SINN FÉIN.
Is í seo an uimhir dheiridh den tseachtmhadh 
imleabhar déag de IRISLEABHAR NA 
GAEDHILGE.  Ní gábhadh dhúinn dul siar ar 
stair an IRISLEABHAIR, ó chéad-chuireadh 
ar bun é i mbliadhain a 1882.  Is eól d'ur-
mhór dár léightheóiríbh an stair sin.  Is í 
stair na Gaedhilge féin í. 
Badh mhaith linn ár mbuidheachus a ghabháil 
le sna daoinibh a chabhruigh linn tré gach 
anró nar ghaibh an tIRISLEABHAR tríd. 
Mara mbeadh iad badh ró-dhona an cás 
aige é.  Tá cáirde againn-na ná fuil a 
leithéidí ag aon pháipéar eile ar dhruim an 
domhain.  Ní hiongnadh, dá bhrígh sin, go 
mbeadh móréis orainn dá mbárr.  Bheirimíd 
buidheachus ó chroidhe dhóibh. 
Acht oireann dúinn an tIRISLEABHAR a 
dhéanamh abhfad Éireann níos fearr agus 
níos tairbhighe 'ná mar atá sé fé láthair. 
Chuige sin tá beartuighthe againn athar-
rughadh crotha a chur air, agus timcheall an 
oiread eile thoirt a bheith ann, d'fhonn is go 
mbeadh ár ndóthain slighe againn, is go 
mbeadh sé ar ár gcumus earraí le haghaidh 
gach n-aon a chur i gcló ann. 
Tamall ó shoin do chuir an Coiste Gnótha 
ar bun comhaltus beag chun féachaint i 
ndiaidh an IRISLEABHAIR.  Tá an comhal-
tus so ag obair anois le mí nó dhó, agus is 
mór an congnamh dúinn-na iad.  Tá a 
gcead-san againn, agus cead ón gCoiste 
Gnótha, chun gach atharrughadh dá bhfuil ceap-
aithe againn do chur i gcrích.  N-a theannta-
san tá An Cló-Chumann ag cuidiughadh linn 
i ngach slighe is féidir leó. 
Tiocfaidh gach atharrughadh dhíobh so i bhfeidhm 
leis an Imleabhar nua, .i. i mí na hEanrach. 
Sé cruth nó déanamh a bheidh ar an IRIS-
LEABHAR feasta ná an rud go dtugtar 
"Royal Octavo" air, .i. beidh an fhaid 
chéadna ar na leathanaigh ann, acht ní bheid 
siad chomh leathan is atáid anois.  Beidh 48 
leathanaigh againn de sna leathanaigh nua so 
gach mí.  Réal, a fhiaca; agus gheobhthar é 
saor tríd an bpost go ceann bliadhna ar 
6/-. 
Ó's rud é go mbeidh breis slighe againn, 
táimíd ceapaithe ar a lán rudaí nua a 
 
thabhairt isteach.  Cuirfimíd i gcló, i 
nGaedhilg is i mBéarla, aistí ag baint leis 
an dteangain, le graiméar, is le healadh-
naibh, le Stair na hÉireann is le déan-
túisíbh.  Beidh scéalta gearra againn agus 
drachtíní sultmhara.  Beidh paiste áirithe 
againn gach mí i gcóir na scol; agus ní 
dhéanfam dearmhad d'aos foghluma na 
Gaedhilge.  Tá rudaí eile ar gor againn, 
acht is leór an méid sin don iarracht so. 
Tuigeann ár léightheóirí anois cad tá 
beartuighthe againn n-a gcóir.  Teastuigh-
eann congnamh an uile dhuine aca uainn. 
Is mór an chéim ar aghaidh atá ghá thabhairt 
againn, agus is cóir dúinn a admháil nár 
bh'fhéidir dúinn í thabhairt mara mbeimís 
deimhnitheach de chongnamh ár gcarad go 
léir.  De réir mar bhíobhair dílis dúinn go 
dtí so, tá súil againn go mbeidh sibh linn 
san obair seo atá curtha romhainn againn. 
B'é an tIRISLEABHAR an chéad pháipéar 
Gaedhilge do cuireadh amach i nÉirinn. 
Admhóghaidh gach duine gur dhein sé a scar 
féin riamh ar son na Gaedhilge.  Agus an 
leigfimíd dó bás d'fhagháil anois?  An 
scaoilfimíd uainn go buigéiseach is go 
neamhshuimeamhail an oighreacht so d'fhág an 
tAthair Eoghan Ó Gramhna againn?  Ní 
baoghal go leigfimíd uainn é. 
—
Ó chaitheas mo reim saoghail gan suim i nDia
Acht spairn is glébhréithre is gníomhartha an diabhail,
Aitchim an Té shaor len'fhuil daoir an cliar,
Go maithidh mo chléthréithe ar chaol-chuid pian.