Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLODHANNA NUA. Fearaimíd fáilte is céad roimh BHEATHA AN ATHAR TIOBÓID MAITIÚ, an leabhar is déadhnaighe do fríoth ó láimh "Sceilg". Táimíd féin, agus tá Gaedhl- tacht na hÉireann fé mhór-chomaoin ag Sceilg dá bhárr. Ní hamháin go bhfaghaimíd sa leabhar so cruinn-chunntus ar ghníomharthaibh Aspuil na Measar- dhachta abhfus, 'n-a theannta-san tá breacaithe ann áireamh de chomhairlíbh mór-thairbheacha do raghadh i leas anma is cuirp don uile dhaonnuidhe dá mair- ann indiu "i nÉirinn iathghlais Bhriain is Eoghain." 'Sé sin an buadh is mó ag an leabhar. Ar an adhbhar-san ní'lmíd gan dóthchus go bhfuighidh aos óg na tíre an chaoi ar é léigheamh, agus go míneóghfar is go mion- scrúdóghfar dóibh na seóda mór-luaighe atá fé'n iadh. Tá súil againn go bhféachfaid uachtaráin ár scoil chuige go ndéanfar taithighe dhe chun léightheóireachta ins na rangaibh uachtair. Níor bh'féidir a bhárr d'fhagháil i leith feadhma ná fóghnaimh ná feabhas tagartha. Ní'l ceacht ná caibidil ann nár bh'fhéidir togha gach múine is gach comhairle d'fhagháil asta. Sin é an rud a theastuigheann nó ógaibh na tíre. Sin é an rud do choiméadfadh ó'n olc iad. Sin é an rud do fhóghnfadh dhóibh chun saoghal glan neamh- urchóideach a chaitheamh abhfus, agus chun a gcion den tséan a thuilleamh san tsíoraidheacht. Oireann an leabhar so go breagh do scoileannaibh na tíre, agus tá súil againn go bhfuighfar coitcheanta ionnta é. Ní gábhadh dhúinn cur síos ar chainnt "Sceilg"; tá sean-aithne age Gaedhilgeóiríbh uirthi. Tá sí annso go baileach glan is go hoscailte is go so-chroidhe féibh mar atá "Sceilg" féin — Dia á bheannachadh. Cuir aithne ar chainnt an leabhair seo, agus tá aithne curtha agat ar mhór-chroidhe is ar oscailteacht aigne Sceilg féin. B'shin é an smaoineamh a bhí ag sír-rith tre n-ár n-aigne an fhaid a bhí an leabhar á léigheamh againn. Chuireamair síos é, ní d'fhonn pláis a stealladh acht d'fhonn na fírinne d'innsint. Do thaitn 'n-a sheódh linn an Remhrádh ó láimh an Athar Auguistín. Do chualamair tráth é ag cur síos ar an Mheasardhacht "i dteangain mhilis Ghaedhilge," agus mheasamair mar ath-Thiobóid Maitiú é. Níor chaill sé an ciúta ó shoin i nGaedhilg ná i mBéarla. Ag dul 'n-a thaithighe atá. Tuilleann an leabhar so árd-cheannach a bheith air. Tá eólus beacht cruinn ann, agus cainnt bhríoghmhar chanta. Muinntir Ghill atá gá cur amach; agus réal nó scilling nó scilling is réal a fhiacha, de réir an chlúdaigh is mian le duine. De réir an fhuadair atá fúinn is gearr go mbeidh cluithchí geamh-oidhche ár ndóthain againn, i nGaedhilg is i mBéarla. Fuaireamair an lá fé dheireadh "A WEST BRITON'S ROMANCE". A Comedy in one Act by Alfons Ó Labhraidh. Cluithche deas i mBéarla is eadh é seo, agus dar linn go n-oirfeadh go maith do cheanntrachaibh gallda is leath-ghallda na hÉireann. Ignatius O'Doherty ainm is sloinneadh an "Iar-mbreathnaigh" seo. Tá oifig aige i mBaile Átha Cliath. Ní lugha leis an sugh ná an Ghaedhilg ar shon go bhfuil sí aige go maith. Tá sé bun os cionn de ghrádh seóinín mná go dtugtar Miss Gladys Gwendolen De Murphi uirthi. Tá buachaill san oifig gurab ainm dó Tadhg Ó Súilleabháin; mac seóidh is eadh é, agus baintear ana-ghreann as. Lá de laetheantaibh Seachtmhain na Gaedhilge tagann an bhean so go dtí oifig Ignatius, agus tá a aigne socair aige í iarraidh. Díreach agus é i bhfagharthaibh a scéil, scaoileann Tadhg beirt Ghaedhilgeóirí isteach ortha. Labhrann Ignatius Gaedhilg leó. Deir sé leis an mnaoi "uasail" gur Spáinnis atá ar siubhal eatortha. Baintear an dallamallóg dí ar ball, agus fágann sí annsoin Ignatius is a ré-chlis. Is féidir an cluithche d'fhagháil ar réal ó Rúnaidhe Chraobh Dhiarmada Uí Shéaghdha i mBootle i Sasana. "NIAMH". Do chuir Tomás ó Flannghaile scéala chugainn mar leanas: — A Thadhg a chara: San aiste sin do scríobhas ar "Niamh" an mhí seo tharainn, do chuir an chlódhadóir an focal "so" isteach in áit nár cóir dó a bheith, agus do leig sé thart rádh nó abairt iomlán, agus dá bhrígh sin rinne sé fuis fais de chuid don aiste. Ní thuigfeadh duine ar domhan an rud ba mhian liom a rádh. Sé do scríobhas: "Is mór an moladh ag daoinibh airidhe don tsimplidheacht. Níl meas mór agam ar an tsimplidheacht so." Mar do cuireadh i gclódh é do thagras simplidheacht do réim an Athar Peadar. Ní hamhlaidh sin ba mhian liom a rádh. Tá simplidheacht le fagháil aige san áit ar cóir dí a bheith — acht in áitibh eile dho gheibhimíd deise, órnáid réim, mar as cóir — agus ní "simplidheacht" iad sin. Agus cia hé an dailtín thug "cló" mar ghairm ar m'aiste? Nár fhéad sé tiodal as feárr d'fhághail ná an focailín sin gan chéill?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services