Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caithréim Aodha Uí Néill.

Title
Caithréim Aodha Uí Néill.
Author(s)
Seártan, Seóirse,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Caithréim Aodha Uí Néill
i nAimsir Eilís.



SEOIRSE SEARTAN
do sholáthruigh.



[Do bhuaidh an aiste seo an tarna duais i nIom-
aidheacht a 10, ar Oireachtas na bliadhna 1903.
"Slibire Fir" .i. Seoirse Seartan, ó Libherpúl, do
bhuaidh].



I.



Is deacair cur síos go cruinn is go
soilléir ar aon chuid de Stair na hÉireann
fé leith gan eolas ar chúrsaí na haimsire
roimhe sin a bheith againn agus ní féidir cunn-
tas soilléir a sgríobhadh air, mura bhféach-
aimíd siar beagáinín pé sgéal é. Is mó
is fíor é seo nuair a sgríobhtar tuairisg
ar bheatha is ar ghníomhtharaibh fir, go mór-
mhór nuair gur saighdiúir an fear soin
agus gur throid sé ar son a thíre. Ní
chuireann fear crut an chomhraic air féin
gan chúis ná ní théidheann duine isteach
i bpáirc an bhualadh is an crut san air gan
chúis láidir; agus is chun fios fáth na
cúise sin d'fheiscint iseadh adeirim nach
foláir féachaint siar tamaillín.



Nuair a tháinig Aodh Ó Néill ar an
saoghal is 'mdhó donas is tiubaist a bhí ar
Éirinn bhoicht; bhí sí strachta ó chéile ag a
muinntir féin ar dtúis, is ag na Gallaibh
'n-a dhiaidh san, acht b'é an donas ar fad é
nuair a chuir an bheirt aca chúichi agus ba
mhinic é sin, mar uaireannta nuair a bhíodh
na Gaill a d'iarraidh na hÉireannaigh a chur
fé chois is amhlaidh a bhíodh na hÉireannaigh
ag troid eatortha féin i n-ionad cur le
chéile chun an námhaid aicionta a dhíbirt.
Ní haon uair amháin a bhí so ar a gcumas
acht na céadta uair acht fé dheire nuair a
chuireadar chuige dá ríribh bhí an Gall ró-
láidir dóibh. Gan amhrus bhí daoine ann
nár lugha leo a muinntir is a dtír 'ná fonn
troda; go deimhin, an ceart a rádh, bhídís
go léir amhlaidh nuair a bheadh pé troid a bhí
eatortha socruighthe, acht ní túisge a bheadh
deire leis angcaismirt ó thuaidh ná go
mbeadh sé tosnuighthe ó dheas, agus mar sin
dóibh. Do laguigh soin iad do seoidh, agus
ar ndóin bhí a fhios ag an nGall é sin go
dian-mhaith; déarfá gur bh'fhuiriste dho
agus na slóighte is an chumhacht a bhí lais-
tiar de an tír seo a chur fé smacht, agus
an chuma 'n-a raibh sí an uair sin. Acht 'n-a
ionad-san bhí sé ag gabháil di ar a lán-
dícheall ar feadh sé chéad mbliadhain, agus
'n-a dhiaidh-san níor dhein sé an obair go
beacht. Do chuir an Gall céadna an ruaig
ar na seana-Shasanachaibh i n-aon chúpla
bliadhain amháin. Is iongantach an sgéal é
sin; agus is iongantach an deifrigheacht
atá idir an dá iarracht san na nGall — na
Sasanaigh ag géilleadh gan fiú urchair a
chaitheamh, geall leis, agus na hÉireannaigh


L. 397


ag seasamh go dána ar a mbonnaibh ar
feadh sé chéad mbliadhan i gcoinnibh an
sgriosadóra chéadna, cé go raibh na Gaedhil
ag gabháil dhá chéile go tiugh furmhór na
haimsire sin.



II.



I n-aimsir an ochtmhadh Hannraoi do
cuireadh sean-dlighthe na hÉireann ar leath-
taoibh, agus do roinneadh a lán den talamh
idir dhaoinibh (Sasanaigh is Éireannaigh) a bhí
i bhfabhar an ríogh soin. Do sgiobadh an
talamh so ó na hÉireannachaibh ná géillfeadh.



Fuair Conn Bacach Ó Néill mór-chuid de
thalamh Thíre Eoghain, agus tiodal 'na
theannta — Iarla Thíre Eoghain. Bhí mac
aige-sin — Seaghan a b'ainim do — agus
nuair a thuig sé an bheart ghránda a bhí
déanta ag a athair féin do ghaibh seirbhthean
mór é, do chruinnigh sé a mhuinntir le chéile
agus ba ghairid an mhoill air an ruaig a
chur ar Chonn. Do toghadh Seaghán an
Díomais — mar b'shin é a leas-ainm —
annsan chum bheith 'na thaoiseach ar Chlannaibh
Eoghain. Thug seisean ana-sgeilmis don
tSasanach an fhaid a bhí sé 'na bheathaidh acht
cuireadh deire leis le feall-bheart. Do
toghadh Tordhealbhach Ó Néill, mac mic
dearbráthar Chuinn Bhacaigh 'na ionad acht i
gcionn tamaillín do ghéill sé don Ghall.



Do rugadh Aodh Ó Néill timcheall bliadh-
ain a 1545; mac mic Chuinn Bhacaigh a
b'eadh é, agus, nuair a bhí sé fásta suas
'na ógánach, do chuir a mhuinntir go Sasana
é chun go bhfaghadh sé tabhairt suas fóghanta
is chun go bhfoghlumóghadh sé cleasa airm.
'Sé bhí go cliste chuige, agus bhí clú mhór
air i dtaobh feabhas a ghaisgidheachta is a
fhearamhlachta. Bhí ana-charadas idir é féin
agus an bhainríoghan; do cheap sise 'na
haigne gur b'shin é an fear a chuirfeadh na
hÉireannaigh fiaidhne sé chois. Ní'l aon
tuairisg cruinn ar a imtheachta go dtí
bhliadhain a 1580; bhí sé mar oifigeach airm
i seirbhis Bhainríoghain Shasana i nÉirinn an
uair sin; agus, de bhárr a shaothair, fuair
sé an tiodal is an talamh a bhí ag a shean-
athair roimis. Anois, is iongantach an
sgéal nár éirigh Clann Eoghain amach 'na
choinnibh mar éirigheadar i gcoinnibh a shean-
athar, Conn Bacach. 'Sé is dóichighe, cé go
raibh sé i n-arm na Sasanach, go raibh ana-
chion aige ar a mhuinntir agus go raibh cion
aca-san air chomh maith. Ní innstear gur
dhein sé aon droch-obair ná aon bheart
shuarach an fhaid a bhí sé san arm i nÉirinn.
Duine macánta, cóir, cródha a b'eadh é;
agus mar sin a bhí an sgéal riamh aige. Is
lag a shaoil Clann Eoghain, ámh, gur b'é sin
an taoiseach réimeach neamh-eaglach a bheadh
os a gcionn sara fada, agus a imreóghadh
an t-éirleach ar a namhaid-san.



Is deacair a rádh, ó na tuairisgíbh atá
againn cathoin a shocruigh Aodh 'na aigne
iompódh go taobh na nÉireannach. Deir
cuid de na seanachaithibh go raibh sé ceap-
aithe air sasar tháinig sé thar n-ais go
hÉirinn i n-aon chor. 'Sé mo thuairim
féin go raibh sé dílis don tír go raibh sé
ag troid ar a son, an tír go raibh sé
ag tuilleamh a pháidh uaithi go dtí go
bhfeacaidh sé an t-ár is an dearg-ruathar
a bhí á imirt ar a mhuinntir is ar a chomh-
Chríosdaighthibh féin, agus na Sasanaigh ag
teacht anall is a tógaint seilbh an tailimh
a sgiobadh ó na hÉireannachaibh. (Tugadh
64,000 acra mar thabhartas do bheirt aca
so i gConntae Chorcaighe). Annsoin iseadh
d'fhiuch fuil na Niallach 'na fhéithibh; annsoin is-
eadh thug sé an leabhar ná beadh sé 'na pháirt-
idhe a thuilleadh ag an sgríosadóir. Acht
ní fheadfadh sé sgaramhaint leis go fóill;
ní dhéanfadh sé an gnó taisbeáint don


L. 398


tSasanach cad a bhí 'na aigne aige. Bhíodh
sé catha de shaighdiúiríbh d'á chuid féin aige
i gcomhnaidhe, le cead Shasana. Chomh luath
is a bheadh cath aca so oilte go maith
i gcleasaibh airm do sgaoilfeadh sé chum
siubhail iad agus do gheobhadh sé cath nuadh
'na n-ionad; agus mar sin bhí saighdiúirí
clisde déanta aige de gach aon fhear nach
mór dá raibh i gcríochaibh Eoghain. Níor
bh' iad na sé catha céadna a bhíodh aige aon
bhliadhain. Is dhócha go ndeireadh sé leó
nuair a bhídís ag imtheacht. "Teirighidh
abhaile anois, agus fanaidh ann go gcuir-
fead-sa fios oraibh."



Do cheannuigh sé seodh luaidhe chum díon
a chur ar a chaisleán, mar'dh eadh, acht pé
aca a fágadh an caisleán gan díon nó nár
fágadh níor cuireadh an luadh mar dhíon air,
do deineadh piléir de.



Bhí ana-charadas ag éirighe idir é féin is
na taoiseacha Gaedhealacha mór-thimcheall;
agus i gcionn tamaill phós sé inghean
Aodha Uí Dhomhnaill, taoiseach Thíre Chonaill.
Do dhlúthuigh son an caradas le cinéal
Chonaill go háirithe — an treibh Ghaedhealach
budh mhó cumhacht i nÉirinn an uair sin.
Mar sin féin "Ó Néill na bainríoghna" a
b'eadh é; agus i bpádh an tSasanaigh iseadh
bhí sé; acht bhí amhrus air, nuair a chonncathas
ca a bhí aige á dhéanamh; agus i ndeire
na bliadhna 1594 nuair a thuig an Sasanach
nach aon mhaith a thiocfadh as dó, cuireadh
3,000 saighdiúir anall, agus Seon Norris
mar chaptaen ortha chum cosg a chur leis
an Niallach. Deir an tÁrd-Easbog a bhí
ar Árd Mhacha an uair sin go raibh connradh
déanta ag Aodh Ó Néill leis na taoiseach-
aibh Gaedhealacha go léir a bhí i gCúige Uladh
agus gur toghadh Aodh chum bheith 'na cheann-
uraid ortha. Ba láidir an connradh é; ba
chumhachtach an sluagh é; ba dheacair gabháil
tríotha. Is beag a shaoil an Sasanach cad
a bhí le fagháil aige, is beag a shaoil sé cad
d'fhéadfadh Cúige Uladh — gan trácht ar
Éirinn go léir — a dhéanamh. Níor thóg sé
tuise an té go raibh dúil aige é sgríos, a
chonách san air.



(Ní Chríoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services