Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Déantúisí Gaedhlacha. I. - Lasáin.
Title
Déantúisí Gaedhlacha. I. - Lasáin.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Déantúisí Gaedhlacha. RÉMHFHOCAL. Sé rud atá á chur romhainn againn anois ná cunntus a thabhairt, ar mhaithe le muinntir na Gaedhilge, ar chuid de sna hearraidhibh atá gá ndéanamh annso i nÉirinn. Tá súil againn go dtaitneóghaidh ár saothar le muinntir na Gaedhilge. Tá gach éinne á rádh anois gur ceart cuidiughadh le déantúisí Gaedhlacha. Is minic gur deacair le duine congamh a thabhairt don earraidh ná fuil aon rud aithne aige uirthi. Is maith le duine eólus a bheith aige ar cionnus a dheintar so agus súd, cionnus atá ag éirighe le lucht a ndéanta, agus cad iad na scéala is déadhnaighe uatha-san. Sin é an saghas eóluis atá ar aigne againn a thabhairt dár léightheóiríbh. Nuair chuireann duine aithne ar rud is saoráideach go leór a ritheann leis é cheannach. Ní iarraimíd-na de luach saothair acht go gcuirfeadh muinntir na Gaedhilge breis aithne ar dhéantúisíbh na hÉireann, go dtiocfadh as soin go mbeadh báidh aca leó, agus as an mbáidh soin go n-éireóghaidh breis cheannach ar na déantúisíbh féin. I. — LASÁIN. "Tabhair dham lasán, má's é do thoil é." Sin focal gur minic a cloistear á úsáid é. Tá fhios againn go léir cad é an rud é lasán. Ní'l tigh san dúthaigh ná faghthar ann lasáin — boscaí aca uaireanta. Má's duine thú a chaitheann píopa, a léightheóir, is eól duit cad é an rud é lasán. B'fhéidir gur thárla thu fo- uair i n-éaghmuis lasáin, agus tu a bhfad ó sméaróid is ó ionad comhnuidhthe. Badh mhaith é an lasán beag an uair sin. Dá mbeadh ceann agat níor ghábhadh dhuit bheith ar troscadh. Caithimíd go léir lasáin. Táimíd dultha chomh mór soin n-a dtaithighe ná fiafraighimíd riamh dhínn féin cionnus a deintar iad. Is mairg an té ná cleachtann de ghnáth bheith fiafraightheach. Is mó bheadh ar eólus aige 'ná mar atá. Sin iad na smaointe a bhí ag rith trém cheann-sa an lá fé dheireadh agus mé ag dul ar cuaird chun tighe oibre Mhach Peadair, .i. muinntir na lasán a dhéanamh. Má chuirim síos ar a bhfeaca annsúd, éinne a léighfidh
an aiste seo beidh tuairim aige den chuma n-a ndeintar lasáin, agus tá súil agam go raghaidh soin i dtairbhe do Mhuinntir Mhach Peadair. Bárr síbhialtacht is foidhne do thespeáin an Cúpéarach, .i. bainisteóir an tighe, agus a lucht conganta dham. Do tugadh tríd an áit mé agus do mínigheadh gach nídh dham. Tá trí saghas lasáin ann, mar atá an lasán adhmaid, an lásán céireach, agus an lasán cosnaimh. Deintar iad so go léir i dtigh Mhach Peadair. Is fearr tosnughadh annso ar an lasán adhmaid, mar is é is coitcheanta. Sé admhad go ndeintar usáid de ná crann criothann. Sórd "déil" ón Rúise is eadh é, mar ní fhásann adhmad i nÉirinn a bheadh oireamhnach. Furmhór lucht déanta lasán i Sasana féin, is ón Rúise gheibhid siad an t-adhmad. Is é an crann criothann is fearr chun na hoibre seo mar ní bhíd fadhbanna ann. Geárrthar an t-adhmad i gcipíníbh agus cuirtear na cipíní seo n-a seasamh le hais a chéile i n-inneal mar bheadh punann coirce do chuirfá n-a seasamh ar a bun. Bíd na céadta de chéadaibh aca ann. Tairngthar bara iarainn fan a dtaobh chun iad a dhlúthughadh ina chéile ar eagla go dtuitfadh cuid aca amach. Iompuighthar soin anuas ar lic iarainn go mbíonn innti sreath- anna de phuillíníbh timcheall leathórdlach ó na chéile. Scaoiltar ar an mbara iarainn annsoin i dtreó go mbíonn slighe ag na cipíníbh chun corruidhe gan tuitim. Leigtar an chomhacht tiomána chun an innill seo annsoin, agus tugann ana-chrothadh dhó, i slighe is gur gearr go dtéidheann cipín síos i ngach poll dá mbíonn ar an lic iarainn. Dlúthuightar an bara arís agus tógtar an caipín. Chíonn tú an leac iarainn annsoin agus cipín sáithte, i ngach poll dá mbíonn innti. Fén lic iarainn seo sáithear saghas gráta go mbíonn treasnáin tsoghluaiste air. Druidtar ó na chéile na treasnain. Tairngthar lámhchrann san inneall agus tuitid na cipíní tríd na pollaibh síos, go mbíd n-a sreathannaibh idir na treasnáin. Dlúthuightar na treasnáin, agus tairngthar amach an gráta. Bíd na cipíní ar an ngráta so annsoin mar bheadh an ghuaireach ar chárda nó ar bhruis, acht iad a bheith mar adéarfá leathórdlach óna chéile. B'iongnadh le duine a luas d'fhéadfadh cailín gráta aca so a chur i gcrích. Bheadh dosaon aca curtha dhi aici ar an fhaid atá caithte agam-sa ag cur síos ar an mbirt. Tá seomra áirithe i dtigh Mhach Peadair i gcóir na n-inneal so, agus is éachtach go léir an gleó oibre a bhíonn ann.
Fanaid na cipíní ar an ngráta so go dtí go ndeintar lasán díobh, agus go mbaintar as iad chun a gcur i mboscaíbh. I n-aice gach innill bíonn saghas "raic" no cliabh i gcóir na ngrátaí. Nuair bhíonn an cliabh so cruachta ag na cailíníbh, beirtar é go dtí áit n-a mbíonn mias nó fulcadh lán de chéir pairfíneach is é ag síorbheirbhiughadh. Tomthar na cipíní sa mhéis seo, d'fhonn iad a dhéanamh so-adhainte. Ní féidir lasáin adhmaid a dhéanamh gan a bhfulchadh sa mheascán so. Ní fhanfaidís ar lasadh. Ó'n áit seo beirthear na cipíní go dtí seomra eile mar a gcuirtear "cinn" ortha. Fir a bhíonn i mbun na hoibre seo. Beireann fear an ghráta cipíní agus tomann a mbun i meascán céimheachta a deintar i n-áit fé leith. Leanann cuid den mheascán de gach cipín. Tógtar an gráta annsoin agus cuirtar thar n-ais ar an gcliabh é. Táid na lasáin déanta anois acht amháin na cinn do thíoradh. Deintar so i seomraíbh cumhanga mar a mbíonn innill tréana ag síor-cháthadh gaoithe tríotha. Táid na seomraí seo "dodhóighte." Tíorann an ghaoth na cinn agus 'n-a theannta-san beireann sí léi, tré phollaibh i n-uachtar an tighe, gach drochbhalaith dá mbíonn ann. Ní túisce bhíd na cinn tíortha ná beirtar iad go dtí na seomraí mar a gcuirtar na lasáin i mboscáibh. Bíonn bord mór leathan síos suas ar fhaid gach seomra aca so; sreath cailíní n-a seasamh ar gach taobh den bhord; an bord ar n-a roinnt i rannaibh; gach roinn aca so mar bheadh cofhra gan bruinne gan folachadh; cailín do gach roinnt díobh so; inneall ar thaobh na láimhe clé aici chun an ghráta a choimeád di; cruach mhór de bhoscaíbh folmha ar a haghaidh amach. Beireann sí ar bhosca follamh. Leaththairngeann sí umar nó "drár" an bhosca. Scaoileann ar urchall an ghráta. Scaoileann soin ar na treas- náin go léir, is fágtar na lasáin sochorruighthe. Tugann sí flíop dá láimh dheis fan treasnáin aca agus bailigheann cúiche a mbíonn de lasáin ann. Mar sin di ó shreath go sreath go mbíonn aici oiread is do líonfadh bosca. Is eól di soin go maith ón sean- thaithighe. Sáitheann sí isteach sa mbosca iad gan moill. Dúnann an bosca agus caitheann uaithi é isteach i ndabhaigh mhóir. Is geall le hobair draoidheachta é, a luas a bhíd ag bailiughadh na lasáin chughtha agus ag caitheamh na mboscaí uatha. Beirtear na boscaí lasán annsoin go dtí seomra mór i
mbruinnibh an tighe mar a gcuirtar i mbeartaibh iad. Deintar suas iad i mbeartaibh fá pháipéar. As so tagaid go dtí áit eile mar a gcuirtar iad i mboscaíbh adhmaid, agus annsoin téidhid siad amach go dtí gach áird den tír. Maidir leis an lasán céireach, is ar an gcuma atá luaidhte agam thuas a cuirtar na cinn ortha, is a sáithtar i mboscaíbh iad. Ní cipíní a bhíonn ionnta, acht smutaí de "pháideógaibh" nó de gheatairíbh céireach, agus gach smut aca-san timcheall le órlach is ceathramha ar a fhaid. I ngach geataire bíonn dhá cheann déag ar fhichid de shnáithíníbh cadáis, agus ortha-san folachadh de ghlóthach cópail ar n-a mheascadh ar stéirín. Faghtar an ghlóthach tíortha, agus mín-mheiltear é sara measctar ar an stéirín é. Leaghtar an meascán annsoin. Cheithre fichid geataire a deintar i n-éin- fheacht, agus bíonn gach geataire aca timcheall leathmhíle ar a fhaid. Tagann an cheithre fichid sreang i n-éinfheacht ó sna muiltibh cadáis i Sasana, agus iad tochruiste díreach mar bheadh clochreatha. Seo mar deintar na geatairí. Tá seomra mór fada annsúd; gléas mar bheadh "druma" nó fiteán fíormhór ar gach ceann de; i lár buill ann dabhach lán den mheascán úd glóthaighe is stéirín- each: ós cionn na daibhche sin bara cruaidhe treasna; cheithre fichid puillín sa bhara soin. Tochruistar an cheithre fichid sreang ar cheann desna fiteánaibh móra. Sáithtar sreang tré gach puillín ar an mbara cruaidhe os cionn na daibhche. Tugtar cinn na sreang le chéile arís agus cheangaltar iad don bhfiteán ar an gceann eile dhen tigh. Scaoiltar an chomhacht tiomána leó. Cromann an dá fhiteán ar chasadh. Fágaid na sreanga an céad fhiteán. Tomthar iad sa ndabhaigh mar a bhfuil an meascán glóthaighe is stéiríneach. Téidhid siad tríd na puillíníbh, agus tochruistar ar an tarna fiteán iad. Nuair a tigtar chun deire na sreang athchastar an ghluaiseacht, agus tochruistar na sreanga arís ar an gcéad fhiteán. Tochruistar iad fé dhó ar gach fiteán i dtreó go dtomthar iad fé cheathair sa ndabhaigh; agus ó théidid siad tríd na puillíníbh i gcomhnuidhe luigheann an meascán cothrom timcheall ortha. Táid na sreanga n-a ngeatairíbh anois; agus gach geataire den cheithre fichid ceann timcheall is leathmhíle ar a fhaid. Bainteear na sreanga as na puillíníbh, agus i n-ionad an bhara
cruaidhe cuirtar fearsaid chruinn cruaidhe. Coimeádtar an teas chúichi seo i slighe go mbíonn sí i gcomhnuidhe breacthe. Tochruis- tar den chéad fhiteán anois. Téidhid na sreanga thar an bhfearsaid seo, agus tochruistar ar fhiteán sochorruighthe iad. Tugann an fhearsaid seo líomhnadh ar nós gloine dhóibh. Beirtear an fiteán sochoruighthe go dtí inneall cun geárrtha. Gearrann an t-inneall soin na geatairí n-a smutaíbh, cheithre fichid ceann aca le gach buille. Glacthar na smutaí i ngráta, a béal an innill. Bíonn treasnán idir gach sreath dhíobh. Nuair a líontar gráta, ceangaltar a urchall agus cuirtar i leathtaoibh é i gcóir a thomadh sa mheascán ceimheachta, féibh mar deintar leis an lasán adhmaid. Ní ró-fhada ó tháinig chughainn an "lasán cosnaimh" ar dtúis. Tréith dá thréithibh seadh nach féidir é adhaint acht ar pháirín a bhosca féin. Tréith eile dhá tréithibh ná cloistar cnagarnaigh uaidh le linn adhainte. Deintar é díreach mar deintar an lasán adhmaid, acht nach é an meascán céadna go dtomthar iad araon ann. Dáltha an ghnáthmheascáin sidiad na hearraidhe is éigin a sholáthar chuige: gloine mín-mheilte, glóthán, teine ghealáin, clóráid cala, dóib bhán, beagán cailce, agus dath. Deintar iad so a leaghadh os cionn teine agus chaithtar iad a mheascadh go haireach ar a chéile. Is iomdha dath a bhíonn ortha, acht is iad an dearg is an gorm is an ciardhonn is coitchianta. Is maith ann an gloine meilte mar is é bhaineann an teine chreasa a páirín an bhosca nuair cuimiltar ceann an lasáin de. Ní ghabhann contabhairt le haon cheann de sna hearraidhibh thuas acht amháin leis an dteine ghealáin. Earradh iseadh í sin a gheibhtar a cnámhaibh. Tá sí sodhóighte. Is éigin í choimeád i n-uisce nó d'imtheóghadh an uile bhlúire dhi n-a dheatach. Nuair théidheann teas n-a goire éirigheann ana-dhrochbhalaith go léir aisti. Siné an meascán go dtomthar ann na lasáin adhmaid agus na lasáin chéireach. Don lasáin cosnaimh ámh, ní bacthar leis an dteine ghealáin a chur ar na ceannaibh; acht ó's riachtanus í chun an lasáin d'adhaint, cuirtar ar pháirín an bhosca agus ar cheann an lasáin saghas teine gealáin ná bíonn díoghbháil innti. Amorbhus a thugtar air sin. É sin do-bheir don lasán cosnaimh gan adhaint mara gcuimiltear dá bhosca fhéin é.
Tá curtha síos agam anois cunntus chomh beacht agus d'fhéadas é, ar thaobh na láimhe clé de thigh mhór Mhac Peadair. Tighthe móra, is dóigh liom, ba chirte dham a rádh, mar tá timcheall leath cheathramha d'acra talmhan fútha, agus soin i gceanntair de sna ceanntrachaibh i mBaile Átha Cliath is líonmhaire daoine ann. Tá ag éirighe chomh maith soin leó go bhfuil d'fhiachaibh ortha bheith ag cur leis an dtigh. Ar thaobh na láimhe deise is fearr a chítar soin. Do thógadar roinn nó 'sciathán' nua ann le déadhnaighe. Annso iseadh dheintar na boscaí. Go dtí le fírdhéadhnaighe ba chailíní a dheineadh gach a gcaithidís de boscaíbh. Sa mbaile a dheinidís iad, agus soin le n-a lámhaibh féin. Tá innill nó gléasa aca anois chúcha, agus na cailíní á n-oibriughadh. Obair fé leith iseadh déanamh na mboscaí. Tá clós ar chúl an tighe oibre is é lán go bruach de shailibh crann criothann a tháinig ón Rúise. Tugtar isteach sail aca soin. Gearrthar n-a blocaibh í le sábh mórnirt den tsaghas dhíreach. Len' ais sin tá inneall eile a dheineann na bluic a bhearradh timcheall agus a bhaineann asta na sliseóga go n-usáidthar iad chun na mboscaí a dhéanamh. Bíonn an bloc ag casadh timcheall agus scian an innill ag gearradh aníos. N-a theannta-san bíd sceana biorfhaobhracha sáithte isteach ann. De réir mar thagann an tsliseóg glanghearrann cuid aca so í, agus leathghearrann an chuid eile aca í, de réir na mboscaí a oireann dóibh a dhéanamh. Mar sin tagann an tsliseóg amach n-a rannaibh mar a nglanghearrthar í. Bíonn gach roinn díobh so ar nós sreath fada páipéir, milimétar ar doimhneas. Cuirtar na sreathanna so ós cionn a chéile agus sáithtar tré inneall iad a ghearrann trasna ortha i slighe go dtagaid as féibh mar a chífá bosca dá scaoiltá den gceangal a bhíonn timcheall air. Anois a chítear cad chuige an leathghearradh do deineadh ortha ó chianibh. Is féidir na cúinní a lúbadh go saoráideach gan an tsliseóg a bhriseadh. Má's clúdaigh a bhíonn á ndéanamh aca cuirtar dath dearg ar a gciumhsaibh. Suas an staighre leó annsoin, mar a bfuil na hinnill chun boscaí a dhéanamh dhíobh. Do theipfeadh ar éinne cur síos ar an gcuma n-a n-oibrighid na gléasa soin. Tá innill ann chun gach saghas clúdaigh is chun gach saghas umair nó "drár" a dhéanamh. An t-inneall féin a fhilleann na sliseóga. An t-inneall féin a chuireann an taos ar an bpáipéar. An
t-inneall féin a chasann an páipéar timcheall ar an mbosca, is a cheanglann air é. Tá inneall dá chur suas ann fé láthair chun na páiríneach a cheangal do thaobh an bhosca. Cailíní a bhíonn i mbun an ghnó so go fóill, acht chomh luath agus a bheidh an t-inneall ar siubhal cuirfar a mhalairt de chúram ortha. Mná agus cailíní an dream is líonmhaire i dtigh oibre Mhac Peadair. Tá roinnt d'fhearaibh ann leis ar phádh seachtmhaine; acht is de réir na hoibre a dheinid a díoltar furmhór na mban. É sin, gan amhrus, do bheir go haicillidhe is go himshníomhach iad. Ní bhíonn aon duine díomhaoin ná breacdhíomhaoin ann. N-a dhiaidh-san ní féidir róthiomáint ar éinne mar tá "reacht na dtighthe oibre" i bhfeidhm n-a thaobh. Is maith an congnamh don lucht oibre a liacht díobh atá ann, .i. os cionn dhá chéad go leith pearsa. Bíonn gach duine go sochroidhe is go gealgáiritheach, agus ní bhíonn slighe ná aimsir aca chun bheith ag gearán ná chun bheith gruamdha. Is contabharthach go léir an earradh í an teine ghealáin, toisc an drochbhalaith d'éirigheann aisti. Nuair a thigheann an baluith seo fá dhuine, mara mbíd na fiacail ar fheabhus aige tagann tinneas ar a chorrán. Roinnt bhliadhanta ó shoin, do chonncathas an oiread-san díoghbháil á dhéanamh, gur horduigheadh ó Pharlimint coiste a chur ar bun mar gheall air. Do nochtadh an uair úd drochscéala i dtaobh cuid de sna tighthibh oibre i Sasana. Salchar na seomraí agus uireasbha fionnfhuaradh tríotha fé ndeara é go léir. Do ceapadh riaghlacha chughtha-san; agus cuirtar i bhfeidhm go daingean iad, i ngach áit n-a mbíd lasáin dá ndéanamh. Is díobh-san nach fuláir na seomraí bheith glan, an solus ar fheabhus, agus fionnfhuaradh maith ann; faid agus leithead agus aoirde áirithe bheith i ngach seomra; gléasa cáithte bheith ann chun an fionnfhuaradh a thabhairt isteach, agus puill i mbárr an tighe go raghadh an drochbhalaith tríotha amach. Táid siad so go léir thar bárr i dtigh oibre Mhac Peadair. Bíonn "cigirí tighthe oibre" ann go minic. Uair sa ráithe tagann liaigh fiacal agus dochtúir ann, agus féachaid fiacail is carbal an uile dhuine dhen lucht oibre. Caithfid cunntus a scríobhadh mar gheall ortha i leabhar a coimeádthar chuige sin. Is éigin ionad a sholáthar n-a bhféadfadh duine a lámha a nighe. Ní féidir atharrughadh a dhéanamh ar an dtigh oibre gan paitinn ón mBord.
Tá fhios ag gach n-aon go mbíd tighthe i n-a ndeintar lasáin i mbaoghal a ndóighte. Is beag aon bhliadhain ná bíonn dóighteán beag i dtigh oibre Mhach Pheadair. Acht, tá seift tar na beartaibh aca chun na lasracha a mhúchadh. I n-uachtar gach seomra, gabhaid píopaí i gcóir uisce. Ar fhaid gach pípe aca-san timcheall deich dtroighthe óna cheile bíd puill is corca iarrainn ionnta. Thiocfadh deich ngalúin fichead uisce an nóimeat a gach poll de sna pollaibh sin. Táid na corca ar n-a gceangal do sna pollaibh le goradh. Téidheann an teas fé na pollaibh, agus nuair sroistar 150ºF., leaghtar an goradh. Tuiteann na corca go talamh, agus scaoiltar ar an uisce. Táid mogail i mbéil gach puill, agus spréachaid siad an t-uisce timcheall. Tá an phíop buinn sé órlach treasna, agus é ar ceangal de phíopaíbh uisce na cathrach. N-a theannta-san, do cuireadh 'n-a suidhe os cionn mullaigh an tighe dabhach mhór go dtéidheann 8,000 galún uisce innti. Bíonn an dabhach so lán i gcomhnuidhe. Sé comhacht tiomána atá ann ná inneall "gasa". Deinid siad "gas" dóibh féin, acht tá a ngléas ar ceangal de ghas na Cathrach leis, i dtreó go bhféadfaidís é tharrac chughtha dá mbeadh gábha leis. Táid fiteáin iarainn is rothanna is creasa leathair i ngach seomra dá bhfuil san áit, agus is breagh bheith ag féachaint ortha, is ag éisteacht le n-a ndórd nuair a bhíd ag obair. Ó's é seo an t-aon áit amháin i nÉirinn n-a ndeintar lasáin ní miste liom mionchunntuisí áirithe a chur síos n-a thaobh. I mbliadhain a 1882 do cuireadh an obair ar bun. Bhíodar tamall i mBéal Feirste leis acht chuireadar suas, den áit sin arís. Bíd os cionn trí chéad duine ag obair dóibh; cuid aca-san — abair leathchéad — bíd ag obair sa mbaile ag déanamh boscaí. D'fhéadfadh cailín ó leathshabhrn go dtí chuig scilling déag sa tseachtmhain a thuilleamh ann go hadhsáideach. Ní bhíonn bearradh ná cnáimhseál ann i dtaobh airgid ná oibre ná aimsire agus is maith an comhartha é sin. Na hearraidhe go mbaintear caith- eamh asta i ngach páirt den tigh, earraidhe Gaedhlacha iseadh iad, an méid is féidir d'fhagháil i nÉirinn. Páipéar Gaedhlach a bhíonn ar na boscaíbh, agus páipéar Gaedhlach a bhíonn timcheall ortha nuair a dheintear suas n-a mbeartaibh iad. I mBaile Átha Cliath do deintar na boscaí adhmaid is na boscaí páipéir. I mBaile Átha Cliath do deintar an chlódóireacht go léir.
Sin agat, a léightheóir, an cunntus do b'fhearr do b'fhéidir dasa a thabhairt uaim ar an obair a deintar i dtigh Mhac Peadair, Lána Hammon i mBaile Átha Cliath. Ó tá saghas aithne agat ortha anois, tá súil agam go gcuirfir aithne mhaith ar "Sholus na nGaedheal" is ar na saghsanna eile lasáin a thagann uatha. Ní féidir a mbárr d'fhagháil i n-aon áit. Ó's mar sin atá is é dualgus an uile dhuine againn a chion féin a dhéanamh chun cabhruighthe leó. Is linn féin iad, agus nár chóir dúinn cion a bheith againn ortha dhá réir? Focal amháin eile, má's Éireannach thú, dein i gcomhnuidhe beart a théidheann chun bolóige a sholáthar do Éireannach eile. Mar sin a ghabhann tírghrádh anois. TÓRNA. Tagra. Déantúisí Gaedhlacha, Irish manufactures. Sméaróid, a spark. Tigh oibre, factory. Lasán adhmaid, a wood match; L. céireach, a "wax vesta"; L. cosnaimh a "safety match." Crann criothann, the aspen tree. Inneall, gléas, arrange- ment, a machine. Bara iarainn, an iron lever. An chomhacht tiomána, the driving power. Treasnáin tsoghluaiste, moveable laths placed crosswise. Gleó oibre, the noise made by a number of people working. Cruachta, filled up, "packed". Fulcadh, a bath. Céir pairfíneach, parafin wax. Meascán, a mixture; M. céimh- eachta, a chemical mixture. Leanann … de, adheres to. Tíoradh, act of drying. Innill ag cáthadh gaoithe, machine fans at work. Dódhóighte, fireproof. Gan. bruinne gan folachadh, minus front and cover. Leaththairngeann, draws half out. Umar, the "drawer" of the matchbox. Urchall, bond, binding. Sochorruighthe, moveable. Flíop, a whisk. Dabhach, a vat, vessel. "Páideóg," a kind of very thin tallow candle. Geataire, a taper. Snáithíní cadáis, cotton threads. Glóthach cópail, copal gum. Stéirín, -neach, 5.f. stearine. Tochruiste, wound. Cloch- reatha, a roller. Fiteán, a spool, "reel." Bara cruaidhe, a steel bar. Athchastar an ghluaiseacht, the motion is reversed. Cothrom, even. Fearsaid chruinn cruaidhe, a round steel spindle. Breac-the, pretty warm. Fiteán sochorruighthe, a moveable spindle. Líomhnach, act of glazing, polishing. Inneal chun gearrtha, a machine for cutting. Páirín, sandpaper; c.f. "cláirín" speile. Mínmheilte, finely ground. Glóthán, glue. Teine ghealáin, phosphorous. Clóráid cala, chloride of potash. Dóib bhán, plaster of paris. Ciardhonn, dark brown. Teine chreasa, friction sparks. Sodhóighte, combustible. Amorbhus, amphorous. Is líonmhaire daoine ann, most congested. Clós, yard, enclosure. "Den tsaghas dhíreach," "reciprocating saw." Sliseóga shavings. Scian bhiorfhaobhrach, a lance knife. Leathghearradh, a partial cutting. Taos, paste. Breacdhíomhaoin, half-idle. "Reacht na dtighthe oibre," the Factories' Act. Coiste, a Parliamentary En- quiry. Fionnfhuaradh, ventilation. "Cigirí tighthe oibre," "Factory Inspectors." Liaigh fiacal, a dentist. Paitinn, licence. Sé órlach treasna, six inches in diameter. Inneall "gasa", a gas engine. Lána, a lane; lána an Aonaigh atá ar "Fair Lane" i gCorcaigh ag na sean-daoinibh. A mbárr d'fhagháil, to get better than them, pobual, potash.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services