Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne. IV.
Title
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne. IV.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó hÓgáin, Seán
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne (Ar leanmhaint) "Óch! a Laoigh," ar Cú Chulainn, "ní thorm-sa do goineadh thú acht is tríom do goineadh thú ar n-am thréaghdadh ó thosach, agus an gcéin do bhéinn-se slán ní fhuileoch- adaois fir an domhain ort-sa fúm ná thorm ná ceachtar dom dhá thaobh." "Adhlaicthear leat mise feasda," ar Laogh, "sul do thuitfear tú féin i dtaisibh ná i dtáimhnéallaibh báis, óir atáim ag dul ar anbhfainne agus dá síorainn longphort bhfear nÉireann gus indiú, ní leigfeadh heagla-sa do neach díobh fuiliughadh na fóir- dheargadh orm; agus fós dar liom is giolla gan tighearna me, agus do dhéan im- theacht feasda agus is doiligh ar n-iom- sgaradh re chéile; agus a chomhdalta, a chompánaigh agus a chóimhthighearna," ar laogh, "acht cidh deireidh dhúinn anois, agus is guirt mo chroidhe dhe." "Beir buaidh agus beannacht, a Laoigh'" ar Cú Chulainn, "agus ní bhfuair tighearna riamh agus ní bhfuighe go bráth giolla do b'fhearr ná thusa, agus do bheirim-se briathar ris go mbadh feas go deiridh an domhain re faisnéis mar dhíoghal-sa tú ar fhearaibh Éireann ar lár Maighe Muirtheimhne i mbárach, agus ón lá thárla chum a chéile sinn níor bh'feas ar n-imreasán go ham na huaire-si; agus déan imtheacht uaim anois go hEamhain Macha agus beir mo bheannacht leat uaim i ndáil Chonchubhair agus mo charad uile, agus háirithe i ndáil Éimhir, agus innis d'Ultaibh uile mo chomasg-sa agus mo chathughadh agam dhíoghail féin ar fhearaibh Éireann," agus aduabhradar an laoi so síos eatorra: L. — Goirt rom' throgaodh trém' chneas chruadhach, A Chuarlainn chathbhuadhach, A dhaltáin Eamhna Macham Tángadar mo thiodhlaca. C. — Éirigh, a Laoigh, le mo sgéal, Agus go mba soirbh bhur séad, Innis d'Ultaibh go n-a gcloinn, Mar ar fhágais Cú Chuloinn. L. — A Chuagáin, go rachainn uait Tar Mhaigh Chruimhe, tar Shliabh Fhuaid, Adéaraid Óig na hEamhna Gur giolla mé gan tighearna. C. — Na habair sin, a Laoigh, A mhic Riangabhra go ngnaoi, Ba briste mo chroidhe dhe Dá n-abraid an ní ráidhe.
L. — Ní hé mo mhian-so a ráidh An ní ba olc leat, a óig áigh, A arsaigh Eamhna uaine, A churaidh na Craobhruaidhe. C. — Beir mo bheannacht leat, a Laoigh, A ndáil Eimhir an fhilt chlaoin, Innis di madh garg a gol, Nach tig na marbhaibh le a gcaoin- eadh. L. — Gidh déarainn-se sin, a fhir, le hEimhir, a luinn ionmhuin, Nocha mbiadh i n-a beatha dhe, Tar éis chatha Muirtheimhne. C. — Taisgidh aici a tuirse treall, Doigh nocha mé i ros thréigion, Is ní thréigfinn í badh déin Ar a bhfuil do mhnáibh fón ngréin. L. — Do bhean-so, a Chuagáin Chaoin, Inghean an bhrughaidh bhárr-chaoin, 'Sní thréigfidh tú dá ríribh Ar churaidh ná ar chaith-mhilidh. C. — Innis do Chonall Chearnach, Is do Chonchubhair mhór-dhálach, Chluinid eolaigh is gach dream Mo chomasg-sa ar fhearaibh Éir- eann. Do mharbhas dá chéad Dia Luain, Fa móide easbaidh an tsluaigh, Ceithre céad san Máirt, misde a maoin, Is cúig céad Dia Céadaoin. Seacht gcéad Dia Domhnaigh dúinn, Do mharbhas róm' crann tabhuill, Nocha bréag a n-abraim dhe, Ó thráith éirghe go hoidhche. Cúig céad liom-sa Diardaoin, Im thrí mhacaibh cabhra caoin, Sé céad san aoine go méad ngloinn, Is seacht gcéad Dia Sathairn. Nocha nfaictear méad mo neirt, Díobh gér b'iomdha dom fhobhairt 'S gurab í mo lámh comhall ndíl, Do mharbh cara gach aoin-fhir. Tartodar ort féin ro feas, Mar do rinnis a n-aimhleas, Ro thiomairsiodh i n-áit uile ort Rom bheo-ghonta gér goirt. -
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services