Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA NUA.



Is fuirist a aithing ná fuil Scoil na Sean-Gaedh-
ilge 'n-a gcodladh. Do chuireadar an síol i dtráith,
is tá an geamhair ag teacht os cionn tailimh cheana
féin. Agus, mar bhragha gill air, sidé againn
ANECDOTA FROM IRISH MANUSCRIPTS:
Edited by O. J. Bergin, r. I. Best, Kuno Meyer,
J. G. O'Keeffe. Deirtear sa Remhrádh: "The series
of hitherto inedited Irish texts, of which this is the
first instalment, has been undertaken with the object
of furnishing fresh material for investigation to the
increasing number of workers in Irish philology and
literature, especially those to whom the original manu-
scripts are inaccessible. It is also hoped that it will


L. 399


provide handy text-books for students." Táid ocht
gcinn de shean-scéaltaibh annso do baineadh as láimh-
scríbhnibh Gaedhilge. Tá cuid aca aosta is do-thuig
seanna go leór, acht geobhthar fó-rud ortha go
bhféadfaidh Gaedhilgeóir sásamh a dhóthain a bhaint
asta. Rudaí luachmhara iseadh "Scéla Cano meic
Gartnáin" agus "Tucait Indarba na nDéssi," "A
Story of Flann mac Lonáin" agus "Imram Curaig
Máiledúin". Táid siad á chur rompa dhá leabhar a
thabhairt amach i n-aghaidh na bliadhna, agus tá súil
againn go gcabhróghfar leó chun soin a dhéanamh.
Beidh técsanna Nua-Ghaedhilge n-a measc fé mar
airighmíd. Tá súil againn go mbeidh na leabhair seo
ar fagháil i leabharlanaibh is i dtighthibh léightheoir-
eachta ar fuid na tíre. Níor cheart d'aon duine a
chuireann suim dá laighead sa tSean-Ghaedhilg bheith
'n-a n-éaghmuis. A trí is réal, fiacha an leabhair seo.
Is féidir é fhagháil ó Hodges, Figgis, i mBaile Átha
Cliath.



-



Tá a lán daoine 'n-a mbeathaidh anois i nÉirinn a
chuireann suim i n-éachtaibh bliadhain a '98. Ortha-
súd tá flúirse Gaedhilgeóirí nár airigh riamh i n-a
dteangain duthchais cur síos ná innsint scéil ar
chúrsaíbh na haimsire úd. Ní féidir soin a rádh
feasta. Tá cunntas iomlán ar chuid de scéa-
laibh na bliadhna úd ar fagháil i mBLIADHAIN NA
bhFRANNCACH, an leabhar is déidheannaighe do fríth ó
láimh Sheagháin Uí Ruaidhrí. Scéal é seo, ag baint
le teacht na bhFranncach go Cill Ala i mbliadhain a
'98 is ar an gcuma 'nar éirigh leó go dtí gur ghéill
Humbert ag Baile na Muc. Táid na cunntaisí
seo agus tuilleadh maith leó ar n-a gcur le chéile
i bhfuirm scéil — nó i bhfuirm scéalta badh chóra a
rádh — ag Seaghán sa leabhar so. Pé duine a léighfidh
an leabhar so ní baoghal go ndéanfaidh dearmad go
bráth ar bhliadhain a '98 ná ar an gcuma i n-ar
caitheadh í féin is áireamh eile i n-a diaidh san dtaobh
thoir-thuaidh de Chúige Chonnacht. Tá ciúta an scéal-
uidhe ag Seaghán agus do bheir soin feabhus ar a
scéal gur ró-annamh a gheibhthar a leithéid. Molaimíd
go mór an leabhar so Sheagháin. Tuilleann sé
moladh, agus tá súil againn go mbeidh ceannach air
dá réir. Táid "Gluais" agus "Tuilleadh Gluaise"
ag gabháil leis i slighe is nach baoghal do dhuine ar
bith dul amudha d'uireasbhaidh eoluis. Naoi bpingne,
glan, a fhiacha; Connradh na Gaedhilge atá gá chur
amach.



Beifar ag tosnughadh ar obair ins na scoileannaibh
ar fuid na tíre gach lá feasta. Táid lucht riartha
na scol dá fhiafraighe cadé an leabhar a b'oireamh-
naighe chuige seo is cadé an leabhar a b'fhearr chuige
siúd. Ní'l scoil i nÉirinn gur fiú náid é ná fuil
an Ghaedhilg á mhúineadh ann, agus gan amhrus beidh
árd-chaitheamh i ndiaidh leabhair mhaith a chuirfidh i
n-umhail go soiléir cionnus Gaedhilg a chur ar ghiot-
aíbh Béarla. Sás thar bárr chuige sin is eadh COM-
PLETE COURSE OF IRISH COMPOSITION,
leabhar a chuir Donnchadh Ó Loingsigh le chéile, is atá
gá chur amach ag Muinntir Ghill i mBaile Átha Cliath.
Scilling is leath-réal a fhiacha. Deir Donnchadh sa
Remhrádh atá i mbrollach an leabhair: "The Exercises
are suited to the Junior, Middle, and Senior Grades of
the Intermediate, and to University Students in their
first and second year's course. The Exercises are,
moreover, of a practical character, and have already
been given as Class-Exercises with satisfactory re-
sults." "I n-ithe na putóige a bhíonn a theastáil"
adeir an sean-fhocal. Múinteóir cliste Gaedhilge
iseadh Donnchadh. Tuigeann sé cad tá riachtanach.
Dhein sé taithighe dá bhfuil sa leabhar so sular cuir-
eadh i gcló i n-éan-chor é. D'éirigh go maith leis. Sin
í an teist do b'fhearr do b'fhéidir a thabhairt ar
leabhar. Taitneann linn féin an chuma n-ar cuireadh
an leabar le chéile agus an cúram thar meadhón do
deineadh n-a thaobh. Beidh sé n-a áise ag á lán, agus
ní'l baoghal ná go mbeidh glaodhach air.



-



Táimíd d'éis éisteact fé dhó le CORMAC NA
COILLE, agus n-a theannta-san d'éis é léigheamh sa
leabhar. Bhí árd-mheas againn air nuair a chonn-
camair an laoch calma is a rábairí groiche ar an
árdán ón gcéad uair. Is mó 'ná soin ár mheas air
anois d'éis dúinn an leabhair a léigheamh ar ár
socracht. Cluiche maith is eadh Cormac gan aon
agó. Tá fuinneamh leis agus brígh sa chainnt ó thosach
go deireadh. Isé seo an chéad iarracht ó Phiaras
Béaslaoi, agus ní fuláir a admháil gur iarracht
tréan é. Ós "maith an comhartha an ceannrach," tá
soghluistí eile i n-ár dtómus ag Piarus. Tá súil
againn go mbeidh Cormac so coitchianta á léigheamh
ag buidheantaibh Chonnradh na Gaedhilge i gcaitheamh
an gheimhridh. Is féidir é fhagháil ar leath-réal.



-



Scéilín ana-dheas is eadh CÉADACH MAC FHINN
AS ÉIRINN seo a chuir Connradh na Gaedhilge amach
le déidheannaighe fá eagarthóireacht Eoghain Uí Neach-
tain. Leath-thuistiún a fhiacha. Sean-scéal ó Chois
Fhairrge i gCuan na Mara is eadh é. Tomás Mac
Céidigh d'aithris do Eóghan é agus seo anois ar faghail
againn go léir é; é go piocaithe snasta "gan bun cleite
isteach ná bárr cleite amach" air. Ní hí an ghluais
bheag atá ag gabháil leis an chuid is measa dhe. Tá
súil againn go mbeidh glaodhach ar an scéilín deas
simplidhe deagh-chóirighthe seo, go háirithe i n-iarthar
Leath Chuinn. Leabhríní dhen tsórd so is fearr chun na
daoine go bhfuil an Ghaedhilg aca cheana féin a
mhealladh chun taithighe na léightheóireachta.


L. 400


Is mór an áise do bhuidheanaibh ceóil na duilleóga
so atá gá gcur amach ag Connradh na Gaedhilge
fé chúram Phádraig Uí Shúilleabháin. CEILEABHAR
CEÓIL an ainm atá ar an tsraith. Tá ceól i gcóir
"ceithre guth" le gach amhrán agus ní fuláir nó
oirfid do bhuidheantaibh ceóil i n-a lán d'áitennaibh.
"Ceól an Mhála" an chéad amhrán, agus "Slán le
Máigh" an tarna ceann, agus táthar ag ullmhughadh a
thuilleadh aca. Pinginn an duilleóg a bhfiacha.



"AN LÉIGHTHEOIR GAEDHEALACH." 'Sé Peadar Mac
Fhionnlaoich do thosnuigh ar an leabhar so do chur
le chéile ar dtúis roinnt bhlliadhan ó shoin agus bhí
lámh Eoin Mhic Néill agus an Laoidigh san obair leis.
Ní foláir ná gurab áiseachan leabhar é. Tá togha
Gaedhilge ann ó gach cúige i nÉirinn, agus sin rud a
theastuigheann uainn go mór — Gaedhealg Leath-Chuinn
agus Gaedhealg Leath Mhogha a bheith le fagháil fé aon
chlúdach amháin i dtreo is go mbeidh aithne ag na
daoinibh a labhrann gach ceann aca ar an gceann eile.



Tá foclóir maith leis an leabhar, agus tá sé le
fagháil ar scilling ghlain.



MÁIRE.



"MEASGÁN MÚSCRAIDHE" AGUS "DEARG-
RUATHAR CHONAILL CHEARNAIGH." Ní'l éin-iongnadh
acht an méid oibre a dhéineann an Laoideach i rith na
bliadhna! Mar adubhradh cheana bhí páirt aige san
"Léightheoir Gaedhealach" agus seo dhá leabhar eile
chughainn anois go bhfuil rian a láimhe le feicsint go
soiléir ionnta. Cnuasacht bheag scéal ó Bhaile
Mhúirne agus ó'n duthaigh mór-thimcheall 'seadh
"Measgán Músgraidhe" agus ní beag son mar
theistiméireacht ortha gur maith na scéalta iad.
Scéal Rudhraigheachta seadh an leabhar eile, agus
cuireann sé síos ar eachtraíbh Chonaill Cearnaigh tar
éis cailleamhna Chonchulainn ar Mhaigh Mhuirteimhne.



Tá foclóir breagh le gach cheann des na leabhraibh
agus Cóir Anmann, agus ní gádh dhom a rádh go
bhfuilid go han-mhaith, agus eolas an domhain ionnta.



Tá an "Dearg-Ruathar" le fagháil ar Scilling
[glan] agus an leabhar eile ar naoi bPingne [glan].



MÁIRE.



-



Níor bh'iongnadh liom ceannrach ar ghamhain is é ag
tarrac uisce;
Níor bh'iongnadh liom creabhair ag treabhadh agus
lachain ag fuirse;
Níor bh'iongnadh liom an leamhain ó n-a ceann go
fairrge tirim;
Act is iongnadh liom damhas ar shamhaiscibh Charraig
Uí Iolla.



- Ó "Sheandún".



-



Clódhanna ar Láimh.



Niamh, ón Athair Peadar Ó Laoghaire, Canónach.
Muintir na Leabhar Gaedhilge, 4s. 6d.



RAMBLES IN ÉIRINN, by William Bulfin (Che
Buono). Gill & Son. 6s.



SHORT BIBLE HISTORY FOR SCHOOLS.
Part I. By Rev. M. Healy, C.C. Gill & Son. 3d.



FOR THE TONGUE OF THE GAEL, by
Tomás Ó Flannghaile, Sealy, Bryers & Walker. 1s.
net.



Beidh rud éigin againn le rádh n-a dtaobh soin an
mhí seo chughainn.



-



I n-ithe na putóige a bhíonn a theastáil.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services