuinn, óir gé go rabhadar go féata fíor-aluinn go follus ó chianaibh atáid i n-adhartaibh éaga anois." "Maise," ar Beine, "ní do dhéanamh cumainn ná cáirdis táinig féin do'n oileán so na h-Éireann." "Maise," ar Lughaidh, "ní fhuilingim-se clann mo dhearbhrathar do dhiothláithriughadh duit-se i mo fhiadhnaise gan a ndioghailt ort." "Is bríathar damh-sa," ar Beine, "nach loch ná eanachlann do
gheabhair-se annsin, acht goin i n-aghaidh ghona agus béim i n-aghaidh bhéime;" agus adubhairt an laoi: — (Beine Briot): "Is chugaibh-se thánag-sa, Feach nach turus ionnsa; Ná tabhair luighe n-eithigh, Comhaill do bhréithir riom-sa." (Lughaidh Lágha): "Ná tabair aithfear orm, a Bheine, Gé do bhéinn gan conn céille; Sé mic mo bhráthar de, Do mharbhadh dhuit, a Bheine." (Beine Briot): "Ní fheadar-sa roimh teacht i bhfad, Do ghaol riú nár ba ró lag; Laoch mar mé, a Lughaidh na gcreach, Níor chubhaidh i gcath carad." "Ní thiocfaidh tré bhith shíor, Almhurach ar ionnchaibh righ, Muna ria Beine na mbreath mbinn, Slán tar tonn-mhuir gan tuitim." Is annsin ro léigeadh láthair fhairsing iombuailte, agus conair chomh-sholus chómh-dhála do Lughaidh Lágha agus do Bheine Briot. Dóigh ámh, ba codrama cosmhail a gcomhlann, óir tug Beine tríochad trom-chréacht ar Lughaidh, gidheadh ní dheachaidh aon ghoin díobh sin i n-aisgidh ó Lughaidh, agus tug aon bhéim cómh- neartmhar claidhimh dó, agus do sgar a cheann re a cholainn, agus beireas leis go Mac Con é, agus ceann Eoghain Mhóir 'san láimh eile dhó: "Ag sin ceann Eoghain Mhóir, agus ceann an tí ro mharbh é agat," ar Lughaidh. "Ní h-ionann aithmhéala atá orm-sa um an dá ceann sin," ar Mac Con, "óir an tí ba giorra gaol damh dhíobh, is maith liom a thuitim, agus is doilg díoghbhálach liom an ceann eile, agus is
truagh a ndearnais, a Lughaidh, óir ní thiocfaidh Almhurach ar mbith ar ionnchaibh aon duine d'fhearaibh Éireann déis an ghníomha do rinnis." "Ní misde d'fhearaibh Éireann sin," ar Lughaidh, "dá gcosnaid a gcinn ar almhurachaibh mar choiseónad-sa mo cheann féin, agus ná feargaithear thú chómh mór sin, óir is tualaing mise an díol céadna do tabhairt ort féin." Is annsin tháinig Art mac Cuinn fá na cathaibh, agus ní raibh tiugh nach tanaigheadh, ná bearna nach baoghalaigheadh go ráinig mar a raibh Nár Neartmhar mar rígh Frannc agus ro mharbh a mhuinntear i n-a úr-thímcheall, agus ro fhearsad an dá árd-righ i gcomhlann re aroile, gur thuit righ Frannc le h-Art; agus ráinig as sin mar a raibh righ Sagsan, agus marbhas a mhuinntear i n-a thimcheall, agus do thuit an righ leis ar an láthair sin; agus téid as sin mar a raibh Aicill Éachtach, .i. mac Domhnaill Dúbh- laingsigh, .i. mac rígh Alban, agus iar ndul i gcomh-fhogus a chéile dhóibh, tug Art béim claidhimh dhó fá bhile na sgeithe, gur bhain a chlé-lámh ó n-a ghualann de. Mar do chonnairc Mac Con righ Éireann ar marbhadh a mhuinntire, adubhairt le Lughaidh Lágha. "Ba córa do churadh mar thusa friothálamh do righ Éireann i n-am a fheirge, ná a ndearnais ar do mhuinntir féin gus an dtráith so." Gluaiseas Lughaidh roimhe annsin d'ionnsaighe an chatha, agus mar do chonnairc Art é, do ghráin a chroidhe i n-a chliabh roimhe, agus d'fhógair d'á amhsaibh a chosg, .i. trí chaogad a líon, agus ag imirt tosaigh a amaráin ortha go ráinig ar aghaidh Airt. Is annsin ro ionnsaigheadar an dias sin a chéile go gcruas, agus go gcalmacht, agus tugsat tréan-ghona d'á sleaghaibh slíosta slinn-ghéara i gcneasaibh agus i gcorpaibh a chéile, gur bhriseadar a gcrainn chruadha chinn-ghéara d'á gcéadsháightibh; agus iar sin do chuadar for a lannaibh líomhtha lasair-chorcra, agus do rin siad cómhrac comh-chalma athaidh imchian, gur thuit Art mac Cuinn do bhorb-bhéimeannaibh mhic Eoghain Mhóir mac Mogha Néid i ndioghail a athar do thuit roimhe sin i gcath Mhuighe Léana le Conn Céad-chathaigh, agus beanas a cheann d'á cholainn, agus croitheas fá n-a sluaghaibh é, agus cómhmhaoidheas an ghníomh. Tuiteas meirge Airt mhic Cuinn, agus meirge Eoghain Mhóir annsin.
Mar do chonnairc Lughna Frithrigh an dá mheirge sin ar dtuitim, agus é ar an maigh ós cionn an chatha, do chan an laoi ann: "Do thuit meirge chatha Cuinn I dtreas Mhocruimhe mór-thruim Deaghail gan cháirde do'n druing Teamhair thaillte do thuitim. "Do chlaonadh go mór 'san maigh, Meirge Mhogha Nuadhat neartmhar, Do láád thall 'san dtreas dte Áir Muimhneach mun meirge. "Do thuit Síol Éireamhóin uill, Gan ádhbhar righ do'n mhór-chloinn Ó'n ló torchair Art mac Cuinn Brónach na laoich ó liatruim. "Muna gcabharthar an chlann Ó inghin dil an ghabhann Biaidh Éire gan táith de Go bráth taréis na meirge." (Ní chríoch.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services