Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caithréim Aodha Uí Néill i nAimsir Eilís.
Title
Caithréim Aodha Uí Néill i nAimsir Eilís.
Author(s)
Seártan, Seóirse,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CAITHRÉIM AODHA UÍ NÉILL I nAIMSIR EILÍS. Seoirse Seartan do sholáthruigh. III. Bhí Norris agus a shluagh ag teacht an- deas. B'shin é an chéad fhógradh catha. Ní raibh ó Aodh acht an fógradh; níor fhan sé le Norris; d'éirigh sé amach go borb is go dána is go neamh-spleádhach. Sidé an t-am go raibh sé ag brath air le fada bhliadhantaibh. Do dhein Art Óg — dearbhráthair Aodha — fé dhéin Phuirt Mhóir, agus ba ghairid an mhoill air a chur fheachaint ar lucht choim- éadtha na háite sin géilleadh dhó. An fhaid a bhí Art Óg á dhéanamh-san do ghabh Aodh Ruadh Ó Domhnaill, taoiseach óg Thíre Chonaill trí Longphort Uí Fhearghail, agus é ag scaipeadh na Sasanach as a shlighe mar a sgaipfidhe an cháth lá gaothmhar. Do lean sé air siar ó dheas isteach i gcúige Chonnacht, agus níor fhág cloch ar bhun cloiche ag na Sasanachaibh gan í réabadh. Ar a shlighe thar n-ais dó, do ghaibh sé trí Shligeach, agus chuir sé an teicheadh ar an Ridire Risteárd Bingham i n-aice an bhaile sin. D'fhill sé abhaile go caithréimeach, agus cuireadh an- fháilte roimh an taoiseach óg. Ní raibh Aodh Ó Néill féin díomhain feadh na haimsire sin, do lean seisean leis is- teach i gConntae Mhuineacháin; do thóg sé Baile Mhuineacháin ó sna Sasanachaibh; acht do tógadh uaidh arís é, agus chaith sé an áit d'fhágaint. Do dhruid sé beagáinín ar gcúl, agus ó bhí Aodh Ruadh i n-éinfheacht leis do ghléasadar iad féin chun comhraic. Ag an ait go nglaodhtar Cluain Tiobrad air iseadh bhíodar agus annsoin d'fhanadar go mbuailfeadh Norris 'n-a dtreó. Níor bh'fhada an feitheamh é, mar bhí deithneas ar Norris thar n-ais go hÁrd Macha, áit a bhí i seilbh na Sasanach; acht bhí na Gaedhil ag déanamh isteach air. Do cuireadh stop leis ag Cluain Tiobraid ámhthach; do dhein sé iarracht nó dhó chun dul treasna an tsrotha a bhí ar a shlighe acht bhí na hÉireann- aigh ró-mhaith dhó. Annsoin iseadh thosnuigh an cath dáiríribh; na Sasanaigh go ceann- dána, ag déanamh iarracht i ndiaidh iarr- achta, agus ag tarrac siar arís, mar ní fhéad- faidís seasamh i n-aghaidh buillí cruadha na nGaedheal. Do leonadh Norris agus a dhearbhráthair. Bhí fear mór cumasach láidir dar b'ainm Síográbh san arm agus do thóg sé air féin an sluagh a stiúrughadh nuair do thuit an bheirt eile. Do thiomáin
sé rómpa amach ar a chapall go neamh- eaglach, acht ní fada imthigh nuair a bhuail Aodh Ó Néill leis. Is beag iongnadh croidhthe na saighdiúirí ar gach taobh ag preabadh le himnidhe. Bhí culaidhthe iarainn ar an mbeirt aca, agus is beag an díogh- bháil d'fhéadfadh gath ná piléar a dhéanamh do'n té go mbéadh a leithéid air; ní raibh chuige acht neart láimhe. Do rug Síográbh ar sgórnaigh ar Aodh, is do tharraing sé anuas d'á chapall é, agus ba ghearr go raibh an bheirt aca i ngalaibh aonair. San imreasgabháil dóibh bhí Aodh ar lár; do shaoil gach éinne go raibh buaidhte air, acht ní mar sin a bhí; do rug sé ar a chlaidheamh agus do sháith isteach i gcromán Shíográbh fé bhun a chasóige iarainn é, is do mharbh ar an nóimeat é. Do theich na Sasanaigh leó féin annsoin le deithineas. Bhí an lá ag na Gaedhealaibh agus, nídh nach iongnadh, is ortha a bhí an t-áthas mar gheall ar chuid de'n chómhar a bheith díolta leis na Sasan- achaibh, acht bhí an chuid ba mhó le díol fós. Bhí cathair bheannuighthe Árd Macha i seilbh na Sasanach, agus is mór a ghoill soin ar Aodh Ó Néill. Bhí a fhios aige an cor a thabharfadh naimhde a chreidimh ar an áit sin. Dhein sé fé dhéin na cathrach, acht ní gan troid fhíochmhar a shroich sé í. Bhí an t-arm Sasanach roimis ag Cill Uachtair, acht do chuir Aodh an teichead ortha arís; ar ghabh- áil trí Árd Macha dhóibh san ruathar san, d'fhágadar 500 fear ann chum na cathrach a chosaint, agus do ghaibh an chuid eile aca ar aghaidh go Dún Dealgan. Mo thruagh iad an chúig céad fear san! — is beag aca a tháinig slán as. Ní leogfadh na Gaedhil fiú greama le n-ithe ná fiú dighe le n-ól dul isteach chúcha. Do dhein Norris iarracht ar lón a chur chúcha agus saighdiúirí á chos- aint, acht níor shroich lón ná shaighdiúirí Árd Mhacha. Bhí Aodh i bhfolach ar an slighe, agus ar uair mhairbh na hoidhche do phreab sé amach. Do rug sé ar an lón, agus do bhain sé a raibh d'éadach airm ar na Sasan- achaibh díobh, agus ar ndóin a gcapaill is a ngunnaí. Chuir Aodh éadach airm na Sas- anach ar chuid dá shluagh féin, agus ar maid- in lá ar n-a bhárach do thosnuigh cath bréagach idir iad-san agus roinnt eile den arm Ghaedhealach i lán-radharc lucht chosanta Árd Mhacha. Nuair a choncadar-san a muinntir féin, dar leó, chomh chomhgarach do chuir Stafford a leath dá raibh de shaighdiúiríbh aige chum cabhrughadh leó, acht ní túisge amuig iad ná gur tháinig na Gaedhil mór thimcheall ortha agus do leónadh nó do marbhuigheadh gach uile dhuine aca. Do chaith Stafford géilleadh annsoin, agus do leig Aodh Ó Néill dó filleadh go Dún Dealgan le 'na raibh aige dá shluagh. Bhí Árd Macha is Cúige Uladh ar fad i lámhaibh Aodha Uí Néill annsoin. IV. Níor chaill Aodh aon phioc den ghliocas d'fhoghluim sé sa' chúirt ríoghdha i Sasana. Bhí a fhios aige go maith na féadfadh sé seasamh i n-aghaidh chomhachta Shasana mura bhfaghadh sé beagán aimsire chum a fhórsaí a chur i gcóir 's i gcrích. Do leog sé air go raibh dúil sa' t-síothchán aige, agus bhí an oiread san scannradh ar Eilís roimis nach raibh uaithi acht an focal. Bhí sos comhraic ann ar feadh tamaill, agus do chuir an bhainríoghan teachtairí ag triall ar Aodh chun réidhteach leis. Um Nodlaig, 1597, do tháinig na teachtairí soin agus Aodh Ó Néill agus Aodh Ruadh Ó Domhnaill i gcionn a chéile. Bhí an chomhairle ar siubhal ar feadh trí lá. D'iarr na Gaedhil go leogfaidhe dos na Caitlicíbh a gcreideamh a chleacht-
adh gan bhac, acht ní tabharfaidhe an cead soin dóibh, agus níor deineadh aon tsoc- rughadh eatortha. Mar sin féin, do sheol Eilís litir ag triall ar Aodh san Aibreán, 1598, 'á innsint dó go raibh a phárdún fachta aige. Bhí a fhios ag Aodh go raibh an litir ag teacht, is do choimeád sé a slighe an teachtaire chun go raibh an aimsir a ceapadh don tsos comhraic caithte. Bhí togha na haithne aige ar Eilís is ar a camastuíol; do thuig sé go dian-mhaith cad a b'fiú a párdún-sa; budh mhór an t-amadán é dá gcreidfeadh sé gur dá ríribh a bhí sí. Is feárr a bhí Aodh gléasta chun catha um an dtaca san 'ná mar a bhí riamh roimhe sin. Fuair sé an faoiseamh a bhí uaidh, agus ní díomhaoin a bhí sé feadh na haimsire sin. Bhí na Sasanaigh i gcruadh-chás. Bhíodar ar buile. Bhí a ndalta ró-chliste dhóibh, ní hamháin i bpáirc an bhualadh, acht i seomra na comhairle chomh maith. Do toghadh an Marascal Bagenal, fear go raibh an-mhioscais d'Aodh Ó Néill aige, chun bheith 'na chaptaen ar an arm Sasanach a bí chun dul i gcoinnibh na nUltach. Bhí cuid den arm i bPort Mór, agus chun cabhrughadh leó-san fé ndeara an iarracht so. Bhí sluagh mór fé Bhagenal — 4,500 fear. Saighdiúirí fóghanta a b'eadh iad, go raibh taithighe fada aca ar a ngnó. Is maith a bhí a fhios ag Aodh Ó Néill nár bh'aon tsluagh suarach a bhí chuige. Do dhein sé coinne le hAodh Ruadh, le Mag Uidhir, is le Mac Domhnaill na nGleann; agus bhí timcheall an oiread céadna d'fhearaibh aige-sean is a bhí ar thaobh na Sasanach. Níor bhac na Gaedhil le Bagenal go dtí go raibh sé tréis Árd Mhacha d'fhágaint. Tá sé timcheall chúig mhile ó'n gcathair sin go Port Mór; slighe anacair a b'eadh é leis; móinteáin is uisge ar taobh de, agus coillte is talamh breac-fhliuch ar an dtaobh eile. Timcheall dhá mhíle ó thuaidh ó Árd Mhacha iseadh a bhí longphort Aodha Uí Néill. Bhí claidhe árd, leathan, fada, déanta aige timcheall leath-mhíle ón longphort; agus bhí féith dhoimhin ar an dtaobh theas de. Tam- all ó dheas as san bhí tuilleadh féith déanta aige agus cipíní is brosna treasna ortha, agus scrathanna i n-áirde ortha-san ar nós ná tabharfaidhe na féitheanna fé ndeara. Ní raibh Bagenal abhfad amach as Árd Macha nuair a bhí na Gaedhil 'na thimcheall ar gach taobh mar a bheadh na corra-mhíola. Níor laguigh soin misneach na Sasanach. Thiomáineadar leó, acht do thuit a lán aca agus a gcapaill leó isteach ins na féithibh. Chuaidh cuid aca slán, ámhthach, agus ar aghaidh leó fé dhéin an chlaidhe, agus Bage- nal dá ngríosadh. Bhí Aodh féin ag cosaint na háite sin. Bhí sé i gceart-lár an troda, ag dul anonn is anall ag stiúrughadh na bhfear. Do briseadh beárna sa' chlaidhe, agus isteach tríd le Bagenal. Acht, má dhein, d'aimsigh Aodh é chun cunntaisí fada a réidhteach leis. Acht ní raibh sé i ndán dó a íde céadna a thabhairt air-sin agus do thug sé ar Shíográbh. Sara raibh sé tagtha chuige, fuair Bagenal piléar sa' cheann agus do leagadh marbh é. Chuir soin deire le cath an lae sin. Do cuireadh an ruathar críochnuighthe ar na Sasanachaibh, agus do theitheadar ló féin thar n-ais go hÁrd Macha, is as sin go Dún Dealgan. D'fhág- adar 'na ndiaidh a gcuid piléar, a ngunnaí móra, agus seó airgid. Do marbhuigheadh timcheall 2,500 de na Sasanachaíbh agus tim- cheall 200 Éireannach. B'shiúd é Cath Bhéal an Átha Bhuidhe. Is maith d'éirigh le hAodh an lá soin; agus, cé gur throid na Sasanaigh go cródha calma, fuaireadar briseadh a bhí níos seacht measa 'ná aon bhriseadh a chuir-
eadh ortha ó chuireadar cos ar thalamh tirim na hÉireann. Do thaisbeáin Aodh Ó Néill an lá soin gur saighdiúir cliste é, agus, 'na theannta-san, go raibh eólas airm is eolas catha ar a fheabhas aige. Bhí togha agus rogha an airm Shasanaigh 'na choinnibh. Bhí fear mar cheann-uraidh ortha nach raibh a leithéid de shaighdiúir san arm ar fad. Bhí na húirlisí comhraic do b'fhearr a bhí le fagháil aca. Do throideadar go neamh- eaglach san gcath soin, acht ní hiad is fearr a tháinig as. Thug Aodh Ó Néill buille feidhmeamhail dóibh, agus badh cheart cuimh- neamh an lae sin a bheith ag gach aon Éir- eannach atá 'na bheathaidh indiu; badh cheart a fhios a bheith ag gach aon Éireannach ar chad a bhaineann le Béal an Átha Buidhe. V. Do leath an scéal áthasach ar fuaid na hÉireann gan mhoill, agus ar ndóin do thóg sé an ceo de chroidhthibh na nGaedheal. Do thuig na taoiseacha eile ó Shráid Bheann Traighe go hOileán Toraigh gur b'é Aodh Ó Néill an fear go raibh gádh leis i nÉir- inn le fada. As Connradh na nUltach d'fhás Connradh na nGaedheal. Ní raibh acht aon treabh amháin sa tír nach raib páirteach ann, acht is gearr gur cuireadh d'fhéachaint ar an dtreibh sin géilleadh. B'é Aodh Ó Néill an ceann a bhí ar an gconnradh sin. B'é Rí na hÉireann é. An bhliadhan tréis Cath Bhéal an Átha Buidhe do cuireadh Ribeard D'Ebhereux go hÉirinn mar fhear ionad na Bainríoghna, agus 22,000 saighdiúir aige. Sluagh éachtach a b'eadh é sin, acht bhí Eilís ceapaithe ar na Gaedhil a chur fé chois, agus ní raibh sí spriúnlaighthe leis an airgead chun soin a dhéanamh. Chuir d'Ebhereux cuid d'a arm ó dheas go Cúige Mumhan, acht is beag díobh a tháinig as; is dócha nár mhaith leis dul ó thuaidh ar dtúis, mar bhí eagla roimh an Láimh Dheirg air. Bhí Eilís ar buile chuige, agus d'áitimh sí air dul i gconnibh Aodha féin. Do déin, acht is amhlaidh a thosnuigh sé ar sheanchaidheacht le hAodh. Dubhairt Aodh leis go gcuirfeadh sé suas den troid dá bhfaghadh sé ar iarr sé. Do dhall an chaint bhog san d'Ebhereux, agus do réidhtigheadh sos comhraic arís chun go scríobhfadh sé go Lúnndain. Acht, mo chreach! sé an freagradh a fuair sé 'ná dul anonn go Lúnndain chun go mbainfidhe a cheann de. I dtosach na bliadhna 1600 do thug Aodh cuairt ar a dhaoinibh muinntreadha i gcúige Mumhan. Bhí 3,000 fear i n-éinfheacht leis; acht níor chuir aoinne bac ná cosc leis ar an slighe dhó, acht iad go léir ag umhlughadh dhó is 'ghá admháil gur bh'é Rí na hÉireann dá ríribh é. Do ghabh sé longphort ag Innis Cártha i n-aice chathair Chorcaighe. D'fhan sé annsoin ar a shuaimhneas ar feadh tamaill, agus tháinig na taoisigh go léir ag triall air. Bhí comhairle catha aca, agus do shocraigheadar a lán neithe a bhain le díbirt na nAllmúrach as an tír. Nuair bhí a ghnó déanta ag Aodh, d'fhill sé o thuaidh arís. Bhí gádh leis, mar bhi na Sasanaigh ag déan- amh isteach ar a dhúthaigh an fhaid a bhí sé a baile. Bhí ráfla amuigh um an dtaca soin go raibh na Spáinnigh ar an bhfairrge ag teacht fé dhéin na hÉireann chun cabhrughadh leis na Gaedhealaibh, agus ní fada gur fíoradh an ráfla. Thángadar i dtír ag Cionn tSáile sa bhfoghmhar i mbliadhain a 1601. Bhí 3,000 fear aca, agus Don Iuan del Aguila 'na cheann ortha. Bhí Mountioy tagtha go hÉirinn i n-inead d'Ebhereux. Do thosnuigh seisean ar shaghas nuadh comhraic — an tír a chreachadh le gorta. Níor fhág sé barraí ná ribe féir ag fás i n-aon áit d'ár ghaibh sé tríd gan iad a dhóghadh. Do leag sé na tighthe, agus ní raibh aon thruagh aige do Chríostaighe ná do bheithidheach. Bhí sé i gCill Choinnigh nuair a chualaidh sé na Spáinnigh a bheith i gCionn
tSáile, agus do dhein sé fá ndéin gan mhoill, agus 7,000 fear aige, chum Cionn tSáile a phléascadh. Do cuireadh scéala ag triall ar Aodh Ó Néill go raibh na Spáinnigh i gcruadh-chás, agus, cé go raibh a dhóithin le déanamh aige féin, do thiomáin sé leis ó dheas. Bh'fhada an turus é, agus ba chontabhartach, mar bhí greim fachta ag na Sasanachaibh ar an dtír arís. Nuair a shroich sé Cionn tSáile bhí comhairle catha idir é féin is na taoiseacha eile is Aguila. Do socruigheadh i gcoinnibh toladh Aodha Uí Néill go ndéanfaidhe iarracht ar theacht ar na Sasanachaibh a gan fhios oidhche áirithe chun iad a scrios. Do tháinig an oidhche, do deineadh an iarracht, acht níor éirigh leo. Do chuaidh an lucht treóra amugha, mar bhí an oidhche garbh fliuch dorcha. Bhíodhar ag gluaiseacht ar feadh na hoidhche, agus, ar bhreacadh an lae, ní rabhadar caitheamh méarthóige ón arm Sasanach. Bhíodar-san go lán-ullamh 'na gcomhair. B'é deire an sgéil gur cuireadh an briseadh go dona ar na Gaedhealaibh. Naoi lá 'na dhiaidh sin do ghéill na Spáinnigh a bhí i gCionn tSáile. Do chuaidh Aodh Ruadh Ó Domhnaill go dtí an Spáinn a d'iarraidh tuilleadh cabharach, acht fuair sé bás sa' tír sin sa bhliadhain 1602. Nuair d'fhill Aodh Ó Néill thar n-ais go Tír Eoghain bhí atharrughadh scéil le feicsint ann. Bhí an feall agus an chaime ar siubhal. Na daoine a bhí ar a thaobh dhá bhliadhain roimhe-sin, bhíodar ar thaobh na Sasanach anois. Bhí naimhde ar gach taobh dhe, agus ba dhian an scéal air an troid a choimeád ar siubhal 'na aonar. Acht do dhein; agus bhí an oiread-san eagla ar Mountioy roimis gur chuir sé teachtaireacht ag triall ar Aodh á rádh leis go bhfaghaidh sé a phár- dún, is go tabharfaidh cead do na Cait- licíbh a gcreideamh a chleachtadh, dá ngéill- feadh sé. Ní raibh aon nídh chuige acht géill- eadh, rud a dhein sé an lá deirionach de mhí na Márta 1603. Níor mhaith le n-a naimh- dibh go bhfuair sé a phárdún is a rachtmas; agus thosnuigheadar ar uisce fé thalamh a dhéanamh chun amhrus a chur air. Ní túisce a chualaidh Aodh cad a bhí ar siubhal 'ná gur theith sé féin agus timcheall céad eile d'á dhaoinibh muinnteardha as an dtír. Chuaidh sé go dtí an Fhrainnc ar dtúis, agus as san go dtí an Róimh, áit a bhfuair sé bás i mbliadhain a 1616. VI. Mo chumha, mo thuirse, mo thiubaist, mo phian, mó chás! Aodh Ó Néill, an taoiseach calma, an saighdiúr cródha, an fíor-Ghaedh- eal nach raibh de shásamh aige a chnámha a bheith curtha i gcré na tíre gur ghrádhuigh sé chomh mór san í. Och, mo lom is mo dheacair! Agus d'fhéadfadh sé a mhalairt de scéal a bheith aige. Saighdiúir cliste a bh'eadh é gan amhrus — fear d'fhéadfadh an t-allmhúrach a ghlanadh amach as Éirinn go bráth — acht do dhein sé aon dearmhad mór amháin. Bhí an iomarca iontaoibhe aige as an bfear thall. B'é sin bun is bárr na tiubaiste. Is amh- laidh a bhí an scéal riamh ag na hÉireannachaibh — ag síor-bhrath ar na Spáinnigh nó ar na Franncaigh nó ar thír éigin eile teacht chun a ngnó a dhéanamh dóibh. Bhí an lá le hAodh Ó Néill an fhaid a's a bhí "Sinn Féin" mar ghairm chatha aige. Nuair a iarr sé ar an nduine iasachta cabhrughadh leis, d'iompuigh an t-ádh, agus tháinig an mí-ádh 'na ionad. Fear meathta do b'eadh Aguila. Do b'fheárrde Éire dá bhfanfadh sé sa' bhaile. Acht dá mb'é an fear badh chalma dár throid riamh é, agus dá mbeadh na mílte fear aige seachas mar a bhí, agus d't dtag- adh an t-ádh ar a shaothar, agus dá bhféad- fadh sé le cabhair na nGaedheal na Sasan- aigh a dhíbirt as an tír, fiafruighim-se díot- sa, a léightheóir, cad a bheadh dá bhárr ag Éirinn? "Mar mhaithe leis féin iseadh dheineann an cat crónán." An dóigh leat
go raghadh na Spáinnigh a-bhaile go sochair macánta tréis an briseadh a chur ar na Sasanachaibh? Ní raghaidís. Bheadh a gcuid féin uatha. Ní bheidís sásta gan seilbh a ghabháil ar an dtír. Dá olcas an tiubaist atá orainn go dtí an lá indiu, ní fios ná gur seacht measa a bheadh an scéal againn dá mbeadh na Spáinnigh mar mháighistrí or- ainn i n-inead na Sasanach. D'fhéadfadh Aodh Ó Néill is na Gaedhil deire a chur le réim Shasana uatha féin; agus 'sé an truagh gur thugadar suas den ghairm "Sinn Féin Amháin." -
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services