Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seán Ó Gadhra, File - XVIII.
Title
Seán Ó Gadhra, File - XVIII.
Author(s)
Ó Gadhra, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEÁN Ó GADHRA, FILE. - XVIII. 23. Tá againn annso giota a cheap Seán ar bhás an rí-scoláire úd Ruaidhrí Ó Flaith- bheartaigh, .i. an fear do scríobh Ogygia. Tá cuid de i Laidin is cuid de i nGaedh- ilg. Is é seo an chéad admhad eile i leabhar Ruaidhrí Mhic Diarmada. Tá a thosach ar thaobh a 72. Tá fuaidhte i líne a 39 chronosticon nó áireamh de réir módh áirimh na Rómhánach ar an mbliadhain 'n-a bhfuair Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh bás. Theip orm féin é réidhteach, acht gheóbhthar annso é díreach fé mar a chuir Ruaidhrí Mac Diarmada síos 'n-a leabhar é agus fágfad fé na sna saoithibh a scaoileadh. Fé bhun na Laidne chuir Ruaidhrí "Dominus O Gara", agus fé bhun na Gaedhilge, mar is gnáthach aige, tá "Mr Gadhra". Ní fuláir ná go raibh árd-mheas ag Seán ar ughdar Ogygia, agus deallruigheann sé go raibh togha na haithne aca ar a chéile.
Do bhuaidh Ogygia árd-chlú do Ruaidhrí ní hamháin i nÉirinn acht i Sasana is ar fud na Roinne Eórpa. Bhí eólas thar meadhon aige ar sheanndálaibh a thíre duthchuis. Bhí saoghal fada aige abhfus — deich mbliadhna is cheithre fichid geall leis — acht saoghal acharannach gábhtarach a b'eadh a urmhór. Bhí Ruaidhrí ag braith ar cham-dhlighe Shasana chun a chirt a fhagháil dó; is amhlaidh a chreach sé é; agus fuair sé bás i bhfíor- riachtanas.
… TAGRA. Do rugadh Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh i gCaisleán Máigh Cuilinn i gCo. na Gaillimhe i mbliadhain a 1629. Aodh Ó Flaithbheartaigh, a athair; Eilís Ní Dhorchaigh, a mháthair. Muinntir Mhurchadha ainm na treibhe gur di na Flaithbheartaigh, agus b'é an Flaith- bheartach so ó bhfuaradar a sloinneadh an tarna glúin ar fhichid anuas ó Eochaidh Muighmheadhoin, do b'Árd-rí Éireann i mbliadhain a 366. Chuir Muinntir Mhurchadha fútha ar Mhaigh Seóla ar an dtaobh thoir de Loch Oirbsean (Coirib), acht sa dtríomhadh haois déag do chuir Muinntir Chonchubhair an ruaig ortha as an áit sin. Do ghluaiseadar siar is chuireadar fútha i n-iarthar Chuan na Mara. Bhí athair Ruaidhrí 'n-a cheann ar Flaithbheartaigh Ghnó Mhóir is Ghnó Bhig i mBarúntacht Máigh Cuilinn. I mbliadhain a 1631, nuair nach raibh i Ruaidhrí acht páiste dhá bhliadhan, do chailleadh a athair. Do ghlac na Gaill cúram Ruaidhrí do láimh. Chuireadar é 'n-a cheann ar an dtreibh i n-ionad a athar; agus do ghlacadar féin seilbh a oighreachta i n-ainm choróinn Shasana. I mbliadhain a 1653 fuair sé cuid de thar n-ais, agus beagán eile i mbliadhain a 1677; acht bhí briste air um an dtaca soin a d'iarraidh a chirt a bhaint amach, agus do ghluais chun bochtaineacht i ndiaidh ar ndiaidh. 'N-a theannta-san bhí an cíos ró- throm air; agus an dúthaigh bhí sí creachta ó chogadh is ó aindlighe. I scoil Alastair Uí Luingsigh san nGaillimh do chuaidh Ruaidhrí ag foghluim léighinn. Bhí clú mhór ar an scoil seo an tráth úd. Comh-scoláire leis do b'eadh mac Alastair, .i. Seán Ó Luingsigh, ughdar "Cambrensis Eversus", agus bhí an-bháidh aca le chéile i gcaitheamh a saoghail. Comh-scoláire eile leis do b'eadh an Dochtúir léigheanta Proinsias Brún, d'Órd na gCapuisíneach, a bhí n-a dhiaidh-san in' Easpog i gCill Eala. D'fhoghluim Ruaidhrí a chuid eóluis ar Éirinn ó Dhubhaltach Mac Fhir Bhisigh, a bhí an uair sin in' Ollamh ré léighinn i gColláiste San Nioclás san nGaillimh. B'é Ogygia an leabhar ba thábhachtaighe dar chiur Ruaidhrí le chéile. Dhein sé áireamh ann ar Ríghthibh na hÉireann, ar a bhfaid i gceannus, agus ar na ríghthibh iasachta a bhí fé réim le linn gach duine aca. Fuair Ruaidhrí bás ar an ochtmhadh lá d'Abrán i mbliadhain a 1718, agus do cuireadh é go bocht dealbh i n-a thigh comhnuidhthe féin sa Pháirc i gCo. na Gaillimhe. Fear ciúin lághach mácanta do b'eadh é. Ní gábhadh a rádh go raibh an fhoghluim air. B'é an chreach ná fuair sé an chaoi ná an suaimhneas chun a thuilleadh a scríobhadh. L. 4. Fronde vivere, .scr; (?) vivere fronde. L. 16. Fortci vel. Fortii. L. 38. From this it will be seen that Seán was born about 1648.
L. 41. Feasach, a learned man. L. 42. Screaptra, writings. L. 43. Is buanaighe, is buaine, oldest, most lasting. L. 44. "Another such as you will not be spoken of until the last Day." Ní léigfeam, we shall not mention; léigfim, lscr. Breatha an Luain, the judgements of the Last Day. L. 45. Bhí romhain, "Who have come before us." L. 46. Na Muaraighe, "of the Moors'(?)" Muarighthe, lscr. L. 48. Ó réimheas Cheasrach, "from the time of Ceasair," who is mentioned as having come to Ireland after the Deluge. Anna, Queen Anne. L. 50. Alasdruinn, "Alexander, the Conqueror of the World." L. 51. Chuaidh faoi, "marched against." L. 52. Is fuaraidhe pól, "of the cold pole". L. 53. A bhuain dhínn, "that he should be cut off from us." Dhín, lscr. L. 54. Is measa here = "most sorrowful." Go nua, "being retold." L. 55. Luaidhtí gó, "in which untruth was (used to be) told." L. 56. Uaithnidhe, "props", support. -
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services