Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA NUA.



Is fad nár léigheamar leabhar ba thaithneamhaighe
linn iná "FOR THE TONGUE OF THE GAEL"
ó láimh Thomáis Uí Fhlannghaile. Sidé an tarna cur
amach ag an leabhar so; acht tá cheithre cinn d'aistíbh
nua ann thar mar bhí ann ar dtúis, mar atá "St.
Donatus of Fiesole," "Cormac's Glossary," "Dr.
O'Donovan," agus "Archbishop MacHale". Tá sé
cinn déag d'aistíbh ar fad ann, agus gach aiste aca
"ag síor-bhreith bárr na háille ó chéile." Ní'l Gaedh-
eal n-a bheathaidh indiu ná fuigheadh sult is pléisiúr
as an leabhar so; agus tá súil againn gur beag
scoil i nÉirinn ná fuighidh na leanbhaí insna rangaibh
uachtair an chaoi ar é léigheamh. Méadógha sé a gcuid
eóluis ar Éirinn is ar an nGaedhilg — agus, go
deimhin, níor mhíste dá lán aca soin. Tá seódh bhrille
bhreaille is dríodar Bhéarla á úsáid i n-ár scoil-
eannaibh, agus is mithid cosc a chur leó agus leabhair
thaitneamhacha deagh-scríobhtha cruinn-eóluis a chur
n-a n-ionad. Leabhar ó láimh Ghaedhil is eadh é seo. I
dtómus Gaedheal do cuireadh le chéile é. Tá fuinn-
eamh is faghairt is réim cainnte na nGaedheal ann —
ar shon gur i mBéarla do scríobhadh é. Táid iarr-
achtaí de phrejudice na nGaedheal ar nochtadh ann, leis.
Mar sin is fearr é, dar linn-na, go háirithe ó tá
croidhe folláin ann, agus lacht eóluis ag tál as a
neartóghaidh ar anbhfainne cháich. Molaimíd tú, a
Thomáis, a leoghain na sean-aimsire; agus go gcúit-


L. 416


ighe Dia leat ar son do shaothair. Scilling, glan,
fiacha an leabhair seo; Muinnitir Sealy, Bryers, and
Walker atá agá chur amach.



Fearaimíd fáilte is céd roimh IRISH COM-
POSITION, an leabhar is déidheannaighe atá ar n-a
chur le chéile ag na Bráithribh Críostamhla. Muinntir
Ghill atá gá chur amach, agus dhá scilling a fhiacha.
Leabhar é seo do cuireadh le chéile a gcóir daoine
d'fhoghluim "Aids to Irish Composition" do tháinig
amach timcheall bliadhain ó shoin. Tá an leabhar so
ar n-a roinnt i n-a dá chuid. Sa chéad chuid gheobhthar
giotaí Gaedhilge ó sna hughdaraibhis fearr, agus le
n-a n-ais sin giotaí Béarla cosmhail leo chun Gaedh-
ilg a chur ortha. Sa tarna cuid ní bhfuighthar acht
Béarla amháin. N-a theannta-san tá nótaí fóghanta
graiméir agus foclóir oireamhnach. Is é seo an
leabhar is fearr agus is cruinne eólus i dtaobh
Aistidheacht Gaedhilge dar fríoth go dtí so againn.
Ní dheinimíd iongnadh dhe, agus a bhfuil faghta againn
de leabhraibh fóghanta Gaedhilge ó sna Bráithribh
Críostamhla, Dia á mbeannachadh. Beidh an leabhar
so á usáid i scoileannaibh is i gcolláistíbh na hÉir-
eann go léir.



-



Ní'l slighe againn, foríor, chun cur síos do réir
mar badh mhaith linn ar IRISH MADE EASY, ó
láimh Sheáin Uí Chaoimh. Is amhla mar atá an scéal
againn-na: ní ró-mhaith a réidhtigheann linn faisinn
nua, pé aca i dtaobh éadaigh nó leitriughcháin é.
Táimíd conservative; admhuighmíd an méid sin. Acht
is dóigh le Seán go bhféadfar daoine a mhealladh chun
na Gaedhilge d'fhoghluim tríd an mbóthar "made
easy" seo, agus badh leasc linn bac ná cosc a chur
leis. D'oirfadh ceartughadh do leitriughadh na Gaedh-
ilge; acht, i n-ainm Dé, ná deintar sceanfhairt de —
fé mar a deineadh den Bhreathnais — le speil an
"Roman type". Leabhrín ana-dheas is eadh Irish
Made Easy so. Táid ceachta beaga simplidhe ann, agus
amhráin agus nótaí luachmhara. Muinntir Dhubhthaigh
atá gá chur amach; agus réal, glan, a fhiacha.



Do chomhairleóghaimís don uile léightheóir den
IRISLEABHAR cuaird na hÉireann a dhéanamh i bhfoch-
air Senor William Bulfin (Che Buono). Is féidir
soin a dhéanamh gan dul ar an dtaobh amuigh de
dhorus do thighe féin, acht fios a chur ar RAMBLES
IN EIRINN, go dtí Muinntir Ghill i mBaile Átha
Cliath. An fhaid a bheir ar an dturus so ní baoghal
go mbeidh cathughadh ná uaigneas ort. Thug Che Buono
cuaird na hÉireann go léir — thoir, thiar, theas, agus
tuaidh — ar muin rothair; agus — ar an dtaobh amuigh
de sna héachtaibh a thuit amach sa tSean-Bhaile — ní
dócha gur tharla riamh i nÉirinn iongantuisí ba
ghreannmhaire 'ná mar a bhuail um an Senor sa
chuaird chéadna. Ní cás dúinn-na bheith a n-aithris
annso. Faghadh gach éinne an leabhar agus blaiseadh
dá mhilseacht go léir dó féin. Tá súil againn go
mbeidh sé ar fagháil i ngach leabharlainn ar fuid na
hÉireann. Sé scillinge a fhiacha. Tá léirscáile is
pictiúirí ón ughdar féin annso is annsúd tríd an
leabhar.



Is mór an chéim ar aghaidh i gcúrsaíbh creidimh an
leabhar nua so do fríoth ón Athair Máirtín Ó hÉilidhe
.i. "SHORT BIBLE HISTORY FOR SCHOOLS.
THE LIFE OF OUR LORD. Part I." Béarla
é seo ar an gceann a chuir sé amach i nGaedhilg
cúpla bliadhain ó shoin. Táid pictiúirí an leabhair
seo thar na beartaibh go léir. Ba mhaith an cuimhneamh
ag an Athair Máirtín oibreacha na Sean-Mháighistrí
a chur os comhair leanbhaí na hÉireann. Ní bheidh aon
teóra leis an maitheas a dhéanfaidh siad. Leath-réal,
glan, fiacha an leabhair seo; Muinntir Ghill atá gá
chur amach, agus An Cló-Chumann a chur i gcló go
piocaithe slachtmhar é.



Fuaireamair "cóip" de "A YOUNG PATRIOT",
scéal i gcóir leanbhaí scoile, do cuireadh amach le
déidheannaighe ag Muinntir Blackie i mBaile Átha
Cliath. As leabhar a scríbh G. A. Henty — scéal darab
teideal "Orange and Green" — do bhain Amhlaoibh Ó
Cúrnáin adhbhar an leabhair seo. Tá tuairisc iomlán
ann ar chúrsaíbh cogaidh Ríogh Liam i gcoinnibh Cait-
licidhe na hÉireann, ó foslongphort Dhoire go dtí
gur géilleadh ag Luimneach. Sidé an chuma is fearr
chun Stair na hÉireann a mhúineadh do leanbhaíbh
scoile, agus tá súil againn gur gairid go mbeidh a
leithéidí go flúirseach againn sa Ghaedhilg. Dhá
thuistiún fiacha an leabhair seo.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services