Craobhscaoile
Gearaltach i nÉirinn
(ar leanamhaint)
Iar dteacht do Shéamus mhac Muiris go
hÉirinn, amhail adubhramair, triallas Seán
Mhac Gearailt, dearbhráthair an Iarla, dá
fhios; agus cruinnighid a rannta de gach
leith. Triallas fá'n am soin Hannraoi
Daves, Siriam Chonntae Chorcaighe, go
Tráighlí i gConntae Chiarraighe, iar n-a
chlos dó na Gearaltaigh do bheith ar an
órdughadh soin; agus leanas Seán Mhac
Gearailt é go ndrongbhuidhin leis; óir do
bhí fuath agus fíor-mhioscuis ag Seán chuige
de thaobh imreasáin do thárla eatortha
tréimhse roimhe sin i dtigh Thighearna Mhúsc-
raighe. uime sin, tug amus oidhche air,
gur mhairbh i n-a seomra é féin agus
Artúr Carter, do ba Presiodún Mumhan
an tráth soin, agus gach a raibh i n-a bhfochair.
Triallas Seán Mhac Gearailt agus
Séamus Mhac Muiris go n-a sluaghaibh go
Conntae Luimnigh agus cuirid campa 'n-a
shuidhe ann. Thárla, iar mbeith dóibh annsoin,
gur éignigh aon dá bhfearaibh bean do bhí ag
friothálamh sa champa; agus, iar n-a chlos
soin do Shéamus, do fearguigheadh go fíor-
mhór é, ionnus gur ghairm an ciontach chun
dlighe an airm d'imirt air. Gidheadh, nocha
léigfeadh Seán mhac Gearailt, dearbhráth-
air an Iarla, dochar ná díoghbháil do dhéan-
amh dó. Iar n-a fhaicsin sin do Shéamus,
roinneas an sluagh le n-a bhráthair Seán,
agus tréigeas an campa. Tirallas as
soin go Conntae Thiobrad Áann le dul
go Connachtaibh; agus gluaiseas leis Seán
de Búrc, dearbhráthair Iarla Chloinne
Riocaird, agus ar ghaibh leó den tsluagh
soin; agus, iar ngabháil tré thighearnus
Thiobóid de Búrc dóibh, ionnsaigheas Tio-
bóid iad go sluaghaibh sár-mhóra leis, chun
amuis anfhórlannaigh do thabhairt ortha.
An tan chonnairc Séamus soin, cuireas
aon dá bhuidin féin ag agallamh Tiobóid,
agus ag iarraidh air leigean dá ruathar,
agus go madh nár dó buaireamh ar bith do
chur ar a bhráthair, óir b'fhogus a ngaol.
Gidheadh, nochar bh'ionntaobh le Tiobóid an
leoghan do leigean uaidh tar éis a fheirge
do mhúscladh. Leis sin, ionnsaighid an dá
shluagh a chéile. An tan chonnairc Séamus
iomarca na slógh agá ionnsaighe, labhras le
n-a bheagán buidhne — óir ní rabhadar acht
céad troightheach agus beagán ós cionn
céad marcach — agus dubhairt leó é féin
do leanamhain' go ndearnadar amhla-san,
agus do rinneadar cathughadh calma
coinnsgleódhach.
Iar mbeith i dteas na hiorghuile dóibh,
go goineadh Seámus go fíor-dhoimhin i n-a
bhrollach; gidheadh, do rin sé an chréacht
d'fholach, d'eagla time ná tláis do theacht
dá fhearaibh dá bhrígh sin; agus iar n-a
fhagháil créachtnuighthe amhla-san, lingeas
go leóghanta lán-chalma i dtiugh marc-
shluagh a námhad, agus do rin bealach is
beárna dhó féin — ag treascairt is ag
tuargain ar gach taobh de — gus an áit i
bhfeacaidh Tiobóid de Búrc; agus iar
dteacht i bhfogus dó, buaileas go trom
tréan-chalma é, gur scoilt a cheann go
smeigín den mhór-bhuille sin; agus buail-
eas ar Liam, dearbhráthair Thiobóid, an
dara buille, gur mhairbh ar an láthair sin é.
Brisid na Búrcaigh iarsin, iar bhfaicsin a
dtriatha treascartha amhla-san. Túirling-
eas Séamus, agus gairmeas a shaiplíneach
chuige, agus, iar ndéanamh a uadhachta is a
fhaoisidín agus iar nglacadh comaoine,
d'éag ar an láthair sin. Iar mbeith marbh
do Shéamus amhla-san, do chuir a bhráthair,
Muiris mhac Seáin, a cheann dá bhuain de;
agus ó na raibh oireamhain aige chun adh-
lactha onóraigh do thabhairt dó mar badh
dhleacht, do churieadar go foilgheasach ag
bun sean-chrainn daraighe é; agus go
grod dá éis sin, do fríth le fiaguidhe ann
é, go rugadar na heiricigh leó go Cill
Uais é, agus go ndearnadar croch dó ann,
go mgídís go laetheamhail ag caitheamh
urchar leis, ó thárla marbh é — óir is fada
d'fhanfaidís uaidh an fhaid do bhí beó.
Do bhí Seán Mhac Gearailt, dearbhráthair
an Iarla, go laetheamhail ag cathughadh i
n-aghaidh na n-eiriceach tar éis bháis
Sheámuis, go dtug fá dheóidh bualadh mach-
aire dhóibh, mar ar briseadh dóibh féin is dá
gceann feadhna Herbert.
Dá éis seo, téid Séamus mhac Séamuis,
dearbhráthair eile an Iarla, ag creach-
argain Múscraighe; gidheadh, ag tilleadh
tar ais dó, leanas Cormac Mhac Taidhg,
Tighearna Múscraighe, go sluagh-bhuidhean
leis é, agus tug dearg-áir a mhuinntire
agus do rin bragha dhe féin. Do rugadh
amhla-san do láthair Fó-rí leis, le hórdughadh na
banríoghna, an Creideamh Catoilice do
thréigean, agus í féin d'admháil is do ghabh-
áil mar cheann chreidimh, agus go bhfuigheadh
a anam agus mórán de dhuaisibh dian-mhóra
eile; gidheadh, do dhiúltuigh sé na tairg-
seana soin go huile is go hiomshlán, agus
dubhairt ná hadmhóghadh féin ceann ar bith
creidimh acht an Pápa amháin. Uime sin,
d'órduigh an fó-rí a dhíthcheannadh, a ionathar
a losgadh, agus ceithre ceathramhna a dhéan-
amh de, agus a gcrochadh le slabhraidhibh
iarainn ar gheataíbh Chorcaighe; go ndear-
nadh amhla-san leis.
(Ní críoch).
-