Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clódhanna Nua.
Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CLÓDHANNA NUA. Is fada ná raibh oiread áthas orainn agus a bhí nuair a fuaireamair IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD. Is é atá ag féachaint go slachtmhar is go bunadhsach fé n-a shreathannaibh de chló bhreagh Gaedhilge. Tá beagán den mBéarla ann leis, agus ní gearánta ar aon taobh aca. Braithimíd feabhas ar gach uimhir de'n irisleabhar seo seoch a chéile roimhe, agus dearbhuigh- eann soin dúinn go bhfuil lámh Dé linn san obair seo na Gaedhilge, féibh mar adubhairt an tAthair Peadar — faid saoghail chuige — agus le congnamh a naomh-phátrúin, Colm Cille na nGaedheal, go bhfeic- eam an feabhus céadna ortha i gcomhnuidhe. Sé Magh Nuadhad dóchus agus taca na hÉireann, agus ní'l aon aitheasc dá bhfaighmíd uatha nach móide ár ngreann ionnta is nach aoirde ár maoidheamh asta. Tá "gníomh" á dhéanamh aca annsoin go bhfeic-far a thoradh ó thaobh taobh an oileáinín seo na hÉireann ar ball. Má tá an t-ullmhughadh chomh maith so, cad iad na hiongantaisí ná beid chughainn tar éis tamaill? Cá gábha dhúinn na haistí ná na scéalta suairce snasta atá san uimhir seo den Irisleabhar d'áireamh annso? Ní'l aon léightheóir d'IRISLEABHAR NA GAEDHILGE go bhfuil scilling le caitheamh aige ná tabhairfidh í go fonnamhar chionn scéala d'fhagháil ó Mhuigh Nuadhad. Scéala áthuis ar fad atá ann, scéala a chuirfidh misneach i gcroidhe gach Gaedhil is a chuir- fidh fhiachaibh air a cheann a thógaint is gluaiseacht roimhe gan scáth. Aiste ghonta is eadh an cur síos ar Dhomhnall Cam atá i dtúis an leabhair seo. Scéilín deas is eadh "An Briseadh". N-a theannta-san tá trí nó ceathair de eachtraidhibh ann do baineadh as na láimh-scríbhnibh i Muigh Nuadhad. Ní gábha dhúinn-na Roinn an Bhéarla a mholadh, acht tá aiste fhóghnta ann ar litridheacht na Gaedhilge. Tá os cionn céad agus fiche leathanach ar fad ann, agus is fiú gach leathanach
aca-san é léigheamh. Beidh árd-ghlaodhach air gan amhrus. Leabhar eile a shroich sinn le déidheannaighe is eadh "SOISGÉAL NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST de réir Naoimh Mhatha." An Soiscéal de réir Mhatha, as an mBíobla Gallda is eadh é seo, acht deirtear linn go bhfuil sé "ceartaighthe agus deasaighthe go nuadh." Is deise go mór an cló atá sa leabhar so ná mar do fríth i n-aon chur amach den Bhíobla nó i n-aon roinn de go dtí seo. Tá so go maith mar aistriughadh, acht is baoghal linn go bhfuil an chainnt ann ró-sheannda chun í thuigsint go hadhsáideach. An uair do deineadh aistriughadh ar an mBíobla i n-aimsir Bhedell — agus abhfad 'n-a dhiaidh-san féin — do bhí an t-ana-chaitheamh i ndiaidh seanndacht is cruais i ndálaibh litridheachta; agus tá eagla orainn gur mór a dhein soin chun na Gaedhilge a chur ar bhóthar na haimhleasa. Féach an t-atharrughadh atá tagaithe ó tosnuigheadh ar chainnt na ndaoine a chur i gcló. Réal is eadh fiacha an leabhrín seo, agus Hodges Figgis atá gá chur amach. Má leanann Seán Ó Muimhneacháin air — agus tá súil againn go leanfaidh — is gearr go mbeidh sé in' árd-ughdar. Fuaireamair uaidh an lá fé dheireadh PROCADÓIR NA nDEACHMHADH, scéal gairid a chuir sé amach le déidheannaighe i gcóir scoileanna is buidheanta i gcraobhchaibh de Chonnradh na Gaedhilge. Oireann an leabhrín seo go maith dhóibh araon, acht go mb'fhearr linn somplaí ba chruinne is do b'uaisle 'ná Siobhán agus Seaghán a chur os comhair leanbhaí. Is truagh linn go ndeineann Seán d'éagcóir air féin agus a chanamhaint bhreagh bhríoghmhar a chailleamhaint ar ghleamhsógaibh dhá sórd agus a liacht d'fhearaibh is de mhnáibh breaghtha groidhe ar eólus aige go mb'fhéidir leis a dtarrac chuige gan easbha ghrinn. Tá an Procadóir go seóidh i dtaobh canamhna; ní bhfaghaimíd locht air mar scéal; agus áise mhór ann is eadh an foclóir atá ag gabháil leis. Féibh mar adubhramar cheana, ní'l de locht againn air acht locht na ceachta a mhúineann. B'fhearr linn a chur os comh- air leanbhaí earra a chruadhfadh féitheanna a gcroidhe agus a thógfadh beag-bheann ar an saogal iad. Tá sé i Seán soin a thabhairt dúinn, má's mian leis é. Tá an leabhrín ar n-a chur i gcló go deas ag an gCló- Chumann, agus dhá phinginn a fhiacha. Cuir Muinntir Mánsail amach le déidheannaighe roinnt de leabhraibh maithe i mBéarla. Táid siad so ag treabhadh chun cinn go maith i ndomhan na leabhar, agus is dóigh linn gurab é fáth atá leis sin mar go gcuirid siad ar an margadh earraidhe n-a mbíonn spéis ionnta ag na daoinibh. Tháinig chughainn an lá fé dheireadh beart leabhar uatha. An chéad leabhar aca so: FOUR IRISH SONGS fé eagar ag Mrs. Milligan Fox. Tá amhrán sa leabhar so ó dhuine éigin darab comh-ainm Tadhg Ó Donnchadha, agus é ag caoineadh Ruaidhrí Uí Chonchubhair. Leath-choróinn fiacha an leabh- air seo. Dá leabhar eile de chid Mhuinntir Mánsail a fuaireamair iseadh THE FIDDLERS' HOUSE, úr- chluithche do scríbh Pádraig Mac Coluim, agus THE PAGAN, úrchluithche ó láimh Lewis Purcell. Dá leabhar dheasa iseadh iad so. Cuirid i n-umhail dúinn an céim ar aghaidh atá tugaithe ag urcluithidheacht sa Bhéarla féin i nÉirinn le déidheannaighe. Le hÉirinn a bhainid an dá chluithche seo. - Feis na Mumhan do tionólfar i gCORCAIGH, MEADHON FOGHMHAIR, 1907. Seoltar litreacha ar lorg cóipe dhe'n Chlár go dtí na Rúnaidhthe onórach, Feis na Mumhan, Halla na Cathrach, Corcaigh -
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services