Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caithréim Aodha Uí Néill.
Title
Caithréim Aodha Uí Néill.
Author(s)
Seártan, Seóirse,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Caithréim Aodha Uí Néill i nAimsir Eilís. SEOIRSE SEARTAN do sholáthruigh. [Do bhuaidh an aiste seo an tarna duais i nIom- aidheacht a 10, ar Oireachtas na bliadhna 1903. "Slibire Fir" .i. Seoirse Seartan, ó Libherpúl, do bhuaidh]. I. Is deacair cur síos go cruinn is go soilléir ar aon chuid de Stair na hÉireann fé leith gan eolas ar chúrsaí na haimsire roimhe sin a bheith againn agus ní féidir cunn- tas soilléir a sgríobhadh air, mura bhféach- aimíd siar beagáinín pé sgéal é. Is mó is fíor é seo nuair a sgríobhtar tuairisg ar bheatha is ar ghníomhtharaibh fir, go mór- mhór nuair gur saighdiúir an fear soin agus gur throid sé ar son a thíre. Ní chuireann fear crut an chomhraic air féin gan chúis ná ní théidheann duine isteach i bpáirc an bhualadh is an crut san air gan chúis láidir; agus is chun fios fáth na cúise sin d'fheiscint iseadh adeirim nach foláir féachaint siar tamaillín. Nuair a tháinig Aodh Ó Néill ar an saoghal is 'mdhó donas is tiubaist a bhí ar Éirinn bhoicht; bhí sí strachta ó chéile ag a muinntir féin ar dtúis, is ag na Gallaibh 'n-a dhiaidh san, acht b'é an donas ar fad é nuair a chuir an bheirt aca chúichi agus ba mhinic é sin, mar uaireannta nuair a bhíodh na Gaill a d'iarraidh na hÉireannaigh a chur fé chois is amhlaidh a bhíodh na hÉireannaigh ag troid eatortha féin i n-ionad cur le chéile chun an námhaid aicionta a dhíbirt. Ní haon uair amháin a bhí so ar a gcumas acht na céadta uair acht fé dheire nuair a chuireadar chuige dá ríribh bhí an Gall ró- láidir dóibh. Gan amhrus bhí daoine ann nár lugha leo a muinntir is a dtír 'ná fonn troda; go deimhin, an ceart a rádh, bhídís go léir amhlaidh nuair a bheadh pé troid a bhí eatortha socruighthe, acht ní túisge a bheadh deire leis angcaismirt ó thuaidh ná go mbeadh sé tosnuighthe ó dheas, agus mar sin dóibh. Do laguigh soin iad do seoidh, agus ar ndóin bhí a fhios ag an nGall é sin go dian-mhaith; déarfá gur bh'fhuiriste dho agus na slóighte is an chumhacht a bhí lais- tiar de an tír seo a chur fé smacht, agus an chuma 'n-a raibh sí an uair sin. Acht 'n-a ionad-san bhí sé ag gabháil di ar a lán- dícheall ar feadh sé chéad mbliadhain, agus 'n-a dhiaidh-san níor dhein sé an obair go beacht. Do chuir an Gall céadna an ruaig ar na seana-Shasanachaibh i n-aon chúpla bliadhain amháin. Is iongantach an sgéal é sin; agus is iongantach an deifrigheacht atá idir an dá iarracht san na nGall — na Sasanaigh ag géilleadh gan fiú urchair a chaitheamh, geall leis, agus na hÉireannaigh
ag seasamh go dána ar a mbonnaibh ar feadh sé chéad mbliadhan i gcoinnibh an sgriosadóra chéadna, cé go raibh na Gaedhil ag gabháil dhá chéile go tiugh furmhór na haimsire sin. II. I n-aimsir an ochtmhadh Hannraoi do cuireadh sean-dlighthe na hÉireann ar leath- taoibh, agus do roinneadh a lán den talamh idir dhaoinibh (Sasanaigh is Éireannaigh) a bhí i bhfabhar an ríogh soin. Do sgiobadh an talamh so ó na hÉireannachaibh ná géillfeadh. Fuair Conn Bacach Ó Néill mór-chuid de thalamh Thíre Eoghain, agus tiodal 'na theannta — Iarla Thíre Eoghain. Bhí mac aige-sin — Seaghan a b'ainim do — agus nuair a thuig sé an bheart ghránda a bhí déanta ag a athair féin do ghaibh seirbhthean mór é, do chruinnigh sé a mhuinntir le chéile agus ba ghairid an mhoill air an ruaig a chur ar Chonn. Do toghadh Seaghán an Díomais — mar b'shin é a leas-ainm — annsan chum bheith 'na thaoiseach ar Chlannaibh Eoghain. Thug seisean ana-sgeilmis don tSasanach an fhaid a bhí sé 'na bheathaidh acht cuireadh deire leis le feall-bheart. Do toghadh Tordhealbhach Ó Néill, mac mic dearbráthar Chuinn Bhacaigh 'na ionad acht i gcionn tamaillín do ghéill sé don Ghall. Do rugadh Aodh Ó Néill timcheall bliadh- ain a 1545; mac mic Chuinn Bhacaigh a b'eadh é, agus, nuair a bhí sé fásta suas 'na ógánach, do chuir a mhuinntir go Sasana é chun go bhfaghadh sé tabhairt suas fóghanta is chun go bhfoghlumóghadh sé cleasa airm. 'Sé bhí go cliste chuige, agus bhí clú mhór air i dtaobh feabhas a ghaisgidheachta is a fhearamhlachta. Bhí ana-charadas idir é féin agus an bhainríoghan; do cheap sise 'na haigne gur b'shin é an fear a chuirfeadh na hÉireannaigh fiaidhne sé chois. Ní'l aon tuairisg cruinn ar a imtheachta go dtí bhliadhain a 1580; bhí sé mar oifigeach airm i seirbhis Bhainríoghain Shasana i nÉirinn an uair sin; agus, de bhárr a shaothair, fuair sé an tiodal is an talamh a bhí ag a shean- athair roimis. Anois, is iongantach an sgéal nár éirigh Clann Eoghain amach 'na choinnibh mar éirigheadar i gcoinnibh a shean- athar, Conn Bacach. 'Sé is dóichighe, cé go raibh sé i n-arm na Sasanach, go raibh ana- chion aige ar a mhuinntir agus go raibh cion aca-san air chomh maith. Ní innstear gur dhein sé aon droch-obair ná aon bheart shuarach an fhaid a bhí sé san arm i nÉirinn. Duine macánta, cóir, cródha a b'eadh é; agus mar sin a bhí an sgéal riamh aige. Is lag a shaoil Clann Eoghain, ámh, gur b'é sin an taoiseach réimeach neamh-eaglach a bheadh os a gcionn sara fada, agus a imreóghadh an t-éirleach ar a namhaid-san. Is deacair a rádh, ó na tuairisgíbh atá againn cathoin a shocruigh Aodh 'na aigne iompódh go taobh na nÉireannach. Deir cuid de na seanachaithibh go raibh sé ceap- aithe air sasar tháinig sé thar n-ais go hÉirinn i n-aon chor. 'Sé mo thuairim féin go raibh sé dílis don tír go raibh sé ag troid ar a son, an tír go raibh sé ag tuilleamh a pháidh uaithi go dtí go bhfeacaidh sé an t-ár is an dearg-ruathar a bhí á imirt ar a mhuinntir is ar a chomh- Chríosdaighthibh féin, agus na Sasanaigh ag teacht anall is a tógaint seilbh an tailimh a sgiobadh ó na hÉireannachaibh. (Tugadh 64,000 acra mar thabhartas do bheirt aca so i gConntae Chorcaighe). Annsoin iseadh d'fhiuch fuil na Niallach 'na fhéithibh; annsoin is- eadh thug sé an leabhar ná beadh sé 'na pháirt- idhe a thuilleadh ag an sgríosadóir. Acht ní fheadfadh sé sgaramhaint leis go fóill; ní dhéanfadh sé an gnó taisbeáint don
tSasanach cad a bhí 'na aigne aige. Bhíodh sé catha de shaighdiúiríbh d'á chuid féin aige i gcomhnaidhe, le cead Shasana. Chomh luath is a bheadh cath aca so oilte go maith i gcleasaibh airm do sgaoilfeadh sé chum siubhail iad agus do gheobhadh sé cath nuadh 'na n-ionad; agus mar sin bhí saighdiúirí clisde déanta aige de gach aon fhear nach mór dá raibh i gcríochaibh Eoghain. Níor bh' iad na sé catha céadna a bhíodh aige aon bhliadhain. Is dhócha go ndeireadh sé leó nuair a bhídís ag imtheacht. "Teirighidh abhaile anois, agus fanaidh ann go gcuir- fead-sa fios oraibh." Do cheannuigh sé seodh luaidhe chum díon a chur ar a chaisleán, mar'dh eadh, acht pé aca a fágadh an caisleán gan díon nó nár fágadh níor cuireadh an luadh mar dhíon air, do deineadh piléir de. Bhí ana-charadas ag éirighe idir é féin is na taoiseacha Gaedhealacha mór-thimcheall; agus i gcionn tamaill phós sé inghean Aodha Uí Dhomhnaill, taoiseach Thíre Chonaill. Do dhlúthuigh son an caradas le cinéal Chonaill go háirithe — an treibh Ghaedhealach budh mhó cumhacht i nÉirinn an uair sin. Mar sin féin "Ó Néill na bainríoghna" a b'eadh é; agus i bpádh an tSasanaigh iseadh bhí sé; acht bhí amhrus air, nuair a chonncathas ca a bhí aige á dhéanamh; agus i ndeire na bliadhna 1594 nuair a thuig an Sasanach nach aon mhaith a thiocfadh as dó, cuireadh 3,000 saighdiúir anall, agus Seon Norris mar chaptaen ortha chum cosg a chur leis an Niallach. Deir an tÁrd-Easbog a bhí ar Árd Mhacha an uair sin go raibh connradh déanta ag Aodh Ó Néill leis na taoiseach- aibh Gaedhealacha go léir a bhí i gCúige Uladh agus gur toghadh Aodh chum bheith 'na cheann- uraid ortha. Ba láidir an connradh é; ba chumhachtach an sluagh é; ba dheacair gabháil tríotha. Is beag a shaoil an Sasanach cad a bhí le fagháil aige, is beag a shaoil sé cad d'fhéadfadh Cúige Uladh — gan trácht ar Éirinn go léir — a dhéanamh. Níor thóg sé tuise an té go raibh dúil aige é sgríos, a chonách san air. (Ní Chríoch).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services