Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Do Chuala Scéal.

Title
Do Chuala Scéal.
Author(s)
Ó Longáin, Micheál Óg,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 19


Do chuala Scéal.



Ar ngabháil ARTÚIR UÍ CHONCHUBHAIR agus ar marbhadh
ÉADBHAIRD MHIC GHEARAILT.



Do chuala scéal do réab mo chroidhe ionnam
Is d'árduigh guais is gruaim ar m'intinn,
Scéal do léan fir Éireann timcheall,
Is ler cuireadh Fódla i mbrón gan scaoileadh.



A Chlanna Gaedheal, sin réidh sibh choidhche;
D'imthigh bhur dtreóir, ní'l speóis ná brígh ionnaibh;
Sin é an Gearaltach ceangailte i ngeimhleach,
Is Artúr uasal uaibh thar taoide.



Ní'l rígh-fhlaith stáit le fagháil san tír seo
Le n-ar mhaith bhur nglas a scaoileadh,
Ná fuil mí-ádh agus díoghbháil nimhe air
'S an chineamhaint dá chiorrbhughadh agus dá chlaoidhchant.



Ní hiongnadh liom-sa búir go haoibhinn
Gan baoghal gan bascadh gan mairg i gCrích Luirc,
'S gur sibh féin atá, cé nár le hinnsint,
Ag braith a chéile do thréad na gclaoin-bheart.



Iarraim aitchim is screadaim ar Íosa,
Is go raibh an geall ar námhaid ár dtíre;
Go raibh baoghal is léan is líonruith
Ar gach spreasán creacháin coimhighthigh.



Rí na bhflaitheas do dhealbhuigh tíortha
Rae agus réalta spéartha is taoide,
Go ndéinidh cúl go humhal dár muinntir,
Is go raibh an cluithche seo aca gan righneas.


L. 20


Ó chím an cás mar atá ag ár muinntir,
'S go bhfuil na búir go dlúth n-a dtimcheall,
Preabfad chun siubhail anonn tar taoide
Is tiocfad anall le Franncaigh líomhtha.



Go bhfeiceam Éire saor gan daoirse,
'S an bhratainn uaithne i n-uachtar scaoilte,
Gach tíoránach claoin-cheárdach coimhightheach
I n-ainm an diabhail, is gan Dia dá gcuimhdeacht.



MICHEÁL ÓG Ó LONGÁIN cct.



1798.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services