Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cóimhthionóil Éadain a' Doire
Title
Cóimhthionóil Éadain a' Doire
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cóimhthionóil Éadain a' Doire Do cruinniughadh cóimhthionól do Chraobh Éadain a' doire Dia Domhnaigh an 16ú lá do'n Iúl 'san sgoil náisiúnta. Do tosuigheadh ar a' ceathair a chlog tráthnóna an tráth do cuireadh an tAthair Ó Ceinnsealaigh, S.P., 'sa' chathaoir. Suas le dá chéad duine lán tighe na sgoile. An oiread soin do dhaoinibh ann nach raibh slighe a ndóithin aca. D'fhiachaibh ar chuid mhóir aca fanamhaint 'na seasamh. B' tosach an gnótha do rinne an Cathaoirleach urramach comhradh blasda bríoghmhar 'n-ar chuir sé i gcéill síos-bhaint Éireann leis an nGaedhilg, agus 'gá rádh go raibh sé buailte isteach ina aigneadh go raibh sé d'ualach ar gach fíor-Ghaedheal eolas do bheith aige ar theangaidh ársa uasail a sean agus a sinnsear, a naomh agus a n-ollamh, dubhart sé leis an gcóimhthionól gur chuirthe dhóibh aithne ar an mbeirt teachtaire, .i. ar Phádraig Ó hUrchair agus ar an Laoidheach, do cuireadh ó'n Árd- Choiste Gnótha le labhairt leo agus le hobair an Chonnartha do léiriughadh dhóibh. Do héisteadh leis an gcathaoirleach urramach go géar grinn, agus ní túisge do chríochnuigh sé a ndubhairt ná do bhris greadadh bas amach orra, nídh do rinneadh arís nuair do chuireadar aithne ar na teachtairidhibh. Do cuireadh míle fáilte le greadadh bas roimh an Laoidheach ar n-éirghe dhó. Do chuir seisean caint agus comhrádh ar an gcóimhthionól i mBéarla i dtosach agus thug sé tuarasgbháil dóibh go ceart cruinn ar obair an Chonnartha. Chuir sé i n-umhail dóibh a fhad do bhí Cúigeadh Laighean 'na chúigeadh Ghaedhealach agus gur ar éigin do bhítheas ag tréigean na Gaedhilge i n-aon chondae dhe sul a dtáinig an Nocha a h-Ocht. An briseadh do cuireadh ar shluagh na nGaedheal fá'n taca sin is mó fá ndear meath na Gaedhilge i Laighnibh, dar leis. Díth chuimhne feabhais na Gaedhilge mar arm cosanta i n-aghaidh na Sasan do chuir an choidhp bháis uirri fá dheoidh. Dá gcongbhaidís greim docht ar an nGaedhilg ní bheadh an troid i n-aistear aca, siúd agus gur briseadh orra i mbliadhain na Nochadh a hOcht. Rinne sé trácht ar a lán eile thairis sin ag léiriughadh comh- chorruighthe na Gaedhilge, agus na daoine ag cur chluaise orra féin. Do chuir sé meisneach ionnta 'gá innsin dóibh gur bh'ionann cás dó féin agus dá bhfurmhór seal mar do bhí sé gan Gaedhilg. "Laighneach mise," ar seisean, "do rugadh i gceart-lár Bhaile Átha Cliath agus gan focal Gaedhilge agam i dtosach acht oiread le cúl mo chinn. Rinneas foghlaim uirri ó shoin, agus sul a shuidh- fead síos indiu taisbeánfad díbh nach gan Gaedhilg atáim. Is féidir díbh-se an cleas céadna do dhéanamh." Do léigh sé annsin "an dá ádhbhar dhéag" agus "Dia libh, a laochraidh Ghaoidheal," agus do chuir sé Béarla orra araon. Annsain do labhair sé as Gaedhilg, agus ní doicheall do cuireadh roimh an teanga mhín mhilis mháthardha. Is deimhin gur chuir a fuaimh bhinn bhlasda áthas mór ar na daoinibh. Ag cur criche ar a chomhradh dho dubhairt sé gur chuir sé áthas mór air bheith i n-a measg an lá sain agus oiread daoine agus bhí ann d'fheiscint os a chómhair agus iad uile ag cur ain-spéise ins an Ghaedhilg, agus gur léir dó ó shoin amach go mbeidheadh Cúigeadh Laighean ag glacadh leis an nGaedhilg arís, nídh nár shaoil sé. Bhí daoine ann a raibh Gaedhilg acu, go háirithe sean-bhean as Gaillimh dh'aois ceithre fichead. D'fhág sí Gaillimh nuair do bhí a ficheadh bliadhain slán di agus tá sí ó shoin i n-Éadan a' doire. Is minic nár fhéad sí seo fanamhaint 'na suidhe go socair le méad a meanman, acht ag preabadh 'na seasamh a rádh. "Míle fáilte;" "mise mhúinfeas dóibh í" agus c. Tar a éis dó'n Laoidheach suidhe síos, do labhair an tÁthair Ó Ceinnsealaigh, ag trácht ar a ndubhairt an cainteóir agus dubhairt sé leis na daoinibh an méid do chualadar é thabhairt i gcuimhne agus iarracht teann tréan dian daingean do thabhairt ar theangaidh álainn Phádraig, Bhríghde agus Cholumchille do thárrtháil ó'n mbás. Do glaodhadh annsin ar Phádraig Ó hUrchair, agus do chuir seisean caint ar an gcoimhthionól i nGaedhilg i dtosach, nídh nár misde. D'éis an chómhraidh Ghaedhilge chleacht sé an Bhéarla, agus is é céad rud do rinne Béarla do chur ar an nGaedhilg do labhair i dtosach. Is é is fearr do labhair an tráthnóna sain. Bhí a chuid cainte go hálainn agus go bríoghmhar, agus do spreag sé intinn na ndaoine comh mór sain gur phreab cuid mhór aca 'na seasamh, ag chur béice asta le teann áthais agus ag crothadh a hataoi i n-áirde. Do ghlacadar uile grádh mhór dó, nídh nár bh'iongnadh. Is é rud is mó chuir sé os a gcomhair grádh agus grean do bheith aca d'Éirinn, dá dtír féin, agus dá teangaidh. D'iarr sé orra gan a leigean do'n Ghaedhilg bás d'fhágháil i nÉirinn, 'san tír féin 'nar ceart di bheith beó go lán láidir. Dubhairt sé gur sheas sé os a gcomhair 'na Laighneach, agus go rugadh é i bhFine Gall, áit nach bhfuil an Ghaedhilg dá labhairt, agus 'na dhiaidh sin agus uile gur fhoghlaim sé Gaedhilg mar gur cuireadh d'fhiachaibh air é i Sasanaibh, nuair do caitheadh sa tsúil air gan Gaedhilg aige agus é 'na Ghaedheal! "Ní deacair díbh-se Gaedhilg d'fhóghluim," ar seisean, "tá comhthrom agaibh air, agus féadann sibh na focail do thabhairt libh agus gceart, agus cumas béil agaibh air. Tá mórán d'fhoclaibh na Gaedhilge agaibh comh maith. Fuaras féin go raibh tuilleadh agus trí chéad focal Gaedhilge i bhfeidhm i gcana- mhaint mo dhúitche féin Fine Gall, agus sin i gceart-lár an tsean-Phroibhinnse Gallda!" Is dearbh go raibh na daoine ag cur míle fáilte roimh beirt chomh-Laighneach, agus Gaedhilg 'na mbéal aca, agus i ndeireadh na dála do bhíodar comh háthasach aerach comh spéireamhail spioradamhail comh meidhreach mean- amnach sain gur las a súile le méad a n-áthais, agus d'éirigheadar 'na seasamh i n-éinfheacht agus chuireadar aon bhéic mór amháin asta, agus níor thaise do'n chathaoirleach. Do chuir Mac Amhlaoibh oide sgoile, sreath thairg- sint os comhair an chóimhthionóil, ag labhairt go blasda, bríoghmhar ar feadh fiche nóimead. Do chuir Mac Uí Mhanacháin, oide sgoile, leis sin go hádhmhar aicillidhe agus do gabhadh leo ag cách le hárd-meanmain agus le han-
áthas, nídh do chuir solus na súl, agus na gártha móra agus na hataoi i n-áirde i n-umhail. Do thairg Mac Uí Odhráin óg buachaill gasda d'aois a seacht déag, buidheachas an chóimhthionóil do na teacht- airibh. Do gabhadh leis seo d'aon ghuth gárthach. D'éis freagartha na dteachtairí, agus buidheachas do thabhairt do'n chathaoirleach do sgapadar ó chéile, acht roinnt abhrán do ghabháil roimhe sin. Bá mhinic crothadh lámh i ndeireadh thiar thall, agus beannacht i nGaedhilg ó na Gaedhilgeoiribh. Tá dúil mhuintire Éadain a' doire 'san Ghaedhilg. Dubhairt an cathaoirleach dá labhrochaidís na feisirí 'sa phárlamaid í gur gearr go mbeadh ár gceart againn ó Bhalfúr. Borb-thonn focal na Gaedhilge do chuirfeadh sain d'fhiachaibh air go luath dar leis.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services