SEÁN Ó GADHRA, FILE. - XVIII.
23.
Tá againn annso giota a cheap Seán ar
bhás an rí-scoláire úd Ruaidhrí Ó Flaith-
bheartaigh, .i. an fear do scríobh Ogygia.
Tá cuid de i Laidin is cuid de i nGaedh-
ilg. Is é seo an chéad admhad eile i
leabhar Ruaidhrí Mhic Diarmada. Tá a
thosach ar thaobh a 72. Tá fuaidhte i líne a
39 chronosticon nó áireamh de réir módh
áirimh na Rómhánach ar an mbliadhain 'n-a
bhfuair Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh bás.
Theip orm féin é réidhteach, acht gheóbhthar
annso é díreach fé mar a chuir Ruaidhrí
Mac Diarmada síos 'n-a leabhar é agus
fágfad fé na sna saoithibh a scaoileadh. Fé
bhun na Laidne chuir Ruaidhrí "Dominus O
Gara", agus fé bhun na Gaedhilge, mar
is gnáthach aige, tá "Mr Gadhra".
Ní fuláir ná go raibh árd-mheas ag Seán
ar ughdar Ogygia, agus deallruigheann sé
go raibh togha na haithne aca ar a chéile.
Do bhuaidh Ogygia árd-chlú do Ruaidhrí ní
hamháin i nÉirinn acht i Sasana is ar fud na
Roinne Eórpa. Bhí eólas thar meadhon
aige ar sheanndálaibh a thíre duthchuis. Bhí
saoghal fada aige abhfus — deich mbliadhna
is cheithre fichid geall leis — acht saoghal
acharannach gábhtarach a b'eadh a urmhór.
Bhí Ruaidhrí ag braith ar cham-dhlighe Shasana
chun a chirt a fhagháil dó; is amhlaidh a
chreach sé é; agus fuair sé bás i bhfíor-
riachtanas.
…
TAGRA.
Do rugadh Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh i gCaisleán
Máigh Cuilinn i gCo. na Gaillimhe i mbliadhain a
1629. Aodh Ó Flaithbheartaigh, a athair; Eilís Ní
Dhorchaigh, a mháthair. Muinntir Mhurchadha ainm na
treibhe gur di na Flaithbheartaigh, agus b'é an Flaith-
bheartach so ó bhfuaradar a sloinneadh an tarna
glúin ar fhichid anuas ó Eochaidh Muighmheadhoin, do
b'Árd-rí Éireann i mbliadhain a 366. Chuir Muinntir
Mhurchadha fútha ar Mhaigh Seóla ar an dtaobh thoir de
Loch Oirbsean (Coirib), acht sa dtríomhadh haois
déag do chuir Muinntir Chonchubhair an ruaig ortha
as an áit sin. Do ghluaiseadar siar is chuireadar
fútha i n-iarthar Chuan na Mara.
Bhí athair Ruaidhrí 'n-a cheann ar Flaithbheartaigh
Ghnó Mhóir is Ghnó Bhig i mBarúntacht Máigh Cuilinn.
I mbliadhain a 1631, nuair nach raibh i Ruaidhrí acht
páiste dhá bhliadhan, do chailleadh a athair. Do ghlac
na Gaill cúram Ruaidhrí do láimh. Chuireadar é
'n-a cheann ar an dtreibh i n-ionad a athar; agus do
ghlacadar féin seilbh a oighreachta i n-ainm choróinn
Shasana. I mbliadhain a 1653 fuair sé cuid de thar
n-ais, agus beagán eile i mbliadhain a 1677; acht bhí
briste air um an dtaca soin a d'iarraidh a chirt a
bhaint amach, agus do ghluais chun bochtaineacht i
ndiaidh ar ndiaidh. 'N-a theannta-san bhí an cíos ró-
throm air; agus an dúthaigh bhí sí creachta ó chogadh is
ó aindlighe.
I scoil Alastair Uí Luingsigh san nGaillimh do
chuaidh Ruaidhrí ag foghluim léighinn. Bhí clú mhór ar
an scoil seo an tráth úd. Comh-scoláire leis do
b'eadh mac Alastair, .i. Seán Ó Luingsigh, ughdar
"Cambrensis Eversus", agus bhí an-bháidh aca le chéile
i gcaitheamh a saoghail. Comh-scoláire eile leis do
b'eadh an Dochtúir léigheanta Proinsias Brún, d'Órd
na gCapuisíneach, a bhí n-a dhiaidh-san in' Easpog i
gCill Eala. D'fhoghluim Ruaidhrí a chuid eóluis ar
Éirinn ó Dhubhaltach Mac Fhir Bhisigh, a bhí an uair sin
in' Ollamh ré léighinn i gColláiste San Nioclás san
nGaillimh.
B'é Ogygia an leabhar ba thábhachtaighe dar chiur
Ruaidhrí le chéile. Dhein sé áireamh ann ar Ríghthibh
na hÉireann, ar a bhfaid i gceannus, agus ar na
ríghthibh iasachta a bhí fé réim le linn gach duine aca.
Fuair Ruaidhrí bás ar an ochtmhadh lá d'Abrán i
mbliadhain a 1718, agus do cuireadh é go bocht dealbh
i n-a thigh comhnuidhthe féin sa Pháirc i gCo. na Gaillimhe.
Fear ciúin lághach mácanta do b'eadh é. Ní gábhadh a
rádh go raibh an fhoghluim air. B'é an chreach ná fuair
sé an chaoi ná an suaimhneas chun a thuilleadh a
scríobhadh.
L. 4. Fronde vivere, .scr; (?) vivere fronde.
L. 16. Fortci vel. Fortii.
L. 38. From this it will be seen that Seán was born
about 1648.
L. 41. Feasach, a learned man.
L. 42. Screaptra, writings.
L. 43. Is buanaighe, is buaine, oldest, most lasting.
L. 44. "Another such as you will not be spoken of
until the last Day." Ní léigfeam, we shall not
mention; léigfim, lscr. Breatha an Luain, the
judgements of the Last Day.
L. 45. Bhí romhain, "Who have come before us."
L. 46. Na Muaraighe, "of the Moors'(?)" Muarighthe,
lscr.
L. 48. Ó réimheas Cheasrach, "from the time of
Ceasair," who is mentioned as having come to Ireland
after the Deluge. Anna, Queen Anne.
L. 50. Alasdruinn, "Alexander, the Conqueror of
the World."
L. 51. Chuaidh faoi, "marched against."
L. 52. Is fuaraidhe pól, "of the cold pole".
L. 53. A bhuain dhínn, "that he should be cut off from
us." Dhín, lscr.
L. 54. Is measa here = "most sorrowful." Go nua,
"being retold."
L. 55. Luaidhtí gó, "in which untruth was (used to
be) told."
L. 56. Uaithnidhe, "props", support.
-
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11