CLÓDHANNA NUADH.
Tá súil againn go mbeidh ceannach fairsing ar
ÉIRE, an leabhar is déadhnaighe do fríoth ó Chonán
Maol. Á! a Éire do b'aoibhinn duit-se dá mbeadh
gach duine dhet chloinn mar atá Conán groidhe, grádh-
mhar, gealgháireach; do b'aoibhinn duit dá mbeadh an
oiread cion ag cách ort is atá ag ár gConán mais-
each, míleadhta, mór-chroidheach. Má's dóigh leat, a
léightheóir, nach fíor d'úinn san méid sin faigh "Éire"
agus léigh ar do shocreacht é, agus beidh fios an scéil
i gceart agat annsoin. Tá stair na hÉireann
á fhoillsiughadh dhúinn ag Conán sa leabhar so. Ní
bréaga atá á n-innsint aige, ná ní dubhairt bean
liom go ndubhairt léi; tá an fhírinne á chur os ár
gcomhair fé dheireadh. Do chuartaigh an t-ughdar so
na seana-leabhair i lorg na fírinne, agus do léigh sé
na seana-chairtí. Tá a thuairim féin curtha síos aige
go neamhspleadhach is go macánta mar badh dhual do
Ghaedheal ag trácht ar Éire na Naomh is na nOllamh.
Ní baoghal ná go dtaithnfidh an saothar so Chonáin le
Gaedhealaibh na hÉireann uile; agus ní dócha go
n-iarrfadh Conán féin duais a b'fhearr ná soin de
bhárr a shaothair. Go neartuighe Dia leis an intinn
do mheabhruigh é is leis an láimh do scríbh. Déanfaidh
an leabhar so áis dár leanbhaí scoile leis. Tháinig
sé i gcló ar dtúis 'n-a chuid is 'n-a chuid sa Chlaidheamh
Soluis; acht is maith linn go léir é fhagháil i leabhar
fé leith. Scilling fiacha an leabhair, agus Connradh
na Gaedhilge atá ghá chur amach.
Scéal de sna scéaltaibh do chéad-cuireadh i gcló
sa "Chlaidheamh Soluis" is TROID BHAILE AN DROICH-
ID Shéamuis Mhic an Bháird. Árd-throid do b'eadh an
troid úd. Dá mbeitheá ag éisteacht le Séamus ag
cur síos air — nó ag léigheamh an scéil, mar sé an
rud céana é — níor bh'fhearra leat áit a mbeitheá ná
i lár na bruighne — bata righin teann it láimh agus tú
ag pléascadh cloigeann is ag súisteáil timcheall
ort ar do chroidhe dícheall. Is fuirist a aithint ar
an scéal so go bhfuil cainnt bheodha nádúrtha ann.
Siné a bhuadh; b'fhearra gan suim a chur sa scéal.
Níor léigheamar riamh i gcanamhaint na Chóige Ollta
aon chainnt do b'fhearra a thaithn linn 'ná cainnt an
scéilín seo. Tá Gluais mhaith líonmhar ag gabháil
leis, agus 'n-a theannta sin Clár is Notaí, ó láimh an
Laoidigh, atá an-adhráideach. Ba ró-dhoiligh linn dá
stadadh Séamus annso, acht tá súil againn go
dtairngeoidh sé chuige adhbhar cainnte nísa oireamh-
naighe an chéad turus eile. Má théidheann "troid"
ar an "snáth" fada ní fheicfar a dheireadh go ló ná
mbreath. Sé pighne, nó réal, fiacha an leabhairíin seo.
Connradh na Gaedhilge atá á chur amach. B'iad
muinntir an Chló-Chumainn a chuir i gcló é, agus dhein-
eadar a scar féin go maith.
Seo chughainn i n-am 's i dtráith EACHTRA GHIOLLA
AN AMARÁIN, agus gearra-thuairisc ar sé shaoghail
a ughdair .i. Donnchadh Ruadh Mac Conmara. Riseárd
Ó Foghludha .i. "Fiachra Éilgeach", do chuir i n-eagar.
Muinntir Ghill atá gá chur amach, agus Muinntir
Dollard do chur i gcló. Réal a fhiacha. Tá an téacs
so ar chlár an Ghrád Íochtair den Intermediate i gcóir
na bliadhna so chughainn, agus is maith go bhfuil ag
teacht go tráthamhail chuige sin. Sé rud is mó do
bheir tábhacht don téacs so ná a bhaint as leabhar a
scríbh Donnchadh Ruadh le n-a láimh féin. Tá an
leabhar so i gColláiste Phádraig i Muigh Nuadhad.
Bítar á rádh go mb'fhéidir go mb'fhearr focal eile
annso nó focal eile annsúd, acht níl dul thar na
focail a scríbh an t-ughdar féin.
Leabhair bheaga oireamhnacha dhen tsórd so is fearr
a thaithneann le scoláirí. Níl focal sa bhreis ann ó
thosach go deireadh, acht n-a dhiaidh san féach an méad
eoluis atá ann. Sa chunntas a thugann Fiachra ar ré
shaoghail Dhonnchadh Ruadh gheibhmíd a lán puinntí nái
raibh ar eólus againn cheana.
Tá gluais ana-mhaith i ndeireadh an leabhair n-a
bhfuil míniughadh ceart cruinn déanta ar ghach conair
cruaidh dá bhfuil san Eachtra. Molaimíd Fiachra i
dtaobh a shaothair agus beam ag súil le n-a thuilleadh
dhen tsaghas so uaidh.
DÁNTA SHEÁIN UÍ MHURCHADHA NA RÁITHÍNEACH,
ar n-a thiomorgadh agus ar n-a gcur i n-eagar do
Thadhg Ó Donnchadha, .i. Tórna. Connradh na Gaedhilge.
Ní mór ná go bhfuilimíd bodhar ó dhaoine ag
maoidheamh gurab é seo nó é siúd "an leabhar
Gaedhilge is fearr a tháinig amach fós," pé aca olc
nó maith nó cuibheasach é. Ní dheanfad-sa aithris ar
an gcaint sin annso mar is áil liom gabháil im
"chlais aonair" i gcomhnuidhe i gcúrsaí dhen tsórt so,
acht déarfad gurab é seo an leabhar Gaedhilge is
cruinne agus is fearr eagar a bhuail im threó-sa go
dtí so. Maidir leis an bhfilidheacht, tugadh gach
n-aon a thuairim féin tar éis dó an leabhar do léigh-
eadh, mar ní hionann, ná geall leis, ár mbreatha sa
chás-san fós, de dheascaibh an néall-bhrait aineólachuis
atá ag foiliughadh ó urmhór ár nGaedhilgeóirí fíor-
dheise prhíomh-chainte na n-úghdar is tábhachtaighe do
fríth san dúthaigh seo. Nuair a thuigfar an scéal san
i gceart ní baoghal ná go n-admhóchar go raibh an
teanga Gaedhilge greanta snnoighte beacht ag Seán na
Ráithineach, agus gur beag stad ná staonadh a rinn
a chleite-pheann is a rádh gur scríbh sé an oiread
leabhartha is mar adeir Tórna linn.
Ní dóigh liom gur chuir Connradh na Gaedhilge fí
chló éin-iarracht fós chomh tréan leis an tsaothar so
Thórna: tá geall le trí chéad leathanach ann ar fad
leath-chéad leathanach díobh san fí chruinn-chunntus ar
ré shaoghail Sheain agus mion gear-chúiseach do rinn
an fear eagair an talamh do threabhadh.
Tá amhrán cháinte is amhrán chaointe ann, amhráin
dhiadha is amhráin ghrádh agus amhráin ar chúrsaí an
tsaoghail is ar chúrsaí a chomhursain, acht ní'l éan-
aisling ann, mar níor cheap sé a leithéid riamh. Tá
tagra mór is gluais fóirleathan leis an leabhar.
Is lag do mheas Seán na Ráithíneach go dtiocfadh a
chuid saothair chun críche sa bhfuirm seo: ní'l aige 'á
fhagháil anois acht a chothrom agus molaim do
dhúthracht, a Thórna, agus oibriughadh chomh griongalach
san chun clú do chomhursan do bhuanuaghadh. Mura
bhfuiltar lán-bhuidheach díot beifar.
FIACHRA ÉILGEACH.