Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Fearaimíd fáilte is céad roimh BHEATHA AN ATHAR
TIOBÓID MAITIÚ, an leabhar is déadhnaighe do
fríoth ó láimh "Sceilg". Táimíd féin, agus tá Gaedhl-
tacht na hÉireann fé mhór-chomaoin ag Sceilg dá
bhárr. Ní hamháin go bhfaghaimíd sa leabhar so
cruinn-chunntus ar ghníomharthaibh Aspuil na Measar-
dhachta abhfus, 'n-a theannta-san tá breacaithe ann
áireamh de chomhairlíbh mór-thairbheacha do raghadh i
leas anma is cuirp don uile dhaonnuidhe dá mair-
ann indiu "i nÉirinn iathghlais Bhriain is Eoghain." 'Sé
sin an buadh is mó ag an leabhar. Ar an adhbhar-san
ní'lmíd gan dóthchus go bhfuighidh aos óg na tíre an
chaoi ar é léigheamh, agus go míneóghfar is go mion-
scrúdóghfar dóibh na seóda mór-luaighe atá fé'n iadh.
Tá súil againn go bhféachfaid uachtaráin ár scoil
chuige go ndéanfar taithighe dhe chun léightheóireachta
ins na rangaibh uachtair. Níor bh'féidir a bhárr
d'fhagháil i leith feadhma ná fóghnaimh ná feabhas
tagartha. Ní'l ceacht ná caibidil ann nár bh'fhéidir
togha gach múine is gach comhairle d'fhagháil asta. Sin
é an rud a theastuigheann nó ógaibh na tíre. Sin é
an rud do choiméadfadh ó'n olc iad. Sin é an
rud do fhóghnfadh dhóibh chun saoghal glan neamh-
urchóideach a chaitheamh abhfus, agus chun a gcion den
tséan a thuilleamh san tsíoraidheacht. Oireann an
leabhar so go breagh do scoileannaibh na tíre, agus
tá súil againn go bhfuighfar coitcheanta ionnta é.
Ní gábhadh dhúinn cur síos ar chainnt "Sceilg"; tá
sean-aithne age Gaedhilgeóiríbh uirthi. Tá sí annso
go baileach glan is go hoscailte is go so-chroidhe
féibh mar atá "Sceilg" féin — Dia á bheannachadh.
Cuir aithne ar chainnt an leabhair seo, agus tá aithne
curtha agat ar mhór-chroidhe is ar oscailteacht aigne
Sceilg féin. B'shin é an smaoineamh a bhí ag sír-rith
tre n-ár n-aigne an fhaid a bhí an leabhar á léigheamh
againn. Chuireamair síos é, ní d'fhonn pláis a
stealladh acht d'fhonn na fírinne d'innsint. Do
thaitn 'n-a sheódh linn an Remhrádh ó láimh an Athar
Auguistín. Do chualamair tráth é ag cur síos ar an
Mheasardhacht "i dteangain mhilis Ghaedhilge," agus
mheasamair mar ath-Thiobóid Maitiú é. Níor chaill
sé an ciúta ó shoin i nGaedhilg ná i mBéarla. Ag
dul 'n-a thaithighe atá.



Tuilleann an leabhar so árd-cheannach a bheith air.
Tá eólus beacht cruinn ann, agus cainnt bhríoghmhar
chanta. Muinntir Ghill atá gá cur amach; agus
réal nó scilling nó scilling is réal a fhiacha, de réir
an chlúdaigh is mian le duine.



De réir an fhuadair atá fúinn is gearr go mbeidh
cluithchí geamh-oidhche ár ndóthain againn, i nGaedhilg
is i mBéarla. Fuaireamair an lá fé dheireadh "A
WEST BRITON'S ROMANCE". A Comedy in
one Act by Alfons Ó Labhraidh. Cluithche deas i
mBéarla is eadh é seo, agus dar linn go n-oirfeadh
go maith do cheanntrachaibh gallda is leath-ghallda na
hÉireann. Ignatius O'Doherty ainm is sloinneadh an
"Iar-mbreathnaigh" seo. Tá oifig aige i mBaile Átha
Cliath. Ní lugha leis an sugh ná an Ghaedhilg ar shon
go bhfuil sí aige go maith. Tá sé bun os cionn de
ghrádh seóinín mná go dtugtar Miss Gladys Gwendolen
De Murphi uirthi. Tá buachaill san oifig gurab ainm
dó Tadhg Ó Súilleabháin; mac seóidh is eadh é, agus
baintear ana-ghreann as. Lá de laetheantaibh
Seachtmhain na Gaedhilge tagann an bhean so go dtí
oifig Ignatius, agus tá a aigne socair aige í iarraidh.
Díreach agus é i bhfagharthaibh a scéil, scaoileann
Tadhg beirt Ghaedhilgeóirí isteach ortha. Labhrann
Ignatius Gaedhilg leó. Deir sé leis an mnaoi
"uasail" gur Spáinnis atá ar siubhal eatortha.
Baintear an dallamallóg dí ar ball, agus fágann
sí annsoin Ignatius is a ré-chlis. Is féidir an cluithche
d'fhagháil ar réal ó Rúnaidhe Chraobh Dhiarmada Uí
Shéaghdha i mBootle i Sasana.



"NIAMH". Do chuir Tomás ó Flannghaile scéala
chugainn mar leanas: — A Thadhg a chara: San aiste
sin do scríobhas ar "Niamh" an mhí seo tharainn, do chuir
an chlódhadóir an focal "so" isteach in áit nár cóir dó
a bheith, agus do leig sé thart rádh nó abairt iomlán,
agus dá bhrígh sin rinne sé fuis fais de chuid don
aiste. Ní thuigfeadh duine ar domhan an rud ba
mhian liom a rádh. Sé do scríobhas: "Is mór an
moladh ag daoinibh airidhe don tsimplidheacht. Níl
meas mór agam ar an tsimplidheacht so." Mar do
cuireadh i gclódh é do thagras simplidheacht do réim an
Athar Peadar. Ní hamhlaidh sin ba mhian liom a rádh.
Tá simplidheacht le fagháil aige san áit ar cóir dí a
bheith — acht in áitibh eile dho gheibhimíd deise, órnáid
réim, mar as cóir — agus ní "simplidheacht" iad sin.



Agus cia hé an dailtín thug "cló" mar ghairm ar
m'aiste? Nár fhéad sé tiodal as feárr d'fhághail ná
an focailín sin gan chéill?




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services