Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Triallam Mór-thimcheall Átha Cliath. III.

Title
Triallam Mór-thimcheall Átha Cliath. III.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TRIALLAM MÓR-THIMCHEALL ÁTHA
CLIATH.



[Aiste do léigheadh os comhair na hÁrd-Chraoibhe.]



Tar éis an dínnéir do chuaidh an Méire
i mbád, é féin agus an Sgríbhneoir, na
Sirriaim, na Sinnsir, agus Fear Iomchartha
an Chlaidhimh, agus daoine eile den tsluagh
choitcheann, agus do chuadar thar Abhainn na
Camóige, an marcshluagh ag gabháil
timcheall, agus do ghluaiseadar idir an
pháirc go nglaodhtar anois uirthi Inse Chille
Maighneann agus an léana ag á bhun sain,
agus mar sin dóibh siar go díreach go dtí
an roinn sin de'n léanaidh atá os comhair
na roinne sin den chnoc ar a nglaodhtar
Cnoc Chille Moshámhóg, agus Cnoc Tobair
Iosóilde a ainm indiu ag cuid de mhuintir
na cathrach, agus tá an áit sin i bhfoisgeacht
fad urchair bhogha de'n taobh thiar de
léanaidh Eibhlín Hóraidh, agus tá crann
sgeiche os cionn an tobair sin. Agus sa
roinn sin de léanaidh Chille Maighneann do
chuaidh an Méire, Fear Iomchartha an
Chlaidhimh, agus an chuid eile aca i mbád
agus do chuadar suas Abhainn Life go
rabhadar i n-aice Dhroichid Chille Maighneann
mar a mbíodh, do réir mar dubhradh, áth
éigin go nglaodhtí Áth Chille Moshámhóg air.
Chuadar ar mhuim capaill annsoin agus
d'imthigheadhar ortha ar marcaigheacht agus
anonn leo soir ó thuaidh go Cill Modhámhóg
(nó Tobar Iosóilde mar ghlaodhaid cuid de
na cathruightheoiríbh air). Dá éis sin do
chuadar go dtí an slád siar ó thuaidh trís
an gceann tiar de léanaidh Eibhlín Hóraidh
agus isteach leo ó thuaidh trís an slád go
dtángadar go ball éigin mar a mbíodh
crann sgeiche fad ó, do réir mar dubhar-
thas, agus mar sin dóibh go mullach an chnuic


L. 392


áit ar stadadar dá chur i gcomhairle dá
chéile cá mbeadh a dtriall feasta. Do
cuireadh i gcomhairle annsoin go mbadh
cheart dóibh dul ar an dtórainn mhóir nó
sa bhealach mhór ar an dtaobh thuaidh de acra
éigin de ghort atá ar árd an chnuic os
cionn na taoibhe thuaidh de léanaidh Eibhlín
Hóraidh .i. roinn de Bhaile Nua Chille
Maighneann, go n-abairthí san am sain mar
gheall air, agus b'fhíor an sgéal, do réir an
tseanchais, gur chuimín é. Soir leo trís an
mbealach nó an tórainn mhóir sin agus iad
ag marcaigheacht taobh thuaidh den acra úd
de ghort, ag tabhairt na láimhe deise do
chnoc na gCuinneog. Isteach leo i Slád na
Croiche agus mar sin dóibh i n-aghaidh an
chnuic suas sa chasán choitcheann gur shroich-
eadar an ceann thiar thuaidh den léanaidh
atá ar fud na ngort a bhaineas le Cill
Dúiligh nó Gráinsigh Ghormáin, agus léana
Phreoir Theampaill Chríost a ghlaodhtar ar
an léanaidh sin. Mar sin dóibh ar fhad na
léanadh soin, ag tabhairt na láimhe deise
do Chnoc an Earbair, comh fada le Páirc
an tSearpaigh ó thuaidh agus isteach leo
annsoin ar Bhóthar na gCloch, nó an bealach
mór, agus as soin go Sgeach na Cabraighe
Bige, mar chuimhniughadh ar an gCabraigh
Bhig, gur cuid de shaoirseanntaibh Bhaile
Átha Cliath í, agus muna mbeadh go raibh
urmhór an lae caithte, do rachaidís timcheall
an talaimh sin. Annsain, do thángadar
thar n-ais sa chasán chéadna go rabhadar os
comhair Tighe Gráinsighe Gormáin, .i. teach
sir Hanrí Harington], ridire, 'n-a dtugthaoi
air i n-allód Sgiobóil Phreoir Theampaill
Chríost. Do bhriseadar bearna ar an
gceann tiar den pháirc go nglaodhtar
Páirc an Ruiséalaigh uirthi, agus chuadar
trís an bpáirc sin go dtángadar go dtí
an ceann tiar de thalamh choitín éigin mar
a raibh an sean-sgioból, agus i n-urlár an
tsean-sgiobóil sin 'seadh fuaradar an chloch
do cuireadh annsoin chum na saoirseannta
do thaisbeánt. Trís an talamh sain do
chuadar go dtí an ceann tiar de thigh eile
go nglaodhtí air fad ó [Cill Dúiligh nó] an
tSean-Chill, agus do chuir an Méire fá
ndeara d'Fhear Iomchartha an Chlaidhimh an
claidheam do sháthadh isteach tré fhuinneoig
do bhí ar an dtaobh thiar den Chill, mar nár
mhaith leo casán ba mhó ná sain do osgladh
agus Sir Hanrí 'na shaoirseannach de
chathair Bhaile Átha Cliath, cé go mb'fhéidir
dóibh é. As sain do bhuaileadar isteach i
halla Sir Hanrí réamhráidhte agus insa
halla sain insa cheann theas den seiminé
atá poll nó sgoltadh sa bhfalla agus
dubharthas gur thríd sin badh cheart an
claidheamh do sháthadh. Do thug Sir Hanrí
agus a mhuintir fleadh don Mhéire agus
tar a éis sin do sáitheadh an claidheamh
amach ar an bhfuinneoig thoir den halla.
Annsain do chuadar soir go díreach trís
na hubhallghuirt insa cheann thuaidh de na
garrdhaíbh atá ag baint le tighthibh Bhaile na
nGall, agus anonn leo trasna dhá pháirc
chloidhe nó roinn gur bhuaileadar isteach sa
bhealach mór a threoruigheas ó Bhaile Átha
Cliath go Glas Naoidhean, agus annsain do
iompuigheadar taobh ó thuaidh go Glas
Caonóg atá sa tslád, agus as soin do
iompuigheadar soir ag bun an ghuirt go
Croch Ua Róraic nó an tSean-Chroch [mar is
coitchinne glaodhtar air], agus as soin do
chuadar ó thuaidh go díreach ar theorainn
ghlais go dtí an ceann thuaidh den teor-
ainn réamhráidhte, agus annsoin do iompuigh-
eadar thart siar ag gluaiseacht idir roinnt
páirceanna go raibh fál ortha ar an láimh
chlé agus an gort ar an láimh dheis, agus
mar sin dóibh gur shroicheadar an bealach
mór a théid ó Bhaile Átha Cliath go Driseoig,
agus ins an bhealach mór sain d'ionntuigh-
eadar buille beag ó dheas go dtí páirc
mar andeachadar tré bhearnain go dtí an


L. 393


tobar go nglaodhtar air Tobar na Cloiche.
Thugadar an lámh dheas dó soin agus chuadar
as soin soir ó thuaidh go díreach comh fada
leis an mbealach mhór atá ag déanamh síos
ar an mBaile Bocht; agus ar an gcuma
sain do shiubhladar an bóthar sain anonn
gur bhaineadar amach an cnoc úd go
nglaodhtar air Cnoc Críonáin atá sa taobh
thuaidh, agus chuadar tré alt éigin anonn
thar Abhainn Tulcan go dtángadar go dtí
an bealach mór a théidheann ó Bhaile Átha
Cliath go Cluain Tarbh, agus mar sin dóibh
go Stáid Chluana Tarbh, agus d'fhéad-
faidís dul ní ba shia 'ná sain dá mb'áil
leó é; óir, deirid na sean-sgríbhne go
gcoimhshíneann a saoirseann soir ar an
dtaobh thuaidh den choinéal comh fada agus
dob' fhéidir leó é go fairrge, agus ó'n
Stáid do thángadar go hOileán Chluana
Tarbh, agus mar sin dóibh ar bhruach Abhann
Life siar go dtí falla cloiche Mhainistreach
Mhuire i mBaile na nGall agus iad i dtaobh
amuigh de, idir é agus an abhainn, agus ar
an gcuma sain tré Lána na Mainistreach
go Sráid Bhaile na nGall; agus annsoin,
as ucht an deigh-iomchartha, do chuadar thar
Dhroichead Dubhghaill agus inneall maith ortha
agus timcheall na cathrach leo gur shroich-
eadar dorus an Mhéire, agus do sgaradar
le n-a chéile annsain, ag fágbháil sláin
agus beannachta ag an Méire, agus do
thug gach éinne a aghaidh ar a thigh féin a
bhaile.



Tagra.



Léana Eibhlín Hóraidh, Ellen Hore's Meadow, now
part of the Phœnix Park (near the Park Gate).



Slád na Croiche, the Gibbet Slade, somewhere near
Montpelier Hill, between it an the Phœnix Park.



Cnoc an Earbhair, Arbour Hill: Erber (1488), Ear-
ber Hill (1603). Earbar = roebuck land.



Páirc an Searpaigh, Sharpe's Park.



Bóthar na gCloch, Stoneybatter.



An Chabrach Bheag, the Little Cabragh, also Cabrach
Átha Cliath, "Cabragh of Dublin" (1324), "Lyttell
Cabragh" (1603). The old name of Prussia St. was
"Little Cabragh Lane," which fixes the position.



Páirc an Ruiséalaigh, Russell's Park.



Glas Naoidhean, Glasnevin.



Glas Caonóg, "Glascoynok" (1324), "Glaskoynok"
(1488), "Glascoynoke) (1603). Approximately where
Blessington St. and Berkeley Road now are. The
ancient "Glascoynok brook" along which the franchise
boundary ran has disappeared.



Driseog, Drishoge, part of Drumcondra district.



Tobar na Cloiche, the Stone Well.



Baile Bocht, Ballybough.



Cnoc Críonáin, Summer Hill.



Stáid ChluanaTarbh, the Furlong of Clontarf.



Oileán Chluana Tarbh, Clontarf Island, near Gould-
ing's Manure Works, East Wall, has only very re-
cently disappeared.



Mainistir Mhuire, St. Mary's Abbey.



Seosamh Laoide.



-



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services