Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Strachan.

Title
Seán Strachan.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 417


Seán Strachan.



Thóg an bás mílidh meirge
A slógh gráidh na Gaoidheilge;
Tuile deór bí rinn mun ramh:
N-a luighe i gcill Seón Strachan.



Chaill Alba mac dá macaibh;
Sacsa ollamh dá hollamhain;
Banba 'on dulsa, cáir canaidh,
Ursa áin dá hursanaibh.



Do luid isan mBreatain bhig
D'fhéachain cairteadh san gCumrig;
Fuair san tír, dá chruas a chnámh,
Fuacht do shín air n-a shlaodán.



Nuair d'fhill gan bhéim a bhaile
Ní thug dó fhéin úr-aire;
Níor shos don rón ar ródaibh
Gur bhuail scór n-a scamhógaibh.



D'éirigh ar an laoch de luas
Taom mór éachtach den éagcruas,
Taom dá dtáinig bás is breith,
Taom 'n-a ráinig ár ró-chleith.



Ní mhaoidhfeam, badh leamhus linn,
A cháil ná a líomhthacht léighinn;
Feas díbh, gan leith-bhéim lútha
Go bhfuair deigh-chéim Dochtúra.



Acht luadhfad meanmain an mháil
Do ba cneasta le chompáin,
D'fhóireadh ar gach dalta dil,
Threóireadh go canta caoimhthigh.



B'fhurus d'éinne dul 'n-a dháil
D'fhonn sanus léire uaidh d'fhaghbháil;
É níor cham i n-uain an eóil,
Níor ghann fá dhuain don direóil.



"To-fo-gab" sos fada fuair —
Atcondarc a racht ró-shuain;
An Fhorainm Láir beidh fó bhrat
Ag toghairm táir lucht leath-stac.



Mun n-éirghidh i bhFáil go bhfios,
D'ár ndion "Crádh Oll-chroidhe Éigios,"
'S an "Mach Tíre" ón mbinn — ár mbród —
Tinn dár ndíne an rath rostóg.



T: ó: G.



Do thógaibh an ródaire bhás bhradach
Óirchiste an eóil is an árd-ghradaim,
Móirchion a shóisear 's a shámh-dhalta,
Agus Sólon ár slógh gcumuis Seán
Strachan.



Beó bocht gan treóir nirt atá a maireann
D'eólchaibh na Fódla 'n-a dheáidh admhaim.
A Mhór-chruthuightheóir tuile is trágha mara,
Ar sógh go raibh Seón it phioláid farat.



TÓRNA.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services