Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis na Mumhan.
Title
Feis na Mumhan.
Author(s)
Ó Riain, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Feis na Mumhan. Nuair a chuirimíd chun breithniughadh ar nua-litridheacht na Gaedhilge, tagann ceannfé orainn um a laighead agus an raidhse mhaith scríbhneóirí atá againn. Táid na scríbhneóirí againn — nó ag éirighe chughainn go tiugh — acht má dheinimíd a meas do réir an toradh atá á sholáthar aca, níl pioc dá mhearathal orm ná go mbeidh a bhfurmhór 'n-a "scríbhneóirí" go deó. Fág gan áireamh an méid do b'fhéidir leat do chomhaireamh ar mhéireannaibh láimhe leat
agus cad do bheidh agat 'n-a dhiaidh-san? Beidh "scríbhneóirí;" daoine a bhíonn ag scríobhadh, daoine a scéidheann uatha focail féibh "mar a scéidheann fíogach fíogach eile." Is dona an cás ag an nGaedhilg é. Tá sí á lot ag lucht mille-mhaide, gur dóigh leó gurab iad féin scoth na craoibhe, is go meastar a chur 'n-a luighe ar an saoghal go mairfidh a saothar tuaisceartach i leabhraibh na nGaedheal. Ní gábha ainm aon duine d'áireamh. Tuigid léightheóirí na bpáipéar an cás go maith. Ní'lim-se á chur romham trácht annso ar na hughdaraibh cliste, ná ní mian liom comhairle a thabhairt dóibh. Níor tháinig sé chun baile dham a leithéid a dhéanamh. Duine de lucht an mhille-mhaide is eadh mé féin, agus anois is arís bím cionntach i bprácás is i n-olla podrida a stealladh uaim. Acht déarfad an méid seo nár bh'aon iongnadh liom dá bfuighmís breis soláthair ó chuid den druing seo atá fuirbhthe i saothar pinn. Samhluighim-se go bhfuil cuid aca ró-chúthail nó ró-leisceamhail chun síor-rómhair a dhéanamh. Acht deinimís machtnamh ar an ngnó mar seo: ní fuláir adhbhar áirithe Gaedhilge a sholáthar gach seachtmhain is gach mí is gach bliadhain. Ar mhiste leis an mbeag-bhuidhin a leath-san, nó dhá dtrian de, a chur i gcrích, agus leogaint don aos óg is do lucht na hútamála bheith ag cur faobhair ar a n-ingnibh, is ar a n-intleacht, ag an gcuid eile? Féachtar chuige. Ar an dtaobh eile dhe, tá buidhean láidir againn anois, is ní theastuigheann uatha acht beagán treórughadh agus roinnt taithighe ar scríbhneóireacht go mbeadh sé ar a gcumus gníomh fóghanta a dhéanamh. Badh mhór an misneach a chuirfidhe ionnta so dá bhfeicfidís de ghnáth os a gcomhair somplaí maithe i gcainnt nádúrtha. "An rud do-chí an leanbh do-ghní an leanbh." Ní haon mhait do dhuine luighe ar aiste a scríobhadh gan cruinn-mhachtnamh roimh ré uirthi. Don chéad dul síos ní mór dó eólus a bhailiughadh chuige ar an gceist a chuireann sé roimhe chun trácht air. Caith- fidh sé an t-eólus soin a dheighilt 'n-a rannaibh, is é chur i n-eagar as diaidh a chéile. Annsoin féadfaidh í scríobhadh. Mo chreach, cad iad na deagh-aistí a loitthear d'uireasbhaidh ullmhughcháin den tsórt so! Is ró-bheag an chabhair damh-sa a bheith ábalta ar Ghaedhilg bhreagh bhlasta a chur síos ar pháipéar, mara bhfuil taiteac im chainnt agus í dírighthe chun deigh-chríche éigin. Má oireann dúinn daoine a bhréagadh chun na Gaedhilge a léigheamh, ní mór dúinn a chur rómpa earraidhe taithneamhacha, earr- aidhe go mbeidh éifeacht is brígh ionnta, agus tráchta críonna ar rudaíbh go gcuirid daoine spéis ionnta. Ní'l soin dá dhéanamh fé láthair, is tá a rian orainn. Cia chuir- eann toradh ar rud a scríobhtar i nGaedhilg? Ní'l leigheas air sin acht na scríbhneóirí cliste atá againn do chromadh ar thagairt do cheisteannaibh is do ghnóthaíbh na haim- sire seo, agus soin a toradh a gcod' machtnaimh féin. Cuireann gach duine suim i gcúrsaíbh an tsaoghail i n-a thimcheall, agus maran féidir eólus d'fhagháil ar an saoghal tríd an nGaedhilg, agus soin i slighe thaitneamhaigh, ní léighfear an Ghaedhilg. Deinidís ár scríbhneóirí machtnamh air sin, agus oibrighidís dá réir. Badh mhaith an congnamh dúinn aistí is úr- scéalta, is úr-chluithchí. Is iomdha ceann aca do b'fhéidir a scríobhadh ar chúrsaíbh an tsaoghail i nÉirinn fé láthair agus ar an seana-shaoghal mar an gcéadna. Tá Stair na hÉireann gan scríobhadh fós i nGaedhilg. Cad iad na hur-chluithchí do b'fhéidir a cheapadh an éachtaibh laochradh na nGaedheal?
Ná féadfaimís Cúchullainn is Meadhbh Chruachna Manannán mac Lir is Lugha Lámhfada d'aithbheódhchant? Ná fuil adhbhar sreatha d'úrchluithchíbh againn i ngníomharthaibh Fhinn mhic Chumhaill is na Féinne? Is baoghal liom ná deinid ár scríbhneóirí machtnamh a ndóthain. Fuaireas Clár Feise na Mumhan an lá fé dheireadh ó sna Rúnuidhthibh agus is é a chuir ag machtnamh is ag gearán mar siúd mé. Ní fuláir nó tá Comhaltus na Feise ar aon-intinn liom-sa i dtaobh ár nua- litridheacht. Ar aon chuma tuigim an méid sin as iomaidheactaibh an Roinnt Litiordha de. Tá duais fiche púnt le bronnadh aca ar úr-chluithche. Tá duaiseanna maithe le fagháil ar aistíbh, agus toghadh na ceiste fén scríbhneóir, i slighe ná beadh bac air. Ceisteanna fóghanta go gcurtar suim ionnta is eadh iad. Sompla is eadh iad don Ghaedhealtacht. Badh mhaith liom a athghuirt ar sheana-scríbhneóiríbh na Mumhan tabhairt fé chuid aca so, agus aistí fóghanta lán d'anam is de thoradh mhactnaimh a thabhairt dúinn. I n-ainm na Gaedhilge éirighidís agus tespeánaidís dúinn cionnus gníomh a dhéanamh. Gheobhthar an Clár acht cárta puist a chur ag triall ar Rúnuidhthibh na Feise i Halla na Cathrach i gCorcaigh. SEÁN Ó RIAIN. [Cuirim féin mo ghuth leis an méid atá ráidhte agat-sa, a Sheáin. Táimíd ró-chlaon do scríobhadh um cheirteachaibh is um puill mhóna, agus ní hiongnadh ná bíonn toradh ar ár nglór. Is dóigh le daoinibh áirithe ná cuirfidís muinntir na tuaithe suim i n-aistíbh léighinn is ealadhan is litridheacht. An dream adeir son ní heól dóibh muinntir na Gaedhilge dá mhéid a n-ughdarthás. Léighfar agus cuirfar suim i n-aon aiste go mbeidh brígh agus éirim ann, agus eólus le fagháil as. Tá súil agam ná déanfaidh ar sean- scríbhneóirí dearmhad d'Fheis na Mumhan. Má éirigheann leis an gclár so beidh céim nach beag tugaithe ar aghaidh ag an nGaedhilg i mbliadna. Ní miste dhi soin; acht chun an ghnó a thabhairt i gcrích badh cheart d'ár scríbhneóiríbh brostughadh ortha féinig. — F. an I.] -
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services