Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cath Mhuighe Macruimhe. I.
Title
Cath Mhuighe Macruimhe. I.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Dúnlainge, Micheál
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cath Mhaighe Mochruime — I. annso mar leanas. Micheál Ó Dúnlainge do sholáthruigh. Rígh cródha céillidhe ceart-bhriathrach ro ghaibh flaitheas agus forlámhas ar Éirinn iathghlais oileánaigh gan uireasbadh .i. Art oll-ghníomhach ád-chomhachtach Éinfhir mac Cuinn clú-oirdheirc Céad-Chathaigh. Ro ba maith críoch Éireann le n-a linn, óir ba críoch mhín chneas-áluinn chuan- torthach chlár-fhairsing í. Ba h-áluinn a slios-choillte agus a sléibhte. Ba tathuigh- each Éire fá thaoiseachaibh agus fá dheagh- laochaibh fíor-chalma árd-chosantacha re túrnamh Éireann re n-a linn. Ba biadhmhar bó-líonmhar a brúghaidh agus a biadhtaigh, agus fós, muna mbeadh eagla aithise ó fhiannlaoch aithiomráidh ar fhionn, níor bhaogh- al d'aon mhnaoi Éire uile do shiubhal i n-a h-aonar ó Thuinn cairrge gile cneis- gléigile cúan-torthuigh Clíodhna go Tuinn trácht-ghainimhigh gairbhigh tréan-chúbhránaigh thuaidh, agus ó Bhinn féar-mhín eas-áluinn iasg-thorthuigh Éadain mhóir go dubh-chairrgibh do-sgaoilte duaibhseacha dluith-fhliucha i n-arthar Chóige caomh-áluinn Chonnacht. Ba búirtheadh buan-bhleachta a mba ar a mbláth-thulchaibh. Ba ceann-árd cruith-bhláith creat-ramhar caoin-cheannsa a hóig-eich agus a groidh- eacadh for a h-oilléanaibh, agus ba mín mór- thorthach a monga agus a machairidhe, taois- each gacha tuatha dá dtathuidhe. Ba clóidh- mín ceann-trom a coillte. Ba súgach síth- ghríanach soithríarach sruth-ghlan seilg-mhóir a h-inneabhair. Níor chlos garbh-ghaoth ná frasa falcmhara fearthainne ar mhaigh nó ar mhachaire, acht drúcht ar fhásaibh go meadhón gach laoi lán-tsoluis ar feadh gacha tuatha. Bá ghnáth gach árd fhlaith gan saoth gan tinneas, lán do shonas agus do shéan re linn an rígh sin do ghabháil ceannais Éir- eann. Ciodh trácht, ní gnáth árd-rath gan ur- dubhadh, óir is i n-aimsear an árd-rígh céadna sin d'éirigh an t-iomras idir Mac Con mac mic Niadh mhic Lúghaidh Daire mhic Fhirille mhic Shiobhuilig mhic Dheirg mhic Nuaghaid Airgnidh mhic Dheagh-Láimh mhic Loithe mhic Eireamhóin mhic Eanamhóin mhic Mháil mhic Ghibhthe mhic Lúghaidh mhic Ithe mhic Bhreógain Agus Oilioll Oluim mac Mógha Núaghaidh mhic Mhogha Néid go n-a cloinn i dtaobh chruitire cheoil-bhínn chaoin-téadaigh ó Sioth Maoilbhrid i ndeas; gur de tháinig
Cath Bealaigh Fhábhradh do thabhairt, áit ar briseadh do Mhac Con agus lér díbreadh as Éirinn é le h-Airt Éinfhir agus le hOilioll Oluim. Go raibh aimsear imchían i bhfochair rígh Alban, go ndeachaidh as sin go Breatain agus go Sagsaibh agus do'n Fhrainnc, gur ro thionól sé Sagsannaigh, Albanaigh, Franncaigh agus Breathnaigh leis do chur Catha Mhaighe Mochruimhe i ndíoghailt a fheirge ar fhearaibh Éireann, agus ar dtionól agus ar dtiomsúghadh na mór- shluaighte sin leis go n-a mhór-bhuidhean gaisgidheach .i. leis an oll-fhlaith oirdhearc oll-ghníomhach .i. Mac Con mac mic Niadh, i gcríochaibh caomh-áille Breatain, 'sé líon do bhádar an seasgad cath re n-a gcomh- aireamh. Ar n-a bhfaicsint do Mhac Con agus ar n-a dtionól i n-aon áit, do líon gáir- deachas agus lán-mheanmain é le a líon- mhaire agus re a lán-chalmacht, gur gháir chuige Nuagha Finn-éigis an file do chuaigh leis a hÉirinn. Is é adubhairt fris: "Maith agam, a Nuagha," do ráidh Mac Con' "innis dom dá dtagadh an sluagh mór allmhurach so linn go hÉirinn, an mbéadh tairbhe dúinn féin innte dá n-éis, óir is dearbh linn ná fuil cuid aon ráithe do bhiadh ná do bheatha innte dóibh." Iseadh adubhairt Nuagha leis: "A mhic an árd-fhlatha, ní cóir dhuit-se na sluaighte do thionólais ar teacht ar chríochaibh ainiúil do dhiúltúghadh anois ar dteacht i gcionn a chéile dóibh; atá comhairle mhaith agam dhuit," ar sé, "gluais rómpa anocht agus leanaidís tú ar maidion máireach agus is dóigh nach rachaid uile ann an tan ná beadh tú féin dá ngríosughadh." "Is amhla sin is indéanta dhúinn" do ráidh Mac Con. Cíodh trácht do gluaiseadar rómpa ar na mháireach agus do ráinig na trí fichid cath sin as críochaibh saora soichineáil Sag- san i gcríochaibh adhbhuairtheacha aithir-ghlana Alban, agus na trí fichid cath sin do ghluais ó Shagsaibh, ní ráinig acht deich gcath fichead go h-oll-bhuadhach go ciúmhaisibh caomh-áluinn Alban an oidhche sin agus is iad so na taoising fa h-uaisle agus fa h-urúnta do'n tsluagh sin .i. Arnán neart- mhar mac Ailpín rígh fír-bheódha fíor- bhuadhach Frannc, Ruaidhrí ruaidh-dhearg mac Rúidhire ró-chruaidh rígh sáir-bhríathrach saoir-chineálach Sagsan, Beine Briot foir- til-bheódha lán-chalma féidhm-láidir mac rígh Breataine, agus an laoch mear cródha mac righ alban; agus is amhla do bhí Domh- nall Dubhluingseach féin .i. rígh Alban agus fleadh adhbhal-mhór fá chómhair Mhic Con aige, agus do bhádar na maithe agus na mór-uaisle sin ag caitheamh ná fleidhe sin go ceann trí lá agus teóra n-oidhche; agus, ar gcaitheamh na fleidhe dóíbh, d'éirigh Mac con go n-a mhaithibh agus go n-a mhór- shluaightibh ar fhaithche dúna rígh Alban agus do ghoir Mac Con Nuagha an draoi chuige agus adubhairt fris na réalta tfaicsint, dá fhios créad an séan do ghealladar nó do thuaireadar dá n-eachtra(ibh). Do rin Nuagha sin, agus is é adubhairt: "Atáid na h-uile nidhthe ag tuar raithe agus lán-tréun díbh, óir is soi-imtheachta soirbh gan slighe, agus ionnsaighiom Eire," agus do chan sé an laoi mar leanas: Tríallam gus an dtír úd síar, Mar a dtaithnigheann gaoth 's grían, Go marbhthar linn Art mac Cuinn Agus go dtreabham Liathruim. "Oilioll is Art Mac Cuinn is íad Do rin m'ionarbadh tar tuinn,
Níor dhéanta dóibh iolltach de Im'iobhar i gcionn tíre. "Do rinneadh cómhbháidh im chionn, Dom ionarbadh as Éirinn," Do bhéarfad treas dóibh an-áigh, Fada cneadh an tsean-ghalair. "Triochad blíadhain ní ba gaoth Dhuit a Mhic Con íd chaomh-rígh; Ba tréun do righe fad ro thoil, Go Cormac Ua Cuinn céad-chathaigh. "Iar sin gheabhadh Cairbhre a mhac, Éire go n-iomad smacht de Thuitfeas Cairbre na n-each seang, I gcath le Fiannaibh Éireann. "Iar sin do gheabhadh na fathaigh, Do mnac a mhic an fhathaigh, Fathaigh Chonáin clú nach gann, Ag sin tréun leis an dtriallam." [Sidiad na láimhscríbhinne as ar baineadh an scéal so: R.I.A. 23 M47; 23 G10; 23 L27; 23 K7. Tá sé ar gágháil i n-a lán eile láimhscríbhinne, acht go bhfuil pas gairid ionnta, agus ar an adhbhar san ní gábha iad d'áireamh annso. M47 an ceann is iomláine ortha; agus is é is bun don téacs 'so. Do deineadh cóimheas leis na leabhraibh eile. Tá an sean- scéal i leabhar Bhaile an Mhóta – M. Ó. D.] (Ní críoch) Ar nIomaidheachta. Táid na Breitheamhain ag obair ar an soláthar a thainig isteach i dtaobh "Bhainistigh &rl." Beam ag súil le scéala n-a thaobh i gcóir an mhí seo chughainn. Tá roinnt rudaí ar láimh againn leis d'ár gnáth- iomaidheacht acht ní fuláir iad do chur ar gcúl go ceann mhí. - Is truagh gan mise im'óige arís, Faghaim cóir an naoi déag slán; Do b'fheárr liom gáire im'gharsún gle 'Ná ríoghacht is léithe thámh. - Ceó soininne ar aibhnibh; Ceó doininne ar chnocaibh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services