Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. VI.
Title
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. VI.
Author(s)
Ó Murchadha, Liam,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. (ar leanamhaint) Is fá'n am so chuir an bhanríoghain Iarla Urmhumhan, iar dtabhairt teidil Presiodún Mumhan dó, ó Shacsaibh go hÉirinn, go sluaghaibh sár-iomdha leis, chun cathuighthe le Gearaltaigh. Iar na chlos do Rígh na Spáinne an cathughadh is an comh-seasamh do bhíodh ag na Gearaltaigh dá dhéanamh i nÉirinn ar son a gcreidimh, cuireas tuairim ocht gcéad fear fé n-a gceann feadhna Sebastianus chun cabhartha agus conganta leó. Iar n-a chlos ar feadh na hÉireann gur ghabhadar na Spáinnigh seo cuan sa taobh thiar-theas d'Éirinn, gluaiseas Seón Graé, ba Fó-rí Éireann an tráth-san, go sluagh-bhuidhean leis, go dtárla dhó Iarla Urmhumhan go n-a shluaghaibh iar dteacht ó Shacsaibh, amhail adubhramair; gur thrialladar le chéile d'ionnsaighe na Spáinneach. Iar dteacht i dtír dóibh, gabhaid foslongphort san áit dá ngarmthear Gleann an Óir, agus cuirid iad féin i bhfuirm is i bhfíor-órdughadh cos- naimh is cosanta ann — óir do bhí suidheachán fíor-dhaingean na háite sin go sár-oireamh- nach dhóibh — go teacht Gearaltach chucha. Dála an Fhó-ríogh, Graé, agus Iarla Ur- mhumhan, triallaid go réim-dhíreach gus an áit i gcualadar na Spáinnigh do bheith; agus iar rochtain do láthair dóibh, gabhaid ag tuargain is ag tréan-lámhach le na ngunnaíbh beaga is móra ortha. Gidheadh, do rineadar na Spáinnigh caomhnadh is cosnamh calma comh-chródha ortha féin ionnnus nach ráinig dochar ná díoghbháil iad. Tuairim dafhichid lá ar an órdughadh soin dóíbh, gur ghaibh tuirse fé dheóidh sluagh Shacsan; óir do b'é an geimhreadh do bhí aca an tráth-san, .i. i meadhon míosa December. Uime sin cuir- reas an Fho-rí teachta chun cinn feadhna slóigh na Spáinneach teacht dá agallamh. Thárla, trá, go raibh uasal dáirithe de na Plaincéadaigh, Éireannach tháinig leis na Spáinnigh an tráth soin, i n-a bhfochair, go ndubhairt leó gan creideamhain do thabhairt do choingheallaibh cealgacha ná do gheallamh- naibh gnáth-cholgacha na nGall. Gidheadh nochar bh'fhearrde dhó, óir triallas Sebas- tianus agus árd-chaptaen an tsluaigh .i. Stephanus Sanioséphus go campa na nGall, go rugadar an Plaincéadach mar idirlabharthach leó; agus iar ndul i bhfochair is i bhfiadhnuise an Fhó-ríogh dhóibh do freas- taladh agus do friotháladh go fíor-onóireach aige iad, agus labhras go miochair milis- bhriathrach leó, go ndubhairt go bhfuighidís uaidh na cobhtha is na coinghill badh dhual is badh dhleacht d'fhearaibh a gcalmachta is a gcomh-chródhachta. Gidheadh an tan d'fhiaf- raigheadar den Phlaincéadach .i. an fear teangan, créad do bhí ag an bhFó-rígh dá rádh riu, isé d'innis an Plaincéádach dóibh gurab é an nídh adubhairt ná tiubhradh coingheall ar bith dhóibh, agus muna luighidís fé n-a ghrásaibh go ndéanfadh bás is bith-éag d'imirt go huile is go hiomshlán ortha. Dubhradar-san leis a iarraidh ar an bhFó-rígh scoile dhóíbh agus a n-airm, a n-éadach is a n-iolmhaoine eile leigean leó. Gidheadh isé dubhairt an Plaincéadach gurab é a bhfreagra ná glacfaidís coingheall ar bith uaidh go déanfaidís seasamh is síor-chosnamh san áit i rabhadar go teacht Gearaltach chucha; gidheadh, do bhrathadar fá dheóidh nach é an comhrádh cóir do chanadh an Plaincéadach leó de gach leith, ionnus ar bhfagháil fear teangan eile do chraobhscaoil a gcomhrádh de gach leith dhóibh, d'órduigheadar an Plain- céadach do chur i n-iarnaibh agus bragha a
dhéanamh dhe ar an láthair sin; agus is gearr grod-fhoclach do bhádar ag déanamh na gcoingheall, cé go mbíodh an Plaincéadach ag éigheamh is ag athghoirt as a ghéibheann is as a chruadh-chuibhreach ortha gan cailleamhain amhla-san ár chúis an chóir-chreidimh, agus gur ghearr go dtiocfaidís na Gearaltaigh le cabhair is le congnamh chucha, agus nach faca d'fhéadfadh an Fó-rí an machaire do sheasamh le fliche is le fuaire na haimsire. Do bhádar dias eile oifigeach ann ler mhian an chomhairle thug an Plaincéadach uaidh do leanamhain, agus dubhradar gur chóir a glacadh, .i. Captaen na cuideachtan tháinig as Cantabria san Spáinn agus Hercules Pisanus; gidheadh do rinneadh na coinghill, agus tugadar dearbhtha is dian-mhóide seasamh chucha de gach leith. Gidheadh, iar dtabhairt na Spáinneach i n-ionad cosnaimh suas, do b'éigin dóibh a n-airm do leagadh, agus iar mbeidh amhla-san gan arm dóibh do lingeadar na Gaill de gach taobh ortha, ionnus nár fhágadar duine ar marthain díobh gan marbhadh ar an láthair sin acht Sebast- ianus amháin, agus do chuireadar é sin as Éirinn dá éis sin. Dála an Phlaincéadaigh, tógbhaid dá éis sin as a ghéibheann é, agus brisid go brúscar le casúraibh cnámha a lámh is a chos, gur éag go ró-pheannaideach ar an órdughadh soin. Iar dtriall as-san don Fhó-rígh, fágbhas drong-bhuidhean i ngach baile cuain is cathair san Mumhain, gur órduigh dóibh ionnsaighe eascáirdeamhail do thabhairt ar na Gearal- taigh i ngach áit, agus creachadh is comh- argain do dhéanamh ortha. Dála na Gear- altach cruinnighid is comh-thionólaidhgo réim- dhíreach go Gort na Tiobraide san gClaon- ghlais i gCo. Luimnigh chun cathuighthe leó, go dtárla an sluagh Gallda go n-a gceann feadhna Herbert dóibh ar an láthair sin. Thárla go raibh fá'n am soin i bhfochair na nGearaltach an t-eagailseach ionnraic oir- dhearc, .i. Dochtúir Sanders, Sacsanach, go ndubhairt leó a námhaid d'ionnsaighe, agus go raghad féin ar an gcnoc do bhí os cionn ionaid an chatha, ag guidhe Dé ar a son, agus go bhfanfadh ar a ghlúinibh ann go fuinidh a shaoghail muna ngabhaidís buadh catha an lá soin. Is annsoin d'órduigh Seán Mhac Gearailt, dearbhráthair an Iarla, .i. ceann feadhna an tslóigh, don mharcshluagh a gcapall is a n-airm throma d'fhágbháil dá n-éis agus a námhaid d'ionnsaighe dá gcois gan fuireach. Do rineadh amhla-san aca, agus leis sin lingid go teann tréan troigh- éascaidh ar measc a námhad ionnus go dtugadar dearg-ár is dian-ruathar ortha, ar mhodh ná deachaidh acht fír-bheagán, go háirithe dá gcoisidhthibh uatha gan leadradh is lán-treascairt ar an láthair sin. Go grod dá éis seo triallas Malby, Presiodún Connacht, go sluagh-bhuidhean leis, gus an áit dá ngairmthear Eanach Beag i gCo. Luimnigh, go dtárla dhó ann Uilliog agus Seán de Búrc, clann Iarla Chloinne Riocaird, agus Peadar is Seán de Léis, go sluagh-bhuidhean leó, fé n-a gceann feadhna Tomás Mhac Seáin Mhac Gearailt. Iar rochtain a chéile don dá shluagh do fearadh cath créáchtach crólinnteach eatortha, i n-ar briseadh do na Gearaltaigh fé dheóidh. Gidheadh, le briseadh dhóibh, tháinig Seángo na shluagh faoi an láthair, agus leis sin iompuighid ar a námhaid, go rabhadar agá dtreascairt is agá dtréan- leadradh ar feadh uaire go leith, ionnus, iar dtuitim urmhór na nGall san iorghuil sin, gur bhriseadar fá dheóidh. Do thuit Tomás mhac Seáin Mhac Gearailt, agus Tomás Ó Briain an ridire san iorghuil sin.
Triallaid na Gearaltaigh ón láthair sin go hEatharla mar ar chlos dóibh campa gallda bheith, ag Cill Uais, agus iar rochtain ar an láthair sin dóibh ionnsaighid féin is na Gaill a chéile, agus iar mbeith ar feadh trí n-uaire ag tnáhadh is ag tréan- tolladh a chéíle, do bhriseadar na Gaill fá dheóidh, iar n-a leadradh agus iar n-a lán- ruagadh as an machaire go hiomlán. Gá dtáim ris! Do bhí Seán go n-a shluagh ar feadh dhá bhliadhan ag cosnamh cogaidh agus ag cathughadh leó ar an órdughadh soin, go rug buadh i dtrí chéad iorghuil ortha, óir thugadh ionnsaighe laetheamhail i n-áit éigin ortha. Thárla trá fé dheóidh, gur chuir Seán teachta chun Páraig Cundún, Tighearna Cundúnach, agus chun Seanascáil Íbh Mac Coille, coinne dhéanamh leis os íseal i bhfochair Dháith de Barra, mac is oighre an Bharraigh Mhóir, i gCaisleán Ó Liatháin; agus triallas féin agus Séamus mhac Seáin, oighre Sróna Caillighe, os íseal, go seachtar marcach maille riú chun an ionaid coinne. Cuireas eascara éigin do Sheán scéala roimhe chun Zouch, Presiodún Mumhan an tráth-san, Seán bheith ag dul go haonaránach san eachtradh soin. Leis sin triallas Zouch as Corcaigh san oidhche, agus drong-bhuidhean leis, go raibh le héirighe an lae taoibh le Caisleán Ó Liatháin, agus gur ghaibh san bhealach chéadna i n-ar hinnseadh dó Seán bheith le teacht. Dála Sheáin, iar dteacht dó féin is dhá bhuidhin i bhfogus do Chaisleán Ó Liatháin, túirlingid taoibh le coill do bhí ann; agus níor chian dóibh annsoin an tan chonnarcadar Zouch is a dhrong-bhuidhean dá n-ionnsaighe. Do tuigeadh dóibh ar dtúis gurab é Dáith de Barra agus na huaisle eile do bhí ann; gidheadh, iar bhfaicsin a ndearmaid dóibh gabhaid a gcapaill le dul ar marcaigheacht. Gidheadh nocha bhféad- fadh Seán dul ar a chapall; óir do thréig neart a chnámh agus lúth a chuirp é, cé go madh neamh-chlaoidhte a aigne, agus go madh beódha a mhisneach i ngach guais nó gábhadh roimhe sin; agus iar dteacht dá fhearaibh chun a chur ar marcaigheacht, nochan leigfeadh an t-each dhóibh é, acht ag éirighe ar a chosaibh tosaigh is deiridh, cé go madh socair suaimh- neasach riamh roimhe sin é, agus go madh mhór a mhisneach, agus go madh mhórdhálach a mheanmna ag dul don mhachaire. "Imthighidh, a cháirde ionmhuine," ar Seán, "óir do-chím-se go dtáinig mo lá." Leis sin rithid fá'n gcoill do bhí i gcomh- fhogus dóibh. Gidheadh tilleas Séamus mhac Seáin, oighre Sróna Caillighe tar 'ais go ndubhairt: "Nocha dtréigfead féin mo churadh is mo chaith-mhíle ghnáith-eachteach, agus mo charaid ionmhuin," ar sé; "agus fé mar do rineas a choimhdeacht i n-a bheathaidh déanfad an céádna i n-a bhás." Iar sin lingid na Gaill timcheall na díse deagh-laoch soin; gidheadh ba rogha leó-san a mbás 'ná a n-airm do thabhairt suas. Leis sin tug aon de na gallaibh sáthadh sleighe ar Sheán i n-a bhrágh- id, gur mhairbh ar an láthair sin é, cé gura mheas Zouch a ghabháil i n-a bheathaidh dá mb'fhéidir é. Tomás Pléimionn do b'ainm don fhear so ler marbhadh SEán, agus adeirthí gurab seisbhíseach dhó roimhe sin é. Do rineadar bragha de Sheámus, agus do rineadar SEán do dhíthcheannadh, agus do chuireadar a cheann go hÁth Cliath, go raibh go cian le faicsin ar sparra an Chaisleáin ann. Do rugadar a chorp go Corcaigh, agus do chuireadar i mbrannraighibh go síoth- árd ar gheata na cathrach é, go raibh ar feadh a trí nó a ceathair de bhliadhnaibh ann, gur theilg stoirm amach fé'n abhainn é.
Dála Shéamuis, iar n-a bhreith 'n-a bhragh- aid go Corcaigh, is gearr gur lean a bhráthair Seán don tsaoghal eile. Iar gciorrbhadh na gcuraidhe romhráidhte amhla-san, agus ná fágbhadh cinn feadhna ar bith ag an Iarla dá chomhfhogus féin, acht Muiris Mhac Gearailt amháin — do b'é seo an Muiris do chuaidh don Spáinn dá éis seo — do rin Gearóid mhac Séamuis, .i. an tIarla, ceann feadhna an tslóigh dhe. Agus cuireas féin crios coimhleathan um a chom, go ndeachaidh don mhachaire maraon leis, go raibh ar feadh trí mbliadhan ag cathughadh go calma comh-chródha le n-a námhaid; gur chuir an bhanríoghain teachta chuige fá dheóidh ag tairgsin síthe agus síothchána dhó agus ag geallamhain ar imthigh thársa do thabhairt i ndearmad, agus fós seilbh sítheóilte a shaor-fhearann do thabhairt dó ar choingheall go gcuirfeadh Dochtúir Sanders chuici go Sacsaibh. Gidheadh, do dhiúltuigh an tIarla sin, cé go bhfacaidh neart a námhad ag fás agus a neart féin ag claochlódh; óir ní fhoidhneóghadh a chreideamh ná a choinsias dó an t-eagailseach oirdhearc onóireach do chur i gcóir a anma do chailleamhain. Leis sin triallas as Conntae Luimhnigh go Tiobrad Árann ag tógbháil creach; go gcualaidh go raibh campa Gallda san áit dá ngairmthear Gort na Pise; go dtug Gearóíd órdughadh dá shluagh amus ainbhfiosach anfhórlannach do thabhairt san oidhche ortha, ionnus an méid nár mharbhadar is nár ghabhadar díobh, do phusáladar fá chosaibh a gcapaill iad. Triallas Gearóid dá éis sin go Caiseal ag tógbháil creach roimhe i ngach áit 'n-a ngabhadh. Iar n-a chlos ar feadh na tíre Iarla Dearmhumhan do bheith ag tógbháil creach amhla-san leanaid triúr dearbhráthar Iarla Urmhumhan é, .i. Éadbhard, Peadar agus Éamonn. De lean fós iad Mac Phiarais, .i. Barún Dúna Búine, an Puir- séalach Barún Luachma, agus mórón eile de thaoiseachaibh Buitléarach go sluaghaibh sár- iomdha leó; gur ionnsaigheadar féin agus na Gearaltaigh a chéile ag Cnoc Grafan gur briseadh do na Gearaltaigh i dtúis na hiorghaile, acht Seanascál Uíbh Mac Coille go n-a bhuidhin amháin. An tan chonnarcadar an líon do bhris díobh an Seanascáil ag seasamh agus ag síor-chathughadh san mhachaire amhla-san iompuighidh tar ais agus tugadar aghaidh ar a námhaid, ionnus iar mbeith go cródha cianfhada ag ciorrbhadh is ag comh- thuargain a chéile gur bhriseadar na Buit- léaraigh i dtrí rannaibh fé dheoidh; gur leanadar na Gearaltaigh an ruaig orthu go portaibh pór-uaithne na Siúire, ionnus an méid nár mharbh dhíobh gur báthadh a n-urmhór san ruathar soin. Do chuadar na Gearal- taigh i gcomhairle an leanfaidís tar an abhainn iad. Gidheadh, adubhairt an Seana- scál leó gan a leanamhain, óir go rabhadar féin agus a gcapaill tuirseach, agus fós go raibh an tuile ró-thréan. Do cinneadh an chomhairle sin aca, agus do luigheadar annsoin ar a n-armaibh go maidin, óir do bhí sé déadhnach san lá an tráth-san. Triall- aid as soin go Caiseal go dtárla Ribeard Inglis go sluagh-bhuidhean leis dóibh taoibh le Caiseal, agus do fearadh coinsgleó eatortha i n-ar briseadh do Ribeard iar marbhadh agus iar ngabháil urmhór a shluagh. Is fá'n am so do chuir an bhanríoghain forfhógra genereálta ar feadh na hÉireann, ag tairsgin a bpádún agus a mbeathadh do gach n-aon g'iompóghadh chun umhla don choróinn, acht amháin don Iarla agus dá bhráithribh; ionnus gur thréigeadar na huaisle go hionshlán é agus urmhór a shluagh, ionnus gur fágbhadh ar uathadh buidhne amhla- san é. Iar mbeith ar an órdughadh soin dó,
triallas go Conntae Chiarraighe; óir do bhí tnúth aige le cabhair agus le congnamh ón Spáinn an tráth soin; go raibh tréimhse agá cheilt is agá chomh-dhíon féin i measc coillte curruighthe agus cabhán. Agus ó ná raibh meadhón eile cothuighthe aige dhó féin agus don mhéid fear d'fhan in'fhochair, do bhídís ag déanamh creach ar feadh na comhursan- achta; agus iar ndul amach lá d'áirithe dhóibh do-chum na críche sin, do bhaineadar a héadach go huile de mhnaoi uasail d'áirithe agus d'fhágbhadar nochtaithe dá n-éis í. Iar n-a chlos-san do dhias dearbhráthar do bhí ag an mnaoi uasail, do ba chomh-dhaltaí don Iarla féin, triallaid go ndrong-bhuidhin leó dá thóraidheacht, go bhfuaradar é, le héirighe an lae an t-aonmhadh lá déag de Nobhember san mbliadhain 1583 sa ghleann coille i n-a raibh, .i. Gleann na Guinte i n-a uathadh is in'aonar; ór do theicheadar an dias mharcach do bhí in'fhochair, .i. Seán mhac Uilig agus Séamus Mhac dáith do shábháil a n-anma. Do bhí fós Conchubhar Ó Dála, do ba cheann feachna ar an mbeagán buidhne do bhí aige, sa cheann eile den ghleann, ag coimeád creiche do thugadar leó an lá roimhe sin; ionnus, iar n-a fhágháil amhla-san dóibh gur lingeadar i n-a úir-thimcheall. Leis sin téid aon dá bhfearaibh, .i. Domhnall Ó Caolluighe isteach don chuasán i n-a raibh, agus baineas a lámh dheas agus ceachtar dá chluasaibh den Iarla uasal, agus tarraingeas amach amhla-san é. Tógbhaid leó ar an órdughadh soin é. Gidheadh, ó nach féadfadh siubhal mar badh mhian leó, óir do laguigh tréigean na fola é, baineas an Domhnall romh-ráidhte a cheann céillidhe ceirt-bhriath- rach dhé, agus fágbhaidh a chorp cródha cneas- aolta fá fhaol-chonnaibh allta agus fá éanaibh an aéir: óir do b'eagal leó an Conchubhar romh-ráidhte Ó Dála agus a dhrongbhuidhean ortha do bhí ag tafan 'n-a ndiaidh an tráth-san; gidheadh ní ráinig leis, óir do shoicheadar an an campa gallda sul do rug ortha. Cuirid an ceann an oidhche sin, agus sluagh-bhuidhean leis, go Corcaigh, agus as-san go Sacsaibh, gur curieadh annsoin i bhfleascaibh práis é, agus gur crochadh go síoth-árd le slabhraidhibh a mullach Túir Lunndaine é. Iar gcríochnughadh a bheathadh do Ghearóid uasal mhac Séamuis amhla-san, iar mbeith chúig bhliadhna fichead in' Iarla Deasmhumhan do b'éigin dá chomhfhogus teicheadh as Éirinn, ionnus go ndeachaidh a n-urmhór don Spáinn. Gidheadh, Tomás mhac Seáin, mac dear- bhráthar an Iarla, do chuaidh sin don Róimh, go raibh tréimhse ann. Tháinig as-san don Spáinn, agus as-san go hAlbain. Gidheadh, ní cian do bhí annsoin an tan ba chlos don bhanríoghain a bheith ann, ionnus go mba éigean dó triall ar éalódh oidhche as, go ndeachaidh tar ais don Spáinn, iar ngabháil tré Fhlóndrus, tríd an bhFrainnc agus tríd an Iodáil dó. Gidheadh, dá éis sin, san mbliadhain 1594 do chuir Rí na Spáinne go hÉirinn é, maraon le hÁrd-easpog Thuama agus uasal eile d'áirithe as Catabria san Spáinn dar bh'ainm Meridos; agus do gheall dóibh sluagh iomdha do chur 'n-a ndiaidh. Gidheadh, d'éag Tomás mhac Seáin san eachtra soin. Tráchtfam anois ar an gcrích d'imthigh ar an mbuidhin do bhí cionntach i mbás an Iarla, go háirithe ar Dhomhnall Ó Caolluighe do bhuain a ceann dé; óir do chuaidh Domhnall dá éis sin go Sacsaibh, agus gabhas ag robáil ann, gur crochadh ann é, cé gur iarr Iarla Urmhumhan a anam dó. Eóghan, iomorro, mac Dhomhnaill Uí Mhuircheartaigh, .i. comh-dhalta an Iarla, agus ceann feadhna na buidhne do bhí dá thóraigheacht — cé gur
shaor an tIarla roimhe sin ón gcroich é, d'aimhdheóin na ngiúistisí, de thaoibh gaduidhe- achta chapall — do mhair chúig bhliadhna déag d'éis bhási an Iarla. Gidheadh, do crochadh fá dheóidh le Barún Lic Shnámha, .i. an Tigh- earna Ciarraigheach é. Séamus, mac Thomáis Ruaidh, do gairm- eadh mar iarla la n-a chomhfhogus féin é. Gidheadh, do scaoil Banríoghain Eilís as príosún, i n-aghaidh an tSéamuis chéadna so, Séamus mhac Gearóid, agus do theilg an chéad tSéamus insa bpríosún chéadna, .i. o dTúr Lunndaine, go bhfuair bás ann — ní gan amhras gur nimh do guair sé. Do b'é athair an tSéamuis seo Tomás Ruadh, an dearbhráthair ba shine 'ná an tIarla Gearóid do luadhamair roimhe seo i dtráchta ar phósadh aindlightheach a mháhar. Do mhair sé iar n-éag a thriar dearbhráthar, .i. Gearóid, Seán, agus Séamus; óir d'fhan sé go socair sítheóilte ar fead an chogaidh is an chomh-ruathair sin Gearaltach i n-a dhún is 'n-a dheagh-árus féin, .i. ag caisleán cosan- tach cian-ársa Chonaithe, gur éag ann, agus gur fhág dá éis dias mhac, .i. Séamus agus Seán. Dála na díse tréan-uasal soin, ba chiach agus ba chásmhar leó fearainn agus fír- bheatha a sean agus a sáir-shinsir féin d'fhaicsin i lámhaibh eiriceach agus eachtrann; óir do roinn an bhanríoghain an iarlacht ar na gallaibh. Uime-sin cruinnighid agus comhthionólaidh an líon sluagh agus sochaidhe is mó do bh'fhéidir leó, ionnus go rabhadar ar feadh trí mbliadhan ag creachadh, ag ciorrbhadh, agus ag comh-bhuaireamh na ngall ar feadh na Mumhan; go dtugadar bualadh machaire dhóibh fá dheóidh, i n-ar briseadh do na gallaibh agus dá gceann feadhna Norris do ba phríomh-thaoiseach Mumhan an tráth soin. Deich míle fear líon sluagh Gearaltach an lá soin. Iar bhfaicsin fáis treise agus tréine Gearaltach dhon bhanríoghain agus gur gabhadh Séamus mhac Tomáis in'iarla aca, do smaoin créad an modh ar a bhféadfadh comhbhuaireamh do dhéanamh eatortha féin leis sin scaoileas do Shéamus mhac Gearóid, .i. mac an Iarla, do bhí ar feadh seacht mbliadhan déag roimhe sin i ngéibheann i dTúr Lunndaine — ó do chuir an chunntaois, a mháthair féin i ngiall ar son a athar ann é — agus cuireas go hÉirinn é, iar dtabhairt gairme agus gnáith-theidil Iarla Deasmhumhan dó; agus iar dteacht go hÉirinn dó do ghaibh seilbh na hiarlachta, óir do b'é an t-oighre ceart é. Leis sin tréigid a shluagh agus a shíor-chomhfhogus Séamus mhac Tomáis, agus gabhaid le Séamus mhac Gearóid, ionnus go mba éigean don chéad tSéamus go n-a bheagán buidhne imtheacht ar measc cnoc agus cabhán agá cheilt agus agá chomh- dhíon féin ar a námhaid. Gidheadh, chailleadar a bhuidhean féin air fé dheóidh; óir do rineadar bragha dhe, agus iar mbeidh amhla- san dó, tógbhaid leó é chun Seóirse Carew an ridire órthado ba Phresiodún Mumhan an tráth soin. Gidheadh, iar dteacht i bhfoigse sé mhíle don áit i n-a raibh an Presiodún go n-a shluagh-bhuidhean, thárla drong-bhuidhean d'uaislibh áirithe dhóibh, agus do scaoileadar Séamus as a chruadh-chuibh- reach, gur shaoradar den chuaird sin é. Iar n-a scoile amhla-san dhó. Uime sin do bhíodh agá fholach agus agá anacal féin go ndearnaidh an Ridire Fionn bragha dhé fá dheóidh iar n-a fhagháil i n-uaimh thalmhan; go rug as-soin chun an Phresiodúin é, gur cuireadh go Sacsaibh; agus iar mbeith seacht mbliadhna i ngéibheann i dTúr Lunndaine,
d'éag ann fá dheóidh. Do chuaidh a dhearbh- ráthair Seán don spáinn, agus iar mbeith tréimhse i bhfochair Ríogh na Spáinne, d'éag sé, gur fhág dá éis mac, .i. Gearóid mhac Seáin, ar a dtráchtfam i n-a ionad féin. Séamus mhac Gearóid, do tugadh mar ghiall ar son a athar é, amhail adubhramair; agus iar gcaitheamh seacht mbliadhan déag i dTúr Lunndaine do scaoil an bhanríoghain as géibheann é. Do thug teideal Iarla Deasmhumhan dó, agus do chuir saor go hÉireann é. Gidheadh, iar dtraochadh nirt Shéamuis mhac Tomáis Ruaidh agus síothcháin déanta, ní raibh an bhanríoghain ní bhus mó i gcúram an Iarla go ndeachaidh tar ais go Sacsaibh, agus gur chríochnuigh a bheatha ann, ní gan amhrus gur nimh do fuair sé mar an gcéadna, Anno 1602. Iar bhfagháil gairm iarla do Shéamus mhac Gearóid, amhail adubhramair, ní cian d'fhan i nÉirinn an tan do chuaidh go Sacsaibh go bhfuair nimh le hól ann, iar mbeith aon bhliadhain amháin in'iarla. Gearóid mhac Seáin mhac Tomáis Ruaidh, an fear déadhnach; do fuair tré Rígh na Spáinne teideal captaoin gárdaí Impire na GEarmáinne Uachtaraighe; d'éag sé san mblidhain 1632. Agso an Gearóis ar ar thráchtamair grod roimhe seo. Do fuair ó Rígh na Spáinne — iar n-éag a athar ann, amhail adubhramair — teideal iarla, go ndeachaidh as soin don Almáinn, agus iar gcaitheamh trí mbliadhan ann gur éag fá dheóidh. Agsin sínte ar faon-luighe ag feóchadh agus ag fíor-chríonadh an crann cnuais- iomdha soin Gearaltach, do plannduigheadh agus do príomh-chuireadh ar dtúis i nÉirinn le Muiris mac Ghearailt mhóir, agus do leathnuigh, agus do lán-oscail a géaga glasa glé-thorthacha os cheithre chóige chian-fhairsinge Éireann, le ré cheithre céad ar chaogaid bliadhan. Do bhí le linn an chrainn seo bheith fé bhláth is fé mheas i nÉirinn, caogad d'fhíor-stoc Gearaltach do ba iarlaí, tigh- earnaí, bíocuin, barúin agus ridirí. Do b'é faid tighearnais nó iarlachta Iarla Deasmhumhan céad agus fiche míle Ghaedhlach, agus seacht míle is caogad a trasna. Do bhíodar fós os cionn céad caisleán chun cosnaimh is comh-seasaimh fá theideal is fá thréan-tarmuin Iarla Deasmhumhan. Do bhí fós dafhichid míle púnt d'árd-chíos bliadhn- tamhail ag teacht chun Iarla Deasmhumhan, i n-éaghmuis a raibh dá fhearannaibh i n-a lámhaibh féin agus i lámhaibh a chomhfhoguis agus a chomh-bhráithre amhail tuigthear as an roinntugadh ar an iarlacht tar éis díth- cheannadh an Iarla Gearóid. Agsin túismhiughadh teacht agus tréan- chosnamh, críochnughadh ciorrbhadh agus craobh- scaoile gníomha geineallach agus gnáith- éachta Gearaltach i nÉirinn go dtí so, .i. 1655, ón gcéad fhear tháinig go hÉirinn díobh, .i. Muiris. Geineallach Mhuiris, iomorro, mar seo: Muiris, mac Gearailt mhóir, mac Muiris, mac Seáin, mac Riobaird, mac Uilliam, mac Riocaird mhóir, .i. connstábla árd ríogh Shacsan i gcúirt pharliament Uindsor.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services