Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. VI.

Title
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. VI.
Author(s)
Ó Murchadha, Liam,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Craobhscaoile
Gearaltach i nÉirinn.



(ar leanamhaint)



Is fá'n am so chuir an bhanríoghain Iarla
Urmhumhan, iar dtabhairt teidil Presiodún
Mumhan dó, ó Shacsaibh go hÉirinn, go
sluaghaibh sár-iomdha leis, chun cathuighthe le
Gearaltaigh. Iar na chlos do Rígh na Spáinne
an cathughadh is an comh-seasamh do bhíodh ag
na Gearaltaigh dá dhéanamh i nÉirinn ar son
a gcreidimh, cuireas tuairim ocht gcéad
fear fé n-a gceann feadhna Sebastianus
chun cabhartha agus conganta leó. Iar n-a
chlos ar feadh na hÉireann gur ghabhadar na
Spáinnigh seo cuan sa taobh thiar-theas
d'Éirinn, gluaiseas Seón Graé, ba Fó-rí
Éireann an tráth-san, go sluagh-bhuidhean
leis, go dtárla dhó Iarla Urmhumhan go n-a
shluaghaibh iar dteacht ó Shacsaibh, amhail
adubhramair; gur thrialladar le chéile
d'ionnsaighe na Spáinneach. Iar dteacht i
dtír dóibh, gabhaid foslongphort san áit dá
ngarmthear Gleann an Óir, agus cuirid
iad féin i bhfuirm is i bhfíor-órdughadh cos-
naimh is cosanta ann — óir do bhí suidheachán
fíor-dhaingean na háite sin go sár-oireamh-
nach dhóibh — go teacht Gearaltach chucha.



Dála an Fhó-ríogh, Graé, agus Iarla Ur-
mhumhan, triallaid go réim-dhíreach gus an
áit i gcualadar na Spáinnigh do bheith; agus
iar rochtain do láthair dóibh, gabhaid ag
tuargain is ag tréan-lámhach le na ngunnaíbh
beaga is móra ortha. Gidheadh, do rineadar
na Spáinnigh caomhnadh is cosnamh calma
comh-chródha ortha féin ionnnus nach ráinig
dochar ná díoghbháil iad. Tuairim dafhichid
lá ar an órdughadh soin dóíbh, gur ghaibh
tuirse fé dheóidh sluagh Shacsan; óir do b'é
an geimhreadh do bhí aca an tráth-san, .i. i
meadhon míosa December. Uime sin cuir-
reas an Fho-rí teachta chun cinn feadhna slóigh
na Spáinneach teacht dá agallamh.



Thárla, trá, go raibh uasal dáirithe de na
Plaincéadaigh, Éireannach tháinig leis na
Spáinnigh an tráth soin, i n-a bhfochair, go
ndubhairt leó gan creideamhain do thabhairt
do choingheallaibh cealgacha ná do gheallamh-
naibh gnáth-cholgacha na nGall. Gidheadh
nochar bh'fhearrde dhó, óir triallas Sebas-
tianus agus árd-chaptaen an tsluaigh .i.
Stephanus Sanioséphus go campa na
nGall, go rugadar an Plaincéadach mar
idirlabharthach leó; agus iar ndul i bhfochair
is i bhfiadhnuise an Fhó-ríogh dhóibh do freas-
taladh agus do friotháladh go fíor-onóireach
aige iad, agus labhras go miochair milis-
bhriathrach leó, go ndubhairt go bhfuighidís
uaidh na cobhtha is na coinghill badh dhual is
badh dhleacht d'fhearaibh a gcalmachta is a
gcomh-chródhachta. Gidheadh an tan d'fhiaf-
raigheadar den Phlaincéadach .i. an fear
teangan, créad do bhí ag an bhFó-rígh dá
rádh riu, isé d'innis an Plaincéádach dóibh
gurab é an nídh adubhairt ná tiubhradh
coingheall ar bith dhóibh, agus muna luighidís
fé n-a ghrásaibh go ndéanfadh bás is bith-éag
d'imirt go huile is go hiomshlán ortha.
Dubhradar-san leis a iarraidh ar an bhFó-rígh
scoile dhóíbh agus a n-airm, a n-éadach is
a n-iolmhaoine eile leigean leó. Gidheadh
isé dubhairt an Plaincéadach gurab é a
bhfreagra ná glacfaidís coingheall ar bith
uaidh go déanfaidís seasamh is síor-chosnamh
san áit i rabhadar go teacht Gearaltach
chucha; gidheadh, do bhrathadar fá dheóidh nach
é an comhrádh cóir do chanadh an Plaincéadach
leó de gach leith, ionnus ar bhfagháil fear
teangan eile do chraobhscaoil a gcomhrádh
de gach leith dhóibh, d'órduigheadar an Plain-
céadach do chur i n-iarnaibh agus bragha a


L. 419


dhéanamh dhe ar an láthair sin; agus is gearr
grod-fhoclach do bhádar ag déanamh na
gcoingheall, cé go mbíodh an Plaincéadach
ag éigheamh is ag athghoirt as a ghéibheann is
as a chruadh-chuibhreach ortha gan cailleamhain
amhla-san ár chúis an chóir-chreidimh, agus
gur ghearr go dtiocfaidís na Gearaltaigh
le cabhair is le congnamh chucha, agus nach
faca d'fhéadfadh an Fó-rí an machaire do
sheasamh le fliche is le fuaire na haimsire.
Do bhádar dias eile oifigeach ann ler mhian
an chomhairle thug an Plaincéadach uaidh do
leanamhain, agus dubhradar gur chóir a
glacadh, .i. Captaen na cuideachtan tháinig
as Cantabria san Spáinn agus Hercules
Pisanus; gidheadh do rinneadh na coinghill,
agus tugadar dearbhtha is dian-mhóide
seasamh chucha de gach leith. Gidheadh, iar
dtabhairt na Spáinneach i n-ionad cosnaimh
suas, do b'éigin dóibh a n-airm do leagadh,
agus iar mbeidh amhla-san gan arm dóibh do
lingeadar na Gaill de gach taobh ortha,
ionnus nár fhágadar duine ar marthain díobh
gan marbhadh ar an láthair sin acht Sebast-
ianus amháin, agus do chuireadar é sin as
Éirinn dá éis sin. Dála an Phlaincéadaigh,
tógbhaid dá éis sin as a ghéibheann é, agus
brisid go brúscar le casúraibh cnámha a
lámh is a chos, gur éag go ró-pheannaideach
ar an órdughadh soin.



Iar dtriall as-san don Fhó-rígh, fágbhas
drong-bhuidhean i ngach baile cuain is cathair
san Mumhain, gur órduigh dóibh ionnsaighe
eascáirdeamhail do thabhairt ar na Gearal-
taigh i ngach áit, agus creachadh is comh-
argain do dhéanamh ortha. Dála na Gear-
altach cruinnighid is comh-thionólaidhgo réim-
dhíreach go Gort na Tiobraide san gClaon-
ghlais i gCo. Luimnigh chun cathuighthe leó, go
dtárla an sluagh Gallda go n-a gceann
feadhna Herbert dóibh ar an láthair sin.
Thárla go raibh fá'n am soin i bhfochair na
nGearaltach an t-eagailseach ionnraic oir-
dhearc, .i. Dochtúir Sanders, Sacsanach, go
ndubhairt leó a námhaid d'ionnsaighe, agus
go raghad féin ar an gcnoc do bhí os cionn
ionaid an chatha, ag guidhe Dé ar a son,
agus go bhfanfadh ar a ghlúinibh ann go fuinidh
a shaoghail muna ngabhaidís buadh catha an
lá soin. Is annsoin d'órduigh Seán Mhac
Gearailt, dearbhráthair an Iarla, .i. ceann
feadhna an tslóigh, don mharcshluagh a
gcapall is a n-airm throma d'fhágbháil dá
n-éis agus a námhaid d'ionnsaighe dá gcois
gan fuireach. Do rineadh amhla-san aca,
agus leis sin lingid go teann tréan troigh-
éascaidh ar measc a námhad ionnus go
dtugadar dearg-ár is dian-ruathar ortha,
ar mhodh ná deachaidh acht fír-bheagán, go
háirithe dá gcoisidhthibh uatha gan leadradh is
lán-treascairt ar an láthair sin.



Go grod dá éis seo triallas Malby,
Presiodún Connacht, go sluagh-bhuidhean
leis, gus an áit dá ngairmthear Eanach
Beag i gCo. Luimnigh, go dtárla dhó ann
Uilliog agus Seán de Búrc, clann Iarla
Chloinne Riocaird, agus Peadar is Seán
de Léis, go sluagh-bhuidhean leó, fé n-a
gceann feadhna Tomás Mhac Seáin Mhac
Gearailt. Iar rochtain a chéile don dá
shluagh do fearadh cath créáchtach crólinnteach
eatortha, i n-ar briseadh do na Gearaltaigh
fé dheóidh. Gidheadh, le briseadh dhóibh,
tháinig Seángo na shluagh faoi an láthair,
agus leis sin iompuighid ar a námhaid, go
rabhadar agá dtreascairt is agá dtréan-
leadradh ar feadh uaire go leith, ionnus, iar
dtuitim urmhór na nGall san iorghuil sin,
gur bhriseadar fá dheóidh. Do thuit Tomás
mhac Seáin Mhac Gearailt, agus Tomás Ó
Briain an ridire san iorghuil sin.


L. 420


Triallaid na Gearaltaigh ón láthair sin
go hEatharla mar ar chlos dóibh campa
gallda bheith, ag Cill Uais, agus iar
rochtain ar an láthair sin dóibh ionnsaighid
féin is na Gaill a chéile, agus iar mbeith ar
feadh trí n-uaire ag tnáhadh is ag tréan-
tolladh a chéíle, do bhriseadar na Gaill fá
dheóidh, iar n-a leadradh agus iar n-a lán-
ruagadh as an machaire go hiomlán. Gá
dtáim ris! Do bhí Seán go n-a shluagh ar
feadh dhá bhliadhan ag cosnamh cogaidh agus
ag cathughadh leó ar an órdughadh soin, go
rug buadh i dtrí chéad iorghuil ortha, óir
thugadh ionnsaighe laetheamhail i n-áit éigin
ortha.



Thárla trá fé dheóidh, gur chuir Seán
teachta chun Páraig Cundún, Tighearna
Cundúnach, agus chun Seanascáil Íbh Mac
Coille, coinne dhéanamh leis os íseal i
bhfochair Dháith de Barra, mac is oighre an
Bharraigh Mhóir, i gCaisleán Ó Liatháin; agus
triallas féin agus Séamus mhac Seáin,
oighre Sróna Caillighe, os íseal, go seachtar
marcach maille riú chun an ionaid coinne.
Cuireas eascara éigin do Sheán scéala
roimhe chun Zouch, Presiodún Mumhan an
tráth-san, Seán bheith ag dul go haonaránach
san eachtradh soin. Leis sin triallas Zouch
as Corcaigh san oidhche, agus drong-bhuidhean
leis, go raibh le héirighe an lae taoibh le
Caisleán Ó Liatháin, agus gur ghaibh san
bhealach chéadna i n-ar hinnseadh dó Seán
bheith le teacht. Dála Sheáin, iar dteacht
dó féin is dhá bhuidhin i bhfogus do Chaisleán
Ó Liatháin, túirlingid taoibh le coill do bhí
ann; agus níor chian dóibh annsoin an tan
chonnarcadar Zouch is a dhrong-bhuidhean
dá n-ionnsaighe. Do tuigeadh dóibh ar
dtúis gurab é Dáith de Barra agus na
huaisle eile do bhí ann; gidheadh, iar bhfaicsin
a ndearmaid dóibh gabhaid a gcapaill le
dul ar marcaigheacht. Gidheadh nocha bhféad-
fadh Seán dul ar a chapall; óir do thréig
neart a chnámh agus lúth a chuirp é, cé go
madh neamh-chlaoidhte a aigne, agus go madh
beódha a mhisneach i ngach guais nó gábhadh
roimhe sin; agus iar dteacht dá fhearaibh chun
a chur ar marcaigheacht, nochan leigfeadh an
t-each dhóibh é, acht ag éirighe ar a chosaibh
tosaigh is deiridh, cé go madh socair suaimh-
neasach riamh roimhe sin é, agus go madh mhór
a mhisneach, agus go madh mhórdhálach a
mheanmna ag dul don mhachaire.



"Imthighidh, a cháirde ionmhuine," ar Seán,
"óir do-chím-se go dtáinig mo lá."



Leis sin rithid fá'n gcoill do bhí i gcomh-
fhogus dóibh. Gidheadh tilleas Séamus mhac
Seáin, oighre Sróna Caillighe tar 'ais go
ndubhairt:



"Nocha dtréigfead féin mo churadh is mo
chaith-mhíle ghnáith-eachteach, agus mo charaid
ionmhuin," ar sé; "agus fé mar do rineas
a choimhdeacht i n-a bheathaidh déanfad an
céádna i n-a bhás." Iar sin lingid na Gaill
timcheall na díse deagh-laoch soin; gidheadh
ba rogha leó-san a mbás 'ná a n-airm do
thabhairt suas. Leis sin tug aon de na
gallaibh sáthadh sleighe ar Sheán i n-a bhrágh-
id, gur mhairbh ar an láthair sin é, cé gura
mheas Zouch a ghabháil i n-a bheathaidh dá
mb'fhéidir é. Tomás Pléimionn do b'ainm
don fhear so ler marbhadh SEán, agus
adeirthí gurab seisbhíseach dhó roimhe sin é.
Do rineadar bragha de Sheámus, agus do
rineadar SEán do dhíthcheannadh, agus do
chuireadar a cheann go hÁth Cliath, go raibh
go cian le faicsin ar sparra an Chaisleáin
ann. Do rugadar a chorp go Corcaigh,
agus do chuireadar i mbrannraighibh go síoth-
árd ar gheata na cathrach é, go raibh ar feadh
a trí nó a ceathair de bhliadhnaibh ann, gur
theilg stoirm amach fé'n abhainn é.


L. 421


Dála Shéamuis, iar n-a bhreith 'n-a bhragh-
aid go Corcaigh, is gearr gur lean a
bhráthair Seán don tsaoghal eile.



Iar gciorrbhadh na gcuraidhe romhráidhte
amhla-san, agus ná fágbhadh cinn feadhna
ar bith ag an Iarla dá chomhfhogus féin, acht
Muiris Mhac Gearailt amháin — do b'é seo
an Muiris do chuaidh don Spáinn dá éis seo
— do rin Gearóid mhac Séamuis, .i. an
tIarla, ceann feadhna an tslóigh dhe. Agus
cuireas féin crios coimhleathan um a chom,
go ndeachaidh don mhachaire maraon leis, go
raibh ar feadh trí mbliadhan ag cathughadh go
calma comh-chródha le n-a námhaid; gur chuir
an bhanríoghain teachta chuige fá dheóidh ag
tairgsin síthe agus síothchána dhó agus ag
geallamhain ar imthigh thársa do thabhairt i
ndearmad, agus fós seilbh sítheóilte a
shaor-fhearann do thabhairt dó ar choingheall
go gcuirfeadh Dochtúir Sanders chuici go
Sacsaibh. Gidheadh, do dhiúltuigh an tIarla
sin, cé go bhfacaidh neart a námhad ag fás
agus a neart féin ag claochlódh; óir ní
fhoidhneóghadh a chreideamh ná a choinsias dó
an t-eagailseach oirdhearc onóireach do chur
i gcóir a anma do chailleamhain. Leis sin
triallas as Conntae Luimhnigh go Tiobrad
Árann ag tógbháil creach; go gcualaidh go
raibh campa Gallda san áit dá ngairmthear
Gort na Pise; go dtug Gearóíd órdughadh
dá shluagh amus ainbhfiosach anfhórlannach do
thabhairt san oidhche ortha, ionnus an méid
nár mharbhadar is nár ghabhadar díobh, do
phusáladar fá chosaibh a gcapaill iad.



Triallas Gearóid dá éis sin go Caiseal
ag tógbháil creach roimhe i ngach áit 'n-a
ngabhadh. Iar n-a chlos ar feadh na tíre
Iarla Dearmhumhan do bheith ag tógbháil
creach amhla-san leanaid triúr dearbhráthar
Iarla Urmhumhan é, .i. Éadbhard, Peadar
agus Éamonn. De lean fós iad Mac
Phiarais, .i. Barún Dúna Búine, an Puir-
séalach Barún Luachma, agus mórón eile de
thaoiseachaibh Buitléarach go sluaghaibh sár-
iomdha leó; gur ionnsaigheadar féin agus
na Gearaltaigh a chéile ag Cnoc Grafan
gur briseadh do na Gearaltaigh i dtúis na
hiorghaile, acht Seanascál Uíbh Mac Coille
go n-a bhuidhin amháin. An tan chonnarcadar
an líon do bhris díobh an Seanascáil ag
seasamh agus ag síor-chathughadh san mhachaire
amhla-san iompuighidh tar ais agus tugadar
aghaidh ar a námhaid, ionnus iar mbeith go
cródha cianfhada ag ciorrbhadh is ag comh-
thuargain a chéile gur bhriseadar na Buit-
léaraigh i dtrí rannaibh fé dheoidh; gur
leanadar na Gearaltaigh an ruaig orthu go
portaibh pór-uaithne na Siúire, ionnus an
méid nár mharbh dhíobh gur báthadh a n-urmhór
san ruathar soin. Do chuadar na Gearal-
taigh i gcomhairle an leanfaidís tar an
abhainn iad. Gidheadh, adubhairt an Seana-
scál leó gan a leanamhain, óir go rabhadar
féin agus a gcapaill tuirseach, agus fós
go raibh an tuile ró-thréan. Do cinneadh
an chomhairle sin aca, agus do luigheadar
annsoin ar a n-armaibh go maidin, óir do
bhí sé déadhnach san lá an tráth-san. Triall-
aid as soin go Caiseal go dtárla Ribeard
Inglis go sluagh-bhuidhean leis dóibh taoibh le
Caiseal, agus do fearadh coinsgleó eatortha
i n-ar briseadh do Ribeard iar marbhadh
agus iar ngabháil urmhór a shluagh.



Is fá'n am so do chuir an bhanríoghain
forfhógra genereálta ar feadh na hÉireann,
ag tairsgin a bpádún agus a mbeathadh
do gach n-aon g'iompóghadh chun umhla don
choróinn, acht amháin don Iarla agus dá
bhráithribh; ionnus gur thréigeadar na huaisle
go hionshlán é agus urmhór a shluagh,
ionnus gur fágbhadh ar uathadh buidhne amhla-
san é. Iar mbeith ar an órdughadh soin dó,


L. 422


triallas go Conntae Chiarraighe; óir do bhí
tnúth aige le cabhair agus le congnamh ón
Spáinn an tráth soin; go raibh tréimhse agá
cheilt is agá chomh-dhíon féin i measc coillte
curruighthe agus cabhán. Agus ó ná raibh
meadhón eile cothuighthe aige dhó féin agus
don mhéid fear d'fhan in'fhochair, do bhídís
ag déanamh creach ar feadh na comhursan-
achta; agus iar ndul amach lá d'áirithe
dhóibh do-chum na críche sin, do bhaineadar a
héadach go huile de mhnaoi uasail d'áirithe
agus d'fhágbhadar nochtaithe dá n-éis í. Iar
n-a chlos-san do dhias dearbhráthar do bhí ag
an mnaoi uasail, do ba chomh-dhaltaí don
Iarla féin, triallaid go ndrong-bhuidhin leó
dá thóraidheacht, go bhfuaradar é, le héirighe
an lae an t-aonmhadh lá déag de Nobhember
san mbliadhain 1583 sa ghleann coille i n-a
raibh, .i. Gleann na Guinte i n-a uathadh is
in'aonar; ór do theicheadar an dias
mharcach do bhí in'fhochair, .i. Seán mhac Uilig
agus Séamus Mhac dáith do shábháil a n-anma.
Do bhí fós Conchubhar Ó Dála, do ba cheann
feachna ar an mbeagán buidhne do bhí aige,
sa cheann eile den ghleann, ag coimeád
creiche do thugadar leó an lá roimhe sin;
ionnus, iar n-a fhágháil amhla-san dóibh gur
lingeadar i n-a úir-thimcheall. Leis sin
téid aon dá bhfearaibh, .i. Domhnall Ó
Caolluighe isteach don chuasán i n-a raibh,
agus baineas a lámh dheas agus ceachtar dá
chluasaibh den Iarla uasal, agus tarraingeas
amach amhla-san é. Tógbhaid leó ar an
órdughadh soin é. Gidheadh, ó nach féadfadh
siubhal mar badh mhian leó, óir do laguigh
tréigean na fola é, baineas an Domhnall
romh-ráidhte a cheann céillidhe ceirt-bhriath-
rach dhé, agus fágbhaidh a chorp cródha cneas-
aolta fá fhaol-chonnaibh allta agus fá
éanaibh an aéir: óir do b'eagal leó an
Conchubhar romh-ráidhte Ó Dála agus a
dhrongbhuidhean ortha do bhí ag tafan 'n-a
ndiaidh an tráth-san; gidheadh ní ráinig leis,
óir do shoicheadar an an campa gallda sul do
rug ortha. Cuirid an ceann an oidhche sin,
agus sluagh-bhuidhean leis, go Corcaigh, agus
as-san go Sacsaibh, gur curieadh annsoin i
bhfleascaibh práis é, agus gur crochadh go
síoth-árd le slabhraidhibh a mullach Túir
Lunndaine é.



Iar gcríochnughadh a bheathadh do Ghearóid
uasal mhac Séamuis amhla-san, iar mbeith
chúig bhliadhna fichead in' Iarla Deasmhumhan
do b'éigin dá chomhfhogus teicheadh as Éirinn,
ionnus go ndeachaidh a n-urmhór don Spáinn.
Gidheadh, Tomás mhac Seáin, mac dear-
bhráthar an Iarla, do chuaidh sin don Róimh, go
raibh tréimhse ann. Tháinig as-san don
Spáinn, agus as-san go hAlbain. Gidheadh,
ní cian do bhí annsoin an tan ba chlos don
bhanríoghain a bheith ann, ionnus go mba
éigean dó triall ar éalódh oidhche as, go
ndeachaidh tar ais don Spáinn, iar ngabháil
tré Fhlóndrus, tríd an bhFrainnc agus tríd
an Iodáil dó. Gidheadh, dá éis sin, san
mbliadhain 1594 do chuir Rí na Spáinne go
hÉirinn é, maraon le hÁrd-easpog Thuama
agus uasal eile d'áirithe as Catabria san
Spáinn dar bh'ainm Meridos; agus do
gheall dóibh sluagh iomdha do chur 'n-a ndiaidh.
Gidheadh, d'éag Tomás mhac Seáin san
eachtra soin.



Tráchtfam anois ar an gcrích d'imthigh ar
an mbuidhin do bhí cionntach i mbás an Iarla,
go háirithe ar Dhomhnall Ó Caolluighe do
bhuain a ceann dé; óir do chuaidh Domhnall
dá éis sin go Sacsaibh, agus gabhas ag
robáil ann, gur crochadh ann é, cé gur iarr
Iarla Urmhumhan a anam dó. Eóghan,
iomorro, mac Dhomhnaill Uí Mhuircheartaigh,
.i. comh-dhalta an Iarla, agus ceann feadhna
na buidhne do bhí dá thóraigheacht — cé gur


L. 423


shaor an tIarla roimhe sin ón gcroich é,
d'aimhdheóin na ngiúistisí, de thaoibh gaduidhe-
achta chapall — do mhair chúig bhliadhna déag
d'éis bhási an Iarla. Gidheadh, do crochadh
fá dheóidh le Barún Lic Shnámha, .i. an Tigh-
earna Ciarraigheach é.



Séamus, mac Thomáis Ruaidh, do gairm-
eadh mar iarla la n-a chomhfhogus féin é.
Gidheadh, do scaoil Banríoghain Eilís as
príosún, i n-aghaidh an tSéamuis chéadna so,
Séamus mhac Gearóid, agus do theilg an
chéad tSéamus insa bpríosún chéadna, .i. o
dTúr Lunndaine, go bhfuair bás ann — ní
gan amhras gur nimh do guair sé. Do b'é
athair an tSéamuis seo Tomás Ruadh, an
dearbhráthair ba shine 'ná an tIarla Gearóid
do luadhamair roimhe seo i dtráchta ar
phósadh aindlightheach a mháhar. Do mhair sé
iar n-éag a thriar dearbhráthar, .i. Gearóid,
Seán, agus Séamus; óir d'fhan sé go
socair sítheóilte ar fead an chogaidh is an
chomh-ruathair sin Gearaltach i n-a dhún is
'n-a dheagh-árus féin, .i. ag caisleán cosan-
tach cian-ársa Chonaithe, gur éag ann, agus
gur fhág dá éis dias mhac, .i. Séamus agus
Seán.



Dála na díse tréan-uasal soin, ba chiach
agus ba chásmhar leó fearainn agus fír-
bheatha a sean agus a sáir-shinsir féin
d'fhaicsin i lámhaibh eiriceach agus eachtrann;
óir do roinn an bhanríoghain an iarlacht ar
na gallaibh. Uime-sin cruinnighid agus
comhthionólaidh an líon sluagh agus sochaidhe
is mó do bh'fhéidir leó, ionnus go rabhadar
ar feadh trí mbliadhan ag creachadh, ag
ciorrbhadh, agus ag comh-bhuaireamh na ngall
ar feadh na Mumhan; go dtugadar bualadh
machaire dhóibh fá dheóidh, i n-ar briseadh do
na gallaibh agus dá gceann feadhna Norris
do ba phríomh-thaoiseach Mumhan an tráth
soin. Deich míle fear líon sluagh Gearaltach
an lá soin.



Iar bhfaicsin fáis treise agus tréine
Gearaltach dhon bhanríoghain agus gur gabhadh
Séamus mhac Tomáis in'iarla aca, do
smaoin créad an modh ar a bhféadfadh
comhbhuaireamh do dhéanamh eatortha féin
leis sin scaoileas do Shéamus mhac Gearóid,
.i. mac an Iarla, do bhí ar feadh seacht
mbliadhan déag roimhe sin i ngéibheann i
dTúr Lunndaine — ó do chuir an chunntaois,
a mháthair féin i ngiall ar son a athar ann
é — agus cuireas go hÉirinn é, iar dtabhairt
gairme agus gnáith-theidil Iarla Deasmhumhan
dó; agus iar dteacht go hÉirinn dó do
ghaibh seilbh na hiarlachta, óir do b'é an
t-oighre ceart é. Leis sin tréigid a shluagh
agus a shíor-chomhfhogus Séamus mhac Tomáis,
agus gabhaid le Séamus mhac Gearóid,
ionnus go mba éigean don chéad tSéamus
go n-a bheagán buidhne imtheacht ar measc
cnoc agus cabhán agá cheilt agus agá chomh-
dhíon féin ar a námhaid. Gidheadh, chailleadar
a bhuidhean féin air fé dheóidh; óir do
rineadar bragha dhe, agus iar mbeidh amhla-
san dó, tógbhaid leó é chun Seóirse Carew
an ridire órthado ba Phresiodún Mumhan
an tráth soin. Gidheadh, iar dteacht i
bhfoigse sé mhíle don áit i n-a raibh an
Presiodún go n-a shluagh-bhuidhean, thárla
drong-bhuidhean d'uaislibh áirithe dhóibh, agus
do scaoileadar Séamus as a chruadh-chuibh-
reach, gur shaoradar den chuaird sin é. Iar
n-a scoile amhla-san dhó. Uime sin do
bhíodh agá fholach agus agá anacal féin go
ndearnaidh an Ridire Fionn bragha dhé fá
dheóidh iar n-a fhagháil i n-uaimh thalmhan; go
rug as-soin chun an Phresiodúin é, gur
cuireadh go Sacsaibh; agus iar mbeith seacht
mbliadhna i ngéibheann i dTúr Lunndaine,


L. 424


d'éag ann fá dheóidh. Do chuaidh a dhearbh-
ráthair Seán don spáinn, agus iar mbeith
tréimhse i bhfochair Ríogh na Spáinne, d'éag
sé, gur fhág dá éis mac, .i. Gearóid mhac
Seáin, ar a dtráchtfam i n-a ionad féin.



Séamus mhac Gearóid, do tugadh mar
ghiall ar son a athar é, amhail adubhramair;
agus iar gcaitheamh seacht mbliadhan déag i
dTúr Lunndaine do scaoil an bhanríoghain
as géibheann é. Do thug teideal Iarla
Deasmhumhan dó, agus do chuir saor go
hÉireann é. Gidheadh, iar dtraochadh nirt
Shéamuis mhac Tomáis Ruaidh agus síothcháin
déanta, ní raibh an bhanríoghain ní bhus mó i
gcúram an Iarla go ndeachaidh tar ais go
Sacsaibh, agus gur chríochnuigh a bheatha ann,
ní gan amhrus gur nimh do fuair sé mar an
gcéadna, Anno 1602.



Iar bhfagháil gairm iarla do Shéamus mhac
Gearóid, amhail adubhramair, ní cian d'fhan
i nÉirinn an tan do chuaidh go Sacsaibh go
bhfuair nimh le hól ann, iar mbeith aon
bhliadhain amháin in'iarla.



Gearóid mhac Seáin mhac Tomáis Ruaidh,
an fear déadhnach; do fuair tré Rígh na
Spáinne teideal captaoin gárdaí Impire
na GEarmáinne Uachtaraighe; d'éag sé san
mblidhain 1632. Agso an Gearóis ar ar
thráchtamair grod roimhe seo. Do fuair ó
Rígh na Spáinne — iar n-éag a athar ann,
amhail adubhramair — teideal iarla, go
ndeachaidh as soin don Almáinn, agus iar
gcaitheamh trí mbliadhan ann gur éag fá
dheóidh.



Agsin sínte ar faon-luighe ag feóchadh
agus ag fíor-chríonadh an crann cnuais-
iomdha soin Gearaltach, do plannduigheadh
agus do príomh-chuireadh ar dtúis i nÉirinn
le Muiris mac Ghearailt mhóir, agus do
leathnuigh, agus do lán-oscail a géaga glasa
glé-thorthacha os cheithre chóige chian-fhairsinge
Éireann, le ré cheithre céad ar chaogaid
bliadhan. Do bhí le linn an chrainn seo bheith
fé bhláth is fé mheas i nÉirinn, caogad
d'fhíor-stoc Gearaltach do ba iarlaí, tigh-
earnaí, bíocuin, barúin agus ridirí. Do
b'é faid tighearnais nó iarlachta Iarla
Deasmhumhan céad agus fiche míle Ghaedhlach,
agus seacht míle is caogad a trasna. Do
bhíodar fós os cionn céad caisleán chun
cosnaimh is comh-seasaimh fá theideal is fá
thréan-tarmuin Iarla Deasmhumhan. Do bhí
fós dafhichid míle púnt d'árd-chíos bliadhn-
tamhail ag teacht chun Iarla Deasmhumhan, i
n-éaghmuis a raibh dá fhearannaibh i n-a
lámhaibh féin agus i lámhaibh a chomhfhoguis
agus a chomh-bhráithre amhail tuigthear as an
roinntugadh ar an iarlacht tar éis díth-
cheannadh an Iarla Gearóid.



Agsin túismhiughadh teacht agus tréan-
chosnamh, críochnughadh ciorrbhadh agus craobh-
scaoile gníomha geineallach agus gnáith-
éachta Gearaltach i nÉirinn go dtí so, .i.
1655, ón gcéad fhear tháinig go hÉirinn
díobh, .i. Muiris.



Geineallach Mhuiris, iomorro, mar seo:
Muiris, mac Gearailt mhóir, mac Muiris,
mac Seáin, mac Riobaird, mac Uilliam,
mac Riocaird mhóir, .i. connstábla árd
ríogh Shacsan i gcúirt pharliament Uindsor.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services