Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Triallam Mór-thimcheall Átha Cliath. III.
Title
Triallam Mór-thimcheall Átha Cliath. III.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TRIALLAM MÓR-THIMCHEALL ÁTHA CLIATH. [Aiste do léigheadh os comhair na hÁrd-Chraoibhe.] Tar éis an dínnéir do chuaidh an Méire i mbád, é féin agus an Sgríbhneoir, na Sirriaim, na Sinnsir, agus Fear Iomchartha an Chlaidhimh, agus daoine eile den tsluagh choitcheann, agus do chuadar thar Abhainn na Camóige, an marcshluagh ag gabháil timcheall, agus do ghluaiseadar idir an pháirc go nglaodhtar anois uirthi Inse Chille Maighneann agus an léana ag á bhun sain, agus mar sin dóibh siar go díreach go dtí an roinn sin de'n léanaidh atá os comhair na roinne sin den chnoc ar a nglaodhtar Cnoc Chille Moshámhóg, agus Cnoc Tobair Iosóilde a ainm indiu ag cuid de mhuintir na cathrach, agus tá an áit sin i bhfoisgeacht fad urchair bhogha de'n taobh thiar de léanaidh Eibhlín Hóraidh, agus tá crann sgeiche os cionn an tobair sin. Agus sa roinn sin de léanaidh Chille Maighneann do chuaidh an Méire, Fear Iomchartha an Chlaidhimh, agus an chuid eile aca i mbád agus do chuadar suas Abhainn Life go rabhadar i n-aice Dhroichid Chille Maighneann mar a mbíodh, do réir mar dubhradh, áth éigin go nglaodhtí Áth Chille Moshámhóg air. Chuadar ar mhuim capaill annsoin agus d'imthigheadhar ortha ar marcaigheacht agus anonn leo soir ó thuaidh go Cill Modhámhóg (nó Tobar Iosóilde mar ghlaodhaid cuid de na cathruightheoiríbh air). Dá éis sin do chuadar go dtí an slád siar ó thuaidh trís an gceann tiar de léanaidh Eibhlín Hóraidh agus isteach leo ó thuaidh trís an slád go dtángadar go ball éigin mar a mbíodh crann sgeiche fad ó, do réir mar dubhar- thas, agus mar sin dóibh go mullach an chnuic
áit ar stadadar dá chur i gcomhairle dá chéile cá mbeadh a dtriall feasta. Do cuireadh i gcomhairle annsoin go mbadh cheart dóibh dul ar an dtórainn mhóir nó sa bhealach mhór ar an dtaobh thuaidh de acra éigin de ghort atá ar árd an chnuic os cionn na taoibhe thuaidh de léanaidh Eibhlín Hóraidh .i. roinn de Bhaile Nua Chille Maighneann, go n-abairthí san am sain mar gheall air, agus b'fhíor an sgéal, do réir an tseanchais, gur chuimín é. Soir leo trís an mbealach nó an tórainn mhóir sin agus iad ag marcaigheacht taobh thuaidh den acra úd de ghort, ag tabhairt na láimhe deise do chnoc na gCuinneog. Isteach leo i Slád na Croiche agus mar sin dóibh i n-aghaidh an chnuic suas sa chasán choitcheann gur shroich- eadar an ceann thiar thuaidh den léanaidh atá ar fud na ngort a bhaineas le Cill Dúiligh nó Gráinsigh Ghormáin, agus léana Phreoir Theampaill Chríost a ghlaodhtar ar an léanaidh sin. Mar sin dóibh ar fhad na léanadh soin, ag tabhairt na láimhe deise do Chnoc an Earbair, comh fada le Páirc an tSearpaigh ó thuaidh agus isteach leo annsoin ar Bhóthar na gCloch, nó an bealach mór, agus as soin go Sgeach na Cabraighe Bige, mar chuimhniughadh ar an gCabraigh Bhig, gur cuid de shaoirseanntaibh Bhaile Átha Cliath í, agus muna mbeadh go raibh urmhór an lae caithte, do rachaidís timcheall an talaimh sin. Annsain, do thángadar thar n-ais sa chasán chéadna go rabhadar os comhair Tighe Gráinsighe Gormáin, .i. teach sir Hanrí Harington], ridire, 'n-a dtugthaoi air i n-allód Sgiobóil Phreoir Theampaill Chríost. Do bhriseadar bearna ar an gceann tiar den pháirc go nglaodhtar Páirc an Ruiséalaigh uirthi, agus chuadar trís an bpáirc sin go dtángadar go dtí an ceann tiar de thalamh choitín éigin mar a raibh an sean-sgioból, agus i n-urlár an tsean-sgiobóil sin 'seadh fuaradar an chloch do cuireadh annsoin chum na saoirseannta do thaisbeánt. Trís an talamh sain do chuadar go dtí an ceann tiar de thigh eile go nglaodhtí air fad ó [Cill Dúiligh nó] an tSean-Chill, agus do chuir an Méire fá ndeara d'Fhear Iomchartha an Chlaidhimh an claidheam do sháthadh isteach tré fhuinneoig do bhí ar an dtaobh thiar den Chill, mar nár mhaith leo casán ba mhó ná sain do osgladh agus Sir Hanrí 'na shaoirseannach de chathair Bhaile Átha Cliath, cé go mb'fhéidir dóibh é. As sain do bhuaileadar isteach i halla Sir Hanrí réamhráidhte agus insa halla sain insa cheann theas den seiminé atá poll nó sgoltadh sa bhfalla agus dubharthas gur thríd sin badh cheart an claidheamh do sháthadh. Do thug Sir Hanrí agus a mhuintir fleadh don Mhéire agus tar a éis sin do sáitheadh an claidheamh amach ar an bhfuinneoig thoir den halla. Annsain do chuadar soir go díreach trís na hubhallghuirt insa cheann thuaidh de na garrdhaíbh atá ag baint le tighthibh Bhaile na nGall, agus anonn leo trasna dhá pháirc chloidhe nó roinn gur bhuaileadar isteach sa bhealach mór a threoruigheas ó Bhaile Átha Cliath go Glas Naoidhean, agus annsain do iompuigheadar taobh ó thuaidh go Glas Caonóg atá sa tslád, agus as soin do iompuigheadar soir ag bun an ghuirt go Croch Ua Róraic nó an tSean-Chroch [mar is coitchinne glaodhtar air], agus as soin do chuadar ó thuaidh go díreach ar theorainn ghlais go dtí an ceann thuaidh den teor- ainn réamhráidhte, agus annsoin do iompuigh- eadar thart siar ag gluaiseacht idir roinnt páirceanna go raibh fál ortha ar an láimh chlé agus an gort ar an láimh dheis, agus mar sin dóibh gur shroicheadar an bealach mór a théid ó Bhaile Átha Cliath go Driseoig, agus ins an bhealach mór sain d'ionntuigh- eadar buille beag ó dheas go dtí páirc mar andeachadar tré bhearnain go dtí an
tobar go nglaodhtar air Tobar na Cloiche. Thugadar an lámh dheas dó soin agus chuadar as soin soir ó thuaidh go díreach comh fada leis an mbealach mhór atá ag déanamh síos ar an mBaile Bocht; agus ar an gcuma sain do shiubhladar an bóthar sain anonn gur bhaineadar amach an cnoc úd go nglaodhtar air Cnoc Críonáin atá sa taobh thuaidh, agus chuadar tré alt éigin anonn thar Abhainn Tulcan go dtángadar go dtí an bealach mór a théidheann ó Bhaile Átha Cliath go Cluain Tarbh, agus mar sin dóibh go Stáid Chluana Tarbh, agus d'fhéad- faidís dul ní ba shia 'ná sain dá mb'áil leó é; óir, deirid na sean-sgríbhne go gcoimhshíneann a saoirseann soir ar an dtaobh thuaidh den choinéal comh fada agus dob' fhéidir leó é go fairrge, agus ó'n Stáid do thángadar go hOileán Chluana Tarbh, agus mar sin dóibh ar bhruach Abhann Life siar go dtí falla cloiche Mhainistreach Mhuire i mBaile na nGall agus iad i dtaobh amuigh de, idir é agus an abhainn, agus ar an gcuma sain tré Lána na Mainistreach go Sráid Bhaile na nGall; agus annsoin, as ucht an deigh-iomchartha, do chuadar thar Dhroichead Dubhghaill agus inneall maith ortha agus timcheall na cathrach leo gur shroich- eadar dorus an Mhéire, agus do sgaradar le n-a chéile annsain, ag fágbháil sláin agus beannachta ag an Méire, agus do thug gach éinne a aghaidh ar a thigh féin a bhaile. Tagra. Léana Eibhlín Hóraidh, Ellen Hore's Meadow, now part of the Phœnix Park (near the Park Gate). Slád na Croiche, the Gibbet Slade, somewhere near Montpelier Hill, between it an the Phœnix Park. Cnoc an Earbhair, Arbour Hill: Erber (1488), Ear- ber Hill (1603). Earbar = roebuck land. Páirc an Searpaigh, Sharpe's Park. Bóthar na gCloch, Stoneybatter. An Chabrach Bheag, the Little Cabragh, also Cabrach Átha Cliath, "Cabragh of Dublin" (1324), "Lyttell Cabragh" (1603). The old name of Prussia St. was "Little Cabragh Lane," which fixes the position. Páirc an Ruiséalaigh, Russell's Park. Glas Naoidhean, Glasnevin. Glas Caonóg, "Glascoynok" (1324), "Glaskoynok" (1488), "Glascoynoke) (1603). Approximately where Blessington St. and Berkeley Road now are. The ancient "Glascoynok brook" along which the franchise boundary ran has disappeared. Driseog, Drishoge, part of Drumcondra district. Tobar na Cloiche, the Stone Well. Baile Bocht, Ballybough. Cnoc Críonáin, Summer Hill. Stáid ChluanaTarbh, the Furlong of Clontarf. Oileán Chluana Tarbh, Clontarf Island, near Gould- ing's Manure Works, East Wall, has only very re- cently disappeared. Mainistir Mhuire, St. Mary's Abbey. Seosamh Laoide. -
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services