Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLÓDHANNA NUA. Is fuirist a aithing ná fuil Scoil na Sean-Gaedh- ilge 'n-a gcodladh. Do chuireadar an síol i dtráith, is tá an geamhair ag teacht os cionn tailimh cheana féin. Agus, mar bhragha gill air, sidé againn ANECDOTA FROM IRISH MANUSCRIPTS: Edited by O. J. Bergin, r. I. Best, Kuno Meyer, J. G. O'Keeffe. Deirtear sa Remhrádh: "The series of hitherto inedited Irish texts, of which this is the first instalment, has been undertaken with the object of furnishing fresh material for investigation to the increasing number of workers in Irish philology and literature, especially those to whom the original manu- scripts are inaccessible. It is also hoped that it will
provide handy text-books for students." Táid ocht gcinn de shean-scéaltaibh annso do baineadh as láimh- scríbhnibh Gaedhilge. Tá cuid aca aosta is do-thuig seanna go leór, acht geobhthar fó-rud ortha go bhféadfaidh Gaedhilgeóir sásamh a dhóthain a bhaint asta. Rudaí luachmhara iseadh "Scéla Cano meic Gartnáin" agus "Tucait Indarba na nDéssi," "A Story of Flann mac Lonáin" agus "Imram Curaig Máiledúin". Táid siad á chur rompa dhá leabhar a thabhairt amach i n-aghaidh na bliadhna, agus tá súil againn go gcabhróghfar leó chun soin a dhéanamh. Beidh técsanna Nua-Ghaedhilge n-a measc fé mar airighmíd. Tá súil againn go mbeidh na leabhair seo ar fagháil i leabharlanaibh is i dtighthibh léightheoir- eachta ar fuid na tíre. Níor cheart d'aon duine a chuireann suim dá laighead sa tSean-Ghaedhilg bheith 'n-a n-éaghmuis. A trí is réal, fiacha an leabhair seo. Is féidir é fhagháil ó Hodges, Figgis, i mBaile Átha Cliath. - Tá a lán daoine 'n-a mbeathaidh anois i nÉirinn a chuireann suim i n-éachtaibh bliadhain a '98. Ortha- súd tá flúirse Gaedhilgeóirí nár airigh riamh i n-a dteangain duthchais cur síos ná innsint scéil ar chúrsaíbh na haimsire úd. Ní féidir soin a rádh feasta. Tá cunntas iomlán ar chuid de scéa- laibh na bliadhna úd ar fagháil i mBLIADHAIN NA bhFRANNCACH, an leabhar is déidheannaighe do fríth ó láimh Sheagháin Uí Ruaidhrí. Scéal é seo, ag baint le teacht na bhFranncach go Cill Ala i mbliadhain a '98 is ar an gcuma 'nar éirigh leó go dtí gur ghéill Humbert ag Baile na Muc. Táid na cunntaisí seo agus tuilleadh maith leó ar n-a gcur le chéile i bhfuirm scéil — nó i bhfuirm scéalta badh chóra a rádh — ag Seaghán sa leabhar so. Pé duine a léighfidh an leabhar so ní baoghal go ndéanfaidh dearmad go bráth ar bhliadhain a '98 ná ar an gcuma i n-ar caitheadh í féin is áireamh eile i n-a diaidh san dtaobh thoir-thuaidh de Chúige Chonnacht. Tá ciúta an scéal- uidhe ag Seaghán agus do bheir soin feabhus ar a scéal gur ró-annamh a gheibhthar a leithéid. Molaimíd go mór an leabhar so Sheagháin. Tuilleann sé moladh, agus tá súil againn go mbeidh ceannach air dá réir. Táid "Gluais" agus "Tuilleadh Gluaise" ag gabháil leis i slighe is nach baoghal do dhuine ar bith dul amudha d'uireasbhaidh eoluis. Naoi bpingne, glan, a fhiacha; Connradh na Gaedhilge atá gá chur amach. Beifar ag tosnughadh ar obair ins na scoileannaibh ar fuid na tíre gach lá feasta. Táid lucht riartha na scol dá fhiafraighe cadé an leabhar a b'oireamh- naighe chuige seo is cadé an leabhar a b'fhearr chuige siúd. Ní'l scoil i nÉirinn gur fiú náid é ná fuil an Ghaedhilg á mhúineadh ann, agus gan amhrus beidh árd-chaitheamh i ndiaidh leabhair mhaith a chuirfidh i n-umhail go soiléir cionnus Gaedhilg a chur ar ghiot- aíbh Béarla. Sás thar bárr chuige sin is eadh COM- PLETE COURSE OF IRISH COMPOSITION, leabhar a chuir Donnchadh Ó Loingsigh le chéile, is atá gá chur amach ag Muinntir Ghill i mBaile Átha Cliath. Scilling is leath-réal a fhiacha. Deir Donnchadh sa Remhrádh atá i mbrollach an leabhair: "The Exercises are suited to the Junior, Middle, and Senior Grades of the Intermediate, and to University Students in their first and second year's course. The Exercises are, moreover, of a practical character, and have already been given as Class-Exercises with satisfactory re- sults." "I n-ithe na putóige a bhíonn a theastáil" adeir an sean-fhocal. Múinteóir cliste Gaedhilge iseadh Donnchadh. Tuigeann sé cad tá riachtanach. Dhein sé taithighe dá bhfuil sa leabhar so sular cuir- eadh i gcló i n-éan-chor é. D'éirigh go maith leis. Sin í an teist do b'fhearr do b'fhéidir a thabhairt ar leabhar. Taitneann linn féin an chuma n-ar cuireadh an leabar le chéile agus an cúram thar meadhón do deineadh n-a thaobh. Beidh sé n-a áise ag á lán, agus ní'l baoghal ná go mbeidh glaodhach air. - Táimíd d'éis éisteact fé dhó le CORMAC NA COILLE, agus n-a theannta-san d'éis é léigheamh sa leabhar. Bhí árd-mheas againn air nuair a chonn- camair an laoch calma is a rábairí groiche ar an árdán ón gcéad uair. Is mó 'ná soin ár mheas air anois d'éis dúinn an leabhair a léigheamh ar ár socracht. Cluiche maith is eadh Cormac gan aon agó. Tá fuinneamh leis agus brígh sa chainnt ó thosach go deireadh. Isé seo an chéad iarracht ó Phiaras Béaslaoi, agus ní fuláir a admháil gur iarracht tréan é. Ós "maith an comhartha an ceannrach," tá soghluistí eile i n-ár dtómus ag Piarus. Tá súil againn go mbeidh Cormac so coitchianta á léigheamh ag buidheantaibh Chonnradh na Gaedhilge i gcaitheamh an gheimhridh. Is féidir é fhagháil ar leath-réal. - Scéilín ana-dheas is eadh CÉADACH MAC FHINN AS ÉIRINN seo a chuir Connradh na Gaedhilge amach le déidheannaighe fá eagarthóireacht Eoghain Uí Neach- tain. Leath-thuistiún a fhiacha. Sean-scéal ó Chois Fhairrge i gCuan na Mara is eadh é. Tomás Mac Céidigh d'aithris do Eóghan é agus seo anois ar faghail againn go léir é; é go piocaithe snasta "gan bun cleite isteach ná bárr cleite amach" air. Ní hí an ghluais bheag atá ag gabháil leis an chuid is measa dhe. Tá súil againn go mbeidh glaodhach ar an scéilín deas simplidhe deagh-chóirighthe seo, go háirithe i n-iarthar Leath Chuinn. Leabhríní dhen tsórd so is fearr chun na daoine go bhfuil an Ghaedhilg aca cheana féin a mhealladh chun taithighe na léightheóireachta.
Is mór an áise do bhuidheanaibh ceóil na duilleóga so atá gá gcur amach ag Connradh na Gaedhilge fé chúram Phádraig Uí Shúilleabháin. CEILEABHAR CEÓIL an ainm atá ar an tsraith. Tá ceól i gcóir "ceithre guth" le gach amhrán agus ní fuláir nó oirfid do bhuidheantaibh ceóil i n-a lán d'áitennaibh. "Ceól an Mhála" an chéad amhrán, agus "Slán le Máigh" an tarna ceann, agus táthar ag ullmhughadh a thuilleadh aca. Pinginn an duilleóg a bhfiacha. "AN LÉIGHTHEOIR GAEDHEALACH." 'Sé Peadar Mac Fhionnlaoich do thosnuigh ar an leabhar so do chur le chéile ar dtúis roinnt bhlliadhan ó shoin agus bhí lámh Eoin Mhic Néill agus an Laoidigh san obair leis. Ní foláir ná gurab áiseachan leabhar é. Tá togha Gaedhilge ann ó gach cúige i nÉirinn, agus sin rud a theastuigheann uainn go mór — Gaedhealg Leath-Chuinn agus Gaedhealg Leath Mhogha a bheith le fagháil fé aon chlúdach amháin i dtreo is go mbeidh aithne ag na daoinibh a labhrann gach ceann aca ar an gceann eile. Tá foclóir maith leis an leabhar, agus tá sé le fagháil ar scilling ghlain. MÁIRE. "MEASGÁN MÚSCRAIDHE" AGUS "DEARG- RUATHAR CHONAILL CHEARNAIGH." Ní'l éin-iongnadh acht an méid oibre a dhéineann an Laoideach i rith na bliadhna! Mar adubhradh cheana bhí páirt aige san "Léightheoir Gaedhealach" agus seo dhá leabhar eile chughainn anois go bhfuil rian a láimhe le feicsint go soiléir ionnta. Cnuasacht bheag scéal ó Bhaile Mhúirne agus ó'n duthaigh mór-thimcheall 'seadh "Measgán Músgraidhe" agus ní beag son mar theistiméireacht ortha gur maith na scéalta iad. Scéal Rudhraigheachta seadh an leabhar eile, agus cuireann sé síos ar eachtraíbh Chonaill Cearnaigh tar éis cailleamhna Chonchulainn ar Mhaigh Mhuirteimhne. Tá foclóir breagh le gach cheann des na leabhraibh agus Cóir Anmann, agus ní gádh dhom a rádh go bhfuilid go han-mhaith, agus eolas an domhain ionnta. Tá an "Dearg-Ruathar" le fagháil ar Scilling [glan] agus an leabhar eile ar naoi bPingne [glan]. MÁIRE. - Níor bh'iongnadh liom ceannrach ar ghamhain is é ag tarrac uisce; Níor bh'iongnadh liom creabhair ag treabhadh agus lachain ag fuirse; Níor bh'iongnadh liom an leamhain ó n-a ceann go fairrge tirim; Act is iongnadh liom damhas ar shamhaiscibh Charraig Uí Iolla. - Ó "Sheandún". - Clódhanna ar Láimh. Niamh, ón Athair Peadar Ó Laoghaire, Canónach. Muintir na Leabhar Gaedhilge, 4s. 6d. RAMBLES IN ÉIRINN, by William Bulfin (Che Buono). Gill & Son. 6s. SHORT BIBLE HISTORY FOR SCHOOLS. Part I. By Rev. M. Healy, C.C. Gill & Son. 3d. FOR THE TONGUE OF THE GAEL, by Tomás Ó Flannghaile, Sealy, Bryers & Walker. 1s. net. Beidh rud éigin againn le rádh n-a dtaobh soin an mhí seo chughainn. - I n-ithe na putóige a bhíonn a theastáil.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services