Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cath Mhaighe Mochruimhe. IV.
Title
Cath Mhaighe Mochruimhe. IV.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cath Mhaighe Mochruimhe - IV. Dála Eoghain Mhóir, níor bhinn leis ar chan Sadbh, agus fágbhas go n-aithmhéalach í, agus ní dhearnaidh agus níor fhan sé re soilbhreacht ná le soibhreacht na le so-chómh- rádh do dhéanamh léi, agus táinig roimhe mar a raibh Oiloill Oluim agus Art mac Cuinn, agus d'innis dóibh ar chan Sadhbh, agus mar chomh-mhaoidheamh gur ghaibh Mac Con neart agus cumas na h-Alban, agus go ngeabhadh an nidh céadna ortha-san, agus ar Éirinn mar an gcéadna. "Nárb misde do Mhuimhneachaibh an nidh sin," ar Oilioll Oluim, "óir ní bhfuil Sadhbh acht ar an seóladh sin ó cuireadh Mac Con a h-Éirinn." "Maise," do ráidh Eoghan, "is mithid imtheacht i ndáil an chatha feasda; is dóigh nár thionóladar fir Éireann go h-aon- láthair fós, agus gidh tá Art mac Cuinn 'san mbaile so, ní lughaide badh gabhádh dó bheith i ngach baile eile i nÉirinn re tionól sluagh." Annsin d'éirigheadar sluaighte meara Muimhneacha, armaighthe, éidighthe, ar fhaithche dúna righ Mumhan, agus céileabhraid d'Oil- ioll agus do mhaithibh a theaghlaigh. Annsin do ghluaiseadar na sluaighte sin, agus níor stadadar go rángadar go tigh Dhil mhic Dá Chreaga an draoi, agus do suidheadh teach n-óla leó an oidhche sin um Art mac Cuinn agus um chloinn Oiliolla Oluim, agus tugadh Táine, .i. inghean áluinn aontumha do bhí ag Dil mac Dá Creaga do'n teach an oidhche sin, agus tug Eoghan Mór searc agus síor-ionmhaine di ar n-a faicsin dó, agus athchuingheas ar a h-athair í, agus tairgeas coibhche tar a ceann .i. dródh nuachair, agus do radadh dó ar an gcoibhche sin í; agus is í sin oidhche ro geineadh
Fiachra Maoilleathan Mac Eoghain Mhóir, Sinnsear Cloinne Cártha: Muintear Súil- leabháin, Síol gCeallacháin, Síol gCaoimh, Clann mhic Amhlaoidh, Muintear Dhonnchadha, Mic Mathamhna, Uí Dhonobháin, Uí Mhuir- cheartaigh, Uí Choilléin, Uí Chonaill, agus mórán eile tháínig ar shliocht an mhic sin. Acht cheana, do ghluaiseadar rómpa go ceann Maighe Mochruimhe, áit a dtángadar fir Éireann i gcómhdháil Airt mhic Cuinn, agus ar maidion ar n-a bhárach, do ghluais Art roimhe mar aon le sochraide mhór dá fhíor-uaislibh i ndáil Fhinn agus na bhFiann go n-Almhain lán-aoibhinn Laighean. Táinig Art ar fhaithche na hAlmhaine, agus tárla reachtaire an Righ-Fhéinneadh dhó, .i. Bran beag Ó Buadhcháin. Fiafraigheas an rígh de cá h-áit a raibh Fionn ná na Fianna. "Ní fheadar," ar Bran beag, "acht so amháin: is duit-se a d'fhág sé an baile, agus adubhairt nach rachadh leat go Cath Mhaighe Mochruimhe i n-aghaidh Mhic con, óir táinig sé annso d'á agallamh, agus tug a bhriathar dó ar tusa do thréigean, agus fós, do gheallamhain air ag Mac con gan dul i n-a aghaidh choidhche re h-aon eile. Ba h-olc le h-Art ar innis Bran beag dó, gidheadh do thuig gur bhfíor do Bhran bheag gach a ndubhairt sé. Filleas an righ go Maigh Mochruimhe agus do innis d'Eoghain mar do thréig Fionn agus Fianna Éireann é re h-ucht an chatha, agus adubhairt an laoi: - "Luighsiom lá d'agallamh Fhinn, Go Dún Almhaine ós a choill; Ód' chualaidh mo dháil d'á thigh, Damh-sa do fhágaibh Almhain. "Tug dhamh fala, a Athar, Do torcradh le Con i gcathaibh; Leis badh feairrde 'san bhfala, Mo thuigim le Danaraibh. "Dá mheasainn-se gan an Fhiann, Do theacht le ceart dár ríar, Is é leat Éireann gan oil, Dobheirinn do roghain. "Is é so feidhm na Féinne, Ó gach righ d'éis a chéile; Gabháíl giall is gabháíl geall, Is tábhach closa Éireann. "Cosg gada is coimeád cána, Díochuir Danar go dána, Dul tar ar gceann i ngach cath, Is tógbháil teallaigh Teamhrach. "Do radas-sa d'Fhiannaibh Finn, Bó is brat gach baile d'Éireann, Is buana gacha tighe, Ó Samhain go Bealtaine. "Do radas-sa fós d'Fhionn gan oil, Trí chaogad each n-adhastar, Is trí chaogad bó d'n bhuar mhoch, Do'n bhoroimhe ar n-a thabhach. "Do radas-sa fós do'n churadh cas, Caogadh claidheamh leathan-ghlas, Caogad sgiath is caogadh sleagh, Maidin ar aonach Thaillteann. "Do thréígsion mé ar a shon sin, Do shíl Lughaidh lán-chalma; Go dtréige é an Rígh NEamhdha, Mar do thréig a thighearna. "Truagh gan aon mhac agam féin, Do dhigheóladh ar an bhFéinn, Gan teacht liom i gceann chata, I n-aghaidh an árd-fhlatha. "Mallacht uaim-se ar an bhFéinn, Mallacht an righ do dhealbh gréin; Ná raibh mac ar an sliocht sin I n-Éirinn ná i n-Albain.
"Ná ro-m-threige Righ Neimhe, Mac maith Myuire Maighdine Mar do thréig Fionn sinn tré fheall Is na láithibh-se Luighsiom." Ciodh trácht, do chaith siad a gcáirde catha gur an tráth sin, agus tionól a sluagh agus a sochraide, agus do chuir an righ Ciothruadh mac Firchaogaid d'iarraidh ath- cháirde catha ar Mac Con. Adubhradar na h-Almhúraigh nach dtiubhradaois. "Dobhéarfainn go deimhin," ar Beine Briot, "cáirde trí lá go n-oidhche dhóibh." Annsin d'éirigh an t-árd-righ árachtach Art mac Cuinn go moch ar n-a bhárach, agus téidheann do sheilg fá dhumha iarthar an Mhuiadhe, agu tárlaidh ar chaoi mearaighthe agus mór-sheachráin 'san gcoill gcluthair gcomh-dhaingin é, agus ad chonnairc míol mong-ruadh moighe seacha, agu do leig a choin dó agus do mharbh é. Ní cian do chuaidh iar sin go gcualaidh an nidh fá h-iongna leis, .i. torann trom-árachta, fuaim agus fothrom fíor-mhór, agus ad chínn ceardcha fhairsing árd oireadha go n-a seacht bpríomh-dhóirsibh. Acht cheana, níor chonar chómhráidh an t-árd-árus sin le foghar- ghréasacht na mbolg agus na n-órd fór na h-inneónaibh, le fíor-thiomáin na lann for na ligh-bhróintibh, le fiucha na bhfogha bhfaobhrach, agus le cas-chuimilt na gcéad chloidheamh ris na h-iarnaighibh; agus tug an righ a dheas-lámh ria, agus ní cian do chuaidh go bhfeaca bruighean tailc taobh-sholus, agus do chuaidh d'á h-ionnsaighe, agus ní bhfuair do dhaoinibh daonndha innte acht aon inghean mhín mhaordha mhacánta mhall-ghlórach mhas- galach mhong-bhuidhe, agus í cuanna cruith- ghlan caomh-áluinn bog úr bárr-nuadh beól- chorcra gruadh-aerach grásamhail, agus craobh-fholt craobhach caoimh-fhleasgach cuach- bhuidhe uirthe, éadan áluinn imleathan aice, caol-mhalaidhe cumtha ciar-dhonna aice, gorm-dhearca glasa glinneamhla aice, srón bheag chúmtha chaol-phollach aice, bog-bhéal tanaidhe binn-bhríathrach buadh-fhoclach aice, dlúith-dhéad dath-gheal deagh-chumtha aice, agus ucht liath-ghlan liltheach aice, cruaidh- chíocha cruinne cúmtha cailce aice, geal- ghlaca seanga slime sneachta aice, slait- mhéaracha beag aboga bána fada mion- altacha aice, séimh-chorp seang sneachtaighe aice, agus troighthe tana taobh-shnaoite, agus corthair chaomh chiumhais-ghlan agá fígheadh aici. Suidheas an righ i n-a fochair agus fiaf- raigheas sgéala di. "Innis sgéala ar dtús," ar an inghean, "ós tú táinig do'n teach." "Óglaoch do righ Éireann mise," ar an t-árd-righ, "agus ó Theamhair táinig anois." Is annsin d'éirigh an ingean, agus tug biadh a dhiongmhála chuige, .i. taobh tuirc ar fhinn-mhéis airgid, agus gabhas ag gearradh a phroinne dhó, gur chaith a leor-dhóithin, agus tug an inghean iubhrach a h-athar léi go n-a stialladh airgid uirthe go n-ol cómhaoise cúigir innte, agus ro ibh an righ do thrí deochaibh a raibh innte, agu sgabhas iar sin ag guidhe na h-inghine fá threas-lán- amhnais d'fhághail uaithe. "Ní lámhthar reacht righ Éireann do mhilleadh ná do mhór-éiliomughadh," ar an inghean, "óir atá sé tríochad bliadhan i n-a righ, agus ní chuala an oiread sin d'á smacht d'á mhilleadh, agus fós gibé do thairgfeadh mo shárúghadh, ní fada uaim lucht mo chabh- artha, .i. m'athair go n-a thríochad dalta"; acht is cuma … … 'san tráthnóa dubhairt an righ gur mithid dó bheith ag imtheacht feasta.
"Imthigh" ar sí, "do réir do thoile, gidheadh d'fhagbhais mise fá aithis agus fá oill go bráth, óir ata a shios agat nár chomaisg aon-fhear liom-sa romhat riamh." "Ag siúd," ar sé, "dórnasg oir atá fá dhoirn-chladh mo chlaidhimh dhuit, agus is fiú naoi n-uinge do gach ór eile gach uinge de, agus tigeadh t'athair agus tú féin i mbárach tráth éirghe do ló go Teamhair agus gion go mbeidh acht ceathrar i bhfochair an righ, budh mise an ceathramhadh fear díobh, agus dá n-aithne tusa mé do ghéábhair éiric t'easanóra uaim"; agus iar sin céileabhras di. Dála an ghabhann, táinig i dtráthnóna, d'á theach mar aon ria n-a dhaltadhaibh, agus do shir deoch; cromas an inghean a ceann; feacas an gabha go fríochnamhach uirthe, agus is eadh adubhairt: "Créad uma gcromair do cheann, a ingean?" ar sé. "Ní fheadar," ar sí, "acht aon-óglaoch mór mileata do mhuintir righ Éireann táinig annso indiu, agus do shir deoch orm- sa, agus ní raibh deoch eile agam acht an iubhrach dhearg iubhair úd agat-sa, agus tugas dó í, agus d'ibh a raibh innte." "Tugais dó nidh ba measa liom," ar an gabha "óir tugas tú féin dó óir is mear- rosg maighdine do bhí agat ar maidin agus mall-rosg mná atá agat anois." Gabhas náíre, an inghean uime sin, agus téid do'n chúil, agus is amhlaidh fuair iubhrach agus doirn do chuipe chubhair ós a cionn. Fáiltigheas an inghean ris an nidh do chonnairc, agus tug d'á h-athair í; glacas an gabha an iubhrach agus ibheas deoch aiste. "Atá blas beóil flatha ar an iubhraigh," ar sé, "agus cá fios dúinn-ne nach é an righ féin do rin a ndearnadh ann." "Is maith linn-ne a dhul mar siúd," ar na baltadha, "óir níor thoil leat a bheith ag aon fhear againn-ne go trasda. Is annsin ro innis an inghean ar chan an t-óglaoch sia. "Maise," ar an gabha, "racham ann anocht, óir is éasga nóin ná maidin." Is annsin ro ghluaiseadar rómpa go Teamhair, mar a raibh an righ, agus ro léigheadhd'á láthair iad, óir do shaoilsead cách gurab le h-aisge éigin airm re h-ucht an chatha táinig an gabha chum an righ. "Sgéala leat, a ghaibhnionn," ar an righ. "Sgéala móra olca uathbhásacha agam," ar sé, ".i. inghean áluinn aontumha do bhí agam i dtús an laoi indiu, agus tochmarc foréigin do thabhairt uirthe d'óglaoch mhaith éigin dod' mhuintir-se ar n-a fághail i n-a h-aonar dó." "Tabhair féin aithne, a inghean," ar an righ, "ar an tí ro-d-sháraigh thú. "Dobheirim," ar sí, "óir is tusa ro- m-sháraigh." "Is mé, go deimhin," ar Art, "agus ag súd céad dá gach crodh uaim dhuit, agus fágthar agam thú anocht." Do rinneadh amhlaidh, agus i ndeireadh na h-oidhche ro bhíodhgas an inghean tar colbha na leaptha amach; musglas an righ, agus fíafraigheas di créad do chonnairc. "Ní fheaca a bheag," ar sí. "Ná ceil orm-sa é," ar an righ. "Nár bheana a olc ná a úrdhubha duit-se," ar sí, "óir is eadh ad chonnairc-sa, mo cheann do bhuain díom féin, agus bile buadha bárr- leathan d'fhás trem' mheidhe, agus a bhárr do leathnughadh ós Éireann uile, agus bile eile ba tanaisde dó sin d'fhás i n-a ionad, agus ba aoirde bhí ós Éirinn ná an cead-bhile, agus táinig sidhe gaoithe aníar agus do threasgair soir é, agus an muir mhór do threasgair an céad-bhile."
"Ag so breath na h-aislinge sin," ar Art, ".i. mo cheann beanfar díom-sa i mbárach i gcath Mhaighe Mochruimhe, óis ceann gach mná a fear, agus is eadh an céad-bhile do chonnairc tú, .i. gein bhuadha mhic bhéarfas tusa dhamh-sa tar éis mo bháis, agus budh lán-bheóil bhfear dtalmhan, agus budh Cormac a ainm, agus cnámh bradáin thachtfas é, agus is í sin an mhuir mhór do chonnairc tú dh'á bháthadh; agus béarthar mac eile do'n Cormac sin, Cairbre a ainm, ags is é sin an bile do chonnairc tú ba tanaiste do'n chéad bhile agus is é an mac sin mó dheigh-mhic-se dígheólas ar an bhFéinn mar do thréigeadar mé ré h-ucht an chata so, agus dobhéaraidh sé féin agus an Fhiann cath dá chéile, agus gidh thuiteas eisean ann, ní bhiadh athmhaoine na Féinne ann choidhche." Ód' chúalaidh an inghean na bríathra sin, caoidheas frasa diana déar, agus níor chodail ceachtar dhíobh a beag go maidion. Is annsin do ráidh an righ le Lughna Frithrigh: "Imthig," ar se, "agus beir an inghean so leat, óir atá sí torthach uaim-se, agus leasaigh go maith an mac bhéarfas;" ro aontaigh Lughna sin gé'r leasg leis é. Ar maidion ar n-a bhárach, ro éirigh Mac Con go n-a Almhúrachaibh ar urlár Maighe Mochruimhe, agus gabhaid a dtrealbha catha umpa. Mac con, iomorro, fear forsda eisean, rosg datha deagh-sholus agus claoine caomh-sholus nár mhór air i n-a chionn, úrlabhra guth-bhinn glór chaoin aige, ruith- neadh ríoghdha i n-a ghnúis, agus uirghioll flatha i n-a bheóil. Is annsin d'éirigh Art oll-chosantach aoinfhir, agus fa connail cáirdeamhail an tí tháínig ann. Ba h-adhbhal a fhearg agus ba ráthmhar a réim, fa laoch áluinn imleathan é, folt fionn-chas fionn-bhuidhe air, rosg glas i n-a chionn, léíne do shíoda shoichineoil fá gusdal a fheil-chneis, crios d'airgead aoin-gheal i n-a ur-thimcheall, sleadh dhruim- neach dhíreach i n-a láimh mhileata mhéir- leabhair, claidheamh teann tort-bhuilleach fór a shliasaid chlí. Is annsin ro éirigheadar sloigh ághmhar uir-mhisneacha Éireannacha um Art mac Cuinn agus um Eoghan Mhór mac Oiliolla Oluim do chosnamh a nduthchais re Danaraibh. Ciodh trácht, tug Art an cath ar ionchaibh Eoghain. Dála Lughna Frithrigh, an tan ad chonnairc an cath agá chóimheagar i gceann a chéile agus é féin agus Éactach, inghean Uilcheath- aigh, .i. inghean an ghabha do toirrceadh le h-Art ar an maigh ós a gcionn, do rinneadh rothnuall cosgair ó bhonn go bathas de, agus téid d'aimhdheóin na h-inghine d'ionn- saighe an chatha, agus marbhas fear gacha h-áird de, agus beireas a gcinn leis d'ionsaighe Eoghain Mhóir, agus téid ar a choimirce d'eagla Airt. Tánaig Art d'á n-ionnsaighe agus is é ro ráidh: "Maith a anam, a Eoghain, acht gá maith leat feidhm láimhe Lúghna leat indiu, ní bhiaidh fear íoca ná díoghailte greise do ghlan- chine Chuine chéad-chathaigh dá éis dá n-ana sé indiu i d'fhocair annso." Ro h-imdheargadh um Eoghan de sin, agus d'fhiafraigh buanadhas na mbríathar sin dArt, agus d'innis Art dó ó thús go deireadh iad. Adubhairt Eoghan leis dul d'ionnsaighe na h-inghine arís, agus ro dhiúltaigh Lughna sin, gur iadhadar araon a lámha i n-a thimceall agus tugsad beann- achtain dó do chionn imtheachta, agus tug Art fáinne do bhí fá´n a mhéar mheadhóin dó, agus adubhairt nach béaradh draoidheacht ná diabhaltacht buadh air, an feadh do bhiadh an fáinne aige. Is ansin ro ghluais Lúghna gus an inghin agus adubhairt Eoghan le hArt dul d'órd-
úghadh an chatha, agus go ngéabhaidh se féin a chuing air ós a chionn. Ba mhaith, iomorro, an fear bhí annsin .i. Eoghan Mór mac Oiliolla Oluim, .i. fear mór mear-chalma mileata, agus rosg éad- trom adhaltranach i n-a chiionn, agus leine do shíoda chíor-dhubh re glan a gheil-chneis, cotún crodh-dhearg cómharthach ar uachtar na h-eing-léine sin, agus luireach dhrolach dhualach dheagh-mhailleach dheagh-fhighte ar uachtar an chotuin sin i gcomhartha a oir- dhearcais agus a árd-chómhacht, agus d'á fhoillsiughadh seach macaibh righ agus ró- fhlaithibh Éireann, folt dualach donn-bhuidhe go ndrolaibh deagh-fhighte re fán a dhá gheal- ghualann, agus cinnbhirt dó-hín deagh- radharc umá cheann ar a raibh dhá charmhogall dath-niamhdha lonnracha lán-mhaiseacha i leith a chuil agus a aighthe. Ba h-ionghna, iomorro, le h-Almhurachaibh an seoladh do rad Eoghan Mór ar an gcath n-urrúnta n-Éireannach sin, óir ro fhágaibh sé a imleanna dá éis, agus rug a eidir- mheadhón leis i n-a láir. Mar do chonnairc Beine Briot an nidh sin, ro agall sé maithe na n-allmhúrach, agus is eadh ro ráith riú: "Ní cóir dhúinn Mac Con do leigean i gcionn an chatha so indiu, agus gur fear tabhartha catha do righ Éireann gach aon righ d'ár righthibh féin maille; agus curthar Mac Con ar thulaigh oireachais linn ós cionn an chatha, agus anas Lughaidh Lágha re díochuir danar, agus deagh-bhuidhean i n-a úrthimcheall." (ní críoch) A Rí do leig don tsleigh na doirse dhéanamh, 'S do bhí idir beirt le creit na croiche céasta, Ní díol duit leis ár mbeith i gcroidhthibh saoghalta, Acht gur díol a bheag 's a bheith óm olcas d'fhéitheamh." —
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services