Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis na Mumhan.

Title
Feis na Mumhan.
Author(s)
Ó Riain, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Feis na Mumhan.



Nuair a chuirimíd chun breithniughadh ar
nua-litridheacht na Gaedhilge, tagann
ceannfé orainn um a laighead agus an
raidhse mhaith scríbhneóirí atá againn. Táid
na scríbhneóirí againn — nó ag éirighe
chughainn go tiugh — acht má dheinimíd a meas
do réir an toradh atá á sholáthar aca, níl
pioc dá mhearathal orm ná go mbeidh a
bhfurmhór 'n-a "scríbhneóirí" go deó. Fág
gan áireamh an méid do b'fhéidir leat do
chomhaireamh ar mhéireannaibh láimhe leat


L. 344


agus cad do bheidh agat 'n-a dhiaidh-san?
Beidh "scríbhneóirí;" daoine a bhíonn ag
scríobhadh, daoine a scéidheann uatha focail
féibh "mar a scéidheann fíogach fíogach
eile." Is dona an cás ag an nGaedhilg
é. Tá sí á lot ag lucht mille-mhaide, gur
dóigh leó gurab iad féin scoth na craoibhe,
is go meastar a chur 'n-a luighe ar an
saoghal go mairfidh a saothar tuaisceartach
i leabhraibh na nGaedheal. Ní gábha ainm
aon duine d'áireamh. Tuigid léightheóirí na
bpáipéar an cás go maith.



Ní'lim-se á chur romham trácht annso ar
na hughdaraibh cliste, ná ní mian liom
comhairle a thabhairt dóibh. Níor tháinig sé
chun baile dham a leithéid a dhéanamh. Duine
de lucht an mhille-mhaide is eadh mé féin,
agus anois is arís bím cionntach i
bprácás is i n-olla podrida a stealladh
uaim. Acht déarfad an méid seo nár
bh'aon iongnadh liom dá bfuighmís breis
soláthair ó chuid den druing seo atá
fuirbhthe i saothar pinn. Samhluighim-se go
bhfuil cuid aca ró-chúthail nó ró-leisceamhail
chun síor-rómhair a dhéanamh. Acht deinimís
machtnamh ar an ngnó mar seo: ní fuláir
adhbhar áirithe Gaedhilge a sholáthar gach
seachtmhain is gach mí is gach bliadhain. Ar
mhiste leis an mbeag-bhuidhin a leath-san, nó
dhá dtrian de, a chur i gcrích, agus leogaint
don aos óg is do lucht na hútamála bheith
ag cur faobhair ar a n-ingnibh, is ar a
n-intleacht, ag an gcuid eile? Féachtar
chuige.



Ar an dtaobh eile dhe, tá buidhean láidir
againn anois, is ní theastuigheann uatha acht
beagán treórughadh agus roinnt taithighe ar
scríbhneóireacht go mbeadh sé ar a gcumus
gníomh fóghanta a dhéanamh. Badh mhór an
misneach a chuirfidhe ionnta so dá bhfeicfidís
de ghnáth os a gcomhair somplaí maithe i
gcainnt nádúrtha. "An rud do-chí an
leanbh do-ghní an leanbh."



Ní haon mhait do dhuine luighe ar aiste a
scríobhadh gan cruinn-mhachtnamh roimh ré
uirthi. Don chéad dul síos ní mór dó
eólus a bhailiughadh chuige ar an gceist a
chuireann sé roimhe chun trácht air. Caith-
fidh sé an t-eólus soin a dheighilt 'n-a
rannaibh, is é chur i n-eagar as diaidh a
chéile. Annsoin féadfaidh í scríobhadh. Mo
chreach, cad iad na deagh-aistí a loitthear
d'uireasbhaidh ullmhughcháin den tsórt so!



Is ró-bheag an chabhair damh-sa a bheith
ábalta ar Ghaedhilg bhreagh bhlasta a chur
síos ar pháipéar, mara bhfuil taiteac im
chainnt agus í dírighthe chun deigh-chríche éigin.
Má oireann dúinn daoine a bhréagadh chun
na Gaedhilge a léigheamh, ní mór dúinn a
chur rómpa earraidhe taithneamhacha, earr-
aidhe go mbeidh éifeacht is brígh ionnta,
agus tráchta críonna ar rudaíbh go gcuirid
daoine spéis ionnta. Ní'l soin dá dhéanamh
fé láthair, is tá a rian orainn. Cia chuir-
eann toradh ar rud a scríobhtar i nGaedhilg?



Ní'l leigheas air sin acht na scríbhneóirí
cliste atá againn do chromadh ar thagairt
do cheisteannaibh is do ghnóthaíbh na haim-
sire seo, agus soin a toradh a gcod'
machtnaimh féin. Cuireann gach duine suim
i gcúrsaíbh an tsaoghail i n-a thimcheall,
agus maran féidir eólus d'fhagháil ar an
saoghal tríd an nGaedhilg, agus soin i slighe
thaitneamhaigh, ní léighfear an Ghaedhilg.
Deinidís ár scríbhneóirí machtnamh air sin,
agus oibrighidís dá réir.



Badh mhaith an congnamh dúinn aistí is úr-
scéalta, is úr-chluithchí. Is iomdha ceann
aca do b'fhéidir a scríobhadh ar chúrsaíbh an
tsaoghail i nÉirinn fé láthair agus ar an
seana-shaoghal mar an gcéadna. Tá Stair
na hÉireann gan scríobhadh fós i nGaedhilg.
Cad iad na hur-chluithchí do b'fhéidir a
cheapadh an éachtaibh laochradh na nGaedheal?


L. 345


Ná féadfaimís Cúchullainn is Meadhbh
Chruachna Manannán mac Lir is Lugha
Lámhfada d'aithbheódhchant? Ná fuil adhbhar
sreatha d'úrchluithchíbh againn i ngníomharthaibh
Fhinn mhic Chumhaill is na Féinne? Is
baoghal liom ná deinid ár scríbhneóirí
machtnamh a ndóthain.



Fuaireas Clár Feise na Mumhan an lá
fé dheireadh ó sna Rúnuidhthibh agus is é a
chuir ag machtnamh is ag gearán mar siúd
mé. Ní fuláir nó tá Comhaltus na Feise
ar aon-intinn liom-sa i dtaobh ár nua-
litridheacht. Ar aon chuma tuigim an méid
sin as iomaidheactaibh an Roinnt Litiordha
de. Tá duais fiche púnt le bronnadh aca
ar úr-chluithche. Tá duaiseanna maithe le
fagháil ar aistíbh, agus toghadh na ceiste
fén scríbhneóir, i slighe ná beadh bac air.
Ceisteanna fóghanta go gcurtar suim
ionnta is eadh iad. Sompla is eadh iad
don Ghaedhealtacht. Badh mhaith liom a
athghuirt ar sheana-scríbhneóiríbh na Mumhan
tabhairt fé chuid aca so, agus aistí fóghanta
lán d'anam is de thoradh mhactnaimh a
thabhairt dúinn. I n-ainm na Gaedhilge
éirighidís agus tespeánaidís dúinn cionnus
gníomh a dhéanamh. Gheobhthar an Clár acht
cárta puist a chur ag triall ar Rúnuidhthibh
na Feise i Halla na Cathrach i gCorcaigh.



SEÁN Ó RIAIN.



[Cuirim féin mo ghuth leis an méid atá ráidhte
agat-sa, a Sheáin. Táimíd ró-chlaon do scríobhadh um
cheirteachaibh is um puill mhóna, agus ní hiongnadh ná
bíonn toradh ar ár nglór. Is dóigh le daoinibh áirithe
ná cuirfidís muinntir na tuaithe suim i n-aistíbh
léighinn is ealadhan is litridheacht. An dream adeir
son ní heól dóibh muinntir na Gaedhilge dá mhéid a
n-ughdarthás. Léighfar agus cuirfar suim i n-aon
aiste go mbeidh brígh agus éirim ann, agus eólus le
fagháil as. Tá súil agam ná déanfaidh ar sean-
scríbhneóirí dearmhad d'Fheis na Mumhan. Má
éirigheann leis an gclár so beidh céim nach beag
tugaithe ar aghaidh ag an nGaedhilg i mbliadna. Ní
miste dhi soin; acht chun an ghnó a thabhairt i gcrích
badh cheart d'ár scríbhneóiríbh brostughadh ortha
féinig. — F. an I.]



-



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services