Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duanaireacht Mná ag crúth bhó.

Title
Duanaireacht Mná ag crúth bhó.
Author(s)
Ó Deasmhumhna, Conchubhar,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Duanaireacht Mná ag crúth bhó.



Fonn: Cómhairle fuaras amuich ar an mbóthar.



Táim-se arís fút am' shuidhe airiú a bhó
bheag,
Ad' chrúth-sa, 's is cuíbhe lem' chroidhe é gan
gó ar bith
Ná dá bhfaghainn-se gach aoibhneas bhí ag
ríghthe na Fódla
I dTeamhair na Mídhe nuair a bhíodar go
sóghach ann.



Curfá:



Tabhair dam do chrúthach go humhal tiugh,
a bhó bheag,
Is tabharfad-sa chúghat-sa deagh-dhúrthacht
ar neómat —
Tubán trí-fhúnsa is é ag bhrúchtaigh le
clóbhar,
Go mbeidh leabhar-bhrait úr-bhrain tríd
siúd agus eórna.



Crúthfad go humhal tiugh tu is crúthfad go
sóghail tu
Beidh Diarmuid beag múisgilthe is dúis-
ighthe rómham-sa
Go haibidh fé'n súsa agus tabharfad-sa
nódhacht do
Braon dod' bhleacht chúmhrtha-sa a chúbaigh
le hól do.



Curfá.



A bhó bheag is chúghat-sa a thabharfad-sa
sódhlas,
Is ní leogfad fé thriúgh-bheachaibh Iúil ná an
Fhóghmhair tu
Chun go mbeid siad tar éis diúltha do
dhrúcht an tráthnóna,
Ansan sgaoilfead go lúthmhar tu a chúbaigh
chun feóir ghlais.



Curfá.


L. 440


Aodhairfidh mé thíos tu i n-Ínse na Teórann,
Mar tá féar fada mín inte is luíbheann-
acha gleóidhte;
Tá tobar deas fíor-uisge thíos inte rómhat-
sa,
Agus crúthfaidh mé airís mo cúibín um
thráthnóna.



Curfá.



Ar do bhleacht-sa bíonn mór-shochar uachtair,
a bhó bheag,
Agus faghaim uait gan duaidh é gan buarach
sa chró so;
Ar a rath san ní bhuaidhfeadh bleacht bhuaibh
Inis Fódla,
Is ní sgaoilfinn-se uainn-na ar chruachaibh
do'n ór tu.



Curfá.



[Cr.]



[Bhuaidh Cr. .i. Conchubhar Ó Deasmhumhna duais leis
an amhrán gleóite thuais ar Oireachtus na bliadhna
1903, iomaidheacht a 14. Tá Concubhar ina chomhnuidhe
i n-aice Bhaile Mhic Íre i bParóiste Bhaile Mhúirne.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services