Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. V.
Title
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. V.
Author(s)
Ó Murchadha, Liam,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn (ar leanamhaint) Iar dteacht do Shéamus mhac Muiris go hÉirinn, amhail adubhramair, triallas Seán Mhac Gearailt, dearbhráthair an Iarla, dá fhios; agus cruinnighid a rannta de gach leith. Triallas fá'n am soin Hannraoi Daves, Siriam Chonntae Chorcaighe, go Tráighlí i gConntae Chiarraighe, iar n-a chlos dó na Gearaltaigh do bheith ar an órdughadh soin; agus leanas Seán Mhac Gearailt é go ndrongbhuidhin leis; óir do bhí fuath agus fíor-mhioscuis ag Seán chuige de thaobh imreasáin do thárla eatortha tréimhse roimhe sin i dtigh Thighearna Mhúsc- raighe. uime sin, tug amus oidhche air, gur mhairbh i n-a seomra é féin agus Artúr Carter, do ba Presiodún Mumhan an tráth soin, agus gach a raibh i n-a bhfochair. Triallas Seán Mhac Gearailt agus Séamus Mhac Muiris go n-a sluaghaibh go Conntae Luimnigh agus cuirid campa 'n-a shuidhe ann. Thárla, iar mbeith dóibh annsoin, gur éignigh aon dá bhfearaibh bean do bhí ag friothálamh sa champa; agus, iar n-a chlos soin do Shéamus, do fearguigheadh go fíor- mhór é, ionnus gur ghairm an ciontach chun dlighe an airm d'imirt air. Gidheadh, nocha léigfeadh Seán mhac Gearailt, dearbhráth- air an Iarla, dochar ná díoghbháil do dhéan- amh dó. Iar n-a fhaicsin sin do Shéamus, roinneas an sluagh le n-a bhráthair Seán, agus tréigeas an campa. Tirallas as soin go Conntae Thiobrad Áann le dul go Connachtaibh; agus gluaiseas leis Seán de Búrc, dearbhráthair Iarla Chloinne Riocaird, agus ar ghaibh leó den tsluagh soin; agus, iar ngabháil tré thighearnus Thiobóid de Búrc dóibh, ionnsaigheas Tio- bóid iad go sluaghaibh sár-mhóra leis, chun amuis anfhórlannaigh do thabhairt ortha. An tan chonnairc Séamus soin, cuireas aon dá bhuidin féin ag agallamh Tiobóid, agus ag iarraidh air leigean dá ruathar, agus go madh nár dó buaireamh ar bith do chur ar a bhráthair, óir b'fhogus a ngaol. Gidheadh, nochar bh'ionntaobh le Tiobóid an leoghan do leigean uaidh tar éis a fheirge do mhúscladh. Leis sin, ionnsaighid an dá shluagh a chéile. An tan chonnairc Séamus iomarca na slógh agá ionnsaighe, labhras le n-a bheagán buidhne — óir ní rabhadar acht céad troightheach agus beagán ós cionn céad marcach — agus dubhairt leó é féin do leanamhain' go ndearnadar amhla-san, agus do rinneadar cathughadh calma coinnsgleódhach. Iar mbeith i dteas na hiorghuile dóibh, go goineadh Seámus go fíor-dhoimhin i n-a bhrollach; gidheadh, do rin sé an chréacht d'fholach, d'eagla time ná tláis do theacht dá fhearaibh dá bhrígh sin; agus iar n-a fhagháil créachtnuighthe amhla-san, lingeas go leóghanta lán-chalma i dtiugh marc- shluagh a námhad, agus do rin bealach is beárna dhó féin — ag treascairt is ag tuargain ar gach taobh de — gus an áit i bhfeacaidh Tiobóid de Búrc; agus iar dteacht i bhfogus dó, buaileas go trom tréan-chalma é, gur scoilt a cheann go smeigín den mhór-bhuille sin; agus buail- eas ar Liam, dearbhráthair Thiobóid, an dara buille, gur mhairbh ar an láthair sin é.
Brisid na Búrcaigh iarsin, iar bhfaicsin a dtriatha treascartha amhla-san. Túirling- eas Séamus, agus gairmeas a shaiplíneach chuige, agus, iar ndéanamh a uadhachta is a fhaoisidín agus iar nglacadh comaoine, d'éag ar an láthair sin. Iar mbeith marbh do Shéamus amhla-san, do chuir a bhráthair, Muiris mhac Seáin, a cheann dá bhuain de; agus ó na raibh oireamhain aige chun adh- lactha onóraigh do thabhairt dó mar badh dhleacht, do churieadar go foilgheasach ag bun sean-chrainn daraighe é; agus go grod dá éis sin, do fríth le fiaguidhe ann é, go rugadar na heiricigh leó go Cill Uais é, agus go ndearnadar croch dó ann, go mgídís go laetheamhail ag caitheamh urchar leis, ó thárla marbh é — óir is fada d'fhanfaidís uaidh an fhaid do bhí beó. Do bhí Seán Mhac Gearailt, dearbhráthair an Iarla, go laetheamhail ag cathughadh i n-aghaidh na n-eiriceach tar éis bháis Sheámuis, go dtug fá dheóidh bualadh mach- aire dhóibh, mar ar briseadh dóibh féin is dá gceann feadhna Herbert. Dá éis seo, téid Séamus mhac Séamuis, dearbhráthair eile an Iarla, ag creach- argain Múscraighe; gidheadh, ag tilleadh tar ais dó, leanas Cormac Mhac Taidhg, Tighearna Múscraighe, go sluagh-bhuidhean leis é, agus tug dearg-áir a mhuinntire agus do rin bragha dhe féin. Do rugadh amhla-san do láthair Fó-rí leis, le hórdughadh na banríoghna, an Creideamh Catoilice do thréigean, agus í féin d'admháil is do ghabh- áil mar cheann chreidimh, agus go bhfuigheadh a anam agus mórán de dhuaisibh dian-mhóra eile; gidheadh, do dhiúltuigh sé na tairg- seana soin go huile is go hiomshlán, agus dubhairt ná hadmhóghadh féin ceann ar bith creidimh acht an Pápa amháin. Uime sin, d'órduigh an fó-rí a dhíthcheannadh, a ionathar a losgadh, agus ceithre ceathramhna a dhéan- amh de, agus a gcrochadh le slabhraidhibh iarainn ar gheataíbh Chorcaighe; go ndear- nadh amhla-san leis. (Ní críoch). -
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services