Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clódhanna Nua.
Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLÓDHANNA NUA. Is fad nár léigheamar leabhar ba thaithneamhaighe linn iná "FOR THE TONGUE OF THE GAEL" ó láimh Thomáis Uí Fhlannghaile. Sidé an tarna cur amach ag an leabhar so; acht tá cheithre cinn d'aistíbh nua ann thar mar bhí ann ar dtúis, mar atá "St. Donatus of Fiesole," "Cormac's Glossary," "Dr. O'Donovan," agus "Archbishop MacHale". Tá sé cinn déag d'aistíbh ar fad ann, agus gach aiste aca "ag síor-bhreith bárr na háille ó chéile." Ní'l Gaedh- eal n-a bheathaidh indiu ná fuigheadh sult is pléisiúr as an leabhar so; agus tá súil againn gur beag scoil i nÉirinn ná fuighidh na leanbhaí insna rangaibh uachtair an chaoi ar é léigheamh. Méadógha sé a gcuid eóluis ar Éirinn is ar an nGaedhilg — agus, go deimhin, níor mhíste dá lán aca soin. Tá seódh bhrille bhreaille is dríodar Bhéarla á úsáid i n-ár scoil- eannaibh, agus is mithid cosc a chur leó agus leabhair thaitneamhacha deagh-scríobhtha cruinn-eóluis a chur n-a n-ionad. Leabhar ó láimh Ghaedhil is eadh é seo. I dtómus Gaedheal do cuireadh le chéile é. Tá fuinn- eamh is faghairt is réim cainnte na nGaedheal ann — ar shon gur i mBéarla do scríobhadh é. Táid iarr- achtaí de phrejudice na nGaedheal ar nochtadh ann, leis. Mar sin is fearr é, dar linn-na, go háirithe ó tá croidhe folláin ann, agus lacht eóluis ag tál as a neartóghaidh ar anbhfainne cháich. Molaimíd tú, a Thomáis, a leoghain na sean-aimsire; agus go gcúit-
ighe Dia leat ar son do shaothair. Scilling, glan, fiacha an leabhair seo; Muinnitir Sealy, Bryers, and Walker atá agá chur amach. Fearaimíd fáilte is céd roimh IRISH COM- POSITION, an leabhar is déidheannaighe atá ar n-a chur le chéile ag na Bráithribh Críostamhla. Muinntir Ghill atá gá chur amach, agus dhá scilling a fhiacha. Leabhar é seo do cuireadh le chéile a gcóir daoine d'fhoghluim "Aids to Irish Composition" do tháinig amach timcheall bliadhain ó shoin. Tá an leabhar so ar n-a roinnt i n-a dá chuid. Sa chéad chuid gheobhthar giotaí Gaedhilge ó sna hughdaraibhis fearr, agus le n-a n-ais sin giotaí Béarla cosmhail leo chun Gaedh- ilg a chur ortha. Sa tarna cuid ní bhfuighthar acht Béarla amháin. N-a theannta-san tá nótaí fóghanta graiméir agus foclóir oireamhnach. Is é seo an leabhar is fearr agus is cruinne eólus i dtaobh Aistidheacht Gaedhilge dar fríoth go dtí so againn. Ní dheinimíd iongnadh dhe, agus a bhfuil faghta againn de leabhraibh fóghanta Gaedhilge ó sna Bráithribh Críostamhla, Dia á mbeannachadh. Beidh an leabhar so á usáid i scoileannaibh is i gcolláistíbh na hÉir- eann go léir. - Ní'l slighe againn, foríor, chun cur síos do réir mar badh mhaith linn ar IRISH MADE EASY, ó láimh Sheáin Uí Chaoimh. Is amhla mar atá an scéal againn-na: ní ró-mhaith a réidhtigheann linn faisinn nua, pé aca i dtaobh éadaigh nó leitriughcháin é. Táimíd conservative; admhuighmíd an méid sin. Acht is dóigh le Seán go bhféadfar daoine a mhealladh chun na Gaedhilge d'fhoghluim tríd an mbóthar "made easy" seo, agus badh leasc linn bac ná cosc a chur leis. D'oirfadh ceartughadh do leitriughadh na Gaedh- ilge; acht, i n-ainm Dé, ná deintar sceanfhairt de — fé mar a deineadh den Bhreathnais — le speil an "Roman type". Leabhrín ana-dheas is eadh Irish Made Easy so. Táid ceachta beaga simplidhe ann, agus amhráin agus nótaí luachmhara. Muinntir Dhubhthaigh atá gá chur amach; agus réal, glan, a fhiacha. Do chomhairleóghaimís don uile léightheóir den IRISLEABHAR cuaird na hÉireann a dhéanamh i bhfoch- air Senor William Bulfin (Che Buono). Is féidir soin a dhéanamh gan dul ar an dtaobh amuigh de dhorus do thighe féin, acht fios a chur ar RAMBLES IN EIRINN, go dtí Muinntir Ghill i mBaile Átha Cliath. An fhaid a bheir ar an dturus so ní baoghal go mbeidh cathughadh ná uaigneas ort. Thug Che Buono cuaird na hÉireann go léir — thoir, thiar, theas, agus tuaidh — ar muin rothair; agus — ar an dtaobh amuigh de sna héachtaibh a thuit amach sa tSean-Bhaile — ní dócha gur tharla riamh i nÉirinn iongantuisí ba ghreannmhaire 'ná mar a bhuail um an Senor sa chuaird chéadna. Ní cás dúinn-na bheith a n-aithris annso. Faghadh gach éinne an leabhar agus blaiseadh dá mhilseacht go léir dó féin. Tá súil againn go mbeidh sé ar fagháil i ngach leabharlainn ar fuid na hÉireann. Sé scillinge a fhiacha. Tá léirscáile is pictiúirí ón ughdar féin annso is annsúd tríd an leabhar. Is mór an chéim ar aghaidh i gcúrsaíbh creidimh an leabhar nua so do fríoth ón Athair Máirtín Ó hÉilidhe .i. "SHORT BIBLE HISTORY FOR SCHOOLS. THE LIFE OF OUR LORD. Part I." Béarla é seo ar an gceann a chuir sé amach i nGaedhilg cúpla bliadhain ó shoin. Táid pictiúirí an leabhair seo thar na beartaibh go léir. Ba mhaith an cuimhneamh ag an Athair Máirtín oibreacha na Sean-Mháighistrí a chur os comhair leanbhaí na hÉireann. Ní bheidh aon teóra leis an maitheas a dhéanfaidh siad. Leath-réal, glan, fiacha an leabhair seo; Muinntir Ghill atá gá chur amach, agus An Cló-Chumann a chur i gcló go piocaithe slachtmhar é. Fuaireamair "cóip" de "A YOUNG PATRIOT", scéal i gcóir leanbhaí scoile, do cuireadh amach le déidheannaighe ag Muinntir Blackie i mBaile Átha Cliath. As leabhar a scríbh G. A. Henty — scéal darab teideal "Orange and Green" — do bhain Amhlaoibh Ó Cúrnáin adhbhar an leabhair seo. Tá tuairisc iomlán ann ar chúrsaíbh cogaidh Ríogh Liam i gcoinnibh Cait- licidhe na hÉireann, ó foslongphort Dhoire go dtí gur géilleadh ag Luimneach. Sidé an chuma is fearr chun Stair na hÉireann a mhúineadh do leanbhaíbh scoile, agus tá súil againn gur gairid go mbeidh a leithéidí go flúirseach againn sa Ghaedhilg. Dhá thuistiún fiacha an leabhair seo.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services