Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cath Mhaighe Mochruimhe. IV.

Title
Cath Mhaighe Mochruimhe. IV.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Cath Mhaighe Mochruimhe - IV.



Dála Eoghain Mhóir, níor bhinn leis ar
chan Sadbh, agus fágbhas go n-aithmhéalach í,
agus ní dhearnaidh agus níor fhan sé re
soilbhreacht ná le soibhreacht na le so-chómh-
rádh do dhéanamh léi, agus táinig roimhe
mar a raibh Oiloill Oluim agus Art mac
Cuinn, agus d'innis dóibh ar chan Sadhbh, agus
mar chomh-mhaoidheamh gur ghaibh Mac Con
neart agus cumas na h-Alban, agus go
ngeabhadh an nidh céadna ortha-san, agus ar
Éirinn mar an gcéadna.



"Nárb misde do Mhuimhneachaibh an nidh
sin," ar Oilioll Oluim, "óir ní bhfuil Sadhbh
acht ar an seóladh sin ó cuireadh Mac Con
a h-Éirinn."



"Maise," do ráidh Eoghan, "is mithid
imtheacht i ndáil an chatha feasda; is dóigh
nár thionóladar fir Éireann go h-aon-
láthair fós, agus gidh tá Art mac Cuinn
'san mbaile so, ní lughaide badh gabhádh dó
bheith i ngach baile eile i nÉirinn re tionól
sluagh."



Annsin d'éirigheadar sluaighte meara
Muimhneacha, armaighthe, éidighthe, ar fhaithche
dúna righ Mumhan, agus céileabhraid d'Oil-
ioll agus do mhaithibh a theaghlaigh. Annsin
do ghluaiseadar na sluaighte sin, agus níor
stadadar go rángadar go tigh Dhil mhic
Dá Chreaga an draoi, agus do suidheadh
teach n-óla leó an oidhche sin um Art mac
Cuinn agus um chloinn Oiliolla Oluim, agus
tugadh Táine, .i. inghean áluinn aontumha
do bhí ag Dil mac Dá Creaga do'n teach
an oidhche sin, agus tug Eoghan Mór searc
agus síor-ionmhaine di ar n-a faicsin dó,
agus athchuingheas ar a h-athair í, agus
tairgeas coibhche tar a ceann .i. dródh
nuachair, agus do radadh dó ar an gcoibhche
sin í; agus is í sin oidhche ro geineadh


L. 435


Fiachra Maoilleathan Mac Eoghain Mhóir,
Sinnsear Cloinne Cártha: Muintear Súil-
leabháin, Síol gCeallacháin, Síol gCaoimh,
Clann mhic Amhlaoidh, Muintear Dhonnchadha,
Mic Mathamhna, Uí Dhonobháin, Uí Mhuir-
cheartaigh, Uí Choilléin, Uí Chonaill, agus
mórán eile tháínig ar shliocht an mhic sin.



Acht cheana, do ghluaiseadar rómpa go
ceann Maighe Mochruimhe, áit a dtángadar
fir Éireann i gcómhdháil Airt mhic Cuinn,
agus ar maidion ar n-a bhárach, do ghluais



Art roimhe mar aon le sochraide mhór dá
fhíor-uaislibh i ndáil Fhinn agus na bhFiann
go n-Almhain lán-aoibhinn Laighean. Táinig
Art ar fhaithche na hAlmhaine, agus tárla
reachtaire an Righ-Fhéinneadh dhó, .i. Bran
beag Ó Buadhcháin. Fiafraigheas an rígh de
cá h-áit a raibh Fionn ná na Fianna.



"Ní fheadar," ar Bran beag, "acht so
amháin: is duit-se a d'fhág sé an baile,
agus adubhairt nach rachadh leat go Cath
Mhaighe Mochruimhe i n-aghaidh Mhic con, óir
táinig sé annso d'á agallamh, agus tug a
bhriathar dó ar tusa do thréigean, agus fós,
do gheallamhain air ag Mac con gan dul i
n-a aghaidh choidhche re h-aon eile.



Ba h-olc le h-Art ar innis Bran beag
dó, gidheadh do thuig gur bhfíor do Bhran
bheag gach a ndubhairt sé. Filleas an righ
go Maigh Mochruimhe agus do innis d'Eoghain
mar do thréig Fionn agus Fianna Éireann
é re h-ucht an chatha, agus adubhairt an
laoi: -



"Luighsiom lá d'agallamh Fhinn,
Go Dún Almhaine ós a choill;
Ód' chualaidh mo dháil d'á thigh,
Damh-sa do fhágaibh Almhain.



"Tug dhamh fala, a Athar,
Do torcradh le Con i gcathaibh;
Leis badh feairrde 'san bhfala,
Mo thuigim le Danaraibh.



"Dá mheasainn-se gan an Fhiann,
Do theacht le ceart dár ríar,
Is é leat Éireann gan oil,
Dobheirinn do roghain.



"Is é so feidhm na Féinne,
Ó gach righ d'éis a chéile;
Gabháíl giall is gabháíl geall,
Is tábhach closa Éireann.



"Cosg gada is coimeád cána,
Díochuir Danar go dána,
Dul tar ar gceann i ngach cath,
Is tógbháil teallaigh Teamhrach.



"Do radas-sa d'Fhiannaibh Finn,
Bó is brat gach baile d'Éireann,
Is buana gacha tighe,
Ó Samhain go Bealtaine.



"Do radas-sa fós d'Fhionn gan oil,
Trí chaogad each n-adhastar,
Is trí chaogad bó d'n bhuar mhoch,
Do'n bhoroimhe ar n-a thabhach.



"Do radas-sa fós do'n churadh cas,
Caogadh claidheamh leathan-ghlas,
Caogad sgiath is caogadh sleagh,
Maidin ar aonach Thaillteann.



"Do thréígsion mé ar a shon sin,
Do shíl Lughaidh lán-chalma;
Go dtréige é an Rígh NEamhdha,
Mar do thréig a thighearna.



"Truagh gan aon mhac agam féin,
Do dhigheóladh ar an bhFéinn,
Gan teacht liom i gceann chata,
I n-aghaidh an árd-fhlatha.



"Mallacht uaim-se ar an bhFéinn,
Mallacht an righ do dhealbh gréin;
Ná raibh mac ar an sliocht sin
I n-Éirinn ná i n-Albain.


L. 436


"Ná ro-m-threige Righ Neimhe,
Mac maith Myuire Maighdine
Mar do thréig Fionn sinn tré fheall
Is na láithibh-se Luighsiom."



Ciodh trácht, do chaith siad a gcáirde
catha gur an tráth sin, agus tionól a sluagh
agus a sochraide, agus do chuir an righ
Ciothruadh mac Firchaogaid d'iarraidh ath-
cháirde catha ar Mac Con. Adubhradar na
h-Almhúraigh nach dtiubhradaois.



"Dobhéarfainn go deimhin," ar Beine
Briot, "cáirde trí lá go n-oidhche dhóibh."



Annsin d'éirigh an t-árd-righ árachtach
Art mac Cuinn go moch ar n-a bhárach, agus
téidheann do sheilg fá dhumha iarthar an
Mhuiadhe, agu tárlaidh ar chaoi mearaighthe
agus mór-sheachráin 'san gcoill gcluthair
gcomh-dhaingin é, agus ad chonnairc míol
mong-ruadh moighe seacha, agu do leig a
choin dó agus do mharbh é. Ní cian do
chuaidh iar sin go gcualaidh an nidh fá
h-iongna leis, .i. torann trom-árachta,
fuaim agus fothrom fíor-mhór, agus ad
chínn ceardcha fhairsing árd oireadha go n-a
seacht bpríomh-dhóirsibh. Acht cheana, níor
chonar chómhráidh an t-árd-árus sin le foghar-
ghréasacht na mbolg agus na n-órd fór na
h-inneónaibh, le fíor-thiomáin na lann for na
ligh-bhróintibh, le fiucha na bhfogha bhfaobhrach,
agus le cas-chuimilt na gcéad chloidheamh
ris na h-iarnaighibh; agus tug an righ a
dheas-lámh ria, agus ní cian do chuaidh go
bhfeaca bruighean tailc taobh-sholus, agus
do chuaidh d'á h-ionnsaighe, agus ní bhfuair
do dhaoinibh daonndha innte acht aon inghean
mhín mhaordha mhacánta mhall-ghlórach mhas-
galach mhong-bhuidhe, agus í cuanna cruith-
ghlan caomh-áluinn bog úr bárr-nuadh beól-
chorcra gruadh-aerach grásamhail, agus
craobh-fholt craobhach caoimh-fhleasgach cuach-
bhuidhe uirthe, éadan áluinn imleathan aice,
caol-mhalaidhe cumtha ciar-dhonna aice,
gorm-dhearca glasa glinneamhla aice, srón
bheag chúmtha chaol-phollach aice, bog-bhéal
tanaidhe binn-bhríathrach buadh-fhoclach aice,
dlúith-dhéad dath-gheal deagh-chumtha aice,
agus ucht liath-ghlan liltheach aice, cruaidh-
chíocha cruinne cúmtha cailce aice, geal-
ghlaca seanga slime sneachta aice, slait-
mhéaracha beag aboga bána fada mion-
altacha aice, séimh-chorp seang sneachtaighe
aice, agus troighthe tana taobh-shnaoite,
agus corthair chaomh chiumhais-ghlan agá
fígheadh aici.



Suidheas an righ i n-a fochair agus fiaf-
raigheas sgéala di.



"Innis sgéala ar dtús," ar an inghean,
"ós tú táinig do'n teach."



"Óglaoch do righ Éireann mise," ar an
t-árd-righ, "agus ó Theamhair táinig anois."



Is annsin d'éirigh an ingean, agus tug
biadh a dhiongmhála chuige, .i. taobh tuirc ar
fhinn-mhéis airgid, agus gabhas ag gearradh
a phroinne dhó, gur chaith a leor-dhóithin, agus
tug an inghean iubhrach a h-athar léi go n-a
stialladh airgid uirthe go n-ol cómhaoise
cúigir innte, agus ro ibh an righ do
thrí deochaibh a raibh innte, agu sgabhas iar
sin ag guidhe na h-inghine fá threas-lán-
amhnais d'fhághail uaithe.



"Ní lámhthar reacht righ Éireann do
mhilleadh ná do mhór-éiliomughadh," ar an
inghean, "óir atá sé tríochad bliadhan i n-a
righ, agus ní chuala an oiread sin d'á smacht
d'á mhilleadh, agus fós gibé do thairgfeadh
mo shárúghadh, ní fada uaim lucht mo chabh-
artha, .i. m'athair go n-a thríochad dalta";
acht is cuma …

'san tráthnóa dubhairt an righ
gur mithid dó bheith ag imtheacht feasta.


L. 437


"Imthigh" ar sí, "do réir do thoile,
gidheadh d'fhagbhais mise fá aithis agus fá
oill go bráth, óir ata a shios agat nár
chomaisg aon-fhear liom-sa romhat riamh."



"Ag siúd," ar sé, "dórnasg oir
atá fá dhoirn-chladh mo chlaidhimh dhuit,
agus is fiú naoi n-uinge do gach ór eile
gach uinge de, agus tigeadh t'athair agus
tú féin i mbárach tráth éirghe do ló go
Teamhair agus gion go mbeidh acht ceathrar
i bhfochair an righ, budh mise an ceathramhadh
fear díobh, agus dá n-aithne tusa mé do
ghéábhair éiric t'easanóra uaim"; agus
iar sin céileabhras di.



Dála an ghabhann, táinig i dtráthnóna, d'á
theach mar aon ria n-a dhaltadhaibh, agus do
shir deoch; cromas an inghean a ceann;
feacas an gabha go fríochnamhach uirthe,
agus is eadh adubhairt:



"Créad uma gcromair do cheann, a
ingean?" ar sé.



"Ní fheadar," ar sí, "acht aon-óglaoch
mór mileata do mhuintir righ Éireann
táinig annso indiu, agus do shir deoch orm-
sa, agus ní raibh deoch eile agam acht an
iubhrach dhearg iubhair úd agat-sa, agus
tugas dó í, agus d'ibh a raibh innte."



"Tugais dó nidh ba measa liom," ar an
gabha "óir tugas tú féin dó óir is mear-
rosg maighdine do bhí agat ar maidin agus
mall-rosg mná atá agat anois."



Gabhas náíre, an inghean uime sin, agus
téid do'n chúil, agus is amhlaidh fuair
iubhrach agus doirn do chuipe chubhair ós a
cionn. Fáiltigheas an inghean ris an nidh
do chonnairc, agus tug d'á h-athair í;
glacas an gabha an iubhrach agus ibheas deoch
aiste.



"Atá blas beóil flatha ar an iubhraigh,"
ar sé, "agus cá fios dúinn-ne nach é an
righ féin do rin a ndearnadh ann."



"Is maith linn-ne a dhul mar siúd," ar na
baltadha, "óir níor thoil leat a bheith ag
aon fhear againn-ne go trasda.



Is annsin ro innis an inghean ar chan an
t-óglaoch sia.



"Maise," ar an gabha, "racham ann
anocht, óir is éasga nóin ná maidin."



Is annsin ro ghluaiseadar rómpa go
Teamhair, mar a raibh an righ, agus ro
léigheadhd'á láthair iad, óir do shaoilsead
cách gurab le h-aisge éigin airm re h-ucht
an chatha táinig an gabha chum an righ.



"Sgéala leat, a ghaibhnionn," ar an righ.



"Sgéala móra olca uathbhásacha agam,"
ar sé, ".i. inghean áluinn aontumha do bhí
agam i dtús an laoi indiu, agus tochmarc
foréigin do thabhairt uirthe d'óglaoch mhaith
éigin dod' mhuintir-se ar n-a fághail i n-a
h-aonar dó."



"Tabhair féin aithne, a inghean," ar an
righ, "ar an tí ro-d-sháraigh thú.



"Dobheirim," ar sí, "óir is tusa ro-
m-sháraigh."



"Is mé, go deimhin," ar Art, "agus ag
súd céad dá gach crodh uaim dhuit, agus
fágthar agam thú anocht."



Do rinneadh amhlaidh, agus i ndeireadh na
h-oidhche ro bhíodhgas an inghean tar colbha
na leaptha amach; musglas an righ, agus
fíafraigheas di créad do chonnairc.



"Ní fheaca a bheag," ar sí.



"Ná ceil orm-sa é," ar an righ.



"Nár bheana a olc ná a úrdhubha duit-se,"
ar sí, "óir is eadh ad chonnairc-sa, mo cheann
do bhuain díom féin, agus bile buadha bárr-
leathan d'fhás trem' mheidhe, agus a bhárr do
leathnughadh ós Éireann uile, agus bile eile
ba tanaisde dó sin d'fhás i n-a ionad, agus
ba aoirde bhí ós Éirinn ná an cead-bhile,
agus táinig sidhe gaoithe aníar agus do
threasgair soir é, agus an muir mhór do
threasgair an céad-bhile."


L. 438


"Ag so breath na h-aislinge sin," ar
Art, ".i. mo cheann beanfar díom-sa i
mbárach i gcath Mhaighe Mochruimhe, óis
ceann gach mná a fear, agus is eadh an
céad-bhile do chonnairc tú, .i. gein bhuadha
mhic bhéarfas tusa dhamh-sa tar éis mo bháis,
agus budh lán-bheóil bhfear dtalmhan, agus
budh Cormac a ainm, agus cnámh bradáin
thachtfas é, agus is í sin an mhuir mhór do
chonnairc tú dh'á bháthadh; agus béarthar mac
eile do'n Cormac sin, Cairbre a ainm,
ags is é sin an bile do chonnairc tú ba
tanaiste do'n chéad bhile agus is é an mac
sin mó dheigh-mhic-se dígheólas ar an bhFéinn
mar do thréigeadar mé ré h-ucht an chata
so, agus dobhéaraidh sé féin agus an Fhiann
cath dá chéile, agus gidh thuiteas eisean ann,
ní bhiadh athmhaoine na Féinne ann choidhche."



Ód' chúalaidh an inghean na bríathra sin,
caoidheas frasa diana déar, agus níor
chodail ceachtar dhíobh a beag go maidion.



Is annsin do ráidh an righ le Lughna Frithrigh:



"Imthig," ar se, "agus beir an inghean
so leat, óir atá sí torthach uaim-se, agus
leasaigh go maith an mac bhéarfas;" ro
aontaigh Lughna sin gé'r leasg leis é.



Ar maidion ar n-a bhárach, ro éirigh Mac
Con go n-a Almhúrachaibh ar urlár Maighe
Mochruimhe, agus gabhaid a dtrealbha catha
umpa. Mac con, iomorro, fear forsda
eisean, rosg datha deagh-sholus agus claoine
caomh-sholus nár mhór air i n-a chionn,
úrlabhra guth-bhinn glór chaoin aige, ruith-
neadh ríoghdha i n-a ghnúis, agus uirghioll
flatha i n-a bheóil.



Is annsin d'éirigh Art oll-chosantach
aoinfhir, agus fa connail cáirdeamhail an
tí tháínig ann. Ba h-adhbhal a fhearg agus
ba ráthmhar a réim, fa laoch áluinn imleathan
é, folt fionn-chas fionn-bhuidhe air, rosg
glas i n-a chionn, léíne do shíoda shoichineoil
fá gusdal a fheil-chneis, crios d'airgead
aoin-gheal i n-a ur-thimcheall, sleadh dhruim-
neach dhíreach i n-a láimh mhileata mhéir-
leabhair, claidheamh teann tort-bhuilleach
fór a shliasaid chlí. Is annsin ro éirigheadar
sloigh ághmhar uir-mhisneacha Éireannacha um
Art mac Cuinn agus um Eoghan Mhór mac
Oiliolla Oluim do chosnamh a nduthchais re
Danaraibh. Ciodh trácht, tug Art an cath ar
ionchaibh Eoghain.



Dála Lughna Frithrigh, an tan ad chonnairc
an cath agá chóimheagar i gceann a chéile
agus é féin agus Éactach, inghean Uilcheath-
aigh, .i. inghean an ghabha do toirrceadh le
h-Art ar an maigh ós a gcionn, do rinneadh
rothnuall cosgair ó bhonn go bathas de,
agus téid d'aimhdheóin na h-inghine d'ionn-
saighe an chatha, agus marbhas fear gacha
h-áird de, agus beireas a gcinn leis
d'ionsaighe Eoghain Mhóir, agus téid ar a
choimirce d'eagla Airt. Tánaig Art d'á
n-ionnsaighe agus is é ro ráidh:



"Maith a anam, a Eoghain, acht gá maith
leat feidhm láimhe Lúghna leat indiu, ní
bhiaidh fear íoca ná díoghailte greise do ghlan-
chine Chuine chéad-chathaigh dá éis dá n-ana
sé indiu i d'fhocair annso."



Ro h-imdheargadh um Eoghan de sin, agus
d'fhiafraigh buanadhas na mbríathar sin
dArt, agus d'innis Art dó ó thús go
deireadh iad. Adubhairt Eoghan leis dul
d'ionnsaighe na h-inghine arís, agus ro
dhiúltaigh Lughna sin, gur iadhadar araon a
lámha i n-a thimceall agus tugsad beann-
achtain dó do chionn imtheachta, agus tug
Art fáinne do bhí fá´n a mhéar mheadhóin dó,
agus adubhairt nach béaradh draoidheacht ná
diabhaltacht buadh air, an feadh do bhiadh an
fáinne aige.



Is ansin ro ghluais Lúghna gus an inghin
agus adubhairt Eoghan le hArt dul d'órd-


L. 439


úghadh an chatha, agus go ngéabhaidh se féin
a chuing air ós a chionn.



Ba mhaith, iomorro, an fear bhí annsin .i.
Eoghan Mór mac Oiliolla Oluim, .i. fear
mór mear-chalma mileata, agus rosg éad-
trom adhaltranach i n-a chiionn, agus leine
do shíoda chíor-dhubh re glan a gheil-chneis,
cotún crodh-dhearg cómharthach ar uachtar na
h-eing-léine sin, agus luireach dhrolach
dhualach dheagh-mhailleach dheagh-fhighte ar
uachtar an chotuin sin i gcomhartha a oir-
dhearcais agus a árd-chómhacht, agus d'á
fhoillsiughadh seach macaibh righ agus ró-
fhlaithibh Éireann, folt dualach donn-bhuidhe
go ndrolaibh deagh-fhighte re fán a dhá gheal-
ghualann, agus cinnbhirt dó-hín deagh-
radharc umá cheann ar a raibh dhá charmhogall
dath-niamhdha lonnracha lán-mhaiseacha i leith
a chuil agus a aighthe.



Ba h-ionghna, iomorro, le h-Almhurachaibh
an seoladh do rad Eoghan Mór ar an gcath
n-urrúnta n-Éireannach sin, óir ro fhágaibh
sé a imleanna dá éis, agus rug a eidir-
mheadhón leis i n-a láir. Mar do chonnairc
Beine Briot an nidh sin, ro agall sé maithe
na n-allmhúrach, agus is eadh ro ráith riú:



"Ní cóir dhúinn Mac Con do leigean i
gcionn an chatha so indiu, agus gur fear
tabhartha catha do righ Éireann gach aon righ
d'ár righthibh féin maille; agus curthar
Mac Con ar thulaigh oireachais linn ós
cionn an chatha, agus anas Lughaidh Lágha re
díochuir danar, agus deagh-bhuidhean i n-a
úrthimcheall."



(ní críoch)



A Rí do leig don tsleigh na doirse dhéanamh,
'S do bhí idir beirt le creit na croiche céasta,
Ní díol duit leis ár mbeith i gcroidhthibh saoghalta,
Acht gur díol a bheag 's a bheith óm olcas d'fhéitheamh."




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services