Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA NUA.



Is fada ná raibh oiread áthas orainn agus a bhí
nuair a fuaireamair IRISLEABHAR MUIGHE NUADHAD.
Is é atá ag féachaint go slachtmhar is go bunadhsach
fé n-a shreathannaibh de chló bhreagh Gaedhilge. Tá
beagán den mBéarla ann leis, agus ní gearánta ar
aon taobh aca. Braithimíd feabhas ar gach uimhir de'n
irisleabhar seo seoch a chéile roimhe, agus dearbhuigh-
eann soin dúinn go bhfuil lámh Dé linn san obair
seo na Gaedhilge, féibh mar adubhairt an tAthair
Peadar — faid saoghail chuige — agus le congnamh a
naomh-phátrúin, Colm Cille na nGaedheal, go bhfeic-
eam an feabhus céadna ortha i gcomhnuidhe. Sé Magh
Nuadhad dóchus agus taca na hÉireann, agus ní'l
aon aitheasc dá bhfaighmíd uatha nach móide ár
ngreann ionnta is nach aoirde ár maoidheamh asta.
Tá "gníomh" á dhéanamh aca annsoin go bhfeic-far a
thoradh ó thaobh taobh an oileáinín seo na hÉireann ar
ball. Má tá an t-ullmhughadh chomh maith so, cad iad
na hiongantaisí ná beid chughainn tar éis tamaill?
Cá gábha dhúinn na haistí ná na scéalta suairce
snasta atá san uimhir seo den Irisleabhar d'áireamh
annso? Ní'l aon léightheóir d'IRISLEABHAR NA
GAEDHILGE go bhfuil scilling le caitheamh aige ná
tabhairfidh í go fonnamhar chionn scéala d'fhagháil ó
Mhuigh Nuadhad. Scéala áthuis ar fad atá ann, scéala
a chuirfidh misneach i gcroidhe gach Gaedhil is a chuir-
fidh fhiachaibh air a cheann a thógaint is gluaiseacht
roimhe gan scáth. Aiste ghonta is eadh an cur síos ar
Dhomhnall Cam atá i dtúis an leabhair seo. Scéilín
deas is eadh "An Briseadh". N-a theannta-san tá trí
nó ceathair de eachtraidhibh ann do baineadh as na
láimh-scríbhnibh i Muigh Nuadhad. Ní gábha dhúinn-na
Roinn an Bhéarla a mholadh, acht tá aiste fhóghnta ann
ar litridheacht na Gaedhilge. Tá os cionn céad agus
fiche leathanach ar fad ann, agus is fiú gach leathanach


L. 352


aca-san é léigheamh. Beidh árd-ghlaodhach air gan
amhrus.



Leabhar eile a shroich sinn le déidheannaighe is eadh
"SOISGÉAL NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST de réir Naoimh
Mhatha." An Soiscéal de réir Mhatha, as an mBíobla
Gallda is eadh é seo, acht deirtear linn go bhfuil sé
"ceartaighthe agus deasaighthe go nuadh." Is deise go
mór an cló atá sa leabhar so ná mar do fríth i
n-aon chur amach den Bhíobla nó i n-aon roinn de go
dtí seo. Tá so go maith mar aistriughadh, acht is
baoghal linn go bhfuil an chainnt ann ró-sheannda
chun í thuigsint go hadhsáideach. An uair do deineadh
aistriughadh ar an mBíobla i n-aimsir Bhedell — agus
abhfad 'n-a dhiaidh-san féin — do bhí an t-ana-chaitheamh
i ndiaidh seanndacht is cruais i ndálaibh litridheachta;
agus tá eagla orainn gur mór a dhein soin chun na
Gaedhilge a chur ar bhóthar na haimhleasa. Féach an
t-atharrughadh atá tagaithe ó tosnuigheadh ar chainnt
na ndaoine a chur i gcló. Réal is eadh fiacha an
leabhrín seo, agus Hodges Figgis atá gá chur amach.



Má leanann Seán Ó Muimhneacháin air — agus tá
súil againn go leanfaidh — is gearr go mbeidh sé in'
árd-ughdar. Fuaireamair uaidh an lá fé dheireadh
PROCADÓIR NA nDEACHMHADH, scéal gairid a chuir
sé amach le déidheannaighe i gcóir scoileanna is
buidheanta i gcraobhchaibh de Chonnradh na Gaedhilge.
Oireann an leabhrín seo go maith dhóibh araon, acht go
mb'fhearr linn somplaí ba chruinne is do b'uaisle
'ná Siobhán agus Seaghán a chur os comhair leanbhaí. Is
truagh linn go ndeineann Seán d'éagcóir air féin
agus a chanamhaint bhreagh bhríoghmhar a chailleamhaint
ar ghleamhsógaibh dhá sórd agus a liacht d'fhearaibh is
de mhnáibh breaghtha groidhe ar eólus aige go
mb'fhéidir leis a dtarrac chuige gan easbha ghrinn.
Tá an Procadóir go seóidh i dtaobh canamhna; ní
bhfaghaimíd locht air mar scéal; agus áise mhór ann
is eadh an foclóir atá ag gabháil leis. Féibh mar
adubhramar cheana, ní'l de locht againn air acht locht
na ceachta a mhúineann. B'fhearr linn a chur os comh-
air leanbhaí earra a chruadhfadh féitheanna a gcroidhe
agus a thógfadh beag-bheann ar an saogal iad. Tá sé
i Seán soin a thabhairt dúinn, má's mian leis é. Tá
an leabhrín ar n-a chur i gcló go deas ag an gCló-
Chumann, agus dhá phinginn a fhiacha.



Cuir Muinntir Mánsail amach le déidheannaighe
roinnt de leabhraibh maithe i mBéarla. Táid siad so
ag treabhadh chun cinn go maith i ndomhan na leabhar,
agus is dóigh linn gurab é fáth atá leis sin mar go
gcuirid siad ar an margadh earraidhe n-a mbíonn
spéis ionnta ag na daoinibh. Tháinig chughainn an lá fé
dheireadh beart leabhar uatha. An chéad leabhar aca so:
FOUR IRISH SONGS fé eagar ag Mrs. Milligan
Fox. Tá amhrán sa leabhar so ó dhuine éigin darab
comh-ainm Tadhg Ó Donnchadha, agus é ag caoineadh
Ruaidhrí Uí Chonchubhair. Leath-choróinn fiacha an leabh-
air seo.



Dá leabhar eile de chid Mhuinntir Mánsail a
fuaireamair iseadh THE FIDDLERS' HOUSE, úr-
chluithche do scríbh Pádraig Mac Coluim, agus THE
PAGAN, úrchluithche ó láimh Lewis Purcell. Dá leabhar
dheasa iseadh iad so. Cuirid i n-umhail dúinn an céim
ar aghaidh atá tugaithe ag urcluithidheacht sa Bhéarla
féin i nÉirinn le déidheannaighe. Le hÉirinn a bhainid
an dá chluithche seo.



-



Feis na Mumhan



do tionólfar



i gCORCAIGH, MEADHON FOGHMHAIR,



1907.



Seoltar litreacha ar lorg cóipe dhe'n
Chlár go dtí na



Rúnaidhthe onórach,
Feis na Mumhan,
Halla na Cathrach,
Corcaigh



-



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services