Craobhscaoile
Gaeraltach i nÉirinn.
III.
Tomás, mhac Tomáis; do mharbhadh a
mhac Muiris, agus mac Mhuiris, le Bear-
nard nó Brian Dubh i nÁth Cille. Do b'í
a bhainchéile inghean Tighearna Muscraighe.
Dé seo gairmthí Tomás Maol an Chunncais.
Ba chomh-thréan an curadh is an caithmhíleadh
an Tomás so; óir do rug buaidh i naoi
gcathaibh i n-a raibh; agus do ba ceann
feadhna marcshluaigh é san iorghail thárla
idir an Iarla romhráidhte Chille Dara, do
ba Fó-rí Éireann an tráth soin, agus
Maghnus Mór Ó Briain; agus iar dtes-
peánadh a dtréan-chródhachta do gach leith
don dá shluagh, nochar bh'fhios cia aca a raibh
buadh an chatha fá dheóidh (aige). Do bhí fós
easaonta fíor-ghnáthach idir é féin agus
Tighearnaí Muscraighe le n-a linn; ionnus,
iar ngabháil buaidh ortha, gur marbhadh dias
díobh leis, ar a raibh athair a chéile féin. do
bhí mac aige le hinghin an Tighearna Musc-
raighe romhráidhte .i. Muiris mhac Tomáis,
noch d'éag roimhe féin, agus d'fhág dá éis
mac, .i. Séamus mhac Muiris, do ba leacaoi
onóra ag an Ochtmhadh Hannraoi, Rí Shacsan
an tráth soin. Iar gcaitheamh chúig mbliadhan
in'iarlacht, d'éag, gur fhág an oighreacht ag
mac a mhic .i. Séamus mhac Muiris, do bhí i
Sacsaibh an tráth soin amhail a dubhramair.
Dála Shéamuis, triallas go hÉirinn go
sluaghbhuidhin maille leis gur ghabh cuan i
gCorcaigh, agus ag triall as soin chun
Luimnigh, thárla dhó i nduthaigh an Róistigh
drong-bhuidhean deagh-thapa do chuir Muiris
mhac Gearailt i bhfoslongphort ann le
haghaidh a ídighthe, ionnus gur marbhadh leó
ar an láthair sin é, san mbliadhain 1542.
Do b'é an mí-ghníomh so an chéad choiscéim
chun ciorrbhaithe is ceann-airgthe Gearalt-
ach; óir do luigh Lámh Dé ortha chomh trom-
san, go háirithe ar shliocht Sheáin mhac
Tomáis, ionnus gur gearradh den talamh
go huile is go hiomshlán iad, gan sliocht ar
bith ar marthain dá n-éis. Óir do b'é an
Muiris seo ler fealladh ar a bhráthair,
amhail adúbhramair, dara mac sheáin mhac
Tomáis, .i. dearbhráthair Thomáis Mhaoil,
agus ceathramhadh mac an Tomáis úd do
díthcheannadh ag Droichead Átha. Do ba
barún ar Chiaraighe Chuirithe tríochad
bliadhain an Muiris sin, agus, iar mbeith
cheithre fichid bliadhain d'aois dó, do chuaidh
ag creach-argain Muscraighe, go dtárla
Diarmaid mhac Taidhg, Tighearna Musc-
raighe, .i. a chliamhain féin, dó, gur fearadh
cath eatortha, agus gur gabhadh Muiris san
gcath, gur thág an Tighearna ar láimh ag
ceathrar marcach é, iar leanamhain na
ruaige dhó féin; gidheadh, do marbhadh
Muiris leis na coimeádaithibh san am
gcéadna; gur fhág dá éis dias mhac agus
triúr inghean: an chéad inghean, bean Mhac
Cárrthaigh Riabhaigh; an dara hingean, bean
an Tigearna Róistigh; agus an treas in-
ghean, bean Diarmada mhac Taidhg, Tigh-
earna Muscraighe. Tomás mhac Muiris,
an mac ba shine, d'éag go grod d'éis a
athar, gur fhág dá éis mac, .i. Tomás Óg
do marbhadh i gcéad chogadh na nGearaltach
dá éis sin. Séamus, dara mac Mhuiris do
mhair tréimhse dá éis, do marbhadh i ruaig
déadhnaigh Gearaltach é.
Seán, mhac Tomáis, mhac Séamuis,
bráthair nó dearbhráthair an chéad Thomáis;
do b'í a bhainchéile inghean Dhonnchadh Uí
Bhriain na Cairrge. Do bhí de mhacaibh aige
Séamus, Seán Óg, Muiris Dubh, agus
Tomás. Do b'é Seán so ceathramhadh mac
Tomáis do díthcheannadh ag Droichead Átha.
Do ghaibh sé an iarlacht d'éis marbhtha an
oighre chirt, amhail adubhramair; gidheadh,
nochar fhoidhnigh Dia ar marthain abhfad é,
oir níor chaith an dara bliadhain an tan
d'íoc a fhuil féin dortadh fola a bhráthar;
gur fhág dá éis a mhac ba shine Séamus.
An dara mac, Muiris, noch do luadhamair
do mharbh an t-oighre romhráithe. An treas
mhac, Seán Óg; do marbhadh iad a dtriúr
go n-a macaibh uile, óir do bhí sliocht ar
gach n-aon díobh, san gcogadh déaghnach
soin Ghearóid, acht Muiris mhac Seáin
amháin noch d'éag san Spáinn.
Séamus, mac Mhuiris an Charbhait, mac
Thomáis; d'éag sé maraon is a dhearbhráth-
air, agus do hadhlacadh i dTráighlí é, 1574.
Do bhí inghean aige, Siobhán, bean Shéamuis,
Iarla Urmhumhan; d'éag sí san mbliadhain
1577. Agso an Séamus do luadhamair go
grod roimhe seo i dtrácht ar bhraighdeanus
Iarla chille Dara i Sacsaibh, agus ar dhith-
cheannadh a mhic is a chúigear comhbhrathar.
Annso cuirid drong insan uimhir Seán,
mhac tomáis, mhac Séamuis, do luadhamair
grod roimhe seo; drong eile Séamus mac
an tSéamuis chéadna, mac Thomáis, do bhí
in'iarla. Do bhí ag Séamus, iomorra,
triar ban: an chéád bhean, inghean Tighearna
Róisteach; an dara bean, inghean Uí Chear-
bhaill Éile; an treas bean, inghean Mhac
Cárrthaigh Mhóir. Do bhádar ceathrar mac
aige, .i. Tomás Ruadh leis an gcéad mhnaoi;
Gearóid, .i. Gearóid Iarla, is Seán leis an
dara mnaoi; leis an treas mhnaoi, iom-
orra, Séamus. Tomás, céad mhac Shéamuis,
do bhádar dias mhac aige, mar atá Séamus
is Seán. Iar n-éag athar Shéamuis mhac
Seáin, triallas féin go Sacsaibh ag tes-
beánadh umla is úirísle dhon rígh, agus ag
tairgsint na hiarlachta chun foghnaimh don
choróin, ó marbhadh an t-oighre ceart, amhail
adubhramair thuas, agus agá fhoillsiughadh ná
raibh cabhair ná comhairle uaidh féin dochum
an mhí-ghníomha soin, acht gurab é a dhear-
bhráthair Muiris ba chionntach go haonarán-
ach leis. Do bhí an rí an tráth so i gcogadh
leis an bhFrainnc, agus dá bhrígh sin, ba
mhian leis gach coinscleódh nó comhbhuair-
eamh dá mbiadh i nÉirinn do chlaochlódh.
Leis sin, do freastaladh is do friotháladh
go fíor-onóireach Séamus aige, agus do
thug seilbh a bheatha dhó, agus mórán céime
is ceannuis dá chomhbhráithribh, agus fé dheóidh
do rinn Presedún Mumhan, agus coim-
eáduidhe stóir is ionmhuis Éireann de;
agus iar gcaitheamh cheithre mbliadhan déag
séanmhar sona síor-fhoirtiúnach, d'éag; gur
fhá dá éis triar mac .i. Gearóid, Seán,
agus Séamus. Do bhí, iomorra, mac eile
ba shine 'na ceachtar den triar thuas, .i.
Tomás Ruadh, agus nocha nglacfaidhe i
n-oighreacht é, óir adeirthí nar pósadh go
dlightheach — nochan fhios damh-sa an fáth — a
mháthair leis an iarla; ionnus gur fhás dá
bhrígh sin mórán ceannairce is coinscleódh
idir na comhbhráithribh, dá dtáinig iomarca
uilc is anfhorlainn.
Gearóid Iarla, dara mac Shéamuis
mhac Seáin le Mór Ní Chearbhaill. Do b'í a
bhainchéile Eilíonóir Buitléir, inghean mhac
Piarais Dhún Búinne; do cailleadh i gcog-
adh é, an 11mhadh lá de Dhecember, 1583.
Iar n-éag a athar, d'ionnsaigh an Gearóid
seo ar dtúis Mac Cárrthaigh Riabhach, go
dtug creacha iomdha leis uaidh; agus téid
dá éís sin ag creach-argain Muscraighe, go
dtárla Éamonn mhac Tadhg, mac Thighearna
Muscraighe dhó, go sluaghaibh iomdha leis;
gur fearadh cath eatortha, i n-ar briseadh
do Ghearóid, ionnnus gur gabhadh é is gur
curieadh i mbraighdeanus i gCaisleán Átha
Sceitine é; agus, iar gcaitheamh leath-
bhliadhna dhó ann, do scaoileadh dó fá dheóidh
ar fhuireálamh inghine Mhuiris mhac Tomáis,
do ba siúr d'Éamonn mhac Taidhg.
Iar n-a scoile amhla-san dó, thárla go
raibh imreasán idir Thadhg, mac Mhurcadh Uí
Bhriain, Iarla Inse Uí Chuinn, agu sIarlaí
Tuamhan is Chloinne Riocard, ionnus go
raibh Iarla Inse Uí Chuinn i n-a chaisleán ar
n-a chosnamh is ár n-a chomh-shabháil féin, agus
an dá iarla eile go n-a sluaghaibh timcheall
an chaisleáin dá chomh-argain. Iar mbeith ar
an órdughadh soin dó, cuireas teachta chun
Gearóid ag iarraidh cabhartha air. Tirallas
Gearóid agus a dhearbhráthair dá ionnsaighe
gan sosa go ndeachadar thar Sionainn ag
Caisleán Uí Chonaill, go tí fichid marcach
agus chúig céad troightheach maille leó;
agus triallaid go réim-dhíreach chun Inse
Uí Chuinn. Iar n-a chlos do na hiarlaibh
romhráidhte Gearóid do bheith ag teacht chun
catha thabhairt dóibh, nó fuascladh ar Iarla
Inse Uí Chuinn, tréigid an caisleán, agus
gabhaid ag tiomargain luagh chun amuis do
thabairt ar Ghearóid; agus, ag tilleadh thar
ais dó, go móran creach, thárladar an dá
iarla leis, go sluaghaibh sár-iomdha maille
leó, agus gairmid chun chatha é. Dála
Ghearóid, labhras go lán-úirmhisneach le n-a
bheagán buidhne, agus dubhairt leó é féin
do leanamhaint go fearamhail fíor-arr-
dhachta, agus gan uamhan ná imeagla do
ghlacadh roimh iliomad sluagh agus sochuidhe
a namhad; agus, leis sin, lingid go leógh-
anta lán-tapa i mbrollach an mhór-shluaigh
ionnus gur bhriseadar don chéad ionnsaighe
dhóibh. Is iomdha gníomh calma comh-chródha
do comóradh leis an nGearóid seo ná
tráchtam annso, óir is mian linn bheith
gearr.
Go grod iar n-éag a athar, téid — go
céad d'uaislibh agá chomh-choimhdeacht — go
Sacsaibh ag díol umla is urrama don bhain-
ríoghain, Eilis, go dtug sí cairt ceannuis
is comhachta ar a raibh i seilbh a shár-shinsir
dó. Go grod iar dteacht go hÉirinn dó,
d'éirigh imreasán idir é féin agus Tomás
Dubh Buitléar, Iarla Urmhumhan, de thaoibh
ronna teórann, ionnus go mbídís ag
creach-argain a chéile, agus gur fearguigh-
eadh chomh mór soin ar gach taobh iad gur
chinneadh lá aca chun catha tabhairt dá chéile
ag an áit dá ngairmthear Bóthar Móridir
chonntaéibh Luimhnigh is Tiobrad Árann.
Cruinnighid a rannta de ghach leith: Iarla
Deasmhuman go huaislibh Mumhan maille
leis, cheithre mhíle troightheach agus caogad
ar sheacht gcéad marcach líon a shluagh;
Iarla Urmhumhan don leith eile, agus munar
líonmhuire nochar lugha a shluagh 'ná an
t-áireamh thuas. Iar dteacht don lá chinnte,
ionnsaighid an dá shluagh soin a chéile, agus
gabhaid ag tolladh, ag treascairt, is ag
tréan-tuargain a chéile, gan fios time ná
tláis ar cheachtar den dá thaobh. Cheithre lá
déag ar an órdughadh soin dóibh, go
ndearnadar uaisle dáirithe — agus go mór-
mhór Cuntaois Deasmhumhan, óir do b'í
máthair Iarla Urmhumhan — síothcháin eat-
ortha. Gidheadh, iar n-éag don chuntaois,
do briseadh an tsíothcháin agus do rug
Seán Mac Gearailt, dearbhráthair an iarla,
buadh catha ar Sheán Buitléar, dearbhráthair
Iarla Urmhumhan, agus do mahrbh le n-a
lámhaibh féin é.
(ní críoch.)
An rud is measa le duine 'ná a bhás, ní fheadar sé
ná gurab é lár a leasa é.
-
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11