Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Do Chuala Scéal.
Title
Do Chuala Scéal.
Author(s)
Ó Longáin, Micheál Óg,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Do chuala Scéal. Ar ngabháil ARTÚIR UÍ CHONCHUBHAIR agus ar marbhadh ÉADBHAIRD MHIC GHEARAILT. Do chuala scéal do réab mo chroidhe ionnam Is d'árduigh guais is gruaim ar m'intinn, Scéal do léan fir Éireann timcheall, Is ler cuireadh Fódla i mbrón gan scaoileadh. A Chlanna Gaedheal, sin réidh sibh choidhche; D'imthigh bhur dtreóir, ní'l speóis ná brígh ionnaibh; Sin é an Gearaltach ceangailte i ngeimhleach, Is Artúr uasal uaibh thar taoide. Ní'l rígh-fhlaith stáit le fagháil san tír seo Le n-ar mhaith bhur nglas a scaoileadh, Ná fuil mí-ádh agus díoghbháil nimhe air 'S an chineamhaint dá chiorrbhughadh agus dá chlaoidhchant. Ní hiongnadh liom-sa búir go haoibhinn Gan baoghal gan bascadh gan mairg i gCrích Luirc, 'S gur sibh féin atá, cé nár le hinnsint, Ag braith a chéile do thréad na gclaoin-bheart. Iarraim aitchim is screadaim ar Íosa, Is go raibh an geall ar námhaid ár dtíre; Go raibh baoghal is léan is líonruith Ar gach spreasán creacháin coimhighthigh. Rí na bhflaitheas do dhealbhuigh tíortha Rae agus réalta spéartha is taoide, Go ndéinidh cúl go humhal dár muinntir, Is go raibh an cluithche seo aca gan righneas.
Ó chím an cás mar atá ag ár muinntir, 'S go bhfuil na búir go dlúth n-a dtimcheall, Preabfad chun siubhail anonn tar taoide Is tiocfad anall le Franncaigh líomhtha. Go bhfeiceam Éire saor gan daoirse, 'S an bhratainn uaithne i n-uachtar scaoilte, Gach tíoránach claoin-cheárdach coimhightheach I n-ainm an diabhail, is gan Dia dá gcuimhdeacht. MICHEÁL ÓG Ó LONGÁIN cct. 1798.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services