Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seán Strachan.
Title
Seán Strachan.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Seán Strachan. Thóg an bás mílidh meirge A slógh gráidh na Gaoidheilge; Tuile deór bí rinn mun ramh: N-a luighe i gcill Seón Strachan. Chaill Alba mac dá macaibh; Sacsa ollamh dá hollamhain; Banba 'on dulsa, cáir canaidh, Ursa áin dá hursanaibh. Do luid isan mBreatain bhig D'fhéachain cairteadh san gCumrig; Fuair san tír, dá chruas a chnámh, Fuacht do shín air n-a shlaodán. Nuair d'fhill gan bhéim a bhaile Ní thug dó fhéin úr-aire; Níor shos don rón ar ródaibh Gur bhuail scór n-a scamhógaibh. D'éirigh ar an laoch de luas Taom mór éachtach den éagcruas, Taom dá dtáinig bás is breith, Taom 'n-a ráinig ár ró-chleith. Ní mhaoidhfeam, badh leamhus linn, A cháil ná a líomhthacht léighinn; Feas díbh, gan leith-bhéim lútha Go bhfuair deigh-chéim Dochtúra. Acht luadhfad meanmain an mháil Do ba cneasta le chompáin, D'fhóireadh ar gach dalta dil, Threóireadh go canta caoimhthigh. B'fhurus d'éinne dul 'n-a dháil D'fhonn sanus léire uaidh d'fhaghbháil; É níor cham i n-uain an eóil, Níor ghann fá dhuain don direóil. "To-fo-gab" sos fada fuair — Atcondarc a racht ró-shuain; An Fhorainm Láir beidh fó bhrat Ag toghairm táir lucht leath-stac. Mun n-éirghidh i bhFáil go bhfios, D'ár ndion "Crádh Oll-chroidhe Éigios," 'S an "Mach Tíre" ón mbinn — ár mbród — Tinn dár ndíne an rath rostóg. T: ó: G. Do thógaibh an ródaire bhás bhradach Óirchiste an eóil is an árd-ghradaim, Móirchion a shóisear 's a shámh-dhalta, Agus Sólon ár slógh gcumuis Seán Strachan. Beó bocht gan treóir nirt atá a maireann D'eólchaibh na Fódla 'n-a dheáidh admhaim. A Mhór-chruthuightheóir tuile is trágha mara, Ar sógh go raibh Seón it phioláid farat. TÓRNA.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services