Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cath Mhuighe Macruimhe. I.

Title
Cath Mhuighe Macruimhe. I.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Dúnlainge, Micheál
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 385


Cath Mhaighe Mochruime — I.



annso mar leanas.



Micheál Ó Dúnlainge



do sholáthruigh.



Rígh cródha céillidhe ceart-bhriathrach ro
ghaibh flaitheas agus forlámhas ar Éirinn
iathghlais oileánaigh gan uireasbadh .i. Art
oll-ghníomhach ád-chomhachtach Éinfhir mac
Cuinn clú-oirdheirc Céad-Chathaigh.



Ro ba maith críoch Éireann le n-a linn,
óir ba críoch mhín chneas-áluinn chuan-
torthach chlár-fhairsing í. Ba h-áluinn a
slios-choillte agus a sléibhte. Ba tathuigh-
each Éire fá thaoiseachaibh agus fá dheagh-
laochaibh fíor-chalma árd-chosantacha re
túrnamh Éireann re n-a linn. Ba biadhmhar
bó-líonmhar a brúghaidh agus a biadhtaigh,
agus fós, muna mbeadh eagla aithise ó
fhiannlaoch aithiomráidh ar fhionn, níor bhaogh-
al d'aon mhnaoi Éire uile do shiubhal i n-a
h-aonar ó Thuinn cairrge gile cneis-
gléigile cúan-torthuigh Clíodhna go Tuinn
trácht-ghainimhigh gairbhigh tréan-chúbhránaigh
thuaidh, agus ó Bhinn féar-mhín eas-áluinn
iasg-thorthuigh Éadain mhóir go dubh-chairrgibh
do-sgaoilte duaibhseacha dluith-fhliucha i
n-arthar Chóige caomh-áluinn Chonnacht.



Ba búirtheadh buan-bhleachta a mba ar a
mbláth-thulchaibh.



Ba ceann-árd cruith-bhláith creat-ramhar
caoin-cheannsa a hóig-eich agus a groidh-
eacadh for a h-oilléanaibh, agus ba mín mór-
thorthach a monga agus a machairidhe, taois-
each gacha tuatha dá dtathuidhe. Ba clóidh-
mín ceann-trom a coillte. Ba súgach síth-
ghríanach soithríarach sruth-ghlan seilg-mhóir
a h-inneabhair. Níor chlos garbh-ghaoth ná
frasa falcmhara fearthainne ar mhaigh nó ar
mhachaire, acht drúcht ar fhásaibh go meadhón
gach laoi lán-tsoluis ar feadh gacha tuatha.
Bá ghnáth gach árd fhlaith gan saoth gan
tinneas, lán do shonas agus do shéan re
linn an rígh sin do ghabháil ceannais Éir-
eann.



Ciodh trácht, ní gnáth árd-rath gan ur-
dubhadh, óir is i n-aimsear an árd-rígh
céadna sin d'éirigh an t-iomras idir Mac
Con mac mic Niadh mhic Lúghaidh Daire mhic
Fhirille mhic Shiobhuilig mhic Dheirg mhic
Nuaghaid Airgnidh mhic Dheagh-Láimh mhic
Loithe mhic Eireamhóin mhic Eanamhóin mhic
Mháil mhic Ghibhthe mhic Lúghaidh mhic Ithe mhic
Bhreógain Agus Oilioll Oluim mac Mógha
Núaghaidh mhic Mhogha Néid go n-a cloinn i
dtaobh chruitire cheoil-bhínn chaoin-téadaigh
ó Sioth Maoilbhrid i ndeas; gur de tháinig


L. 386


Cath Bealaigh Fhábhradh do thabhairt, áit ar
briseadh do Mhac Con agus lér díbreadh
as Éirinn é le h-Airt Éinfhir agus le
hOilioll Oluim. Go raibh aimsear imchían i
bhfochair rígh Alban, go ndeachaidh as sin
go Breatain agus go Sagsaibh agus do'n
Fhrainnc, gur ro thionól sé Sagsannaigh,
Albanaigh, Franncaigh agus Breathnaigh leis
do chur Catha Mhaighe Mochruimhe i ndíoghailt
a fheirge ar fhearaibh Éireann, agus ar
dtionól agus ar dtiomsúghadh na mór-
shluaighte sin leis go n-a mhór-bhuidhean
gaisgidheach .i. leis an oll-fhlaith oirdhearc
oll-ghníomhach .i. Mac Con mac mic Niadh,
i gcríochaibh caomh-áille Breatain, 'sé líon
do bhádar an seasgad cath re n-a gcomh-
aireamh.



Ar n-a bhfaicsint do Mhac Con agus ar
n-a dtionól i n-aon áit, do líon gáir-
deachas agus lán-mheanmain é le a líon-
mhaire agus re a lán-chalmacht, gur gháir
chuige Nuagha Finn-éigis an file do chuaigh
leis a hÉirinn. Is é adubhairt fris:



"Maith agam, a Nuagha," do ráidh Mac
Con' "innis dom dá dtagadh an sluagh
mór allmhurach so linn go hÉirinn, an
mbéadh tairbhe dúinn féin innte dá n-éis,
óir is dearbh linn ná fuil cuid aon ráithe
do bhiadh ná do bheatha innte dóibh."



Iseadh adubhairt Nuagha leis:



"A mhic an árd-fhlatha, ní cóir dhuit-se
na sluaighte do thionólais ar teacht ar
chríochaibh ainiúil do dhiúltúghadh anois ar
dteacht i gcionn a chéile dóibh; atá
comhairle mhaith agam dhuit," ar sé, "gluais
rómpa anocht agus leanaidís tú ar maidion
máireach agus is dóigh nach rachaid uile ann
an tan ná beadh tú féin dá ngríosughadh."



"Is amhla sin is indéanta dhúinn" do
ráidh Mac Con.



Cíodh trácht do gluaiseadar rómpa ar
na mháireach agus do ráinig na trí fichid
cath sin as críochaibh saora soichineáil Sag-
san i gcríochaibh adhbhuairtheacha aithir-ghlana
Alban, agus na trí fichid cath sin do
ghluais ó Shagsaibh, ní ráinig acht deich gcath
fichead go h-oll-bhuadhach go ciúmhaisibh
caomh-áluinn Alban an oidhche sin agus is
iad so na taoising fa h-uaisle agus fa
h-urúnta do'n tsluagh sin .i. Arnán neart-
mhar mac Ailpín rígh fír-bheódha fíor-
bhuadhach Frannc, Ruaidhrí ruaidh-dhearg
mac Rúidhire ró-chruaidh rígh sáir-bhríathrach
saoir-chineálach Sagsan, Beine Briot foir-
til-bheódha lán-chalma féidhm-láidir mac
rígh Breataine, agus an laoch mear cródha
mac righ alban; agus is amhla do bhí Domh-
nall Dubhluingseach féin .i. rígh Alban agus
fleadh adhbhal-mhór fá chómhair Mhic Con
aige, agus do bhádar na maithe agus na
mór-uaisle sin ag caitheamh ná fleidhe sin
go ceann trí lá agus teóra n-oidhche;
agus, ar gcaitheamh na fleidhe dóíbh, d'éirigh
Mac con go n-a mhaithibh agus go n-a mhór-
shluaightibh ar fhaithche dúna rígh Alban agus
do ghoir Mac Con Nuagha an draoi chuige
agus adubhairt fris na réalta tfaicsint,
dá fhios créad an séan do ghealladar nó
do thuaireadar dá n-eachtra(ibh). Do rin
Nuagha sin, agus is é adubhairt:



"Atáid na h-uile nidhthe ag tuar raithe
agus lán-tréun díbh, óir is soi-imtheachta
soirbh gan slighe, agus ionnsaighiom Eire,"
agus do chan sé an laoi mar leanas:



Tríallam gus an dtír úd síar,
Mar a dtaithnigheann gaoth 's grían,
Go marbhthar linn Art mac Cuinn
Agus go dtreabham Liathruim.



"Oilioll is Art Mac Cuinn is íad
Do rin m'ionarbadh tar tuinn,


L. 387


Níor dhéanta dóibh iolltach de
Im'iobhar i gcionn tíre.



"Do rinneadh cómhbháidh im chionn,
Dom ionarbadh as Éirinn,"
Do bhéarfad treas dóibh an-áigh,
Fada cneadh an tsean-ghalair.



"Triochad blíadhain ní ba gaoth
Dhuit a Mhic Con íd chaomh-rígh;
Ba tréun do righe fad ro thoil,
Go Cormac Ua Cuinn céad-chathaigh.



"Iar sin gheabhadh Cairbhre a mhac,
Éire go n-iomad smacht de
Thuitfeas Cairbre na n-each seang,
I gcath le Fiannaibh Éireann.



"Iar sin do gheabhadh na fathaigh,
Do mnac a mhic an fhathaigh,
Fathaigh Chonáin clú nach gann,
Ag sin tréun leis an dtriallam."



[Sidiad na láimhscríbhinne as ar baineadh an scéal
so: R.I.A. 23 M47; 23 G10; 23 L27; 23 K7. Tá sé ar
gágháil i n-a lán eile láimhscríbhinne, acht go bhfuil
pas gairid ionnta, agus ar an adhbhar san ní gábha
iad d'áireamh annso. M47 an ceann is iomláine
ortha; agus is é is bun don téacs 'so. Do deineadh
cóimheas leis na leabhraibh eile. Tá an sean-
scéal i leabhar Bhaile an Mhóta – M. Ó. D.]



(Ní críoch)



Ar nIomaidheachta.



Táid na Breitheamhain ag obair ar an soláthar a
thainig isteach i dtaobh "Bhainistigh &rl." Beam
ag súil le scéala n-a thaobh i gcóir an mhí seo chughainn.
Tá roinnt rudaí ar láimh againn leis d'ár gnáth-
iomaidheacht acht ní fuláir iad do chur ar gcúl go
ceann mhí.



-



Is truagh gan mise im'óige arís,
Faghaim cóir an naoi déag slán;
Do b'fheárr liom gáire im'gharsún gle
'Ná ríoghacht is léithe thámh.



-



Ceó soininne ar aibhnibh;
Ceó doininne ar chnocaibh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services