Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne. IV.

Title
Brisleach Mhór Mhaighe Mhuirtheimhne. IV.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó hÓgáin, Seán
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Brisleach Mhór Mhaighe
Mhuirtheimhne



(Ar leanmhaint)



"Óch! a Laoigh," ar Cú Chulainn, "ní
thorm-sa do goineadh thú acht is tríom do
goineadh thú ar n-am thréaghdadh ó thosach,
agus an gcéin do bhéinn-se slán ní fhuileoch-
adaois fir an domhain ort-sa fúm ná thorm
ná ceachtar dom dhá thaobh."



"Adhlaicthear leat mise feasda," ar
Laogh, "sul do thuitfear tú féin i dtaisibh ná i
dtáimhnéallaibh báis, óir atáim ag dul ar
anbhfainne agus dá síorainn longphort
bhfear nÉireann gus indiú, ní leigfeadh
heagla-sa do neach díobh fuiliughadh na fóir-
dheargadh orm; agus fós dar liom is
giolla gan tighearna me, agus do dhéan im-
theacht feasda agus is doiligh ar n-iom-
sgaradh re chéile; agus a chomhdalta, a
chompánaigh agus a chóimhthighearna," ar laogh,
"acht cidh deireidh dhúinn anois, agus is guirt
mo chroidhe dhe."



"Beir buaidh agus beannacht, a Laoigh'"
ar Cú Chulainn, "agus ní bhfuair tighearna
riamh agus ní bhfuighe go bráth giolla do
b'fhearr ná thusa, agus do bheirim-se briathar
ris go mbadh feas go deiridh an domhain re
faisnéis mar dhíoghal-sa tú ar fhearaibh
Éireann ar lár Maighe Muirtheimhne i
mbárach, agus ón lá thárla chum a chéile sinn
níor bh'feas ar n-imreasán go ham na
huaire-si; agus déan imtheacht uaim anois
go hEamhain Macha agus beir mo bheannacht
leat uaim i ndáil Chonchubhair agus mo
charad uile, agus háirithe i ndáil Éimhir, agus
innis d'Ultaibh uile mo chomasg-sa agus mo
chathughadh agam dhíoghail féin ar fhearaibh
Éireann," agus aduabhradar an laoi so síos
eatorra:



L. — Goirt rom' throgaodh trém' chneas
chruadhach,
A Chuarlainn chathbhuadhach,
A dhaltáin Eamhna Macham
Tángadar mo thiodhlaca.



C. — Éirigh, a Laoigh, le mo sgéal,
Agus go mba soirbh bhur séad,
Innis d'Ultaibh go n-a gcloinn,
Mar ar fhágais Cú Chuloinn.



L. — A Chuagáin, go rachainn uait
Tar Mhaigh Chruimhe, tar Shliabh
Fhuaid,
Adéaraid Óig na hEamhna
Gur giolla mé gan tighearna.



C. — Na habair sin, a Laoigh,
A mhic Riangabhra go ngnaoi,
Ba briste mo chroidhe dhe
Dá n-abraid an ní ráidhe.


L. 354


L. — Ní hé mo mhian-so a ráidh
An ní ba olc leat, a óig áigh,
A arsaigh Eamhna uaine,
A churaidh na Craobhruaidhe.



C. — Beir mo bheannacht leat, a Laoigh,
A ndáil Eimhir an fhilt chlaoin,
Innis di madh garg a gol,
Nach tig na marbhaibh le a gcaoin-
eadh.



L. — Gidh déarainn-se sin, a fhir,
le hEimhir, a luinn ionmhuin,
Nocha mbiadh i n-a beatha dhe,
Tar éis chatha Muirtheimhne.



C. — Taisgidh aici a tuirse treall,
Doigh nocha mé i ros thréigion,
Is ní thréigfinn í badh déin
Ar a bhfuil do mhnáibh fón ngréin.



L. — Do bhean-so, a Chuagáin Chaoin,
Inghean an bhrughaidh bhárr-chaoin,
'Sní thréigfidh tú dá ríribh
Ar churaidh ná ar chaith-mhilidh.



C. — Innis do Chonall Chearnach,
Is do Chonchubhair mhór-dhálach,
Chluinid eolaigh is gach dream
Mo chomasg-sa ar fhearaibh Éir-
eann.



Do mharbhas dá chéad Dia Luain,
Fa móide easbaidh an tsluaigh,
Ceithre céad san Máirt, misde a
maoin,
Is cúig céad Dia Céadaoin.



Seacht gcéad Dia Domhnaigh dúinn,
Do mharbhas róm' crann tabhuill,
Nocha bréag a n-abraim dhe,
Ó thráith éirghe go hoidhche.



Cúig céad liom-sa Diardaoin,
Im thrí mhacaibh cabhra caoin,
Sé céad san aoine go méad
ngloinn,
Is seacht gcéad Dia Sathairn.



Nocha nfaictear méad mo neirt,
Díobh gér b'iomdha dom fhobhairt
'S gurab í mo lámh comhall ndíl,
Do mharbh cara gach aoin-fhir.



Tartodar ort féin ro feas,
Mar do rinnis a n-aimhleas,
Ro thiomairsiodh i n-áit uile ort
Rom bheo-ghonta gér goirt.



-



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services