Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Déantúisí Gaedhlacha. I. - Lasáin.

Title
Déantúisí Gaedhlacha. I. - Lasáin.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Déantúisí Gaedhlacha.



RÉMHFHOCAL.



Sé rud atá á chur romhainn againn anois ná cunntus a
thabhairt, ar mhaithe le muinntir na Gaedhilge, ar chuid de sna
hearraidhibh atá gá ndéanamh annso i nÉirinn. Tá súil againn
go dtaitneóghaidh ár saothar le muinntir na Gaedhilge.



Tá gach éinne á rádh anois gur ceart cuidiughadh le déantúisí
Gaedhlacha. Is minic gur deacair le duine congamh a thabhairt
don earraidh ná fuil aon rud aithne aige uirthi. Is maith le
duine eólus a bheith aige ar cionnus a dheintar so agus súd,
cionnus atá ag éirighe le lucht a ndéanta, agus cad iad na scéala
is déadhnaighe uatha-san. Sin é an saghas eóluis atá ar aigne
againn a thabhairt dár léightheóiríbh. Nuair chuireann duine aithne
ar rud is saoráideach go leór a ritheann leis é cheannach. Ní
iarraimíd-na de luach saothair acht go gcuirfeadh muinntir na
Gaedhilge breis aithne ar dhéantúisíbh na hÉireann, go dtiocfadh
as soin go mbeadh báidh aca leó, agus as an mbáidh soin go
n-éireóghaidh breis cheannach ar na déantúisíbh féin.



I. — LASÁIN.



"Tabhair dham lasán, má's é do thoil é." Sin focal gur
minic a cloistear á úsáid é. Tá fhios againn go léir cad é an
rud é lasán. Ní'l tigh san dúthaigh ná faghthar ann lasáin — boscaí
aca uaireanta. Má's duine thú a chaitheann píopa, a léightheóir,
is eól duit cad é an rud é lasán. B'fhéidir gur thárla thu fo-
uair i n-éaghmuis lasáin, agus tu a bhfad ó sméaróid is ó ionad
comhnuidhthe. Badh mhaith é an lasán beag an uair sin. Dá
mbeadh ceann agat níor ghábhadh dhuit bheith ar troscadh.



Caithimíd go léir lasáin. Táimíd dultha chomh mór soin n-a
dtaithighe ná fiafraighimíd riamh dhínn féin cionnus a deintar iad.
Is mairg an té ná cleachtann de ghnáth bheith fiafraightheach. Is
mó bheadh ar eólus aige 'ná mar atá. Sin iad na smaointe a bhí
ag rith trém cheann-sa an lá fé dheireadh agus mé ag dul ar
cuaird chun tighe oibre Mhach Peadair, .i. muinntir na lasán a
dhéanamh. Má chuirim síos ar a bhfeaca annsúd, éinne a léighfidh


L. 22


an aiste seo beidh tuairim aige den chuma n-a ndeintar lasáin,
agus tá súil agam go raghaidh soin i dtairbhe do Mhuinntir Mhach
Peadair. Bárr síbhialtacht is foidhne do thespeáin an Cúpéarach,
.i. bainisteóir an tighe, agus a lucht conganta dham. Do tugadh
tríd an áit mé agus do mínigheadh gach nídh dham.

Tá trí saghas lasáin ann, mar atá an lasán adhmaid, an lásán
céireach, agus an lasán cosnaimh. Deintar iad so go léir i
dtigh Mhach Peadair. Is fearr tosnughadh annso ar an lasán
adhmaid, mar is é is coitcheanta.



Sé admhad go ndeintar usáid de ná crann criothann. Sórd
"déil" ón Rúise is eadh é, mar ní fhásann adhmad i nÉirinn a
bheadh oireamhnach. Furmhór lucht déanta lasán i Sasana féin,
is ón Rúise gheibhid siad an t-adhmad. Is é an crann criothann
is fearr chun na hoibre seo mar ní bhíd fadhbanna ann.



Geárrthar an t-adhmad i gcipíníbh agus cuirtear na cipíní
seo n-a seasamh le hais a chéile i n-inneal mar bheadh punann
coirce do chuirfá n-a seasamh ar a bun. Bíd na céadta de
chéadaibh aca ann. Tairngthar bara iarainn fan a dtaobh chun iad
a dhlúthughadh ina chéile ar eagla go dtuitfadh cuid aca amach.
Iompuighthar soin anuas ar lic iarainn go mbíonn innti sreath-
anna de phuillíníbh timcheall leathórdlach ó na chéile. Scaoiltar
ar an mbara iarainn annsoin i dtreó go mbíonn slighe ag na
cipíníbh chun corruidhe gan tuitim. Leigtar an chomhacht tiomána
chun an innill seo annsoin, agus tugann ana-chrothadh dhó, i slighe
is gur gearr go dtéidheann cipín síos i ngach poll dá mbíonn ar
an lic iarainn. Dlúthuightar an bara arís agus tógtar an
caipín. Chíonn tú an leac iarainn annsoin agus cipín sáithte, i
ngach poll dá mbíonn innti. Fén lic iarainn seo sáithear
saghas gráta go mbíonn treasnáin tsoghluaiste air. Druidtar ó
na chéile na treasnain. Tairngthar lámhchrann san inneall agus
tuitid na cipíní tríd na pollaibh síos, go mbíd n-a sreathannaibh
idir na treasnáin. Dlúthuightar na treasnáin, agus tairngthar
amach an gráta. Bíd na cipíní ar an ngráta so annsoin mar
bheadh an ghuaireach ar chárda nó ar bhruis, acht iad a bheith mar
adéarfá leathórdlach óna chéile. B'iongnadh le duine a luas
d'fhéadfadh cailín gráta aca so a chur i gcrích. Bheadh dosaon
aca curtha dhi aici ar an fhaid atá caithte agam-sa ag cur síos
ar an mbirt. Tá seomra áirithe i dtigh Mhach Peadair i gcóir na
n-inneal so, agus is éachtach go léir an gleó oibre a bhíonn ann.


L. 23


Fanaid na cipíní ar an ngráta so go dtí go ndeintar lasán
díobh, agus go mbaintar as iad chun a gcur i mboscaíbh. I n-aice
gach innill bíonn saghas "raic" no cliabh i gcóir na ngrátaí.
Nuair bhíonn an cliabh so cruachta ag na cailíníbh, beirtar é
go dtí áit n-a mbíonn mias nó fulcadh lán de chéir pairfíneach
is é ag síorbheirbhiughadh. Tomthar na cipíní sa mhéis seo, d'fhonn
iad a dhéanamh so-adhainte. Ní féidir lasáin adhmaid a dhéanamh
gan a bhfulchadh sa mheascán so. Ní fhanfaidís ar lasadh.



Ó'n áit seo beirthear na cipíní go dtí seomra eile mar a
gcuirtear "cinn" ortha. Fir a bhíonn i mbun na hoibre seo.
Beireann fear an ghráta cipíní agus tomann a mbun i meascán
céimheachta a deintar i n-áit fé leith. Leanann cuid den
mheascán de gach cipín. Tógtar an gráta annsoin agus cuirtar
thar n-ais ar an gcliabh é. Táid na lasáin déanta anois acht
amháin na cinn do thíoradh. Deintar so i seomraíbh cumhanga
mar a mbíonn innill tréana ag síor-cháthadh gaoithe tríotha. Táid
na seomraí seo "dodhóighte." Tíorann an ghaoth na cinn agus
'n-a theannta-san beireann sí léi, tré phollaibh i n-uachtar an tighe,
gach drochbhalaith dá mbíonn ann.



Ní túisce bhíd na cinn tíortha ná beirtar iad go dtí na
seomraí mar a gcuirtar na lasáin i mboscáibh. Bíonn bord
mór leathan síos suas ar fhaid gach seomra aca so; sreath
cailíní n-a seasamh ar gach taobh den bhord; an bord ar n-a
roinnt i rannaibh; gach roinn aca so mar bheadh cofhra gan bruinne
gan folachadh; cailín do gach roinnt díobh so; inneall ar thaobh
na láimhe clé aici chun an ghráta a choimeád di; cruach mhór de
bhoscaíbh folmha ar a haghaidh amach. Beireann sí ar bhosca
follamh. Leaththairngeann sí umar nó "drár" an bhosca.
Scaoileann ar urchall an ghráta. Scaoileann soin ar na treas-
náin go léir, is fágtar na lasáin sochorruighthe. Tugann sí flíop
dá láimh dheis fan treasnáin aca agus bailigheann cúiche a mbíonn
de lasáin ann. Mar sin di ó shreath go sreath go mbíonn aici
oiread is do líonfadh bosca. Is eól di soin go maith ón sean-
thaithighe. Sáitheann sí isteach sa mbosca iad gan moill. Dúnann
an bosca agus caitheann uaithi é isteach i ndabhaigh mhóir. Is geall
le hobair draoidheachta é, a luas a bhíd ag bailiughadh na lasáin
chughtha agus ag caitheamh na mboscaí uatha.



Beirtear na boscaí lasán annsoin go dtí seomra mór i


L. 24


mbruinnibh an tighe mar a gcuirtar i mbeartaibh iad. Deintar
suas iad i mbeartaibh fá pháipéar. As so tagaid go dtí áit eile
mar a gcuirtar iad i mboscaíbh adhmaid, agus annsoin téidhid
siad amach go dtí gach áird den tír.



Maidir leis an lasán céireach, is ar an gcuma atá luaidhte
agam thuas a cuirtar na cinn ortha, is a sáithtar i mboscaíbh iad.
Ní cipíní a bhíonn ionnta, acht smutaí de "pháideógaibh" nó de
gheatairíbh céireach, agus gach smut aca-san timcheall le órlach
is ceathramha ar a fhaid. I ngach geataire bíonn dhá cheann déag
ar fhichid de shnáithíníbh cadáis, agus ortha-san folachadh de ghlóthach
cópail ar n-a mheascadh ar stéirín. Faghtar an ghlóthach tíortha,
agus mín-mheiltear é sara measctar ar an stéirín é. Leaghtar
an meascán annsoin. Cheithre fichid geataire a deintar i n-éin-
fheacht, agus bíonn gach geataire aca timcheall leathmhíle ar a
fhaid. Tagann an cheithre fichid sreang i n-éinfheacht ó sna
muiltibh cadáis i Sasana, agus iad tochruiste díreach mar bheadh
clochreatha.



Seo mar deintar na geatairí. Tá seomra mór fada annsúd;
gléas mar bheadh "druma" nó fiteán fíormhór ar gach ceann de;
i lár buill ann dabhach lán den mheascán úd glóthaighe is stéirín-
each: ós cionn na daibhche sin bara cruaidhe treasna; cheithre
fichid puillín sa bhara soin. Tochruistar an cheithre fichid sreang
ar cheann desna fiteánaibh móra. Sáithtar sreang tré gach
puillín ar an mbara cruaidhe os cionn na daibhche. Tugtar cinn
na sreang le chéile arís agus cheangaltar iad don bhfiteán ar an
gceann eile dhen tigh. Scaoiltar an chomhacht tiomána leó.
Cromann an dá fhiteán ar chasadh. Fágaid na sreanga an céad
fhiteán. Tomthar iad sa ndabhaigh mar a bhfuil an meascán
glóthaighe is stéiríneach. Téidhid siad tríd na puillíníbh, agus
tochruistar ar an tarna fiteán iad. Nuair a tigtar chun deire
na sreang athchastar an ghluaiseacht, agus tochruistar na sreanga
arís ar an gcéad fhiteán. Tochruistar iad fé dhó ar gach fiteán
i dtreó go dtomthar iad fé cheathair sa ndabhaigh; agus ó théidid
siad tríd na puillíníbh i gcomhnuidhe luigheann an meascán
cothrom timcheall ortha.



Táid na sreanga n-a ngeatairíbh anois; agus gach geataire
den cheithre fichid ceann timcheall is leathmhíle ar a fhaid.
Bainteear na sreanga as na puillíníbh, agus i n-ionad an bhara


L. 25


cruaidhe cuirtar fearsaid chruinn cruaidhe. Coimeádtar an teas
chúichi seo i slighe go mbíonn sí i gcomhnuidhe breacthe. Tochruis-
tar den chéad fhiteán anois. Téidhid na sreanga thar an
bhfearsaid seo, agus tochruistar ar fhiteán sochorruighthe iad.
Tugann an fhearsaid seo líomhnadh ar nós gloine dhóibh. Beirtear
an fiteán sochoruighthe go dtí inneall cun geárrtha. Gearrann
an t-inneall soin na geatairí n-a smutaíbh, cheithre fichid ceann
aca le gach buille. Glacthar na smutaí i ngráta, a béal an
innill. Bíonn treasnán idir gach sreath dhíobh. Nuair a líontar
gráta, ceangaltar a urchall agus cuirtar i leathtaoibh é i gcóir
a thomadh sa mheascán ceimheachta, féibh mar deintar leis an lasán
adhmaid.



Ní ró-fhada ó tháinig chughainn an "lasán cosnaimh" ar dtúis.
Tréith dá thréithibh seadh nach féidir é adhaint acht ar pháirín a
bhosca féin. Tréith eile dhá tréithibh ná cloistar cnagarnaigh uaidh
le linn adhainte. Deintar é díreach mar deintar an lasán
adhmaid, acht nach é an meascán céadna go dtomthar iad araon
ann.



Dáltha an ghnáthmheascáin sidiad na hearraidhe is éigin a
sholáthar chuige: gloine mín-mheilte, glóthán, teine ghealáin,
clóráid cala, dóib bhán, beagán cailce, agus dath. Deintar iad
so a leaghadh os cionn teine agus chaithtar iad a mheascadh go
haireach ar a chéile. Is iomdha dath a bhíonn ortha, acht is iad an
dearg is an gorm is an ciardhonn is coitchianta. Is maith ann
an gloine meilte mar is é bhaineann an teine chreasa a páirín
an bhosca nuair cuimiltar ceann an lasáin de. Ní ghabhann
contabhairt le haon cheann de sna hearraidhibh thuas acht amháin
leis an dteine ghealáin. Earradh iseadh í sin a gheibhtar a
cnámhaibh. Tá sí sodhóighte. Is éigin í choimeád i n-uisce nó
d'imtheóghadh an uile bhlúire dhi n-a dheatach. Nuair théidheann
teas n-a goire éirigheann ana-dhrochbhalaith go léir aisti. Siné
an meascán go dtomthar ann na lasáin adhmaid agus na lasáin
chéireach. Don lasáin cosnaimh ámh, ní bacthar leis an dteine
ghealáin a chur ar na ceannaibh; acht ó's riachtanus í chun an
lasáin d'adhaint, cuirtar ar pháirín an bhosca agus ar cheann an
lasáin saghas teine gealáin ná bíonn díoghbháil innti. Amorbhus
a thugtar air sin. É sin do-bheir don lasán cosnaimh gan adhaint
mara gcuimiltear dá bhosca fhéin é.


L. 26


Tá curtha síos agam anois cunntus chomh beacht agus
d'fhéadas é, ar thaobh na láimhe clé de thigh mhór Mhac Peadair.
Tighthe móra, is dóigh liom, ba chirte dham a rádh, mar tá timcheall
leath cheathramha d'acra talmhan fútha, agus soin i gceanntair de
sna ceanntrachaibh i mBaile Átha Cliath is líonmhaire daoine ann.
Tá ag éirighe chomh maith soin leó go bhfuil d'fhiachaibh ortha bheith
ag cur leis an dtigh. Ar thaobh na láimhe deise is fearr a chítar
soin. Do thógadar roinn nó 'sciathán' nua ann le déadhnaighe.
Annso iseadh dheintar na boscaí. Go dtí le fírdhéadhnaighe ba
chailíní a dheineadh gach a gcaithidís de boscaíbh. Sa mbaile a
dheinidís iad, agus soin le n-a lámhaibh féin. Tá innill nó gléasa
aca anois chúcha, agus na cailíní á n-oibriughadh.

Obair fé leith iseadh déanamh na mboscaí. Tá clós ar chúl
an tighe oibre is é lán go bruach de shailibh crann criothann a
tháinig ón Rúise. Tugtar isteach sail aca soin. Gearrthar n-a
blocaibh í le sábh mórnirt den tsaghas dhíreach. Len' ais sin tá
inneall eile a dheineann na bluic a bhearradh timcheall agus a
bhaineann asta na sliseóga go n-usáidthar iad chun na mboscaí a
dhéanamh. Bíonn an bloc ag casadh timcheall agus scian an
innill ag gearradh aníos. N-a theannta-san bíd sceana
biorfhaobhracha sáithte isteach ann. De réir mar thagann an
tsliseóg glanghearrann cuid aca so í, agus leathghearrann an
chuid eile aca í, de réir na mboscaí a oireann dóibh a dhéanamh.
Mar sin tagann an tsliseóg amach n-a rannaibh mar a
nglanghearrthar í. Bíonn gach roinn díobh so ar nós sreath fada
páipéir, milimétar ar doimhneas. Cuirtar na sreathanna so ós
cionn a chéile agus sáithtar tré inneall iad a ghearrann
trasna ortha i slighe go dtagaid as féibh mar a chífá bosca dá
scaoiltá den gceangal a bhíonn timcheall air. Anois a chítear
cad chuige an leathghearradh do deineadh ortha ó chianibh. Is
féidir na cúinní a lúbadh go saoráideach gan an tsliseóg a
bhriseadh. Má's clúdaigh a bhíonn á ndéanamh aca cuirtar dath
dearg ar a gciumhsaibh. Suas an staighre leó annsoin, mar a
bfuil na hinnill chun boscaí a dhéanamh dhíobh. Do theipfeadh ar
éinne cur síos ar an gcuma n-a n-oibrighid na gléasa soin. Tá
innill ann chun gach saghas clúdaigh is chun gach saghas umair nó
"drár" a dhéanamh. An t-inneall féin a fhilleann na sliseóga.
An t-inneall féin a chuireann an taos ar an bpáipéar. An


L. 27


t-inneall féin a chasann an páipéar timcheall ar an mbosca, is
a cheanglann air é. Tá inneall dá chur suas ann fé láthair chun
na páiríneach a cheangal do thaobh an bhosca. Cailíní a bhíonn i
mbun an ghnó so go fóill, acht chomh luath agus a bheidh an t-inneall
ar siubhal cuirfar a mhalairt de chúram ortha.



Mná agus cailíní an dream is líonmhaire i dtigh oibre Mhac
Peadair. Tá roinnt d'fhearaibh ann leis ar phádh seachtmhaine;
acht is de réir na hoibre a dheinid a díoltar furmhór na mban.
É sin, gan amhrus, do bheir go haicillidhe is go himshníomhach iad.
Ní bhíonn aon duine díomhaoin ná breacdhíomhaoin ann. N-a
dhiaidh-san ní féidir róthiomáint ar éinne mar tá "reacht na
dtighthe oibre" i bhfeidhm n-a thaobh. Is maith an congnamh don
lucht oibre a liacht díobh atá ann, .i. os cionn dhá chéad go leith
pearsa. Bíonn gach duine go sochroidhe is go gealgáiritheach,
agus ní bhíonn slighe ná aimsir aca chun bheith ag gearán ná chun
bheith gruamdha.



Is contabharthach go léir an earradh í an teine ghealáin, toisc
an drochbhalaith d'éirigheann aisti. Nuair a thigheann an baluith
seo fá dhuine, mara mbíd na fiacail ar fheabhus aige tagann
tinneas ar a chorrán. Roinnt bhliadhanta ó shoin, do chonncathas
an oiread-san díoghbháil á dhéanamh, gur horduigheadh ó Pharlimint
coiste a chur ar bun mar gheall air. Do nochtadh an uair úd
drochscéala i dtaobh cuid de sna tighthibh oibre i Sasana. Salchar
na seomraí agus uireasbha fionnfhuaradh tríotha fé ndeara é go
léir. Do ceapadh riaghlacha chughtha-san; agus cuirtar i bhfeidhm
go daingean iad, i ngach áit n-a mbíd lasáin dá ndéanamh. Is
díobh-san nach fuláir na seomraí bheith glan, an solus ar fheabhus,
agus fionnfhuaradh maith ann; faid agus leithead agus aoirde
áirithe bheith i ngach seomra; gléasa cáithte bheith ann chun an
fionnfhuaradh a thabhairt isteach, agus puill i mbárr an tighe go
raghadh an drochbhalaith tríotha amach. Táid siad so go léir thar
bárr i dtigh oibre Mhac Peadair. Bíonn "cigirí tighthe oibre"
ann go minic. Uair sa ráithe tagann liaigh fiacal agus dochtúir
ann, agus féachaid fiacail is carbal an uile dhuine dhen lucht
oibre. Caithfid cunntus a scríobhadh mar gheall ortha i leabhar a
coimeádthar chuige sin. Is éigin ionad a sholáthar n-a bhféadfadh
duine a lámha a nighe. Ní féidir atharrughadh a dhéanamh ar an
dtigh oibre gan paitinn ón mBord.


L. 28


Tá fhios ag gach n-aon go mbíd tighthe i n-a ndeintar lasáin i
mbaoghal a ndóighte. Is beag aon bhliadhain ná bíonn dóighteán
beag i dtigh oibre Mhach Pheadair. Acht, tá seift tar na beartaibh
aca chun na lasracha a mhúchadh. I n-uachtar gach seomra, gabhaid
píopaí i gcóir uisce. Ar fhaid gach pípe aca-san timcheall deich
dtroighthe óna cheile bíd puill is corca iarrainn ionnta. Thiocfadh
deich ngalúin fichead uisce an nóimeat a gach poll de sna
pollaibh sin. Táid na corca ar n-a gceangal do sna pollaibh
le goradh. Téidheann an teas fé na pollaibh, agus nuair
sroistar 150ºF., leaghtar an goradh. Tuiteann na corca
go talamh, agus scaoiltar ar an uisce. Táid mogail
i mbéil gach puill, agus spréachaid siad an t-uisce
timcheall. Tá an phíop buinn sé órlach treasna, agus é ar
ceangal de phíopaíbh uisce na cathrach. N-a theannta-san, do
cuireadh 'n-a suidhe os cionn mullaigh an tighe dabhach mhór go
dtéidheann 8,000 galún uisce innti. Bíonn an dabhach so lán i
gcomhnuidhe. Sé comhacht tiomána atá ann ná inneall "gasa".
Deinid siad "gas" dóibh féin, acht tá a ngléas ar ceangal de
ghas na Cathrach leis, i dtreó go bhféadfaidís é tharrac chughtha
dá mbeadh gábha leis. Táid fiteáin iarainn is rothanna is creasa
leathair i ngach seomra dá bhfuil san áit, agus is breagh bheith ag
féachaint ortha, is ag éisteacht le n-a ndórd nuair a bhíd ag obair.



Ó's é seo an t-aon áit amháin i nÉirinn n-a ndeintar lasáin
ní miste liom mionchunntuisí áirithe a chur síos n-a thaobh. I
mbliadhain a 1882 do cuireadh an obair ar bun. Bhíodar tamall
i mBéal Feirste leis acht chuireadar suas, den áit sin arís.
Bíd os cionn trí chéad duine ag obair dóibh; cuid aca-san —
abair leathchéad — bíd ag obair sa mbaile ag déanamh boscaí.
D'fhéadfadh cailín ó leathshabhrn go dtí chuig scilling déag sa
tseachtmhain a thuilleamh ann go hadhsáideach. Ní bhíonn bearradh
ná cnáimhseál ann i dtaobh airgid ná oibre ná aimsire agus
is maith an comhartha é sin. Na hearraidhe go mbaintear caith-
eamh asta i ngach páirt den tigh, earraidhe Gaedhlacha iseadh iad,
an méid is féidir d'fhagháil i nÉirinn. Páipéar Gaedhlach a
bhíonn ar na boscaíbh, agus páipéar Gaedhlach a bhíonn timcheall
ortha nuair a dheintear suas n-a mbeartaibh iad. I mBaile Átha
Cliath do deintar na boscaí adhmaid is na boscaí páipéir.
I mBaile Átha Cliath do deintar an chlódóireacht go léir.


L. 29


Sin agat, a léightheóir, an cunntus do b'fhearr do b'fhéidir
dasa a thabhairt uaim ar an obair a deintar i dtigh Mhac
Peadair, Lána Hammon i mBaile Átha Cliath. Ó tá saghas aithne
agat ortha anois, tá súil agam go gcuirfir aithne mhaith ar
"Sholus na nGaedheal" is ar na saghsanna eile lasáin a thagann
uatha. Ní féidir a mbárr d'fhagháil i n-aon áit. Ó's mar sin
atá is é dualgus an uile dhuine againn a chion féin a dhéanamh
chun cabhruighthe leó. Is linn féin iad, agus nár chóir dúinn cion
a bheith againn ortha dhá réir? Focal amháin eile, má's Éireannach
thú, dein i gcomhnuidhe beart a théidheann chun bolóige a sholáthar
do Éireannach eile. Mar sin a ghabhann tírghrádh anois.



TÓRNA.



Tagra.



Déantúisí Gaedhlacha, Irish manufactures. Sméaróid, a spark. Tigh oibre,
factory. Lasán adhmaid, a wood match; L. céireach, a "wax vesta"; L. cosnaimh
a "safety match." Crann criothann, the aspen tree. Inneall, gléas, arrange-
ment, a machine. Bara iarainn, an iron lever. An chomhacht tiomána, the driving
power. Treasnáin tsoghluaiste, moveable laths placed crosswise. Gleó oibre,
the noise made by a number of people working. Cruachta, filled up, "packed".
Fulcadh, a bath. Céir pairfíneach, parafin wax. Meascán, a mixture; M. céimh-
eachta, a chemical mixture. Leanann … de, adheres to. Tíoradh, act of drying.
Innill ag cáthadh gaoithe, machine fans at work. Dódhóighte, fireproof. Gan.
bruinne gan folachadh, minus front and cover. Leaththairngeann, draws half out.
Umar, the "drawer" of the matchbox. Urchall, bond, binding. Sochorruighthe,
moveable. Flíop, a whisk. Dabhach, a vat, vessel. "Páideóg," a kind of very
thin tallow candle. Geataire, a taper. Snáithíní cadáis, cotton threads. Glóthach
cópail, copal gum. Stéirín, -neach, 5.f. stearine. Tochruiste, wound. Cloch-
reatha, a roller. Fiteán, a spool, "reel." Bara cruaidhe, a steel bar. Athchastar
an ghluaiseacht, the motion is reversed. Cothrom, even. Fearsaid chruinn
cruaidhe, a round steel spindle. Breac-the, pretty warm. Fiteán sochorruighthe,
a moveable spindle. Líomhnach, act of glazing, polishing. Inneal chun gearrtha,
a machine for cutting. Páirín, sandpaper; c.f. "cláirín" speile. Mínmheilte,
finely ground. Glóthán, glue. Teine ghealáin, phosphorous. Clóráid cala,
chloride of potash. Dóib bhán, plaster of paris. Ciardhonn, dark brown. Teine
chreasa, friction sparks. Sodhóighte, combustible. Amorbhus, amphorous. Is
líonmhaire daoine ann, most congested. Clós, yard, enclosure. "Den tsaghas
dhíreach," "reciprocating saw." Sliseóga shavings. Scian bhiorfhaobhrach, a lance
knife. Leathghearradh, a partial cutting. Taos, paste. Breacdhíomhaoin, half-idle.
"Reacht na dtighthe oibre," the Factories' Act. Coiste, a Parliamentary En-
quiry. Fionnfhuaradh, ventilation. "Cigirí tighthe oibre," "Factory Inspectors."
Liaigh fiacal, a dentist. Paitinn, licence. Sé órlach treasna, six inches in
diameter. Inneall "gasa", a gas engine. Lána, a lane; lána an Aonaigh atá
ar "Fair Lane" i gCorcaigh ag na sean-daoinibh. A mbárr d'fhagháil, to get
better than them, pobual, potash.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services