Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLÓDHANNA NUADH. Tá súil againn go mbeidh ceannach fairsing ar ÉIRE, an leabhar is déadhnaighe do fríoth ó Chonán Maol. Á! a Éire do b'aoibhinn duit-se dá mbeadh gach duine dhet chloinn mar atá Conán groidhe, grádh- mhar, gealgháireach; do b'aoibhinn duit dá mbeadh an oiread cion ag cách ort is atá ag ár gConán mais- each, míleadhta, mór-chroidheach. Má's dóigh leat, a léightheóir, nach fíor d'úinn san méid sin faigh "Éire" agus léigh ar do shocreacht é, agus beidh fios an scéil i gceart agat annsoin. Tá stair na hÉireann á fhoillsiughadh dhúinn ag Conán sa leabhar so. Ní bréaga atá á n-innsint aige, ná ní dubhairt bean liom go ndubhairt léi; tá an fhírinne á chur os ár gcomhair fé dheireadh. Do chuartaigh an t-ughdar so na seana-leabhair i lorg na fírinne, agus do léigh sé na seana-chairtí. Tá a thuairim féin curtha síos aige go neamhspleadhach is go macánta mar badh dhual do Ghaedheal ag trácht ar Éire na Naomh is na nOllamh. Ní baoghal ná go dtaithnfidh an saothar so Chonáin le Gaedhealaibh na hÉireann uile; agus ní dócha go n-iarrfadh Conán féin duais a b'fhearr ná soin de bhárr a shaothair. Go neartuighe Dia leis an intinn do mheabhruigh é is leis an láimh do scríbh. Déanfaidh an leabhar so áis dár leanbhaí scoile leis. Tháinig sé i gcló ar dtúis 'n-a chuid is 'n-a chuid sa Chlaidheamh Soluis; acht is maith linn go léir é fhagháil i leabhar fé leith. Scilling fiacha an leabhair, agus Connradh na Gaedhilge atá ghá chur amach. Scéal de sna scéaltaibh do chéad-cuireadh i gcló sa "Chlaidheamh Soluis" is TROID BHAILE AN DROICH- ID Shéamuis Mhic an Bháird. Árd-throid do b'eadh an troid úd. Dá mbeitheá ag éisteacht le Séamus ag cur síos air — nó ag léigheamh an scéil, mar sé an rud céana é — níor bh'fhearra leat áit a mbeitheá ná i lár na bruighne — bata righin teann it láimh agus tú ag pléascadh cloigeann is ag súisteáil timcheall ort ar do chroidhe dícheall. Is fuirist a aithint ar an scéal so go bhfuil cainnt bheodha nádúrtha ann. Siné a bhuadh; b'fhearra gan suim a chur sa scéal. Níor léigheamar riamh i gcanamhaint na Chóige Ollta aon chainnt do b'fhearra a thaithn linn 'ná cainnt an scéilín seo. Tá Gluais mhaith líonmhar ag gabháil leis, agus 'n-a theannta sin Clár is Notaí, ó láimh an Laoidigh, atá an-adhráideach. Ba ró-dhoiligh linn dá stadadh Séamus annso, acht tá súil againn go dtairngeoidh sé chuige adhbhar cainnte nísa oireamh- naighe an chéad turus eile. Má théidheann "troid" ar an "snáth" fada ní fheicfar a dheireadh go ló ná mbreath. Sé pighne, nó réal, fiacha an leabhairíin seo. Connradh na Gaedhilge atá á chur amach. B'iad muinntir an Chló-Chumainn a chuir i gcló é, agus dhein- eadar a scar féin go maith.
Seo chughainn i n-am 's i dtráith EACHTRA GHIOLLA AN AMARÁIN, agus gearra-thuairisc ar sé shaoghail a ughdair .i. Donnchadh Ruadh Mac Conmara. Riseárd Ó Foghludha .i. "Fiachra Éilgeach", do chuir i n-eagar. Muinntir Ghill atá gá chur amach, agus Muinntir Dollard do chur i gcló. Réal a fhiacha. Tá an téacs so ar chlár an Ghrád Íochtair den Intermediate i gcóir na bliadhna so chughainn, agus is maith go bhfuil ag teacht go tráthamhail chuige sin. Sé rud is mó do bheir tábhacht don téacs so ná a bhaint as leabhar a scríbh Donnchadh Ruadh le n-a láimh féin. Tá an leabhar so i gColláiste Phádraig i Muigh Nuadhad. Bítar á rádh go mb'fhéidir go mb'fhearr focal eile annso nó focal eile annsúd, acht níl dul thar na focail a scríbh an t-ughdar féin. Leabhair bheaga oireamhnacha dhen tsórd so is fearr a thaithneann le scoláirí. Níl focal sa bhreis ann ó thosach go deireadh, acht n-a dhiaidh san féach an méad eoluis atá ann. Sa chunntas a thugann Fiachra ar ré shaoghail Dhonnchadh Ruadh gheibhmíd a lán puinntí nái raibh ar eólus againn cheana. Tá gluais ana-mhaith i ndeireadh an leabhair n-a bhfuil míniughadh ceart cruinn déanta ar ghach conair cruaidh dá bhfuil san Eachtra. Molaimíd Fiachra i dtaobh a shaothair agus beam ag súil le n-a thuilleadh dhen tsaghas so uaidh. DÁNTA SHEÁIN UÍ MHURCHADHA NA RÁITHÍNEACH, ar n-a thiomorgadh agus ar n-a gcur i n-eagar do Thadhg Ó Donnchadha, .i. Tórna. Connradh na Gaedhilge. Ní mór ná go bhfuilimíd bodhar ó dhaoine ag maoidheamh gurab é seo nó é siúd "an leabhar Gaedhilge is fearr a tháinig amach fós," pé aca olc nó maith nó cuibheasach é. Ní dheanfad-sa aithris ar an gcaint sin annso mar is áil liom gabháil im "chlais aonair" i gcomhnuidhe i gcúrsaí dhen tsórt so, acht déarfad gurab é seo an leabhar Gaedhilge is cruinne agus is fearr eagar a bhuail im threó-sa go dtí so. Maidir leis an bhfilidheacht, tugadh gach n-aon a thuairim féin tar éis dó an leabhar do léigh- eadh, mar ní hionann, ná geall leis, ár mbreatha sa chás-san fós, de dheascaibh an néall-bhrait aineólachuis atá ag foiliughadh ó urmhór ár nGaedhilgeóirí fíor- dheise prhíomh-chainte na n-úghdar is tábhachtaighe do fríth san dúthaigh seo. Nuair a thuigfar an scéal san i gceart ní baoghal ná go n-admhóchar go raibh an teanga Gaedhilge greanta snnoighte beacht ag Seán na Ráithineach, agus gur beag stad ná staonadh a rinn a chleite-pheann is a rádh gur scríbh sé an oiread leabhartha is mar adeir Tórna linn. Ní dóigh liom gur chuir Connradh na Gaedhilge fí chló éin-iarracht fós chomh tréan leis an tsaothar so Thórna: tá geall le trí chéad leathanach ann ar fad leath-chéad leathanach díobh san fí chruinn-chunntus ar ré shaoghail Sheain agus mion gear-chúiseach do rinn an fear eagair an talamh do threabhadh. Tá amhrán cháinte is amhrán chaointe ann, amhráin dhiadha is amhráin ghrádh agus amhráin ar chúrsaí an tsaoghail is ar chúrsaí a chomhursain, acht ní'l éan- aisling ann, mar níor cheap sé a leithéid riamh. Tá tagra mór is gluais fóirleathan leis an leabhar. Is lag do mheas Seán na Ráithíneach go dtiocfadh a chuid saothair chun críche sa bhfuirm seo: ní'l aige 'á fhagháil anois acht a chothrom agus molaim do dhúthracht, a Thórna, agus oibriughadh chomh griongalach san chun clú do chomhursan do bhuanuaghadh. Mura bhfuiltar lán-bhuidheach díot beifar. FIACHRA ÉILGEACH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services