Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cath Mhaighe Mocruimhe. III.

Title
Cath Mhaighe Mocruimhe. III.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Dúnlainge, Micheál
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 427


Cath Mhaighe Mocruimhe — III.



[ar leanamhaint]



Dála Lughaidh Lágha agus Nuagha Finn-
éigis tángadar go Mac Con agus d'innis-
eadar dó ar chan Art leó.



Dála Airt mhic Cuinn cuireas teachta go
Laighnibh, go críochaibh Breagh, go hUltaibh, go
Connachtaibh agus go Cruachain agus fanas
féin i dTeamhraigh an oidhche sin, agus éirigh-
eas go moch ar n-a bhárach agus téidheann
do sheilg agus d'fhiadhach um Dhumhad Dearg-
Luachra, .i. um Teamhraigh soir ba dheas,
agus do sgaoil siad na gadhair glóracha,
guith-bhinne, fad-chluasacha, fíor-shrónacha,
fá ghleanntaibh agus fá fhásaibh, gur musg-
aileadh leó fiadha faitcheacha foluaimneacha
meara, poic léimreacha agus míolta mong-
ruadh maiseacha más-caola, sionnaigh cleas-
acha chaib-liatha choracha meangacha tréan-
luaithe, agus do ghabhadar a ngiollanradh ag
gríosacht a gcon cliabh-leathan taobh-árd
áluinn iol-dathach 'n-a ndíaidh, gur mharbh-
adar a leór-dhóithin díobh an lá sin, agus
d'fhág siad an rígh i n-a aonar i n-a dhumha
seilge, go nár fhan i n-a fhochair acht Lughna
Frithrigh, .i. a dhearbh-chomhdhalta tairise féin.



"Fan, a Lughna," ar an righ, "déan faire
agus fór-choimeád dam go ndéanainn tamal
suain ar an dtula, óir níor chodlas a bheag
aréir d'imshniomh an chatha so;" agus codlas
an righ annsoin, agus do bhí i n-a chodladh
go ndeachaidh a buidhe tar an ngréin.



Ba fada le lughna do bhí an rígh i n-a
chodladh, agus tug lámh tar aghaidh agus
éadain agus dúisigheas é, agus d'innis dó
lucht na seilge imtheacht, agus gur bhfada
do bhí i n-a chodladh.



"Maise," do ráidh an rígh, "gidh gur
bhfada leat-sa é níor bhfada liom-sa óir
do chonnairc aisling iongantach agus mórán
ann ba mhaith liom, gidh go bhfeaca mórán
eile dob olc liom.



"Créud chonnaircis ann?" ar Lughna.



"Do toirbheadh fís domh," ar an rígh,
"óir gidh beag brigh agus cádhas an ionaid
so a bhfuilim anois, beidh aimsear ann i
ndeireadh an domhain bhéas mór a chion agus
dobhéarthar uinge d'ór ar áit aoin-tighe
ann, Dumha Dearg-Luachra a ainm gus
indiu, agus ba Treafóid a ainm ó so amach
do na trí fódaibh bhainfead-sa do chois na
sleighe so im'láimh ann, .i. fód fám'cheann,
fod fám' thaobh, agus fód fám'chosaibh,
gurb ann adhlaicfear mé i n-onóir an Athar
agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh,
agus mairbhfíor mé i gCath Mhuighe Moch-
ruimhe le mac mo dhearbhsheathrach, agus
tuitfidh Eoghan Mór ann le Beine Briot,
mac righ Breataine; agus is truagh liom-sa
gan oirdhearcas Éireann ag Eoghan Mór, ó
nach bhfuil mac mo dhíongmhála agam féin,"
agus do chan an Laoi mar leanas:



"Caoin do dhéanamh is do ghean,
Ós Dúmha dom' ruacht,
Ós bruighnibh Breagh mbarc,
Dearg-Luachra gan fhuacht.



"Socht sochar gan chneadh,
Áitreabh aingeal ngeal,
Foghar clogán mbinn,
Re linn Tailgin treabh.



"Tré fhód tre ghoin fód,
Dom' thrí fódaibh righ;
An tan bhéas beag cách,
Ann bhéas mór a bhrígh.



"Biaidh dile eaglaise,
Mo chean cathair cháidh
Ar Magh Breagh ós Bóinn,
Budh cádhasach cáin.


L. 428


"'San aimsir dhéidheannaigh
Budh torthach do chách,
Biaidh eagna go h-iolardha,
Ó indiu go dtí an bhreath.



"Gibé thiocfas fád' h-iuir,
Is fíor is ní gó,
Le lúith aingeal ngeal
Dobhéarthar neamh dó.



"D'ainm an Tailgin shoir
Ba amhra mo bhrígh,
A Dhé do ghní an mhuir!
A Dhé do ghní an tír!



"Mise is Mac Con,
Dínn bhéas buidheach broin,
Túirse ag mnáibh aníar
Loingeas ag triall anoir.



"Gidh aoibhinn bheith sonn,
Ag seilg fór gach fiad
Aoibhne an mhaith iar dtriall
Ag an bhflaigh bhfionn bhfial.



"Mo labhra ní liom
Acht leis an bhflaith bhfionn
Itchím gan cam,
Ár n-aithrighe sonn.



"Tiocfaidh an Tailgean sonn,
Go n-a mhuinntir mhaith,
Go n-a bhfúigfe im'ucht,
Biaidh ann sa phurt an flaith.



"Fúigfidh agam sonn,
Neach dá dtí mo ríar,
Móide bhéas tréan,
Mo sgéala i dtigh Dia.



"Iar mhaithne dom'Righ
Fear agá bhfuil gan mhaoin,
Mo chorpán glan gluar,
San chnocán bhéas caoin.



"Sguirfid cách for chaoi,
Créad badh maith mo ré?
Do gach fhlaith i gclí,
Budh í a mhaith toil Dé.



"An tan béarthar breath,
Mo chean! mo dhul d'éag,
Mise gach laoi im'rith,
Gidh í an bhith as bréag.



"Bíd uim throich gan tréan,
Och! is och! mo nuar!
Na beatha go faon,
Na h-aighthe 'na suan.



"Tiocfaidh damha anoir
Go n-a bhfásaid a bheas,
Cannfaidh Béárla i dtír,
Budh Róimh dídean dos.



"Le Mac Con mo leacht,
Agus ní leis m'fhíort;
Tuitfidh Eoghan Mór,
Do láimh Bheine Bhriot.



"Eoghan gan Chliú Mháil,
Teamhair fáil go faon,
Brugh Banba fá bhrón
Ní sgéul calma claon.



"Is mé Art, a Dhé,
'S gan mo mhac i gclí
Fada bhíos an bhith,
Gan ith nó go dtí.



"Mo chonách go tric,
Go Tiobraid an Trír,
Mo chorpán glan gluar
'San chnochán bhéas caoin.



"Leacht Mhic Cuinn is truagh
Gan tonn tar a thaoibh,
Ar bhru locha láin
Nó i ndáil crótha caoin."



Ciodh trácht níor shugach Lughna de sin
agus ba brónach Art agus tángadar go
Teamhair an oidhche sin. Éirigheas an rígh ar
n-a bhárach agus teidheann roimhe go Cruach-
ain Rath Aoi go Rígh Connacht .i. Feargus
mac Feargusa. Fearas fáilte fíor-chaoin
ris an righ go n-a mhuinntir agus do freas-
daladh agus do fritheáladh aige iad an
oidhche sin do bhiadhaibh saora so-chaithimhe so-
bhlasda agus do dheochaibh meara mine
meisgeamhla. Téidheann Art agus Rígh
Connacht go n-a thaoiseachaibh i gcomhairle
um dhála an chatha agus ba hí comhairle Rígh
Connacht an cath do chur gan cháirde.



"Ná h-abair sin," ar ARt, "óir ní
h-ionchatha sinn le hAllmhúrachaibh gan
Fiannaibh Éireann agus Fionn mac Cumhaill
mar aon le h-Eoghan Mór go n-a Mhuimhn-
eachaibh;" agus do riocht an righ an oidhche sin
ba dheas tar Sliabh Eichtghe agus tar Luim-
neach go ráinig Dún Cohthaigh ris a ráidhtear
Brúghrigh anois, mar a raibh Oilioll Olum go
n-a chloinn.



Ro éirigheadar i gcoinne agus i gcomh-
dháil Airt mhic cuinn, agus d'fhear siad
fíor-chaoin; fáilte ris trí lá agus teóra
oidhche ag ól agus ag fleadhchas i mBrúghrigh,
go ndubhairt Art: -



"Is mithid dhamh-sa imtheacht feasda, óir
is gearr uaim mo cháirde catha, agus do
churieas teachta uaim i ngach cóige eile i
nÉirinn, agus badh mian liom féin teacht
chugaibh-se ionnus go mbadh móide bhúr
sochraide dhomh é."



"Do ghéabhair," ar Oilioll Olum "seacht
gcatha meara na Mumhan, agus mo sheacht
mic-se mar aon riu, óir ní rachad féin i
gcath i n-aghaid Mhic Con, mar is mé
dhíbir as Éirinn é." Ba buidheach Art
do'n tsochraide sin tug Oilioll uaidh.



Is annsin tainig Eoghan Mór mar a raibh
a mháthair .i. Sadhbh, inghean Chuinn chéad-
chathaigh, agus ro aithin Sadhbh i n-a h-intinn
go bhfuair Eoghan sgéala Mhic con, óir do
chonnairc sí ruithne na feirge agus fíoch
fíochmhar ró-fhoráinneach na fola fíor uaisle
i n-aghaidh agus i ngeal-éadain Eoghain,
agus fiafraigheas sgéala de. Ro innis
Eoghan di mar tháinig Mac Con go hÉirinn
go mór-shochraide allmhúrach maille ris,
agus mar d'fhógair sé cath ar a dearbhrath-
air Art, árd-righ Éireann.



"An i n-aghaidh Mhic con ataoi-se ag
dul?" ar Sadhbh.



"Iseadh, go deimhin," ar Eoghan.



"Saothar díomhaoin díbh-se sin," ar Sadhbh,
"óir mar ghaibh Mac con neart ur-
mhóir na hEórpa is dearbhtha go ngéabhadh sé
bhúr neart-sa," agus adubhairt an laoi agus
d'fhreagair Eoghan di:



(Sadhbh):



"Abair liom, a fhir,
A Eoghain, go ngaoith,
Cá leith bheire t'fhearg?
Cá ceard fór ataoi?"



(Eoghan):



"Ná chuala tú, a Shadhbh,
Cath dá fhógra ar Art?
Is lom lán na cnuic
I gcomhdháil dod' mhac."



(Sadhbh):



"Mo mhac-sa Mac Con,
Mac mic Niad go mbuadh,
Slat an charbaid chaoimh
Do gheabha Alba uair.



"Acht gidh churtha an cat,
Re cuinge an chuain
Re lúith an ghléire gháidh
Béaraidh Éire uaibh."


L. 430


(Eoghan):



"Dar do láimh-se, a Shadhbh,
Ó tháinig tar lear,
'San gcuain gcobhsaidh gcain
Biaidh sluagh fosaidh fear."



(Sadhbh):



"I n-Éirinn ní bhfuil
Draoi nár innis domh
Idir mhuir is tír
Go mba righ mo mhac."



(Eoghan):



"Fada dhuit gá rádh,
Is ná fíorthar leat é,
Ó tháinig súd i gclí,
Go mba righ do mhac."



(Sadhbh):



"Dá mba fíor re a rádh
Is dú do'n fhear fhial
Teacht re ró-bháigh righ
Do ghabháil bhúr ngíall.



"Táinig san gcath gcruaidh
'Na loingsí tar lear
Na laoich dhíongbhas fir
Chláir locha lear.



"Cia gheabhas do láimh
D'fhearaibh Éireann uaibh
Sonn gleacuidhe an áigh
Righ Breatain' go mbuadh."



(Eoghan):



"Diogbhadsa an fear
Righ Breatain' tar lear
Ba chuimhnach mo chor
Le sluagh Muimhneach mear."



(Sadhbh):



"Cia gheabhas do láimh
Mac Beine go mbuadh
Loitfidh sé bhúr rígh
Measgfaidh sé bhúr sluagh."



(Eoghan):



"Is cubaidh a Shadhbh
Re a chur ceann i gceann
Doirtfir fuil gan fheall
Go fearamhail treas teann."



(Sadhbh):



"Cia gheabhas do láimh
Righ ruadh go n-a airm,
Righ Sagsan go muireann
Go n-a ghasradh gharbh."



(Eoghan):



"Cóige Gailian glan
Tiugh chuirfead i bhfíoch
Sluagh Laighean na laoch
I n-a n-aghaidh dá dtí."



(Sadhbh):



"Cia gheabhas do láimh
Nár neartmhar an laoch
Le h-iomad a thriath
Budh ághmhar a fhraoch."



(Eoghan):



"An curad úallach árd
Is curtha in-a dháil
Ceann na gcuradh gcruaidh
Righ ulaidh an áigh."



(Sadhbh):



"Cia gheabhas do láímh
Lúghaidh Lágha libh
Is curadh catha ar ghail
Sas nathair ar nimh."


L. 431


(Eoghan):



"Is borb teaghlach Airt
'Na mbróin nach baoth
Tuitfidh leo is le cách
Lugha Lágha an laoch."



(Sadhbh):



"Cia gheabhas do láimh
Mac mic Niadh go mbuadh
Millfidh sé bhúr righ
Measgfaidh sé bhúr sluagh."



(Eoghan):



"Nach leór leat-sa a Shadhbh
Art mac Cuinn gan chol
Flaith fógair na bhfleadh
I n-aghaidh Mheic Con."



(Sadhbh):



"Is cian adeir gach draoi
Red' ghaol, a Eoghain uill,
Go díombladh do'n druing
Fionghal chloinne Cuinn."



(Eoghan):



"An Fionghal sin adeirid-se
A Shadhbh, is maith mód,
Duit má's fíor an sgéal
Beidh an séan ar Mhac Con."



(Sadhbh):



"Beag a chionnta riot
A Eoghain go neart.
Do mháthair ró-s-rug
Do bhráthair go beacht



"Is coninealbháidh gan chúis
I n-aghaidh túis nirt
Badh ádhbhal bhúr n-arc
Ar marbhadh mo mhic.



"Córadh congnamh leis
I n-aghaidh gach fir
Is dá bhráithribh sibh
Ionann máthair libh."



(Eoghan):



"Da mbadh liom-sa, a Shadhbh,
Gach tréin-fhear is gach triath
Gach laoch talcmhar teann,
Is i n-a cheann do bhíadh."



(Sadhbh):



"Gach n-aon dom'chloinn féin
Re miosgais mo mhac
Aitchím féin rem' ré
Narb é is-



ab."



(Ní críoch)



-



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services