CAITHRÉIM AODHA UÍ NÉILL
I nAIMSIR EILÍS.
Seoirse Seartan
do sholáthruigh.
III.
Bhí Norris agus a shluagh ag teacht an-
deas. B'shin é an chéad fhógradh catha.
Ní raibh ó Aodh acht an fógradh; níor fhan sé
le Norris; d'éirigh sé amach go borb is
go dána is go neamh-spleádhach. Sidé an
t-am go raibh sé ag brath air le fada
bhliadhantaibh.
Do dhein Art Óg — dearbhráthair Aodha —
fé dhéin Phuirt Mhóir, agus ba ghairid an
mhoill air a chur fheachaint ar lucht choim-
éadtha na háite sin géilleadh dhó. An fhaid
a bhí Art Óg á dhéanamh-san do ghabh Aodh
Ruadh Ó Domhnaill, taoiseach óg Thíre
Chonaill trí Longphort Uí Fhearghail, agus
é ag scaipeadh na Sasanach as a shlighe mar
a sgaipfidhe an cháth lá gaothmhar. Do lean
sé air siar ó dheas isteach i gcúige Chonnacht,
agus níor fhág cloch ar bhun cloiche ag na
Sasanachaibh gan í réabadh. Ar a shlighe thar
n-ais dó, do ghaibh sé trí Shligeach, agus
chuir sé an teicheadh ar an Ridire Risteárd
Bingham i n-aice an bhaile sin. D'fhill sé
abhaile go caithréimeach, agus cuireadh an-
fháilte roimh an taoiseach óg.
Ní raibh Aodh Ó Néill féin díomhain feadh
na haimsire sin, do lean seisean leis is-
teach i gConntae Mhuineacháin; do thóg sé
Baile Mhuineacháin ó sna Sasanachaibh; acht
do tógadh uaidh arís é, agus chaith sé an áit
d'fhágaint. Do dhruid sé beagáinín ar
gcúl, agus ó bhí Aodh Ruadh i n-éinfheacht
leis do ghléasadar iad féin chun comhraic.
Ag an ait go nglaodhtar Cluain Tiobrad
air iseadh bhíodar agus annsoin d'fhanadar
go mbuailfeadh Norris 'n-a dtreó. Níor
bh'fhada an feitheamh é, mar bhí deithneas ar
Norris thar n-ais go hÁrd Macha, áit a bhí i
seilbh na Sasanach; acht bhí na Gaedhil ag
déanamh isteach air. Do cuireadh stop
leis ag Cluain Tiobraid ámhthach; do dhein
sé iarracht nó dhó chun dul treasna an
tsrotha a bhí ar a shlighe acht bhí na hÉireann-
aigh ró-mhaith dhó. Annsoin iseadh thosnuigh
an cath dáiríribh; na Sasanaigh go ceann-
dána, ag déanamh iarracht i ndiaidh iarr-
achta, agus ag tarrac siar arís, mar ní fhéad-
faidís seasamh i n-aghaidh buillí cruadha na
nGaedheal. Do leonadh Norris agus a
dhearbhráthair. Bhí fear mór cumasach
láidir dar b'ainm Síográbh san arm agus
do thóg sé air féin an sluagh a stiúrughadh
nuair do thuit an bheirt eile. Do thiomáin
sé rómpa amach ar a chapall go neamh-
eaglach, acht ní fada imthigh nuair a bhuail
Aodh Ó Néill leis. Is beag iongnadh
croidhthe na saighdiúirí ar gach taobh ag
preabadh le himnidhe. Bhí culaidhthe iarainn
ar an mbeirt aca, agus is beag an díogh-
bháil d'fhéadfadh gath ná piléar a dhéanamh
do'n té go mbéadh a leithéid air; ní raibh
chuige acht neart láimhe. Do rug Síográbh
ar sgórnaigh ar Aodh, is do tharraing sé
anuas d'á chapall é, agus ba ghearr go
raibh an bheirt aca i ngalaibh aonair. San
imreasgabháil dóibh bhí Aodh ar lár; do
shaoil gach éinne go raibh buaidhte air, acht
ní mar sin a bhí; do rug sé ar a chlaidheamh
agus do sháith isteach i gcromán Shíográbh fé
bhun a chasóige iarainn é, is do mharbh ar an
nóimeat é. Do theich na Sasanaigh leó féin
annsoin le deithineas. Bhí an lá ag na
Gaedhealaibh agus, nídh nach iongnadh, is
ortha a bhí an t-áthas mar gheall ar chuid
de'n chómhar a bheith díolta leis na Sasan-
achaibh, acht bhí an chuid ba mhó le díol fós.
Bhí cathair bheannuighthe Árd Macha i seilbh
na Sasanach, agus is mór a ghoill soin ar
Aodh Ó Néill. Bhí a fhios aige an cor a
thabharfadh naimhde a chreidimh ar an áit sin.
Dhein sé fé dhéin na cathrach, acht ní gan
troid fhíochmhar a shroich sé í. Bhí an t-arm
Sasanach roimis ag Cill Uachtair, acht do
chuir Aodh an teichead ortha arís; ar ghabh-
áil trí Árd Macha dhóibh san ruathar san,
d'fhágadar 500 fear ann chum na cathrach a
chosaint, agus do ghaibh an chuid eile aca ar
aghaidh go Dún Dealgan. Mo thruagh iad
an chúig céad fear san! — is beag aca a
tháinig slán as. Ní leogfadh na Gaedhil
fiú greama le n-ithe ná fiú dighe le n-ól
dul isteach chúcha. Do dhein Norris iarracht
ar lón a chur chúcha agus saighdiúirí á chos-
aint, acht níor shroich lón ná shaighdiúirí Árd
Mhacha. Bhí Aodh i bhfolach ar an slighe, agus
ar uair mhairbh na hoidhche do phreab sé
amach. Do rug sé ar an lón, agus do
bhain sé a raibh d'éadach airm ar na Sasan-
achaibh díobh, agus ar ndóin a gcapaill is a
ngunnaí. Chuir Aodh éadach airm na Sas-
anach ar chuid dá shluagh féin, agus ar maid-
in lá ar n-a bhárach do thosnuigh cath bréagach
idir iad-san agus roinnt eile den arm
Ghaedhealach i lán-radharc lucht chosanta
Árd Mhacha. Nuair a choncadar-san a
muinntir féin, dar leó, chomh chomhgarach
do chuir Stafford a leath dá raibh de
shaighdiúiríbh aige chum cabhrughadh leó, acht ní
túisge amuig iad ná gur tháinig na Gaedhil
mór thimcheall ortha agus do leónadh nó
do marbhuigheadh gach uile dhuine aca. Do
chaith Stafford géilleadh annsoin, agus do
leig Aodh Ó Néill dó filleadh go Dún
Dealgan le 'na raibh aige dá shluagh. Bhí Árd
Macha is Cúige Uladh ar fad i lámhaibh
Aodha Uí Néill annsoin.
IV.
Níor chaill Aodh aon phioc den ghliocas
d'fhoghluim sé sa' chúirt ríoghdha i Sasana.
Bhí a fhios aige go maith na féadfadh sé
seasamh i n-aghaidh chomhachta Shasana mura
bhfaghadh sé beagán aimsire chum a fhórsaí a
chur i gcóir 's i gcrích. Do leog sé air go
raibh dúil sa' t-síothchán aige, agus bhí an
oiread san scannradh ar Eilís roimis nach
raibh uaithi acht an focal. Bhí sos comhraic
ann ar feadh tamaill, agus do chuir an
bhainríoghan teachtairí ag triall ar Aodh
chun réidhteach leis. Um Nodlaig, 1597, do
tháinig na teachtairí soin agus Aodh Ó Néill
agus Aodh Ruadh Ó Domhnaill i gcionn a
chéile. Bhí an chomhairle ar siubhal ar feadh
trí lá. D'iarr na Gaedhil go leogfaidhe
dos na Caitlicíbh a gcreideamh a chleacht-
adh gan bhac, acht ní tabharfaidhe an cead
soin dóibh, agus níor deineadh aon tsoc-
rughadh eatortha. Mar sin féin, do sheol
Eilís litir ag triall ar Aodh san Aibreán,
1598, 'á innsint dó go raibh a phárdún
fachta aige. Bhí a fhios ag Aodh go raibh an
litir ag teacht, is do choimeád sé a slighe
an teachtaire chun go raibh an aimsir a
ceapadh don tsos comhraic caithte. Bhí
togha na haithne aige ar Eilís is ar a
camastuíol; do thuig sé go dian-mhaith cad
a b'fiú a párdún-sa; budh mhór an t-amadán
é dá gcreidfeadh sé gur dá ríribh a bhí sí.
Is feárr a bhí Aodh gléasta chun catha um
an dtaca san 'ná mar a bhí riamh roimhe sin.
Fuair sé an faoiseamh a bhí uaidh, agus ní
díomhaoin a bhí sé feadh na haimsire sin.
Bhí na Sasanaigh i gcruadh-chás. Bhíodar
ar buile. Bhí a ndalta ró-chliste dhóibh, ní
hamháin i bpáirc an bhualadh, acht i seomra
na comhairle chomh maith.
Do toghadh an Marascal Bagenal, fear
go raibh an-mhioscais d'Aodh Ó Néill aige,
chun bheith 'na chaptaen ar an arm Sasanach
a bí chun dul i gcoinnibh na nUltach. Bhí
cuid den arm i bPort Mór, agus chun
cabhrughadh leó-san fé ndeara an iarracht
so. Bhí sluagh mór fé Bhagenal — 4,500
fear. Saighdiúirí fóghanta a b'eadh iad, go
raibh taithighe fada aca ar a ngnó. Is maith
a bhí a fhios ag Aodh Ó Néill nár bh'aon
tsluagh suarach a bhí chuige. Do dhein sé
coinne le hAodh Ruadh, le Mag Uidhir, is
le Mac Domhnaill na nGleann; agus bhí
timcheall an oiread céadna d'fhearaibh
aige-sean is a bhí ar thaobh na Sasanach.
Níor bhac na Gaedhil le Bagenal go dtí go
raibh sé tréis Árd Mhacha d'fhágaint. Tá
sé timcheall chúig mhile ó'n gcathair sin go
Port Mór; slighe anacair a b'eadh é leis;
móinteáin is uisge ar taobh de, agus
coillte is talamh breac-fhliuch ar an dtaobh
eile. Timcheall dhá mhíle ó thuaidh ó Árd
Mhacha iseadh a bhí longphort Aodha Uí Néill.
Bhí claidhe árd, leathan, fada, déanta aige
timcheall leath-mhíle ón longphort; agus bhí
féith dhoimhin ar an dtaobh theas de. Tam-
all ó dheas as san bhí tuilleadh féith déanta
aige agus cipíní is brosna treasna ortha,
agus scrathanna i n-áirde ortha-san ar nós
ná tabharfaidhe na féitheanna fé ndeara.
Ní raibh Bagenal abhfad amach as Árd
Macha nuair a bhí na Gaedhil 'na thimcheall
ar gach taobh mar a bheadh na corra-mhíola.
Níor laguigh soin misneach na Sasanach.
Thiomáineadar leó, acht do thuit a lán aca
agus a gcapaill leó isteach ins na féithibh.
Chuaidh cuid aca slán, ámhthach, agus ar
aghaidh leó fé dhéin an chlaidhe, agus Bage-
nal dá ngríosadh. Bhí Aodh féin ag cosaint
na háite sin. Bhí sé i gceart-lár an troda,
ag dul anonn is anall ag stiúrughadh na
bhfear. Do briseadh beárna sa' chlaidhe,
agus isteach tríd le Bagenal. Acht, má
dhein, d'aimsigh Aodh é chun cunntaisí fada
a réidhteach leis. Acht ní raibh sé i ndán
dó a íde céadna a thabhairt air-sin agus
do thug sé ar Shíográbh. Sara raibh sé tagtha
chuige, fuair Bagenal piléar sa' cheann
agus do leagadh marbh é. Chuir soin deire
le cath an lae sin. Do cuireadh an ruathar
críochnuighthe ar na Sasanachaibh, agus do
theitheadar ló féin thar n-ais go hÁrd
Macha, is as sin go Dún Dealgan. D'fhág-
adar 'na ndiaidh a gcuid piléar, a ngunnaí
móra, agus seó airgid. Do marbhuigheadh
timcheall 2,500 de na Sasanachaíbh agus tim-
cheall 200 Éireannach. B'shiúd é Cath Bhéal
an Átha Bhuidhe. Is maith d'éirigh le hAodh an
lá soin; agus, cé gur throid na Sasanaigh
go cródha calma, fuaireadar briseadh a bhí
níos seacht measa 'ná aon bhriseadh a chuir-
eadh ortha ó chuireadar cos ar thalamh tirim
na hÉireann. Do thaisbeáin Aodh Ó Néill
an lá soin gur saighdiúir cliste é, agus,
'na theannta-san, go raibh eólas airm is
eolas catha ar a fheabhas aige. Bhí togha
agus rogha an airm Shasanaigh 'na choinnibh.
Bhí fear mar cheann-uraidh ortha nach raibh a
leithéid de shaighdiúir san arm ar fad. Bhí
na húirlisí comhraic do b'fhearr a bhí le
fagháil aca. Do throideadar go neamh-
eaglach san gcath soin, acht ní hiad is fearr
a tháinig as. Thug Aodh Ó Néill buille
feidhmeamhail dóibh, agus badh cheart cuimh-
neamh an lae sin a bheith ag gach aon Éir-
eannach atá 'na bheathaidh indiu; badh
cheart a fhios a bheith ag gach aon Éireannach
ar chad a bhaineann le Béal an Átha Buidhe.
V.
Do leath an scéal áthasach ar fuaid na
hÉireann gan mhoill, agus ar ndóin do
thóg sé an ceo de chroidhthibh na nGaedheal.
Do thuig na taoiseacha eile ó Shráid Bheann
Traighe go hOileán Toraigh gur b'é Aodh
Ó Néill an fear go raibh gádh leis i nÉir-
inn le fada. As Connradh na nUltach
d'fhás Connradh na nGaedheal. Ní raibh acht
aon treabh amháin sa tír nach raib páirteach
ann, acht is gearr gur cuireadh d'fhéachaint
ar an dtreibh sin géilleadh. B'é Aodh
Ó Néill an ceann a bhí ar an gconnradh
sin. B'é Rí na hÉireann é.
An bhliadhan tréis Cath Bhéal an Átha
Buidhe do cuireadh Ribeard D'Ebhereux go
hÉirinn mar fhear ionad na Bainríoghna,
agus 22,000 saighdiúir aige. Sluagh éachtach
a b'eadh é sin, acht bhí Eilís ceapaithe ar
na Gaedhil a chur fé chois, agus ní raibh sí
spriúnlaighthe leis an airgead chun soin a
dhéanamh. Chuir d'Ebhereux cuid d'a arm
ó dheas go Cúige Mumhan, acht is beag
díobh a tháinig as; is dócha nár mhaith leis
dul ó thuaidh ar dtúis, mar bhí eagla roimh
an Láimh Dheirg air. Bhí Eilís ar buile
chuige, agus d'áitimh sí air dul i gconnibh
Aodha féin. Do déin, acht is amhlaidh a
thosnuigh sé ar sheanchaidheacht le hAodh.
Dubhairt Aodh leis go gcuirfeadh sé suas
den troid dá bhfaghadh sé ar iarr sé. Do
dhall an chaint bhog san d'Ebhereux, agus
do réidhtigheadh sos comhraic arís chun go
scríobhfadh sé go Lúnndain. Acht, mo
chreach! sé an freagradh a fuair sé 'ná dul
anonn go Lúnndain chun go mbainfidhe a
cheann de.
I dtosach na bliadhna 1600 do thug Aodh
cuairt ar a dhaoinibh muinntreadha i gcúige
Mumhan. Bhí 3,000 fear i n-éinfheacht leis;
acht níor chuir aoinne bac ná cosc leis ar
an slighe dhó, acht iad go léir ag umhlughadh
dhó is 'ghá admháil gur bh'é Rí na hÉireann
dá ríribh é. Do ghabh sé longphort ag Innis
Cártha i n-aice chathair Chorcaighe. D'fhan sé
annsoin ar a shuaimhneas ar feadh tamaill,
agus tháinig na taoisigh go léir ag triall
air. Bhí comhairle catha aca, agus do
shocraigheadar a lán neithe a bhain le díbirt
na nAllmúrach as an tír. Nuair bhí a ghnó
déanta ag Aodh, d'fhill sé o thuaidh arís.
Bhí gádh leis, mar bhi na Sasanaigh ag déan-
amh isteach ar a dhúthaigh an fhaid a bhí sé a
baile. Bhí ráfla amuigh um an dtaca soin
go raibh na Spáinnigh ar an bhfairrge ag
teacht fé dhéin na hÉireann chun cabhrughadh
leis na Gaedhealaibh, agus ní fada gur
fíoradh an ráfla. Thángadar i dtír ag
Cionn tSáile sa bhfoghmhar i mbliadhain a
1601. Bhí 3,000 fear aca, agus Don Iuan
del Aguila 'na cheann ortha.
Bhí Mountioy tagtha go hÉirinn i n-inead
d'Ebhereux. Do thosnuigh seisean ar shaghas
nuadh comhraic — an tír a chreachadh le
gorta. Níor fhág sé barraí ná ribe féir
ag fás i n-aon áit d'ár ghaibh sé tríd gan
iad a dhóghadh. Do leag sé na tighthe, agus
ní raibh aon thruagh aige do Chríostaighe ná
do bheithidheach. Bhí sé i gCill Choinnigh nuair
a chualaidh sé na Spáinnigh a bheith i gCionn
tSáile, agus do dhein sé fá ndéin gan
mhoill, agus 7,000 fear aige, chum Cionn
tSáile a phléascadh. Do cuireadh scéala
ag triall ar Aodh Ó Néill go raibh na
Spáinnigh i gcruadh-chás, agus, cé go raibh a
dhóithin le déanamh aige féin, do thiomáin
sé leis ó dheas. Bh'fhada an turus é, agus
ba chontabhartach, mar bhí greim fachta ag
na Sasanachaibh ar an dtír arís. Nuair a
shroich sé Cionn tSáile bhí comhairle catha
idir é féin is na taoiseacha eile is Aguila.
Do socruigheadh i gcoinnibh toladh Aodha Uí
Néill go ndéanfaidhe iarracht ar theacht ar
na Sasanachaibh a gan fhios oidhche áirithe chun
iad a scrios. Do tháinig an oidhche, do
deineadh an iarracht, acht níor éirigh leo.
Do chuaidh an lucht treóra amugha, mar bhí
an oidhche garbh fliuch dorcha. Bhíodhar ag
gluaiseacht ar feadh na hoidhche, agus, ar
bhreacadh an lae, ní rabhadar caitheamh
méarthóige ón arm Sasanach. Bhíodar-san
go lán-ullamh 'na gcomhair. B'é deire an
sgéil gur cuireadh an briseadh go dona ar
na Gaedhealaibh. Naoi lá 'na dhiaidh sin do
ghéill na Spáinnigh a bhí i gCionn tSáile.
Do chuaidh Aodh Ruadh Ó Domhnaill go dtí
an Spáinn a d'iarraidh tuilleadh cabharach,
acht fuair sé bás sa' tír sin sa bhliadhain
1602.
Nuair d'fhill Aodh Ó Néill thar n-ais go
Tír Eoghain bhí atharrughadh scéil le feicsint
ann. Bhí an feall agus an chaime ar siubhal.
Na daoine a bhí ar a thaobh dhá bhliadhain
roimhe-sin, bhíodar ar thaobh na Sasanach
anois. Bhí naimhde ar gach taobh dhe, agus
ba dhian an scéal air an troid a choimeád
ar siubhal 'na aonar. Acht do dhein; agus
bhí an oiread-san eagla ar Mountioy
roimis gur chuir sé teachtaireacht ag triall
ar Aodh á rádh leis go bhfaghaidh sé a phár-
dún, is go tabharfaidh cead do na Cait-
licíbh a gcreideamh a chleachtadh, dá ngéill-
feadh sé. Ní raibh aon nídh chuige acht géill-
eadh, rud a dhein sé an lá deirionach de mhí
na Márta 1603. Níor mhaith le n-a naimh-
dibh go bhfuair sé a phárdún is a rachtmas;
agus thosnuigheadar ar uisce fé thalamh a
dhéanamh chun amhrus a chur air. Ní túisce
a chualaidh Aodh cad a bhí ar siubhal 'ná gur
theith sé féin agus timcheall céad eile d'á
dhaoinibh muinnteardha as an dtír. Chuaidh
sé go dtí an Fhrainnc ar dtúis, agus as
san go dtí an Róimh, áit a bhfuair sé bás
i mbliadhain a 1616.
VI.
Mo chumha, mo thuirse, mo thiubaist, mo
phian, mó chás! Aodh Ó Néill, an taoiseach
calma, an saighdiúr cródha, an fíor-Ghaedh-
eal nach raibh de shásamh aige a chnámha a
bheith curtha i gcré na tíre gur ghrádhuigh sé
chomh mór san í. Och, mo lom is mo dheacair!
Agus d'fhéadfadh sé a mhalairt de scéal a
bheith aige. Saighdiúir cliste a bh'eadh é gan
amhrus — fear d'fhéadfadh an t-allmhúrach a
ghlanadh amach as Éirinn go bráth — acht do
dhein sé aon dearmhad mór amháin. Bhí an
iomarca iontaoibhe aige as an bfear thall.
B'é sin bun is bárr na tiubaiste. Is amh-
laidh a bhí an scéal riamh ag na hÉireannachaibh
— ag síor-bhrath ar na Spáinnigh nó ar na
Franncaigh nó ar thír éigin eile teacht chun
a ngnó a dhéanamh dóibh. Bhí an lá le hAodh
Ó Néill an fhaid a's a bhí "Sinn Féin" mar
ghairm chatha aige. Nuair a iarr sé ar an
nduine iasachta cabhrughadh leis, d'iompuigh
an t-ádh, agus tháinig an mí-ádh 'na ionad.
Fear meathta do b'eadh Aguila. Do
b'fheárrde Éire dá bhfanfadh sé sa' bhaile.
Acht dá mb'é an fear badh chalma dár
throid riamh é, agus dá mbeadh na mílte
fear aige seachas mar a bhí, agus d't dtag-
adh an t-ádh ar a shaothar, agus dá bhféad-
fadh sé le cabhair na nGaedheal na Sasan-
aigh a dhíbirt as an tír, fiafruighim-se díot-
sa, a léightheóir, cad a bheadh dá bhárr ag
Éirinn? "Mar mhaithe leis féin iseadh
dheineann an cat crónán." An dóigh leat
go raghadh na Spáinnigh a-bhaile go sochair
macánta tréis an briseadh a chur ar na
Sasanachaibh? Ní raghaidís. Bheadh a gcuid
féin uatha. Ní bheidís sásta gan seilbh a
ghabháil ar an dtír. Dá olcas an tiubaist
atá orainn go dtí an lá indiu, ní fios ná
gur seacht measa a bheadh an scéal againn
dá mbeadh na Spáinnigh mar mháighistrí or-
ainn i n-inead na Sasanach. D'fhéadfadh
Aodh Ó Néill is na Gaedhil deire a chur le
réim Shasana uatha féin; agus 'sé an
truagh gur thugadar suas den ghairm "Sinn
Féin Amháin."
-
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11