Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Gadhra, File - XX.

Title
Seán Ó Gadhra, File - XX.
Author(s)
Ó Gadhra, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seán Ó Gadhra, File. - XX.



24.



Seo giota do fríoth ar leathanach a 88 de
Leabhar Ruaidhrí Mhic Diarmada. Do bhí
Pádraig Táth 'n-a chaiptín ins na 'Géadhna
Fiaidhne', de réir dheallraimh ar dhrong-
bhuidhin an Dilliúnaigh. Deir Seán gur
bhuaidh sé árd-chlú i mbriseadh Landádh i
Meitheamh an tSamhraidh 1713, agus 'n-a
theannta-san i n-áit éigin i lár na hÉireann
i mBaile Átha Luain is dócha. B'fhéidir go
mbeadh eólus nísa chruinne air ag duine
éigin de léightheóiríbh an IRISLEABHAIR.
Má tá badh mhaith linn é fhagháil. Tá "Mr.
Gadhra" fé bhun an amhráin seo ag Ruaidhrí.





DO CHAIPTÍN TÁTH.



Is iomdha gártha ag cách is éimghe, is uaill;
Is iomdha mná go cráidhte ó Chéis go
Muaidh;
Méad an ádhbhair do sháruigh a n-éagnach
cruaidh,
Caiptín Pádrag Táth mo léan san uaigh.



5. Cosc a námhad, lámh nár ghéill do
ghuais;
Fear ba tláth le cáirde an péarla
suairc;
Fear ba sámh le dáimh, 's do bhéaradh
duais;
Scaith nár sháruigh dán ná dréacht ar
chruas.



Ba mhaith do cháil, i lár na hÉireann
uair,
I mbriseadh Landádh 's i lár Lorén na
mbuadh;
Do bheireadh do lámh ón námhaid créacht
is buaidh;
S ní bhfuighir bás má tá gur éagais
uainn.



A Anápla Uí Eádhra ó thásc do chéile
uait,
A phéarla bláith de shárshliocht Chéin na
ruaig,
Foighid is fearr sa chás, más féidir
uainn;
Is rachaidh Síol Ádhaimh i n-áit a chéile
i n-uaimh.



25.



Tá an t-amhrán so ar fagháil i dhá láímh-
scríbhinn san Agadaimh, .i. Leabhar
Ruaidhrí Mhic Diarmada (Stowe I. V. I,
leath. 89) agus 23M23 141. Sórt aithrighe
is eadh é.



DON FHILE.



Is deimhin gur mór don óige chaitheas
go saobh
I n-imirt 's i n-ól, i spórt 's i rachmus
an tsaoghail;
Le tuile na ndeór tá dóthchus agam
i gCríost
'S nach bhfuilim acht beó gan treóir
'mo leanbh arís.

5. Ba mhinic sa ló mo mhóide ag labhairt
go baoth,
S ní chuirim a chóir de nós na n-aith-
eanta síos;
Do leiginn go leór de ghlór na heag-
luise dhíomh,
Ag imtheacht gan seól i ród na bpeac-
thach faríor.



Guidhim-se ar Eóin ar Phól 's ar
Pheadar na naomh,
Mo thuirse mo bhrón 's mo dheóra
ghlacadh dom Rígh;
Sin m'fhuil agus m'fheóil 's mo lón i
n-aithbhior mo ghníomh
'S le croidhe na strócach fógraim
m'anam do Chríost.



Is diomhaoin don tí bhíos go failleach i
dtréas
Gan fíor-chaoi go síoraidhe le falcadh
na ndéar,
'S go saorfaidhe gach mí-ghníomh le
haithreachus géar
Sul sínfidhe bhar dtaobh síos i leabaidh
na ndael.



26.



Seo roinnt giotaí a fuaireas san leabhar
23M23, leathgh. 141 agus 142.



(A). Rann a chuir Seán ag triall ar
Thoirdhealbhach Óg Mhac Donnchadha. Dligh-
eadóir mór-chlú do b'eadh Toirdhealbhach.



Mo chomhairle don Chomhairleach, is
glacadh a scíth
Ón ród is ón ól is ó chaismirt an
dlighe;
Tá stór agat, h'óigbhean, do theach is
do mhaoin;
Ní mór dhuit gach sógh feasta is dearc
ar do shaoghal.



Freagra Thoirdhealbhaigh:



5. An chomhairle sin thug Seán Óg dá
charaid go caoin,
Ní dóith mhaith go dteóra acht go bhfac-
thas don tsaoi
Gur órduigh le dóchchus fir Shacsan go
claon
Nach cóir do mo shórt-sa beith ag cais-
mirt an dlighe.



(B). Rann a chuir Seán ag triall ar
Bhrian Ó hUiginn. Sa láimhscríbhinn tá
"S. G." le hais an rainn seo á thaisp-
eáint gur b'é Seán a cheap é:



Cléireach corónach cródha céillidhe
ceart
10. Tréitheach eólgach mórdha i méinn 's i
reacht;
Aon de phór-shliocht Eoghain is Néill na
gcath;
Go ndéanaidh cóir ar ndóigh de réir a
shean.



(C). Pas a scríbh Seán do Dhochtúir éigin.
Seo mar atá an teideal sa láimhscríbhinn:
"Privilegium seo Diplom. C. N., D. M."
Níl an giota so go léir ann, amh.



A Chonchubhair, tá h'fhortún-sa déanta,
Ó rug tú ar do shiubhal go séanmhar;
15. Bain ocht dtuistiúin as fuiliughadh do
mhéirdrighe,
Is patacún do mhac búir is éagnach.



Bí 'do dhochtúir scoramhail i mbéasaibh,
Fiagh geal-phlúr is ceathramhna caerach
Nó bagún is gambún na céise
Is leabhaidh chlumhach go leathnughadh an
lae ghil.



Caith tobaca is beathuisce cléithe
Is dein aithris ar labhairt gach éin-fhir
Tá do phatent gan barradh go n-éag air.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services