Cath Mhuighe Mochruimhe. — V.
Is annsin do theilgeadar na catha ceachtardha a n-airm
dhiubhraighthe fór a chéile agus ro chromsad na cath-shlóigh fór a
gclaidhmhibh cómh-móra creat-loma, agus foraid lámh ar láimh agus
aghaidh fór aghaidh seachnóin Mhuighe móire Mochruimhe, ionnus gur
shuaitheadar agus gur lán-bhriseadar a n-airm aith-ghéara úr-
nochta i gcorpaibh i n-uchtaibh agus i n-úrbhroinntibh a chéile, gur
ba slighthe tana tulcha na tréan-chatha an tan sin. Táinig Eoghan
Mór i n-úr-thosach na sluagh agus gabhas ag imirt a árd-chleas
ortha tré sna trom-bhuidhnibh.
Mar do chonnairc Beine Briot an feól-chumhadh do rad Eoghan
ar na cathaibh, táinig i n-a aghaidh agus sireas cómhrac aoinfhir
air. Níor mhiadh agus níor mhaise le hEoghan aoinneach ar tuinn
talmhan d'éaradh ná d'obadh um chómhrac aonfhir, agus d'ionnsuigh-
eadar an dias deagh-laoch sin a chéile, agus fearaid gleó
gáibhtheach gráineamhail dána dásachtach naimhdighe neartchalma re
aroile. Is annsin táinig an treas mhach le hOilioll Oluim ar
anacal a dhearbhráthar, agus tuairgneas a sgiath for Bheine
Briot go ro-thréan, agus do rad Beine comaoin a ghona dó-san,
gur thuit Moghachorb mac Oiliolla Oluim ar an láthair sin. Is
annsin tángadar dias bhráthar do Bheine eatortha agus tuairngnid
a sgiath ar Eoghan, agus tuairgneas Eoghan iad-san mar an
gcéadna.
Ciodh trácht, do thuitsiad cúigear mac le h-Oilioll Olum le
Beine Briot, agus an feadh do bhí Beine d'á n-éirleach sin do
thuiteadar ceithre fir dhéag d'uaislibh Breatan le h-Eoghan i
n-a aonar. Sguchas Eoghan agus Beine iar sin i gcómhdháil a
chéile go dian dána dó-eadrána, mar dhá leomhan ar loinne, nó
mar dhá nathair ar nimh. Is annsin ro thógaibh Beine Briot an
tsleagh cinn-reamhar chatha, agus ro bhog agus ro bheartaigh í, ro
chroith agus ro chrithnigh í, agus ro léig i n-a laom chasda chomh-
dhíreach d'ionnsaighe Eoghain í, go dtárlaidh tar bile na sgéithe
agus tar brollach na lúirighe, go ceart chomh-dhíreach i gcompar a
chléibh, agus i gceart-mheadhon a chroidhe ann í, gur ba h-othras
cómh-osgailte craobh-dhearg a mhór-chroidhe ó ruathar an reamhar-
ghai sin, agus tug Beine an dara béim dó, gur sgar a cheann re
a chaomh-cholainn.
"Ní tráth damh-sa mhiongabháil ar Mhuimhneachaibh feasda," ar
Beine, agus ráinig roimhe fá shluagh Mumhan, agus tug
a thrí laoch-bhéimeanna i n-a measg. Mar do chonnairc Lughaidh
Lágha sin, agus é i bhfarradh Mhic Con, ro gabh taombáidh agus
bráithreachas é, agus adubhairt:
"Is baoth na béimeanna so bhuaileas Beine Briot ar mhaithibh
Mhumhan;" agus adubhairt an rosg:
"Is baoth béimeanna an bhorb-churadh
Tug brón báis dom bhraithribh-se,
Is saoth mo chroidhe ó'n churadh-bhéim;
Gé bhias Sadhbh i sámh-chodladh,
Biaidh Oilioll go h-aimh-neartmhar,
Is budh faoileach fann-bhraineóin,
Budh brónach braoin Teamhair,
Ó bheimeannaibh bhaoith Bheine."
"Leig as a leath," ar Mac Con, "óir ní fáth éagcaoine againn-
ne a ndearnadh ann."
"Ní mar sin damh-sa," ar Lughaidh, "óir do chlaonadh mo chiall
agus do meadhradh mo mheanma, agus is mé dhigheólas na móir-
éachta úd."
Is annsin do chuaidh Lughaidh Lágha fá fhluagh Breataine, agus
gabhas ag a n-oirleach go tréan-árachta, agus mar do chonnairc
Beine sin, táinig i gcoinne Lughaidh Lágha agus adubhairt:
"Maith a anaim, a Lughaidh," ar sé, "an é do chonn céille do
meadhradh, nó an é buaidhreadh an mhór-chatha so fil ort, mar nach
aithneann tú do mhuinntear féin seach cách?"
"I n-a riocht féin atáim dóibh," ar Lughaidh, "dóigh ámh, ní
suairc an choinghleic d'imir tusa ar an gcuaine suairc so-bheach-
taigh mo dhearbhrathar-sa agus Saidhbhe inghine Chuinn, óir gé go
rabhadar go féata fíor-aluinn go follus ó chianaibh atáid i
n-adhartaibh éaga anois."
"Maise," ar Beine, "ní do dhéanamh cumainn ná cáirdis
táinig féin do'n oileán so na h-Éireann."
"Maise," ar Lughaidh, "ní fhuilingim-se clann mo dhearbhrathar
do dhiothláithriughadh duit-se i mo fhiadhnaise gan a ndioghailt
ort."
"Is bríathar damh-sa," ar Beine, "nach loch ná eanachlann do
gheabhair-se annsin, acht goin i n-aghaidh ghona agus béim i n-aghaidh
bhéime;" agus adubhairt an laoi: —
(Beine Briot):
"Is chugaibh-se thánag-sa,
Feach nach turus ionnsa;
Ná tabhair luighe n-eithigh,
Comhaill do bhréithir riom-sa."
(Lughaidh Lágha):
"Ná tabair aithfear orm, a Bheine,
Gé do bhéinn gan conn céille;
Sé mic mo bhráthar de,
Do mharbhadh dhuit, a Bheine."
(Beine Briot):
"Ní fheadar-sa roimh teacht i bhfad,
Do ghaol riú nár ba ró lag;
Laoch mar mé, a Lughaidh na gcreach,
Níor chubhaidh i gcath carad."
"Ní thiocfaidh tré bhith shíor,
Almhurach ar ionnchaibh righ,
Muna ria Beine na mbreath mbinn,
Slán tar tonn-mhuir gan tuitim."
Is annsin ro léigeadh láthair fhairsing iombuailte, agus
conair chomh-sholus chómh-dhála do Lughaidh Lágha agus do Bheine
Briot. Dóigh ámh, ba codrama cosmhail a gcomhlann, óir tug
Beine tríochad trom-chréacht ar Lughaidh, gidheadh ní dheachaidh aon
ghoin díobh sin i n-aisgidh ó Lughaidh, agus tug aon bhéim cómh-
neartmhar claidhimh dó, agus do sgar a cheann re a cholainn, agus
beireas leis go Mac Con é, agus ceann Eoghain Mhóir 'san láimh
eile dhó:
"Ag sin ceann Eoghain Mhóir, agus ceann an tí ro mharbh é
agat," ar Lughaidh.
"Ní h-ionann aithmhéala atá orm-sa um an dá ceann sin," ar
Mac Con, "óir an tí ba giorra gaol damh dhíobh, is maith liom a
thuitim, agus is doilg díoghbhálach liom an ceann eile, agus is
truagh a ndearnais, a Lughaidh, óir ní thiocfaidh Almhurach ar mbith
ar ionnchaibh aon duine d'fhearaibh Éireann déis an ghníomha do
rinnis."
"Ní misde d'fhearaibh Éireann sin," ar Lughaidh, "dá gcosnaid
a gcinn ar almhurachaibh mar choiseónad-sa mo cheann féin, agus
ná feargaithear thú chómh mór sin, óir is tualaing mise an díol
céadna do tabhairt ort féin."
Is annsin tháinig Art mac Cuinn fá na cathaibh, agus ní raibh
tiugh nach tanaigheadh, ná bearna nach baoghalaigheadh go ráinig
mar a raibh Nár Neartmhar mar rígh Frannc agus ro mharbh a
mhuinntear i n-a úr-thímcheall, agus ro fhearsad an dá árd-righ
i gcomhlann re aroile, gur thuit righ Frannc le h-Art; agus
ráinig as sin mar a raibh righ Sagsan, agus marbhas a mhuinntear
i n-a thimcheall, agus do thuit an righ leis ar an láthair sin; agus
téid as sin mar a raibh Aicill Éachtach, .i. mac Domhnaill Dúbh-
laingsigh, .i. mac rígh Alban, agus iar ndul i gcomh-fhogus a chéile
dhóibh, tug Art béim claidhimh dhó fá bhile na sgeithe, gur bhain a
chlé-lámh ó n-a ghualann de. Mar do chonnairc Mac Con righ
Éireann ar marbhadh a mhuinntire, adubhairt le Lughaidh Lágha.
"Ba córa do churadh mar thusa friothálamh do righ Éireann
i n-am a fheirge, ná a ndearnais ar do mhuinntir féin gus an
dtráith so."
Gluaiseas Lughaidh roimhe annsin d'ionnsaighe an chatha, agus
mar do chonnairc Art é, do ghráin a chroidhe i n-a chliabh roimhe,
agus d'fhógair d'á amhsaibh a chosg, .i. trí chaogad a líon, agus
ag imirt tosaigh a amaráin ortha go ráinig ar aghaidh Airt. Is
annsin ro ionnsaigheadar an dias sin a chéile go gcruas, agus
go gcalmacht, agus tugsat tréan-ghona d'á sleaghaibh slíosta
slinn-ghéara i gcneasaibh agus i gcorpaibh a chéile, gur bhriseadar
a gcrainn chruadha chinn-ghéara d'á gcéadsháightibh; agus iar sin
do chuadar for a lannaibh líomhtha lasair-chorcra, agus do rin
siad cómhrac comh-chalma athaidh imchian, gur thuit Art mac
Cuinn do bhorb-bhéimeannaibh mhic Eoghain Mhóir mac Mogha Néid
i ndioghail a athar do thuit roimhe sin i gcath Mhuighe Léana le
Conn Céad-chathaigh, agus beanas a cheann d'á cholainn, agus
croitheas fá n-a sluaghaibh é, agus cómhmhaoidheas an ghníomh.
Tuiteas meirge Airt mhic Cuinn, agus meirge Eoghain Mhóir
annsin.
Mar do chonnairc Lughna Frithrigh an dá mheirge sin ar
dtuitim, agus é ar an maigh ós cionn an chatha, do chan an laoi
ann:
"Do thuit meirge chatha Cuinn
I dtreas Mhocruimhe mór-thruim
Deaghail gan cháirde do'n druing
Teamhair thaillte do thuitim.
"Do chlaonadh go mór 'san maigh,
Meirge Mhogha Nuadhat neartmhar,
Do láád thall 'san dtreas dte
Áir Muimhneach mun meirge.
"Do thuit Síol Éireamhóin uill,
Gan ádhbhar righ do'n mhór-chloinn
Ó'n ló torchair Art mac Cuinn
Brónach na laoich ó liatruim.
"Muna gcabharthar an chlann
Ó inghin dil an ghabhann
Biaidh Éire gan táith de
Go bráth taréis na meirge."
(Ní chríoch.)