Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duanaireacht Mná ag crúth bhó.
Title
Duanaireacht Mná ag crúth bhó.
Author(s)
Ó Deasmhumhna, Conchubhar,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Duanaireacht Mná ag crúth bhó. Fonn: Cómhairle fuaras amuich ar an mbóthar. Táim-se arís fút am' shuidhe airiú a bhó bheag, Ad' chrúth-sa, 's is cuíbhe lem' chroidhe é gan gó ar bith Ná dá bhfaghainn-se gach aoibhneas bhí ag ríghthe na Fódla I dTeamhair na Mídhe nuair a bhíodar go sóghach ann. Curfá: Tabhair dam do chrúthach go humhal tiugh, a bhó bheag, Is tabharfad-sa chúghat-sa deagh-dhúrthacht ar neómat — Tubán trí-fhúnsa is é ag bhrúchtaigh le clóbhar, Go mbeidh leabhar-bhrait úr-bhrain tríd siúd agus eórna. Crúthfad go humhal tiugh tu is crúthfad go sóghail tu Beidh Diarmuid beag múisgilthe is dúis- ighthe rómham-sa Go haibidh fé'n súsa agus tabharfad-sa nódhacht do Braon dod' bhleacht chúmhrtha-sa a chúbaigh le hól do. Curfá. A bhó bheag is chúghat-sa a thabharfad-sa sódhlas, Is ní leogfad fé thriúgh-bheachaibh Iúil ná an Fhóghmhair tu Chun go mbeid siad tar éis diúltha do dhrúcht an tráthnóna, Ansan sgaoilfead go lúthmhar tu a chúbaigh chun feóir ghlais. Curfá.
Aodhairfidh mé thíos tu i n-Ínse na Teórann, Mar tá féar fada mín inte is luíbheann- acha gleóidhte; Tá tobar deas fíor-uisge thíos inte rómhat- sa, Agus crúthfaidh mé airís mo cúibín um thráthnóna. Curfá. Ar do bhleacht-sa bíonn mór-shochar uachtair, a bhó bheag, Agus faghaim uait gan duaidh é gan buarach sa chró so; Ar a rath san ní bhuaidhfeadh bleacht bhuaibh Inis Fódla, Is ní sgaoilfinn-se uainn-na ar chruachaibh do'n ór tu. Curfá. [Cr.] [Bhuaidh Cr. .i. Conchubhar Ó Deasmhumhna duais leis an amhrán gleóite thuais ar Oireachtus na bliadhna 1903, iomaidheacht a 14. Tá Concubhar ina chomhnuidhe i n-aice Bhaile Mhic Íre i bParóiste Bhaile Mhúirne. —
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services