Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. III.
Title
Craobhscaoile Gearaltach i nÉirinn. III.
Author(s)
Ó Murchadha, Liam,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Craobhscaoile Gaeraltach i nÉirinn. III. Tomás, mhac Tomáis; do mharbhadh a mhac Muiris, agus mac Mhuiris, le Bear- nard nó Brian Dubh i nÁth Cille. Do b'í a bhainchéile inghean Tighearna Muscraighe. Dé seo gairmthí Tomás Maol an Chunncais. Ba chomh-thréan an curadh is an caithmhíleadh an Tomás so; óir do rug buaidh i naoi gcathaibh i n-a raibh; agus do ba ceann feadhna marcshluaigh é san iorghail thárla idir an Iarla romhráidhte Chille Dara, do ba Fó-rí Éireann an tráth soin, agus Maghnus Mór Ó Briain; agus iar dtes- peánadh a dtréan-chródhachta do gach leith don dá shluagh, nochar bh'fhios cia aca a raibh buadh an chatha fá dheóidh (aige). Do bhí fós easaonta fíor-ghnáthach idir é féin agus Tighearnaí Muscraighe le n-a linn; ionnus, iar ngabháil buaidh ortha, gur marbhadh dias díobh leis, ar a raibh athair a chéile féin. do bhí mac aige le hinghin an Tighearna Musc- raighe romhráidhte .i. Muiris mhac Tomáis, noch d'éag roimhe féin, agus d'fhág dá éis mac, .i. Séamus mhac Muiris, do ba leacaoi onóra ag an Ochtmhadh Hannraoi, Rí Shacsan an tráth soin. Iar gcaitheamh chúig mbliadhan in'iarlacht, d'éag, gur fhág an oighreacht ag mac a mhic .i. Séamus mhac Muiris, do bhí i Sacsaibh an tráth soin amhail a dubhramair. Dála Shéamuis, triallas go hÉirinn go sluaghbhuidhin maille leis gur ghabh cuan i gCorcaigh, agus ag triall as soin chun Luimnigh, thárla dhó i nduthaigh an Róistigh drong-bhuidhean deagh-thapa do chuir Muiris mhac Gearailt i bhfoslongphort ann le haghaidh a ídighthe, ionnus gur marbhadh leó ar an láthair sin é, san mbliadhain 1542.
Do b'é an mí-ghníomh so an chéad choiscéim chun ciorrbhaithe is ceann-airgthe Gearalt- ach; óir do luigh Lámh Dé ortha chomh trom- san, go háirithe ar shliocht Sheáin mhac Tomáis, ionnus gur gearradh den talamh go huile is go hiomshlán iad, gan sliocht ar bith ar marthain dá n-éis. Óir do b'é an Muiris seo ler fealladh ar a bhráthair, amhail adúbhramair, dara mac sheáin mhac Tomáis, .i. dearbhráthair Thomáis Mhaoil, agus ceathramhadh mac an Tomáis úd do díthcheannadh ag Droichead Átha. Do ba barún ar Chiaraighe Chuirithe tríochad bliadhain an Muiris sin, agus, iar mbeith cheithre fichid bliadhain d'aois dó, do chuaidh ag creach-argain Muscraighe, go dtárla Diarmaid mhac Taidhg, Tighearna Musc- raighe, .i. a chliamhain féin, dó, gur fearadh cath eatortha, agus gur gabhadh Muiris san gcath, gur thág an Tighearna ar láimh ag ceathrar marcach é, iar leanamhain na ruaige dhó féin; gidheadh, do marbhadh Muiris leis na coimeádaithibh san am gcéadna; gur fhág dá éis dias mhac agus triúr inghean: an chéad inghean, bean Mhac Cárrthaigh Riabhaigh; an dara hingean, bean an Tigearna Róistigh; agus an treas in- ghean, bean Diarmada mhac Taidhg, Tigh- earna Muscraighe. Tomás mhac Muiris, an mac ba shine, d'éag go grod d'éis a athar, gur fhág dá éis mac, .i. Tomás Óg do marbhadh i gcéad chogadh na nGearaltach dá éis sin. Séamus, dara mac Mhuiris do mhair tréimhse dá éis, do marbhadh i ruaig déadhnaigh Gearaltach é. Seán, mhac Tomáis, mhac Séamuis, bráthair nó dearbhráthair an chéad Thomáis; do b'í a bhainchéile inghean Dhonnchadh Uí Bhriain na Cairrge. Do bhí de mhacaibh aige Séamus, Seán Óg, Muiris Dubh, agus Tomás. Do b'é Seán so ceathramhadh mac Tomáis do díthcheannadh ag Droichead Átha. Do ghaibh sé an iarlacht d'éis marbhtha an oighre chirt, amhail adubhramair; gidheadh, nochar fhoidhnigh Dia ar marthain abhfad é, oir níor chaith an dara bliadhain an tan d'íoc a fhuil féin dortadh fola a bhráthar; gur fhág dá éis a mhac ba shine Séamus. An dara mac, Muiris, noch do luadhamair do mharbh an t-oighre romhráithe. An treas mhac, Seán Óg; do marbhadh iad a dtriúr go n-a macaibh uile, óir do bhí sliocht ar gach n-aon díobh, san gcogadh déaghnach soin Ghearóid, acht Muiris mhac Seáin amháin noch d'éag san Spáinn. Séamus, mac Mhuiris an Charbhait, mac Thomáis; d'éag sé maraon is a dhearbhráth- air, agus do hadhlacadh i dTráighlí é, 1574. Do bhí inghean aige, Siobhán, bean Shéamuis, Iarla Urmhumhan; d'éag sí san mbliadhain 1577. Agso an Séamus do luadhamair go grod roimhe seo i dtrácht ar bhraighdeanus Iarla chille Dara i Sacsaibh, agus ar dhith- cheannadh a mhic is a chúigear comhbhrathar. Annso cuirid drong insan uimhir Seán, mhac tomáis, mhac Séamuis, do luadhamair grod roimhe seo; drong eile Séamus mac an tSéamuis chéadna, mac Thomáis, do bhí in'iarla. Do bhí ag Séamus, iomorra, triar ban: an chéád bhean, inghean Tighearna Róisteach; an dara bean, inghean Uí Chear- bhaill Éile; an treas bean, inghean Mhac Cárrthaigh Mhóir. Do bhádar ceathrar mac aige, .i. Tomás Ruadh leis an gcéad mhnaoi; Gearóid, .i. Gearóid Iarla, is Seán leis an dara mnaoi; leis an treas mhnaoi, iom- orra, Séamus. Tomás, céad mhac Shéamuis, do bhádar dias mhac aige, mar atá Séamus is Seán. Iar n-éag athar Shéamuis mhac Seáin, triallas féin go Sacsaibh ag tes- beánadh umla is úirísle dhon rígh, agus ag tairgsint na hiarlachta chun foghnaimh don
choróin, ó marbhadh an t-oighre ceart, amhail adubhramair thuas, agus agá fhoillsiughadh ná raibh cabhair ná comhairle uaidh féin dochum an mhí-ghníomha soin, acht gurab é a dhear- bhráthair Muiris ba chionntach go haonarán- ach leis. Do bhí an rí an tráth so i gcogadh leis an bhFrainnc, agus dá bhrígh sin, ba mhian leis gach coinscleódh nó comhbhuair- eamh dá mbiadh i nÉirinn do chlaochlódh. Leis sin, do freastaladh is do friotháladh go fíor-onóireach Séamus aige, agus do thug seilbh a bheatha dhó, agus mórán céime is ceannuis dá chomhbhráithribh, agus fé dheóidh do rinn Presedún Mumhan, agus coim- eáduidhe stóir is ionmhuis Éireann de; agus iar gcaitheamh cheithre mbliadhan déag séanmhar sona síor-fhoirtiúnach, d'éag; gur fhá dá éis triar mac .i. Gearóid, Seán, agus Séamus. Do bhí, iomorra, mac eile ba shine 'na ceachtar den triar thuas, .i. Tomás Ruadh, agus nocha nglacfaidhe i n-oighreacht é, óir adeirthí nar pósadh go dlightheach — nochan fhios damh-sa an fáth — a mháthair leis an iarla; ionnus gur fhás dá bhrígh sin mórán ceannairce is coinscleódh idir na comhbhráithribh, dá dtáinig iomarca uilc is anfhorlainn. Gearóid Iarla, dara mac Shéamuis mhac Seáin le Mór Ní Chearbhaill. Do b'í a bhainchéile Eilíonóir Buitléir, inghean mhac Piarais Dhún Búinne; do cailleadh i gcog- adh é, an 11mhadh lá de Dhecember, 1583. Iar n-éag a athar, d'ionnsaigh an Gearóid seo ar dtúis Mac Cárrthaigh Riabhach, go dtug creacha iomdha leis uaidh; agus téid dá éís sin ag creach-argain Muscraighe, go dtárla Éamonn mhac Tadhg, mac Thighearna Muscraighe dhó, go sluaghaibh iomdha leis; gur fearadh cath eatortha, i n-ar briseadh do Ghearóid, ionnnus gur gabhadh é is gur curieadh i mbraighdeanus i gCaisleán Átha Sceitine é; agus, iar gcaitheamh leath- bhliadhna dhó ann, do scaoileadh dó fá dheóidh ar fhuireálamh inghine Mhuiris mhac Tomáis, do ba siúr d'Éamonn mhac Taidhg. Iar n-a scoile amhla-san dó, thárla go raibh imreasán idir Thadhg, mac Mhurcadh Uí Bhriain, Iarla Inse Uí Chuinn, agu sIarlaí Tuamhan is Chloinne Riocard, ionnus go raibh Iarla Inse Uí Chuinn i n-a chaisleán ar n-a chosnamh is ár n-a chomh-shabháil féin, agus an dá iarla eile go n-a sluaghaibh timcheall an chaisleáin dá chomh-argain. Iar mbeith ar an órdughadh soin dó, cuireas teachta chun Gearóid ag iarraidh cabhartha air. Tirallas Gearóid agus a dhearbhráthair dá ionnsaighe gan sosa go ndeachadar thar Sionainn ag Caisleán Uí Chonaill, go tí fichid marcach agus chúig céad troightheach maille leó; agus triallaid go réim-dhíreach chun Inse Uí Chuinn. Iar n-a chlos do na hiarlaibh romhráidhte Gearóid do bheith ag teacht chun catha thabhairt dóibh, nó fuascladh ar Iarla Inse Uí Chuinn, tréigid an caisleán, agus gabhaid ag tiomargain luagh chun amuis do thabairt ar Ghearóid; agus, ag tilleadh thar ais dó, go móran creach, thárladar an dá iarla leis, go sluaghaibh sár-iomdha maille leó, agus gairmid chun chatha é. Dála Ghearóid, labhras go lán-úirmhisneach le n-a bheagán buidhne, agus dubhairt leó é féin do leanamhaint go fearamhail fíor-arr- dhachta, agus gan uamhan ná imeagla do ghlacadh roimh iliomad sluagh agus sochuidhe a namhad; agus, leis sin, lingid go leógh- anta lán-tapa i mbrollach an mhór-shluaigh ionnus gur bhriseadar don chéad ionnsaighe dhóibh. Is iomdha gníomh calma comh-chródha do comóradh leis an nGearóid seo ná
tráchtam annso, óir is mian linn bheith gearr. Go grod iar n-éag a athar, téid — go céad d'uaislibh agá chomh-choimhdeacht — go Sacsaibh ag díol umla is urrama don bhain- ríoghain, Eilis, go dtug sí cairt ceannuis is comhachta ar a raibh i seilbh a shár-shinsir dó. Go grod iar dteacht go hÉirinn dó, d'éirigh imreasán idir é féin agus Tomás Dubh Buitléar, Iarla Urmhumhan, de thaoibh ronna teórann, ionnus go mbídís ag creach-argain a chéile, agus gur fearguigh- eadh chomh mór soin ar gach taobh iad gur chinneadh lá aca chun catha tabhairt dá chéile ag an áit dá ngairmthear Bóthar Móridir chonntaéibh Luimhnigh is Tiobrad Árann. Cruinnighid a rannta de ghach leith: Iarla Deasmhuman go huaislibh Mumhan maille leis, cheithre mhíle troightheach agus caogad ar sheacht gcéad marcach líon a shluagh; Iarla Urmhumhan don leith eile, agus munar líonmhuire nochar lugha a shluagh 'ná an t-áireamh thuas. Iar dteacht don lá chinnte, ionnsaighid an dá shluagh soin a chéile, agus gabhaid ag tolladh, ag treascairt, is ag tréan-tuargain a chéile, gan fios time ná tláis ar cheachtar den dá thaobh. Cheithre lá déag ar an órdughadh soin dóibh, go ndearnadar uaisle dáirithe — agus go mór- mhór Cuntaois Deasmhumhan, óir do b'í máthair Iarla Urmhumhan — síothcháin eat- ortha. Gidheadh, iar n-éag don chuntaois, do briseadh an tsíothcháin agus do rug Seán Mac Gearailt, dearbhráthair an iarla, buadh catha ar Sheán Buitléar, dearbhráthair Iarla Urmhumhan, agus do mahrbh le n-a lámhaibh féin é. (ní críoch.) An rud is measa le duine 'ná a bhás, ní fheadar sé ná gurab é lár a leasa é. -
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services