Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cóimhthionóil Éadain a' Doire

Title
Cóimhthionóil Éadain a' Doire
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cóimhthionóil Éadain a' Doire



Do cruinniughadh cóimhthionól do Chraobh Éadain a'
doire Dia Domhnaigh an 16ú lá do'n Iúl 'san sgoil
náisiúnta.



Do tosuigheadh ar a' ceathair a chlog tráthnóna an
tráth do cuireadh an tAthair Ó Ceinnsealaigh, S.P., 'sa'
chathaoir. Suas le dá chéad duine lán tighe na sgoile.
An oiread soin do dhaoinibh ann nach raibh slighe a
ndóithin aca. D'fhiachaibh ar chuid mhóir aca fanamhaint
'na seasamh.



B' tosach an gnótha do rinne an Cathaoirleach
urramach comhradh blasda bríoghmhar 'n-ar chuir sé i
gcéill síos-bhaint Éireann leis an nGaedhilg, agus 'gá rádh
go raibh sé buailte isteach ina aigneadh go raibh sé
d'ualach ar gach fíor-Ghaedheal eolas do bheith aige ar
theangaidh ársa uasail a sean agus a sinnsear, a naomh agus a
n-ollamh, dubhart sé leis an gcóimhthionól gur chuirthe
dhóibh aithne ar an mbeirt teachtaire, .i. ar Phádraig
Ó hUrchair agus ar an Laoidheach, do cuireadh ó'n Árd-
Choiste Gnótha le labhairt leo agus le hobair an Chonnartha
do léiriughadh dhóibh.



Do héisteadh leis an gcathaoirleach urramach go géar
grinn, agus ní túisge do chríochnuigh sé a ndubhairt ná do
bhris greadadh bas amach orra, nídh do rinneadh arís
nuair do chuireadar aithne ar na teachtairidhibh.



Do cuireadh míle fáilte le greadadh bas roimh an
Laoidheach ar n-éirghe dhó. Do chuir seisean caint agus
comhrádh ar an gcóimhthionól i mBéarla i dtosach agus thug
sé tuarasgbháil dóibh go ceart cruinn ar obair an
Chonnartha. Chuir sé i n-umhail dóibh a fhad do bhí
Cúigeadh Laighean 'na chúigeadh Ghaedhealach agus gur ar
éigin do bhítheas ag tréigean na Gaedhilge i n-aon
chondae dhe sul a dtáinig an Nocha a h-Ocht. An
briseadh do cuireadh ar shluagh na nGaedheal fá'n taca
sin is mó fá ndear meath na Gaedhilge i Laighnibh, dar
leis. Díth chuimhne feabhais na Gaedhilge mar arm
cosanta i n-aghaidh na Sasan do chuir an choidhp bháis
uirri fá dheoidh. Dá gcongbhaidís greim docht ar an
nGaedhilg ní bheadh an troid i n-aistear aca, siúd agus gur
briseadh orra i mbliadhain na Nochadh a hOcht. Rinne
sé trácht ar a lán eile thairis sin ag léiriughadh comh-
chorruighthe na Gaedhilge, agus na daoine ag cur chluaise
orra féin. Do chuir sé meisneach ionnta 'gá innsin
dóibh gur bh'ionann cás dó féin agus dá bhfurmhór seal
mar do bhí sé gan Gaedhilg. "Laighneach mise," ar
seisean, "do rugadh i gceart-lár Bhaile Átha Cliath agus
gan focal Gaedhilge agam i dtosach acht oiread le cúl
mo chinn. Rinneas foghlaim uirri ó shoin, agus sul a shuidh-
fead síos indiu taisbeánfad díbh nach gan Gaedhilg
atáim. Is féidir díbh-se an cleas céadna do dhéanamh."
Do léigh sé annsin "an dá ádhbhar dhéag" agus "Dia libh,
a laochraidh Ghaoidheal," agus do chuir sé Béarla orra
araon.



Annsain do labhair sé as Gaedhilg, agus ní doicheall do
cuireadh roimh an teanga mhín mhilis mháthardha. Is
deimhin gur chuir a fuaimh bhinn bhlasda áthas mór ar na
daoinibh. Ag cur criche ar a chomhradh dho dubhairt sé
gur chuir sé áthas mór air bheith i n-a measg an lá sain
agus oiread daoine agus bhí ann d'fheiscint os a chómhair agus iad
uile ag cur ain-spéise ins an Ghaedhilg, agus gur léir dó
ó shoin amach go mbeidheadh Cúigeadh Laighean ag glacadh
leis an nGaedhilg arís, nídh nár shaoil sé. Bhí daoine
ann a raibh Gaedhilg acu, go háirithe sean-bhean as
Gaillimh dh'aois ceithre fichead. D'fhág sí Gaillimh nuair
do bhí a ficheadh bliadhain slán di agus tá sí ó shoin i n-Éadan
a' doire. Is minic nár fhéad sí seo fanamhaint 'na
suidhe go socair le méad a meanman, acht ag preabadh
'na seasamh a rádh. "Míle fáilte;" "mise mhúinfeas
dóibh í" agus c.



Tar a éis dó'n Laoidheach suidhe síos, do labhair an
tÁthair Ó Ceinnsealaigh, ag trácht ar a ndubhairt an
cainteóir agus dubhairt sé leis na daoinibh an méid do
chualadar é thabhairt i gcuimhne agus iarracht teann tréan
dian daingean do thabhairt ar theangaidh álainn Phádraig,
Bhríghde agus Cholumchille do thárrtháil ó'n mbás.



Do glaodhadh annsin ar Phádraig Ó hUrchair, agus do
chuir seisean caint ar an gcoimhthionól i nGaedhilg i
dtosach, nídh nár misde. D'éis an chómhraidh Ghaedhilge
chleacht sé an Bhéarla, agus is é céad rud do rinne
Béarla do chur ar an nGaedhilg do labhair i dtosach.
Is é is fearr do labhair an tráthnóna sain. Bhí a chuid
cainte go hálainn agus go bríoghmhar, agus do spreag sé
intinn na ndaoine comh mór sain gur phreab cuid mhór
aca 'na seasamh, ag chur béice asta le teann áthais agus
ag crothadh a hataoi i n-áirde. Do ghlacadar uile
grádh mhór dó, nídh nár bh'iongnadh. Is é rud is mó
chuir sé os a gcomhair grádh agus grean do bheith aca
d'Éirinn, dá dtír féin, agus dá teangaidh. D'iarr sé
orra gan a leigean do'n Ghaedhilg bás d'fhágháil i
nÉirinn, 'san tír féin 'nar ceart di bheith beó go lán
láidir. Dubhairt sé gur sheas sé os a gcomhair 'na
Laighneach, agus go rugadh é i bhFine Gall, áit nach bhfuil
an Ghaedhilg dá labhairt, agus 'na dhiaidh sin agus uile gur
fhoghlaim sé Gaedhilg mar gur cuireadh d'fhiachaibh air
é i Sasanaibh, nuair do caitheadh sa tsúil air gan
Gaedhilg aige agus é 'na Ghaedheal! "Ní deacair díbh-se
Gaedhilg d'fhóghluim," ar seisean, "tá comhthrom agaibh
air, agus féadann sibh na focail do thabhairt libh agus gceart,
agus cumas béil agaibh air. Tá mórán d'fhoclaibh na
Gaedhilge agaibh comh maith. Fuaras féin go raibh
tuilleadh agus trí chéad focal Gaedhilge i bhfeidhm i gcana-
mhaint mo dhúitche féin Fine Gall, agus sin i gceart-lár
an tsean-Phroibhinnse Gallda!"



Is dearbh go raibh na daoine ag cur míle fáilte
roimh beirt chomh-Laighneach, agus Gaedhilg 'na mbéal aca,
agus i ndeireadh na dála do bhíodar comh háthasach aerach
comh spéireamhail spioradamhail comh meidhreach mean-
amnach sain gur las a súile le méad a n-áthais, agus
d'éirigheadar 'na seasamh i n-éinfheacht agus chuireadar aon
bhéic mór amháin asta, agus níor thaise do'n chathaoirleach.



Do chuir Mac Amhlaoibh oide sgoile, sreath thairg-
sint os comhair an chóimhthionóil, ag labhairt go blasda,
bríoghmhar ar feadh fiche nóimead. Do chuir Mac Uí
Mhanacháin, oide sgoile, leis sin go hádhmhar aicillidhe
agus do gabhadh leo ag cách le hárd-meanmain agus le han-


L. 307


áthas, nídh do chuir solus na súl, agus na gártha móra agus na
hataoi i n-áirde i n-umhail.



Do thairg Mac Uí Odhráin óg buachaill gasda d'aois
a seacht déag, buidheachas an chóimhthionóil do na teacht-
airibh. Do gabhadh leis seo d'aon ghuth gárthach. D'éis
freagartha na dteachtairí, agus buidheachas do thabhairt do'n
chathaoirleach do sgapadar ó chéile, acht roinnt abhrán
do ghabháil roimhe sin. Bá mhinic crothadh lámh i ndeireadh
thiar thall, agus beannacht i nGaedhilg ó na Gaedhilgeoiribh.
Tá dúil mhuintire Éadain a' doire 'san Ghaedhilg.
Dubhairt an cathaoirleach dá labhrochaidís na feisirí 'sa
phárlamaid í gur gearr go mbeadh ár gceart againn
ó Bhalfúr. Borb-thonn focal na Gaedhilge do chuirfeadh
sain d'fhiachaibh air go luath dar leis.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services