Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sinn Féin.
Title
Sinn Féin.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SINN FÉIN. Is í seo an uimhir dheiridh den tseachtmhadh imleabhar déag de IRISLEABHAR NA GAEDHILGE. Ní gábhadh dhúinn dul siar ar stair an IRISLEABHAIR, ó chéad-chuireadh ar bun é i mbliadhain a 1882. Is eól d'ur- mhór dár léightheóiríbh an stair sin. Is í stair na Gaedhilge féin í. Badh mhaith linn ár mbuidheachus a ghabháil le sna daoinibh a chabhruigh linn tré gach anró nar ghaibh an tIRISLEABHAR tríd. Mara mbeadh iad badh ró-dhona an cás aige é. Tá cáirde againn-na ná fuil a leithéidí ag aon pháipéar eile ar dhruim an domhain. Ní hiongnadh, dá bhrígh sin, go mbeadh móréis orainn dá mbárr. Bheirimíd buidheachus ó chroidhe dhóibh. Acht oireann dúinn an tIRISLEABHAR a dhéanamh abhfad Éireann níos fearr agus níos tairbhighe 'ná mar atá sé fé láthair. Chuige sin tá beartuighthe againn athar- rughadh crotha a chur air, agus timcheall an oiread eile thoirt a bheith ann, d'fhonn is go mbeadh ár ndóthain slighe againn, is go mbeadh sé ar ár gcumus earraí le haghaidh gach n-aon a chur i gcló ann. Tamall ó shoin do chuir an Coiste Gnótha ar bun comhaltus beag chun féachaint i ndiaidh an IRISLEABHAIR. Tá an comhal- tus so ag obair anois le mí nó dhó, agus is mór an congnamh dúinn-na iad. Tá a gcead-san againn, agus cead ón gCoiste Gnótha, chun gach atharrughadh dá bhfuil ceap- aithe againn do chur i gcrích. N-a theannta- san tá An Cló-Chumann ag cuidiughadh linn i ngach slighe is féidir leó. Tiocfaidh gach atharrughadh dhíobh so i bhfeidhm leis an Imleabhar nua, .i. i mí na hEanrach. Sé cruth nó déanamh a bheidh ar an IRIS- LEABHAR feasta ná an rud go dtugtar "Royal Octavo" air, .i. beidh an fhaid chéadna ar na leathanaigh ann, acht ní bheid siad chomh leathan is atáid anois. Beidh 48 leathanaigh againn de sna leathanaigh nua so gach mí. Réal, a fhiaca; agus gheobhthar é saor tríd an bpost go ceann bliadhna ar 6/-. Ó's rud é go mbeidh breis slighe againn, táimíd ceapaithe ar a lán rudaí nua a
thabhairt isteach. Cuirfimíd i gcló, i nGaedhilg is i mBéarla, aistí ag baint leis an dteangain, le graiméar, is le healadh- naibh, le Stair na hÉireann is le déan- túisíbh. Beidh scéalta gearra againn agus drachtíní sultmhara. Beidh paiste áirithe againn gach mí i gcóir na scol; agus ní dhéanfam dearmhad d'aos foghluma na Gaedhilge. Tá rudaí eile ar gor againn, acht is leór an méid sin don iarracht so. Tuigeann ár léightheóirí anois cad tá beartuighthe againn n-a gcóir. Teastuigh- eann congnamh an uile dhuine aca uainn. Is mór an chéim ar aghaidh atá ghá thabhairt againn, agus is cóir dúinn a admháil nár bh'fhéidir dúinn í thabhairt mara mbeimís deimhnitheach de chongnamh ár gcarad go léir. De réir mar bhíobhair dílis dúinn go dtí so, tá súil againn go mbeidh sibh linn san obair seo atá curtha romhainn againn. B'é an tIRISLEABHAR an chéad pháipéar Gaedhilge do cuireadh amach i nÉirinn. Admhóghaidh gach duine gur dhein sé a scar féin riamh ar son na Gaedhilge. Agus an leigfimíd dó bás d'fhagháil anois? An scaoilfimíd uainn go buigéiseach is go neamhshuimeamhail an oighreacht so d'fhág an tAthair Eoghan Ó Gramhna againn? Ní baoghal go leigfimíd uainn é. — Ó chaitheas mo reim saoghail gan suim i nDia Acht spairn is glébhréithre is gníomhartha an diabhail, Aitchim an Té shaor len'fhuil daoir an cliar, Go maithidh mo chléthréithe ar chaol-chuid pian.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services