Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cath Mhaighe Mocruimhe. III.
Title
Cath Mhaighe Mocruimhe. III.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Dúnlainge, Micheál
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cath Mhaighe Mocruimhe — III. [ar leanamhaint] Dála Lughaidh Lágha agus Nuagha Finn- éigis tángadar go Mac Con agus d'innis- eadar dó ar chan Art leó. Dála Airt mhic Cuinn cuireas teachta go Laighnibh, go críochaibh Breagh, go hUltaibh, go Connachtaibh agus go Cruachain agus fanas féin i dTeamhraigh an oidhche sin, agus éirigh- eas go moch ar n-a bhárach agus téidheann do sheilg agus d'fhiadhach um Dhumhad Dearg- Luachra, .i. um Teamhraigh soir ba dheas, agus do sgaoil siad na gadhair glóracha, guith-bhinne, fad-chluasacha, fíor-shrónacha, fá ghleanntaibh agus fá fhásaibh, gur musg- aileadh leó fiadha faitcheacha foluaimneacha meara, poic léimreacha agus míolta mong- ruadh maiseacha más-caola, sionnaigh cleas- acha chaib-liatha choracha meangacha tréan- luaithe, agus do ghabhadar a ngiollanradh ag gríosacht a gcon cliabh-leathan taobh-árd áluinn iol-dathach 'n-a ndíaidh, gur mharbh- adar a leór-dhóithin díobh an lá sin, agus d'fhág siad an rígh i n-a aonar i n-a dhumha seilge, go nár fhan i n-a fhochair acht Lughna Frithrigh, .i. a dhearbh-chomhdhalta tairise féin. "Fan, a Lughna," ar an righ, "déan faire agus fór-choimeád dam go ndéanainn tamal suain ar an dtula, óir níor chodlas a bheag aréir d'imshniomh an chatha so;" agus codlas an righ annsoin, agus do bhí i n-a chodladh go ndeachaidh a buidhe tar an ngréin. Ba fada le lughna do bhí an rígh i n-a chodladh, agus tug lámh tar aghaidh agus éadain agus dúisigheas é, agus d'innis dó lucht na seilge imtheacht, agus gur bhfada do bhí i n-a chodladh. "Maise," do ráidh an rígh, "gidh gur bhfada leat-sa é níor bhfada liom-sa óir do chonnairc aisling iongantach agus mórán ann ba mhaith liom, gidh go bhfeaca mórán eile dob olc liom. "Créud chonnaircis ann?" ar Lughna. "Do toirbheadh fís domh," ar an rígh, "óir gidh beag brigh agus cádhas an ionaid so a bhfuilim anois, beidh aimsear ann i ndeireadh an domhain bhéas mór a chion agus dobhéarthar uinge d'ór ar áit aoin-tighe ann, Dumha Dearg-Luachra a ainm gus indiu, agus ba Treafóid a ainm ó so amach do na trí fódaibh bhainfead-sa do chois na sleighe so im'láimh ann, .i. fód fám'cheann, fod fám' thaobh, agus fód fám'chosaibh, gurb ann adhlaicfear mé i n-onóir an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, agus mairbhfíor mé i gCath Mhuighe Moch- ruimhe le mac mo dhearbhsheathrach, agus tuitfidh Eoghan Mór ann le Beine Briot, mac righ Breataine; agus is truagh liom-sa gan oirdhearcas Éireann ag Eoghan Mór, ó nach bhfuil mac mo dhíongmhála agam féin," agus do chan an Laoi mar leanas: "Caoin do dhéanamh is do ghean, Ós Dúmha dom' ruacht, Ós bruighnibh Breagh mbarc, Dearg-Luachra gan fhuacht. "Socht sochar gan chneadh, Áitreabh aingeal ngeal, Foghar clogán mbinn, Re linn Tailgin treabh. "Tré fhód tre ghoin fód, Dom' thrí fódaibh righ; An tan bhéas beag cách, Ann bhéas mór a bhrígh. "Biaidh dile eaglaise, Mo chean cathair cháidh Ar Magh Breagh ós Bóinn, Budh cádhasach cáin.
"'San aimsir dhéidheannaigh Budh torthach do chách, Biaidh eagna go h-iolardha, Ó indiu go dtí an bhreath. "Gibé thiocfas fád' h-iuir, Is fíor is ní gó, Le lúith aingeal ngeal Dobhéarthar neamh dó. "D'ainm an Tailgin shoir Ba amhra mo bhrígh, A Dhé do ghní an mhuir! A Dhé do ghní an tír! "Mise is Mac Con, Dínn bhéas buidheach broin, Túirse ag mnáibh aníar Loingeas ag triall anoir. "Gidh aoibhinn bheith sonn, Ag seilg fór gach fiad Aoibhne an mhaith iar dtriall Ag an bhflaigh bhfionn bhfial. "Mo labhra ní liom Acht leis an bhflaith bhfionn Itchím gan cam, Ár n-aithrighe sonn. "Tiocfaidh an Tailgean sonn, Go n-a mhuinntir mhaith, Go n-a bhfúigfe im'ucht, Biaidh ann sa phurt an flaith. "Fúigfidh agam sonn, Neach dá dtí mo ríar, Móide bhéas tréan, Mo sgéala i dtigh Dia. "Iar mhaithne dom'Righ Fear agá bhfuil gan mhaoin, Mo chorpán glan gluar, San chnocán bhéas caoin. "Sguirfid cách for chaoi, Créad badh maith mo ré? Do gach fhlaith i gclí, Budh í a mhaith toil Dé. "An tan béarthar breath, Mo chean! mo dhul d'éag, Mise gach laoi im'rith, Gidh í an bhith as bréag. "Bíd uim throich gan tréan, Och! is och! mo nuar! Na beatha go faon, Na h-aighthe 'na suan. "Tiocfaidh damha anoir Go n-a bhfásaid a bheas, Cannfaidh Béárla i dtír, Budh Róimh dídean dos. "Le Mac Con mo leacht, Agus ní leis m'fhíort; Tuitfidh Eoghan Mór, Do láimh Bheine Bhriot. "Eoghan gan Chliú Mháil, Teamhair fáil go faon, Brugh Banba fá bhrón Ní sgéul calma claon. "Is mé Art, a Dhé, 'S gan mo mhac i gclí Fada bhíos an bhith, Gan ith nó go dtí. "Mo chonách go tric, Go Tiobraid an Trír, Mo chorpán glan gluar 'San chnochán bhéas caoin. "Leacht Mhic Cuinn is truagh Gan tonn tar a thaoibh, Ar bhru locha láin Nó i ndáil crótha caoin." Ciodh trácht níor shugach Lughna de sin agus ba brónach Art agus tángadar go Teamhair an oidhche sin. Éirigheas an rígh ar n-a bhárach agus teidheann roimhe go Cruach- ain Rath Aoi go Rígh Connacht .i. Feargus mac Feargusa. Fearas fáilte fíor-chaoin ris an righ go n-a mhuinntir agus do freas- daladh agus do fritheáladh aige iad an oidhche sin do bhiadhaibh saora so-chaithimhe so- bhlasda agus do dheochaibh meara mine meisgeamhla. Téidheann Art agus Rígh Connacht go n-a thaoiseachaibh i gcomhairle um dhála an chatha agus ba hí comhairle Rígh Connacht an cath do chur gan cháirde. "Ná h-abair sin," ar ARt, "óir ní h-ionchatha sinn le hAllmhúrachaibh gan Fiannaibh Éireann agus Fionn mac Cumhaill mar aon le h-Eoghan Mór go n-a Mhuimhn- eachaibh;" agus do riocht an righ an oidhche sin ba dheas tar Sliabh Eichtghe agus tar Luim- neach go ráinig Dún Cohthaigh ris a ráidhtear Brúghrigh anois, mar a raibh Oilioll Olum go n-a chloinn. Ro éirigheadar i gcoinne agus i gcomh- dháil Airt mhic cuinn, agus d'fhear siad fíor-chaoin; fáilte ris trí lá agus teóra oidhche ag ól agus ag fleadhchas i mBrúghrigh, go ndubhairt Art: - "Is mithid dhamh-sa imtheacht feasda, óir is gearr uaim mo cháirde catha, agus do churieas teachta uaim i ngach cóige eile i nÉirinn, agus badh mian liom féin teacht chugaibh-se ionnus go mbadh móide bhúr sochraide dhomh é." "Do ghéabhair," ar Oilioll Olum "seacht gcatha meara na Mumhan, agus mo sheacht mic-se mar aon riu, óir ní rachad féin i gcath i n-aghaid Mhic Con, mar is mé dhíbir as Éirinn é." Ba buidheach Art do'n tsochraide sin tug Oilioll uaidh. Is annsin tainig Eoghan Mór mar a raibh a mháthair .i. Sadhbh, inghean Chuinn chéad- chathaigh, agus ro aithin Sadhbh i n-a h-intinn go bhfuair Eoghan sgéala Mhic con, óir do chonnairc sí ruithne na feirge agus fíoch fíochmhar ró-fhoráinneach na fola fíor uaisle i n-aghaidh agus i ngeal-éadain Eoghain, agus fiafraigheas sgéala de. Ro innis Eoghan di mar tháinig Mac Con go hÉirinn go mór-shochraide allmhúrach maille ris, agus mar d'fhógair sé cath ar a dearbhrath- air Art, árd-righ Éireann. "An i n-aghaidh Mhic con ataoi-se ag dul?" ar Sadhbh. "Iseadh, go deimhin," ar Eoghan. "Saothar díomhaoin díbh-se sin," ar Sadhbh, "óir mar ghaibh Mac con neart ur- mhóir na hEórpa is dearbhtha go ngéabhadh sé bhúr neart-sa," agus adubhairt an laoi agus d'fhreagair Eoghan di: (Sadhbh): "Abair liom, a fhir, A Eoghain, go ngaoith, Cá leith bheire t'fhearg? Cá ceard fór ataoi?" (Eoghan): "Ná chuala tú, a Shadhbh, Cath dá fhógra ar Art? Is lom lán na cnuic I gcomhdháil dod' mhac." (Sadhbh): "Mo mhac-sa Mac Con, Mac mic Niad go mbuadh, Slat an charbaid chaoimh Do gheabha Alba uair. "Acht gidh churtha an cat, Re cuinge an chuain Re lúith an ghléire gháidh Béaraidh Éire uaibh."
(Eoghan): "Dar do láimh-se, a Shadhbh, Ó tháinig tar lear, 'San gcuain gcobhsaidh gcain Biaidh sluagh fosaidh fear." (Sadhbh): "I n-Éirinn ní bhfuil Draoi nár innis domh Idir mhuir is tír Go mba righ mo mhac." (Eoghan): "Fada dhuit gá rádh, Is ná fíorthar leat é, Ó tháinig súd i gclí, Go mba righ do mhac." (Sadhbh): "Dá mba fíor re a rádh Is dú do'n fhear fhial Teacht re ró-bháigh righ Do ghabháil bhúr ngíall. "Táinig san gcath gcruaidh 'Na loingsí tar lear Na laoich dhíongbhas fir Chláir locha lear. "Cia gheabhas do láimh D'fhearaibh Éireann uaibh Sonn gleacuidhe an áigh Righ Breatain' go mbuadh." (Eoghan): "Diogbhadsa an fear Righ Breatain' tar lear Ba chuimhnach mo chor Le sluagh Muimhneach mear." (Sadhbh): "Cia gheabhas do láimh Mac Beine go mbuadh Loitfidh sé bhúr rígh Measgfaidh sé bhúr sluagh." (Eoghan): "Is cubaidh a Shadhbh Re a chur ceann i gceann Doirtfir fuil gan fheall Go fearamhail treas teann." (Sadhbh): "Cia gheabhas do láimh Righ ruadh go n-a airm, Righ Sagsan go muireann Go n-a ghasradh gharbh." (Eoghan): "Cóige Gailian glan Tiugh chuirfead i bhfíoch Sluagh Laighean na laoch I n-a n-aghaidh dá dtí." (Sadhbh): "Cia gheabhas do láimh Nár neartmhar an laoch Le h-iomad a thriath Budh ághmhar a fhraoch." (Eoghan): "An curad úallach árd Is curtha in-a dháil Ceann na gcuradh gcruaidh Righ ulaidh an áigh." (Sadhbh): "Cia gheabhas do láímh Lúghaidh Lágha libh Is curadh catha ar ghail Sas nathair ar nimh."
(Eoghan): "Is borb teaghlach Airt 'Na mbróin nach baoth Tuitfidh leo is le cách Lugha Lágha an laoch." (Sadhbh): "Cia gheabhas do láimh Mac mic Niadh go mbuadh Millfidh sé bhúr righ Measgfaidh sé bhúr sluagh." (Eoghan): "Nach leór leat-sa a Shadhbh Art mac Cuinn gan chol Flaith fógair na bhfleadh I n-aghaidh Mheic Con." (Sadhbh): "Is cian adeir gach draoi Red' ghaol, a Eoghain uill, Go díombladh do'n druing Fionghal chloinne Cuinn." (Eoghan): "An Fionghal sin adeirid-se A Shadhbh, is maith mód, Duit má's fíor an sgéal Beidh an séan ar Mhac Con." (Sadhbh): "Beag a chionnta riot A Eoghain go neart. Do mháthair ró-s-rug Do bhráthair go beacht "Is coninealbháidh gan chúis I n-aghaidh túis nirt Badh ádhbhal bhúr n-arc Ar marbhadh mo mhic. "Córadh congnamh leis I n-aghaidh gach fir Is dá bhráithribh sibh Ionann máthair libh." (Eoghan): "Da mbadh liom-sa, a Shadhbh, Gach tréin-fhear is gach triath Gach laoch talcmhar teann, Is i n-a cheann do bhíadh." (Sadhbh): "Gach n-aon dom'chloinn féin Re miosgais mo mhac Aitchím féin rem' ré Narb é is- ab." (Ní críoch) -
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services