Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seán Ó Gadhra, File - XX.
Title
Seán Ó Gadhra, File - XX.
Author(s)
Ó Gadhra, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seán Ó Gadhra, File. - XX. 24. Seo giota do fríoth ar leathanach a 88 de Leabhar Ruaidhrí Mhic Diarmada. Do bhí Pádraig Táth 'n-a chaiptín ins na 'Géadhna Fiaidhne', de réir dheallraimh ar dhrong- bhuidhin an Dilliúnaigh. Deir Seán gur bhuaidh sé árd-chlú i mbriseadh Landádh i Meitheamh an tSamhraidh 1713, agus 'n-a theannta-san i n-áit éigin i lár na hÉireann i mBaile Átha Luain is dócha. B'fhéidir go mbeadh eólus nísa chruinne air ag duine éigin de léightheóiríbh an IRISLEABHAIR. Má tá badh mhaith linn é fhagháil. Tá "Mr. Gadhra" fé bhun an amhráin seo ag Ruaidhrí. … DO CHAIPTÍN TÁTH. Is iomdha gártha ag cách is éimghe, is uaill; Is iomdha mná go cráidhte ó Chéis go Muaidh; Méad an ádhbhair do sháruigh a n-éagnach cruaidh, Caiptín Pádrag Táth mo léan san uaigh. 5. Cosc a námhad, lámh nár ghéill do ghuais; Fear ba tláth le cáirde an péarla suairc; Fear ba sámh le dáimh, 's do bhéaradh duais; Scaith nár sháruigh dán ná dréacht ar chruas. Ba mhaith do cháil, i lár na hÉireann uair, I mbriseadh Landádh 's i lár Lorén na mbuadh; Do bheireadh do lámh ón námhaid créacht is buaidh; S ní bhfuighir bás má tá gur éagais uainn. A Anápla Uí Eádhra ó thásc do chéile uait, A phéarla bláith de shárshliocht Chéin na ruaig, Foighid is fearr sa chás, más féidir uainn; Is rachaidh Síol Ádhaimh i n-áit a chéile i n-uaimh. 25. Tá an t-amhrán so ar fagháil i dhá láímh- scríbhinn san Agadaimh, .i. Leabhar Ruaidhrí Mhic Diarmada (Stowe I. V. I, leath. 89) agus 23M23 141. Sórt aithrighe is eadh é. DON FHILE. Is deimhin gur mór don óige chaitheas go saobh I n-imirt 's i n-ól, i spórt 's i rachmus an tsaoghail; Le tuile na ndeór tá dóthchus agam i gCríost 'S nach bhfuilim acht beó gan treóir 'mo leanbh arís. 5. Ba mhinic sa ló mo mhóide ag labhairt go baoth, S ní chuirim a chóir de nós na n-aith- eanta síos; Do leiginn go leór de ghlór na heag- luise dhíomh, Ag imtheacht gan seól i ród na bpeac- thach faríor. Guidhim-se ar Eóin ar Phól 's ar Pheadar na naomh, Mo thuirse mo bhrón 's mo dheóra ghlacadh dom Rígh; Sin m'fhuil agus m'fheóil 's mo lón i n-aithbhior mo ghníomh 'S le croidhe na strócach fógraim m'anam do Chríost. Is diomhaoin don tí bhíos go failleach i dtréas Gan fíor-chaoi go síoraidhe le falcadh na ndéar, 'S go saorfaidhe gach mí-ghníomh le haithreachus géar Sul sínfidhe bhar dtaobh síos i leabaidh na ndael. 26. Seo roinnt giotaí a fuaireas san leabhar 23M23, leathgh. 141 agus 142. (A). Rann a chuir Seán ag triall ar Thoirdhealbhach Óg Mhac Donnchadha. Dligh- eadóir mór-chlú do b'eadh Toirdhealbhach. Mo chomhairle don Chomhairleach, is glacadh a scíth Ón ród is ón ól is ó chaismirt an dlighe; Tá stór agat, h'óigbhean, do theach is do mhaoin; Ní mór dhuit gach sógh feasta is dearc ar do shaoghal. Freagra Thoirdhealbhaigh: 5. An chomhairle sin thug Seán Óg dá charaid go caoin, Ní dóith mhaith go dteóra acht go bhfac- thas don tsaoi Gur órduigh le dóchchus fir Shacsan go claon Nach cóir do mo shórt-sa beith ag cais- mirt an dlighe. (B). Rann a chuir Seán ag triall ar Bhrian Ó hUiginn. Sa láimhscríbhinn tá "S. G." le hais an rainn seo á thaisp- eáint gur b'é Seán a cheap é: Cléireach corónach cródha céillidhe ceart 10. Tréitheach eólgach mórdha i méinn 's i reacht; Aon de phór-shliocht Eoghain is Néill na gcath; Go ndéanaidh cóir ar ndóigh de réir a shean. (C). Pas a scríbh Seán do Dhochtúir éigin. Seo mar atá an teideal sa láimhscríbhinn: "Privilegium seo Diplom. C. N., D. M." Níl an giota so go léir ann, amh. A Chonchubhair, tá h'fhortún-sa déanta, Ó rug tú ar do shiubhal go séanmhar; 15. Bain ocht dtuistiúin as fuiliughadh do mhéirdrighe, Is patacún do mhac búir is éagnach. Bí 'do dhochtúir scoramhail i mbéasaibh, Fiagh geal-phlúr is ceathramhna caerach Nó bagún is gambún na céise Is leabhaidh chlumhach go leathnughadh an lae ghil. Caith tobaca is beathuisce cléithe Is dein aithris ar labhairt gach éin-fhir Tá do phatent gan barradh go n-éag air.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services